|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Bainc Thaisce Iontaobhais a Atheagrú ina gCuideachtaí) | Ar Aghaidh (AN SÉÚ SCEIDEAL Cistí Eischósta: Gnóchain Ioncaim Eischósta a Ríomh) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | |||||
| [EN] |
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Cistí Eischósta: Cistí Dáileacha | ||||
|
CUID I An Tástáil Dáilte | |||||
|
Ceanglais maidir le dáiltí | |||||
1. (1) Chun críocha Chaibidil VII de Chuid I, saothraíonn ciste eischósta beartas dáilte iomlán i leith tréimhse cuntais más rud é— | |||||
(a) go ndéantar dáileadh in aghaidh na tréimhse cuntais nó in aghaidh tréimhse éigin eile atá, go hiomlán nó go páirteach, laistigh den tréimhse chuntais sin, agus | |||||
(b) faoi réir Chuid II den Sceideal seo, maidir le méid an dáilte a íoctar le sealbhóirí leasanna ábhartha agus leasanna eile sa chiste— | |||||
(i) gurb ionannas é do 85 faoin gcéad ar a laghad d'ioncam an chiste don tréimhse, agus | |||||
(ii) nach lú é ná 85 faoin gcéad de bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste don tréimhse, | |||||
agus | |||||
(c) gur i rith na tréimhse cuntais, nó tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin, a dhéantar an dáileadh, agus | |||||
(d) gur dáileadh é atá i bhfoirm a fhágann, dá mbeadh aon suim ba chuid de faighte sa Stát ag duine a chónaíonn sa Stát agus nár chuid í de na brabúis ó thrádáil, ó ghairm nó ó shlí bheatha, go mbeadh an tsuim sin inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D | |||||
agus aon tagairt san fhomhír seo do dháileadh a dhéantar in aghaidh tréimhse cuntais, folaíonn sí tagairt d'aon dá dháileadh nó níos mó a dhéantar amhlaidh nó, i gcás chlásal (b), dá gcomhiomlán. | |||||
(2) Faoi réir fhomhír (3), maidir le haon tréimhse chuntais— | |||||
(a) nach mbeidh aon ioncam de chuid an chisté ann, agus | |||||
(b) nach mbeidh aon bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha de chuid an chiste ann, | |||||
déileálfar leis an gciste mar chiste a shaothraíonn beartas dáilte iomlán d'ainneoin nach ndéantar aon dáileadh mar a luaitear i bhfomhír (1). | |||||
(3) Chun críocha Chaibidil VII de Chuid I, measfar nach saothraíonn ciste eischósta beartas dáilte iomlán i leith tréimhse cuntais nach ndéanann an ciste cuntais suas ina haghaidh. | |||||
(4) Chun críocha na míre seo— | |||||
(a) i gcás go mbeidh dhá thréimhse chuntais iomlána nó níos mó de chuid an chiste, nó cuid de dhá thréimhse nó níos mó den sórt sin, ar áireamh i dtréimhse a ndéanann ciste eischósta cuntais suas ina haghaidh, ansin, faoi réir chlásal (c), déanfar ioncam a thaispeántar sna cuntais sin a chionroinnt idir na tréimhsí cuntais sin ar bhonn ama, de réir an méid laethanta i ngach tréimhse acu atá ar áireamh sa tréimhse a ndéantar na cuntais suas ina haghaidh, | |||||
(b) i gcás ina ndéantar dáileadh in aghaidh tréimhse ina n-áirítear dhá thréimhse chuntais iomlána nó níos mó de chuid an chiste, nó cuid de dhá thréimhse nó níos mó den sórt sin, ansin, faoi réir fhomhír (5), déanfar an dáileadh a chionroinnt idir na tréimhsí cuntais sin ar bhonn ama, de réir an méid laethanta i ngach tréimhse acu atá ar áireamh sa tréimhse a ndéantar an dáileadh ina haghaidh, | |||||
(c) i gcás ina ndéantar dáileadh as ioncam sonraithe ach nach ndéantar é in aghaidh tréimhse sonraithe, cuirfear an t-ioncam sin i leith na tréimhse cuntais den chiste inar eascair sé iarbhír agus déileálfar leis an dáileadh mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntais sin, agus | |||||
(d) i gcás nach in aghaidh tréimhse sonraithe ná as ioncam sonraithe a dhéantar dáileadh, ansin, faoi réir fhomhír (5), déileálfar leis mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntais de chuid an chiste is déanaí a chríochnaigh sula ndearnadh an dáileadh. | |||||
(5) Más rud é, murach an fhomhír seo, gur mhó méid dáilte a rinneadh, nó a ndéileáiltear leis, de bhua fhomhír (4), mar dháileadh a rinneadh, in aghaidh tréimhse cuntais ná an t-ioncam ón tréimhse sin, ansin, chun críocha na míre seo— | |||||
(a) más trí chionroinnt a dhéanamh faoi fhomhír (4) (b) a cinneadh méid an dáilte, déanfar an bhreis a ath-chionroinnt, de réir mar is cóir agus mar is réasúnach, ar aon tréimhse chuntais eile atá, go hiomlán nó go páirteach, laistigh den tréimhse a ndearnadh an dáileadh ina haghaidh nó, má tá breis agus tréimhse amháin den sórt sin ann, idir na tréimhsí sin, agus | |||||
(b) faoi réir chlásal (a), déileálfar leis an mbreis mar dháileadh breise nó mar shraith de dháiltí breise a rinneadh in aghaidh tréimhsí cuntais roimhe sin a mbeadh an dáileadh nó na dáiltí comhiomlána (de réir mar a bheidh) ina leith níos lú, thairis sin, ná an t-ioncam ón tréimhse, agus an bhreis a chur i leith tréimhsí cuntais is déanaí roimh thréimhsí cuntais is luaithe, go dtí go mbeidh sí ídithe. | |||||
(6) In aon chás— | |||||
(a) ina mbeidh ciste eischósta, maidir le tréimhse ar tréimhse chuntais í nó a bhfuil tréimhse chuntais ar áireamh inti, faoi réir aon srian ó thaobh dáiltí a dhéanamh, ar srian é a fhorchuirtear le dlí aon chríche, agus | |||||
(b) ina mbeidh an ciste faoi réir an tsriain sin toisc breis a bheith ag caillteanais ar bhrabúis (agus na coincheapanna “brabúis” agus “caillteanais” á gcur i bhfeidhm sa chiall agus sa mhéid go mbaineann siad le hábhar chun críocha an dlí atá i gceist), | |||||
ansin, le linn méid ioncam an chiste don tréimhse chuntais sin a bheith á chinneadh chun críocha na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, lamhálfar mar asbhaint aon mhéid a bheadh, ar leith ón bhfomhír seo, ina chuid d'ioncam an chiste don tréimhse chuntais sin agus nach féidir a dháileadh de bhua an tsriain. | |||||
|
Cistí a oibríonn comhshocraíochtaí comhionannaithe | |||||
2. (1) I gcás ciste eischósta a oibríonn comhshocraíochtaí comhionannaithe i gcaitheamh aon tréimhse cuntais, ansin ar ócáid ar bith sa tréimhse sin a mbeidh diúscairt ann lena mbaineann an fhomhír seo, déileálfar leis an gciste chun críocha na Coda seo den Sceideal seo mar chiste a dhéanann dáileadh ar cóimhéid leis an oiread sin de chomaoin na diúscartha arb ionannas dó, de réir na míre seo, ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha. | |||||
(2) Baineann fomhír (1) le diúscairt— | |||||
(a) is diúscairt ar leas ábhartha sa chiste eischósta lena mbaineann, agus | |||||
(b) is diúscairt lena mbaineann Caibidil VII de Chuid I (cibé acu de bhua fho-alt (3) d'alt 64 nó ar shlí eile) nó is diúscairt lena mbainfeadh an Chaibidil sin dá mbeadh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) den alt sin go ginearálta agus ní amháin chun a chinneadh an bhfuil, de bhua an fho-ailt sin (3), diúscairt ann lena mbaineann an Chaibidil sin, agus | |||||
(c) nach diúscairt a bhfuil na coinníollacha i bhfo-alt (4) d'alt 64 comhlíonta maidir léi, agus | |||||
(d) is diúscairt chuig an gciste féin nó chuig na daoine a bhíonn ag plé le bainisteoireacht an chiste (dá ngairtear “bainisteoirí an chiste” feasta sa mhír seo) ina gcáil mar bhainisteoirí den sórt sin. | |||||
(3) Tráth diúscartha lena mbaineann fomhír (1), is í an chuid den chomaoin arb ionannas di ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha, faoi réir fhomhír (4) agus mhír 4 (4), an méid a chuirfí chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta áirithe i leith ioncaim fhabhraithe dá ndéanfadh duine eile, ar dháta na diúscartha, an leas ábhartha atá á dhiúscairt a fháil trí cheannach tosaigh. | |||||
(4) Más rud é, tar éis thosach na tréimhse ar faoina treoir a ríomhtar an t-ioncam fabhraithe dá dtagraítear i bhfomhír (3), go bhfuarthas an leas ábhartha a diúscraíodh le diúscairt lena mbaineann fomhír (1) trí cheannach tosaigh (cibé acu ag an duine a rinne an diúscairt nó nach ea), ansin— | |||||
(a) déanfar an méid a cuireadh chun sochair don chuntas comhionannaithe i leith ioncaim fhabhraithe tráth na fála sin a asbhaint ón méid arbh ionannas di, de réir fhomhír (3), ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha, agus | |||||
(b) más rud é, sa tréimhse sin, gur trí cheannach tosaigh a bhí breis agus fáil amháin den sórt sin ar an leas ábhartha sin, is é méid a asbhainfear faoin bhfomhír seo an méid a cuireadh chun sochair amhlaidh don chuntas comhionannaithe tráth na fála ba dhéanaí den sórt sin roimh an diúscairt atá i gceist. | |||||
(5) Más rud é, de bhua na míre seo, go ndéileáiltear le ciste eischósta chun críocha na Coda seo den Sceideal seo mar chiste a dhéanann dáileadh ar ócáid diúscartha, déileálfar leis an dáileadh chun na gcríoch sin— | |||||
(a) mar dháileadh a chomhlíonann mír 1 (1) (d), | |||||
(b) mar dháileadh arna dhéanamh as ioncam an chiste don tréimhse chuntais ina dtarlaíonn an dáileadh, agus | |||||
(c) mar dháileadh a íocadh, díreach roimh an diúscairt, leis an duine a bhí, an tráth sin, ina shealbhóir ar an leas a diúscraíodh. | |||||
(6) In aon chás— | |||||
(a) ina ndéantar dáileadh, i leith leas i gciste eischósta, le bainisteoirí an chiste, | |||||
(b) gur ina gcáil mar bhainisteoirí den sórt sin a shealbhaíonn siad an leas sin, agus | |||||
(c) go n-oibríonn an ciste comhshocraíochtaí comhionannaithe tráth an dáilte. | |||||
ansin, ní chuirfear an dáileadh i gcuntas chun críocha mhír 1 (1) ach amháin sa mhéid gurb inchurtha an dáileadh go cuí i leith an chuid sin den tréimhse a ndéantar an dáileadh ina haghaidh a raibh an leas sin á shealbhú lena linn ag bainisteoirí an chiste ina gcáil mar bhainisteoirí den sórt sin. | |||||
(7) Tá feidhm ag fo-alt (2) d'alt 64 chun críocha na míre seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin. | |||||
|
Ioncam is inchurtha faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D | |||||
3. (1) Tá feidhm ag fomhír (2) más rud é, maidir le haon suimeanna ar cuid iad d'ioncam ciste eischósta a thagann faoi réim mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 65, gur suimeanna iad de chineál a fhágann— | |||||
(a) maidir le sealbhóirí leasanna sa chiste, ar cuideachtaí iad a bhfuil cónaí orthu sa Stát nó ar pearsana aonair iad a bhfuil sainchónaí agus cónaí orthu ansin— | |||||
(i) go mbeidh siad inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D maidir le cibé ceann nó cinn de na suimeanna sin is inchurtha i leith a leasanna, nó | |||||
(ii) más ó shócmhainní laistigh den Stát a dhíorthaigh aon chuid den ioncam sin, go mbeidís inmhuirearaithe amhlaidh dá mba gur shócmhainní lasmuigh den Stát na sócmhainní sin, | |||||
agus | |||||
(b) go mbeadh na sealbhóirí leasanna, nach cuideachtaí nó pearsana aonaír den sórt sin, inmhuirearaithe mar a luaitear i bhfochlásal (i) nó (ii) de chlásal (a) dá mbeadh cónaí orthu sa Stát nó, i gcás pearsana aonair, dá mbeadh sainchónaí orthu sa Stát agus dá mbeadh idir chónaí agus ghnáthchónaí orthu ansin. | |||||
(2) Sa mhéid nach cuid iarbhír de dháileadh a chomhlíonann clásail (c) agus (d) d'fhomhír (1) de mhír 1 suimeanna a thagann faoi réim fhomhír (1), déileálfar leo, chun críocha na Coda seo den Sceideal seo— | |||||
(a) mar dháileadh a chomhlíonann na clásail sin agus a dhéantar as an ioncam ar cuid de iad, agus | |||||
(b) mar shuimeanna a íocadh le sealbhóirí na leasanna arb inchurtha ina leith iad. | |||||
|
Ioncam ó thráchtearraí | |||||
4. (1) Sa mhéid go mbeidh brabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí san áireamh in ioncam ciste eischósta d'aon tréimhse chuntais, fágfar leath na mbrabús sin as cuntas nuair a bheidh na nithe seo a leanas á gcinneadh chun críocha mhíreanna 1 (1) (b) agus 5, eadhon— | |||||
(a) ioncam an chiste don tréimhse sin, agus | |||||
(b) brabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste don tréimhse sin: | |||||
Ar choinníoll nach ndéanfar, in aon tréimhse chuntais ina dtabhóidh ciste eischósta caillteanas ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí, méid an chaillteanais sin a athrú de bhua na míre seo. | |||||
(2) Sa mhír seo— | |||||
ciallaíonn “tráchtearraí” sócmhainní inláimhsithe a ndéileáiltear iontu ar mhalartán tráchtearraí áit ar bith ar domhan, seachas airgead reatha, urrúis, fiacha nó sócmhainní eile de chineál airgeadais; | |||||
folaíonn “déileáil”, i ndáil le déileáil i dtráchtearraí, déileáil trí chonarthaí todhchaíochtaí agus trí roghanna intrádála. | |||||
(3) I gcás gurb é a bheidh in ioncam ciste eischósta d'aon tréimhse chuntais brabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí mar aon le hioncam eile ansin— | |||||
(a) le linn bheith ag cinneadh an bhfuil an coinníoll i mír 1 (1) (b) comhlíonta i ndáil leis an tréimhse chuntais sin, déanfar caiteachas an chiste a chionroinnt, ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, idir na brabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí agus an t-ioncam eile, agus | |||||
(b) le linn bheith ag cinneadh an bhfuil, agus cá mhéid atá, aon chaiteachas inasbhainte faoi alt 15 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tráth a mbeidh brabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste don tréimhse sin á ríomh, déanfar an oiread sin de ghnó an chiste nach déileáil i dtráchtearraí é a áireamh mar ghnó atá á sheoladh ag cuideachta ar leithligh. | |||||
(4) I gcás go mbeidh diúscairt ann lena mbaineann mír 2 (1), ansin, sa mhéid go mbeidh aon mhéid a cuireadh nó a chuirfí chun sochair don chuntas comhionannaithe i leith ioncaim fhabhraithe, amhail mar a luaitear i bhfomhír (3) nó (4) den mhír sin, in ionannas do bhrabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí, fágfar leath an ioncaim fhabhraithe sin as cuntas le linn bheith ag cinneadh, faoi na fomhíreanna sin, cén chuid de chomaoin na diúscartha arb ionannas di ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha. | |||||
|
Brabúis choibhéiseacha Éireannacha | |||||
5. (1) Aon tagairt sa Sceideal seo do bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha ciste eischósta do thréimhse chuntais, forléireofar í mar thagairt don mhéid arb é a bheadh ann, de réir na mbonn toimhdean atá i bhfomhír (3), brabúis iomlána an chiste don tréimhse sin ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, tar éis aon asbhaintí a bheidh ar fáil in aghaidh na mbrabús sin a bheith lamháilte. | |||||
(2) Sa mhír seo ní fholaíonn “brabúis” gnóchain inmhuirearaithe. | |||||
(3) Is iad na boinn toimhdean dá dtagraítear i bhfomhír (1)— | |||||
(a) gur cuideachta é an ciste eischósta a bhfuil cónaí uirthi sa Stát sa tréimhse chuntais, | |||||
(b) gur tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuídeachta sin an tréimhse chuntais, agus | |||||
(c) go bhfuil aon díbhinní nó dáiltí ar chóir, de bhua alt 2 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , iad a fhágáil as cuntas le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, le cur i gcuntas dá ainneoin sin le linn an ríomha sin ar an tslí chéanna ionann is dá mba dhíbhinní nó dáiltí iad de chuid cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát. | |||||
(4) Gan dochar d'aon asbhaintí a bheadh ar fáil ar leith ón bhfomhír seo, tá na hasbhaintí seo a leanas ar áireamh sna hasbhaintí dá dtagraítear i bhfomhír (1)— | |||||
(a) asbhaint ar comhionann le haon mhéid a lamháiltear mar asbhaint, de bhua mhír 1 (6), le linn ioncam an chiste don tréimhse chuntais lena mbaineann a bheith á chinneadh, | |||||
(b) asbhaint ar comhionann le haon mhéid cánach ioncaim de chuid na hÉireann a d'íoc an ciste eischósta, trí asbhaint nó ar shlí eile, agus nach mbeidh aisíoctha leis, i leith ioncaim ón tréimhse chuntais, agus | |||||
(c) asbhaint ar comhionann le haon mhéid cánach (a íocadh faoi dhlí críche lasmuigh den Stát) a cuireadh i gcuntas mar asbhaint le linn ioncam an chiste don tréimhse chuntais lena mbaineann a bheith á chinneadh ach nach bhfuil, toisc é a bheith inchurtha i leith caipitil seachas i leith ioncaim, le cur i gcuntas de bhua alt 76 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 12 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 : | |||||
Ar choinníoll go ndéanfar neamhshuim, chun críocha chlásal (b), d'fhorálacha alt 171 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |||||
(5) D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo, má bhíonn aon suimeanna, ar cuid iad d'ioncam an chiste eischósta d'aon tréimhse, faighte ag an gciste gan aon asbhaint chánach nó muirear cánach a bheith déanta de bhua alt 462, 464, 470 nó 474 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gurb é is éifeacht don toimhde i bhfomhír (3) (a) go mbeidh na suimeanna sin le cur i gcuntas le linn na brabúis iomlána dá dtagraítear i bhfomhír (1) a bheith á gcinneadh. | |||||
|
CUID II Modhnuithe ar na Coinníollacha Deimhniúcháin i gCásanna Áirithe | |||||
|
Infheistíochtaí i gcistí eischósta dáileacha a eisiamh | |||||
6. (1) In aon chás— | |||||
(a) i dtréimhse chuntais de chuid ciste eischósta (dá ngairtear an “ciste príomha” anseo feasta sa Chuid seo den Sceideal seo), gurb é atá i sócmhainní an chiste, nó go bhfuil ar áireamh iontu, leasanna i gciste eischósta eile, agus | |||||
(b) gur leasanna iad na leasanna sin (mar aon le leasanna eile atá ag an gciste príomha) de chineál a fhágann, de bhua mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 66 nó, más cuideachta an ciste eile atá i gceist, de bhua mhír (b) nó (c) den fho-alt sin, nach bhféadfaí, ar leith ón mír seo, an ciste príomha a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais, agus | |||||
(c) gan féachaint d'fhorálacha na míre seo, go bhféadfaí an ciste eile sin a dheimhniú mar chiste dáileach i leith a thréimhse cuntais nó, de réir mar a bheidh, gach ceann dá thréimhsí cuntais arb iad tréimhse chuntais uile, nó aon chuid de thréimhse chuntais, an chiste phríomha iad, | |||||
ansin, le linn bheith ag cinneadh an bhfuil ní ar bith in alt 66 (3) (seachas mír (d) a choisceann deimhniú an chiste phríomha mar chiste den chineál a luaitear i gclásal (b), déanfar leasanna an chiste phríomha sa chiste eile sin a fhágáil as cuntas ach amháin d'fhonn luach iomlán shócmhainní an chiste phríomha a chinneadh. | |||||
(2) Sa Chuid seo den Sceideal seo gairtear “ciste cáilitheach” de chiste eischósta a thagann faoi réim fhomhír (1) (c). | |||||
(3) In aon chás a thagann faoi réim fhomhír (1)— | |||||
(a) beidh éifeacht le halt 66 (3) (seachas mír (d) i ndáil leis an gciste príomha fara an modhnú atá i mír 7 (i dteannta an mhodhnuithe dá bhforáiltear le fomhír (1) thuas), agus | |||||
(b) beidh éifeacht le Cuid I den Sceideal seo i ndáil leis an gciste príomha fara an modhnú atá i mír 8. | |||||
7. Is é an modhnú dá dtagraítear i mír 6 (3) (a) ná in aon chás— | |||||
(a) ina mbeidh, tráth ar bith sa tréimhse chuntais dá dtagraítear i mír 6 (1), leas i gciste eischósta nó in aon chuideachta (bíodh nó ná bíodh sí ina ciste eischósta) ar áireamh i sócmhainní an chiste phríomha, agus | |||||
(b) go mbeidh an leas sin le cur i gcuntas le linn bheith ag cinneadh an bhfuil aon ní in alt 66 (3) (seachas mír (d)) a choisceann deimhniú an chiste phríomha mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais sin, agus | |||||
(c) go mbeidh, tráth ar bith sa tréimhse chuntais sin, leas sa chiste eischósta nó sa chuideachta dá dtagraítear i gclásal (a) ar áireamh i sócmhainní an chiste cháilithigh, | |||||
ansin, chun críocha fheidhm alt 66 (3) (seachas mír (d)), i ndáil leis an gciste príomha, tráth ar bith a mbeidh an leas dá dtagraítear i gclásal (c) ar áireamh i sócmhainní an chiste cháilithigh, déanfar sciar an chiste phríomha den leas sin a áireamh mar shócmhainn bhreise de chuid an chiste phríomha. | |||||
8. (1) Is é an modhnú dá dtagraítear i mír 6 (3) (b) ná, le linn bheith ag cinneadh an bhfuil an coinníoll i mír 1 (1) (b) (ii) comhlíonta i ndáil leis an tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha dá dtagraítear i mír 6 (1), go measfar brabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste phríomha don tréimhse sin a bheith méadaithe de sciar an chiste phríomha d'fharasbarr ioncaim (más ann) an chiste cháilithigh is inchurtha i leith na tréimhse sin. | |||||
(2) Chun críocha na míre seo, is é farasbarr ioncaim an chiste cháilithigh d'aon tréimhse chuntais de chuid an chiste sin an méid (más ann) ar mó a bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha don tréimhse chuntais sin ná méid na ndáiltí a rinneadh don tréimhse sin, arna chinneadh chun críocha mír 1 (1) a chur i bhfeidhm maidir leis an gciste cáilitheach. | |||||
(3) Má bhíonn tréimhse chuntais de chuid an chiste cháilithigh agus tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha comhthráthmhar lena chéile, ansin is é farasbarr ioncaim (más ann) an chiste cháilithigh don tréimhse sin an farasbarr ioncaim is inchurtha i leith na tréimhse sin de chuid an chiste phríomha. | |||||
(4) I gcás nach mbeidh feidhm ag fomhír (3), is é farasbarr ioncaim an chiste cháilithigh is inchurtha i leith tréimhse cuntais de chuid an chiste phríomha an codán iomchuí d'fharasbarr ioncaim (más ann) an chiste cháilithigh d'aon tréimhse chuntais dá chuid arb é atá inti tréimhse chuntais uile, nó aon chuid de thréimhse chuntais, an chiste phríomha agus, má bhíonn breis agus tréimhse chuntais amháin den sórt sin de chuid an chiste cháilithigh ann, comhiomlán an fharasbairr ioncaim (más ann) de chuid gach tréimhse acu. | |||||
(5) Chun críocha fhomhír (4), déanfar an codán iomchuí a ríomh faoi threoir na foirmle— | |||||
| |||||
i gcás— | |||||
gurb é A an méid laethanta sa tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha ar laethanta iad freisin atá i dtréimhse chuntais de chuid an chiste cháilithigh, agus | |||||
gurb é B an méid laethanta atá sa tréimhse chuntais sin de chuid an chiste cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, atá i ngach tréimhse chuntais ar leith de chuid an chiste sin arb é atá inti tréimhse chuntais uile, nó aon chuid de thréimhse chuntais, an chiste phríomha. | |||||
9. (1) Déanfar na tagairtí i míreanna 7 agus 8 (1) do sciar an chiste phríomha— | |||||
(a) de leas is cuid de shócmhainní an chiste cháilithigh, nó | |||||
(b) d'fharasbarr ioncaim (dé réir na brí atá leis i mír 8) an chiste cháilithigh, | |||||
a fhorléiriú mar thagairtí don chodán a shonraítear i bhfomhír (2) den leas sin nó den fharasbarr ioncaim sin. | |||||
(2) I ndáil le haon tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha, déanfar an codán dá dtagraítear i bhfomhír (1) a ríomh faoi threoir na foirmle— | |||||
| |||||
i gcás— | |||||
gurb é C meánluach na leasanna sa chiste cáilitheach a shealbhaíonn an ciste príomha le linn na tréimhse sin, agus | |||||
gurb é D meánluach na leasanna go léir sa chiste cáilitheach a shealbhaíonn daoine ar bith le linn na tréimhse sin. | |||||
|
Cistí eischósta a infheistíonn i gcuideachtaí trádála | |||||
10. (1) In aon chás ina mbeidh leas i gcuideachta thrádála, mar a mhínítear sin i bhfomhír (4), ar áireamh de thuras na huaire i sócmhainní ciste eischósta, beidh éifeacht le forálacha alt 66 (3) faoi réir na modhnuithe atá i bhfomhíreanna (2) agus (3). | |||||
(2) I bhfeidhmiú alt 66 (3) (b) maidir leis an oiread sin de shócmhainní ciste eischósta arb é atá ann, de thuras na huaire, leasanna i gcuideachta thrádála aonair, forléireofar na focail “20 faoin gcéad” in ionad na bhfocal “10 faoin gcéad”. | |||||
(3) I bhfeidhmiú alt 66 (3) (c) maidir le ciste eischósta, forléireofar na focail “50 faoin gcéad nó níos mó” in ionad na bhfocal “breis agus 10 faoin gcéad”, sa mhéid go mba thagairt iad thairis sin do scairchaipiteal cuideachta trádála nó d'aicme ar bith den scairchaipiteal sin. | |||||
(4) Sa mhír seo— | |||||
tá le “tráchtearraí” an bhrí chéanna atá leis i mír 4 (2); | |||||
folaíonn “déileáil”, i ndáil le tráchtearraí, le hairgead reatha, le hurrúis, le fiacha nó le sócmhainní eile de chineál airgeadais, déileáil trí chonarthaí todhchaíochtaí agus trí roghanna intrádála; | |||||
ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é atá go hiomlán ina gnó trádáil nó trádálacha a sheoladh agus nach é atá sa ghnó sin ar chor ar bith— | |||||
(a) déileáil i dtráchtearraí, in airgead reatha, in urrúis, i bhfiacha nó i sócmhainní eile de chineál airgeadais, nó | |||||
(b) baincéireacht nó iasachtóireacht airgid. | |||||
|
Cistí eischósta ag a bhfuil fochuideachtaí ar lánúinéireacht | |||||
11. (1) I ndáil le ciste eischósta ag a bhfuil fochuideachta ar lánúinéireacht ar cuideachta í, beidh éifeacht le forálacha alt 66 (3) nó Chuid I den Sceideal seo faoi réir na modhnuithe atá i bhfomhír (4). | |||||
(2) Faoi réir fhomhír (3), chun críocha na míre seo, is fochuideachta ar lánúireacht ag ciste eischósta cuideachta más rud é go mbeidh, agus fad a bheidh, scairchaipiteal eisithe uile na cuideachta— | |||||
(a) i gcás ciste eischósta a thagann faoi réim alt 65 (1) (a), ar úinéireacht go díreach agus go tairbhiúil ag an gciste, agus | |||||
(b) i gcás ciste eischósta a thagann faoi réim alt 65 (1) (b), ar úinéireacht go díreach ag iontaobhaithe an chiste chun sochair an chiste, agus | |||||
(c) i gcás ciste eischósta a thagann faoi réim alt 65 (1) (c), ar úinéireacht ar shlí atá, chomh gar agus is féidir é, ar aon dul le clásal (a) nó (b). | |||||
(3) I gcás cuideachta nach bhfuil ach scairchaipiteal eisithe d'aicme amháin aici, déanfar an tagairt i bhfomhír (2) don scairchaipiteal eisithe uile a fhorléiriú mar thagairt do 95 faoin gcéad ar a laghad den scairchaipiteal sin. | |||||
(4) Is iad na modhnuithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) ná, chun críocha alt 66 (3) agus Chuid I den Sceideal seo— | |||||
(a) go measfar gur fáltais, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais de chuid an chiste an céatadán sin d'fháltais, de chaiteachas, de shócmhainní agus de dhliteanais na fochuideachta atá comhionann leis an gcéatadán de scairchaipiteal eisithe na cuideachta lena mbaineann atá ar úinéireacht amhail mar a luaitear i bhfomhír (2), agus | |||||
(b) go bhfágfar as cuntas leas an chiste san fhochuideachta agus aon dáiltí nó íocaíochtaí eile a rinne an fhochuideachta leis an gciste nó a rinne an ciste leis an bhfochuideachta. | |||||
|
Cistí eischósta a bhfuil leasanna acu i gcuideachtaí déileála agus bainisteoireachta | |||||
12. (1) Ní bheidh feidhm ag alt 66 (3) (c) maidir leis an oiread sin de shócmhainní ciste eischósta arb é atá ann scairchaipiteal eisithe cuideachta— | |||||
(a) ar fochuideachta í atá ar lánúinéireacht ag an gciste agus a thagann faoi réim fhomhír (2), nó | |||||
(b) ar fochuideachta bhainisteoireachta de chuid an chiste í, mar a mhínítear sin i bhfomhír (3). | |||||
(2) Maidir le cuideachta ar fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag ciste eischósta í, is cuideachta í lena mbaineann fomhír (1) (a) thuas más rud é— | |||||
(a) gurb é atá go hiomlán i ngnó na cuideachta déileáil i leasanna ábhartha sa chiste eischósta d'fhonn bainisteoireacht agus riarachán a dhéanamh ar ghnó an chiste agus i ndáil leis an gcéanna, agus | |||||
(b) nach bhfuil an chuideachta i dteideal aon dáileadh a fháil i leith aon leasa ábhartha atá á shealbhú aici de thuras na huaire, | |||||
agus beidh feidhm ag mír 11 (2) d'fhonn a chinneadh an fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag ciste eischósta í cuideachta chun críocha na míre seo. | |||||
(3) Chun críocha fhomhír (1) (b), is fochuideachta bhainisteoireachta de chuid ciste eischósta í cuideachta (is cuideachta a bhfuil leas ag an gciste inti) más rud é— | |||||
(a) nach seolann an chuideachta gnó ar bith seachas seirbhísí a thagann faoi réim fhomhír (4) a sholáthar, cibé acu don chiste amháin go heisiach nó don chiste agus d'aon chiste eischósta eile a bhfuil leas aige sa chuideachta, agus | |||||
(b) nach mó an luach saothair a fhaigheann an chuideachta as na seirbhísí a sholáthraíonn sí don chiste ná an luach saothair a gheobhadh sí dá ndéanfaí é a chinneadh ar neamhthuilleamaí idir an ciste agus cuideachta nach mbeadh leas ar bith ag an gciste inti. | |||||
(4) Is iad seo a leanas na seirbhísí dá dtagraítear i bhfomhír (3)— | |||||
(a) sealbhú maoine (is maoin de thuairisc ar bith) atá á háitiú nó á húsáid i ndáil le bainisteoireacht nó riarachán an chiste, agus | |||||
(b) seirbhísí riaracháin, bainisteoireachta agus comhairliúcháin a sholáthar don chiste. | |||||
(5) Le linn bheith ag cinneadh, de réir fhomhír (3), an fochuideachta bhainisteoireachta de chuid ciste eischósta í cuideachta a bhfuil leas ag an gciste sin inti— | |||||
(a) déileálfar le gach gnó atá á sheoladh ag fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta mar ghnó a sheolann an chuideachta, | |||||
(b) ní chuirfear i gcuntas an oiread sin de ghnó na cuideachta arb é atá ann sealbhú leasanna na cuideachta i bhfochuideachta atá ar lánúinéireacht aici, agus | |||||
(c) glacfar le haon tagairt don chuideachta i bhfomhír (3) (b) mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta. | |||||
(6) Aon tagairt i bhfomhír (5) d'fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag cuideachta, forléireofar í mar thagairt do chuideachta eile a bhfuil a scairchaipiteal eisithe uile ar úinéireacht go díreach agus go tairbhiúil de thuras na huaire ag an gcuideachta chéadluaite. | |||||
|
Neamhshuim a dhéanamh d'infheistíochtaí áirithe ar lú ná 5 faoin gcéad de chiste iad | |||||
13. (1) In aon chás— | |||||
(a) in aon tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta, go mbeidh sealbhán de scairchaipiteal eisithe (nó de scairchaipiteal eisithe d'aicme ar bith) cuideachta ar áireamh i sócmhainní an chiste, agus | |||||
(b) gur sealbhán é de chineál a fhágann, de bhua alt 66 (3) (c), nach bhféadfaí (ar leith ón mír seo) an ciste a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais sin, | |||||
ansin, má bhíonn an coinníoll atá i bhfomhír (3) comhlíonta, déanfar neamhshuim den sealbhán sin chun críocha alt 66 (3) (c). | |||||
(2) Sa mhír seo ciallaíonn “farasbarr sealbháin” aon sealbhán a thagann faoi réim fhomhír (1). | |||||
(3) Is é an coinníoll dá dtagraítear i bhfomhír (1) nach mó, tráth ar bith sa tréimhse chuntais atá i gceist, an chuid sin den chiste arb éard í— | |||||
(a) farasbarr sealbhán, agus | |||||
(b) leasanna i gcistí eischósta eile nach cistí cáilitheacha iad, | |||||
ná 5 faoin gcéad, de réir luacha, de shócmhainní uile an chiste. | |||||
|
Cumhacht na gCoimisinéirí Ioncaim neamhshuim a dhéanamh de sháruithe áirithe ar choinníollacha | |||||
14. Más rud é, i gcás aon tréimhse cuntais de chuid ciste eischósta, gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gur mainníodh déanamh de réir aon cheann de na coinníollacha atá i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (3) d'alt 66 (arna modhnú, más cuí, leis na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo) ach gur deimhin leo— | |||||
(a) gur de thaisme a tharla an mhainneachtain, agus | |||||
(b) gur cuireadh ina ceart í gan mhoill mhíréasúnach, | |||||
ansin féadfaidh siad neamhshuim a dhéanamh den mhainneachtain d'fhonn a chinneadh ar chóir an ciste a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais sin. | |||||
|
CUID III Nós Imeachta Deimhniúcháin | |||||
|
Iarratas ar Dheimhniúchán | |||||
15. (1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar cibé caoi is cuí leo, ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach i leith tréimhse cuntais más rud é— | |||||
(a) go mbeidh iarratas i leith na tréimhse sin déanta faoin mir seo, | |||||
(b) go mbeidh ag gabháil leis an iarratas cuntais an chiste in aghaidh na tréimhse cuntais, nó in aghaidh tréimhse ar cuid di an tréimhse chuntais, lena mbaineann an t-iarratas, | |||||
(c) go dtabharfar cibé faisnéis do na Coimisinéirí Ioncaim a éileoidh siad le réasún d'fhonn a chinneadh ar chóir an ciste a dheimhniú amhlaidh, agus | |||||
(d) gur deimhin leo nach bhfuil aon ní i bhfo-alt (2) nó (3) d'alt 66 a choisceann deimhniú a dhéanamh amhlaidh ar an gciste. | |||||
(2) Is chuig na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanfar iarratas faoin mír seo agus is é an ciste, nó iontaobhaí nó oifigeach de chuid an chiste thar ceann an chiste, a dhéanfaidh amhlaidh é agus féadfar é a dhéanamh amhlaidh roimh— | |||||
(a) an 1ú lá d'Eanáir, 1991, nó | |||||
(b) deireadh na tréimhse 6 mhí dar tosach deireadh na tréimhse cuntais lena mbaineann an t-iarratas, | |||||
cibé acu is déanaí. | |||||
(3) In aon chás ina gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a bheith déanta faoin mír seo, nár chóir an ciste eischósta lena mbaineann a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais lena mbaineann an t-iarratas, tabharfaidh siad fógra i dtaobh an chinnidh sin don chiste. | |||||
(4) Más rud é, tráth ar bith, gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim— | |||||
(a) maidir leis na cuntais a bheidh ag gabháil le hiarratas faoin mír seo i leith tréimhse chuntais ar bith de chuid ciste eischósta, nach cuntais iad de chineál a fhágann, nó | |||||
(b) maidir le haon fhaisnéis a bheidh tugtha dóibh i ndáil le hiarratas den sórt sin, nach faisnéis í den chineál a fhágann, | |||||
go bhfuil nochtadh iomlán cruinn á dhéanamh ar na fíorais agus na cúinsí go léir a bhaineann leis an iarratas, tabharfaidh siad fógra dá réir sin don chiste, ar fógra é ina sonrófar an tréimhse lena mbaineann. | |||||
(5) I gcás ina dtabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra faoi fhomhír (4), measfar nár dheimhnigh siad an ciste eischósta riamh i leith na tréimhse cuntais atá i gceist. | |||||
|
Achomhairc | |||||
16. (1) Maidir le hachomharc chuig na Coimisinéirí Achomhairc— | |||||
(a) in aghaidh cinneadh den chineál dá dtagraítear i mír 15 (3), nó | |||||
(b) in aghaidh fógra faoi mhír 15 (4), | |||||
is é an ciste eischósta, nó oifigeach dá chuid thar ceann an chiste, a dhéanfaidh é agus déanfar amhlaidh é trí fhógra ina sonrófar forais an achomhairc agus a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra faoi fhomhír (3) nó (4) de mhír 15, de réir mar a bheidh. | |||||
(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc faoi fho mhír (1) a éisteacht agus a chinneadh de réir na bprionsabal atá le leanúint ag na Coimisinéirí Ioncaim tráth a mbíonn iarratais faoi alt 15 á gcinneadh acu agus, faoina réir sin, ar an gcaoi chéanna le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí). | |||||
(3) Áireofar ar dhlínse na gCoimisinéirí Achomhairc i leith achomhairc faoin mír seo an dlínse chun athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim ar cinneadh ábhartha é ó thaobh foras éigin atá leis an achomharc. | |||||
|
CUID IV Forlíontach | |||||
|
Measúnacht: an éifeacht atá le neamhdheimhniúchán | |||||
17. Ní cead aon achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach ar an bhforas go mba chóir ciste eischósta a bheith deimhnithe mar chiste dáileach i leith tréimhse chuntais de chuid an chiste. | |||||
18. (1) Gan dochar do mhír 17, in aon chás nach ndearnadh aon iarratas faoi mhír 15 i leith tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta, féadfaidh aon duine, a dhlíonn cáin a íoc nach mbeadh sé faoi dhliteanas a íoc dá mbeadh an ciste eischósta deimhnithe mar chiste dáileach i leith na tréimhse sin, a cheangal ar na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, gníomh a dhéanamh faoin mír seo chun a chinneadh ar chóir an ciste a dheimhniú amhlaidh. | |||||
(2) Faoi réir fhomhíreanna (3) agus (5), má fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim fógra faoi fhomhír (1), déanfaidh siad, trí fhógra a thabhairt ar cibé caoi is dóigh leo is iomchuí sna himthosca, cuireadh a thabhairt don chiste eischósta áirithe iarratas a dhéanamh faoi mhír 15 i leith na tréimhse atá i gceist. | |||||
(3) I gcás ina mbeidh feidhm ag fomhír (2), ní bheidh de cheangal ar na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt faoin bhfomhír sin sula mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntais lena mbainfidh an fógra ná i gcás iarratas faoi mhír 15 a bheith déanta cheana féin: | |||||
Ar choinníoll, i gcás fógra a thabhairt faoi fhomhír (2), nach mbeidh iarratas faoi mhír 15 lasmuigh den tréimhse ama atá ceadaithe faoi mhír 15 (2) más laistigh de 90 lá ó dháta an fhógra sin a dhéanfar é. | |||||
(4) Mura ndéanfaidh ciste, dá dtugtar fógra faoi fhomhír (2), iarratas faoi fhomhír 15 i leith na tréimhse cuntais atá i gceist laistigh den am atá ceadaithe faoi fhomhír (3) nó faoi mhír 15 (2) (de réir mar a bheidh), rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar aghaidh chun ceist an deimhniúcháin i leith na tréimhse sin a chinneadh ionann is dá mbeadh an t-iarratas sin déanta. | |||||
(5) I gcás ina bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim breis agus fógra amháin faoi fhomhír (1) i leith na tréimhse cuntais céanna de chuid an chiste eischósta chéanna, measfar a gcuid oibleagáidí faoi fhomhíreanna (2) agus (4) a bheith comhlíonta i ndáil le gach fógra acu sin má chomhlíontar iad i ndáil le haon fhógra amháin acu. | |||||
(6) D'ainneoin aon ní atá i bhfomhír (5), beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim, chun críche cinneadh faoi fhomhír (4) i leith tréimhse cuntais de chuid ciste eischósta, ar chuntais agus ar fhaisnéis eile a bheidh tugtha ag na daoine go léir a thug fógra faoi fhomhír (1) i leith na tréimhse cuntais sin; agus beidh feidhm ag mír 15 ionann is dá mbeadh na cuntais agus an fhaisnéis a tugadh amhlaidh tugtha i gcomhlíonadh fhomhír (1) den mhír sin. | |||||
(7) Gan dochar d'fhomhír (5), in aon chás— | |||||
(a) ina ndéanfar, tráth éigin tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim a chinneadh faoi fhomhír (4) nár chóir ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach i leith tréimhse cuntais, fógra a thabhairt faoi fhomhír (1) i leith na tréimhse sin, agus | |||||
(b) go ndéanfaidh an duine a bheidh ag tabhairt an fhógra sin cuntais nó faisnéis a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nach raibh tugtha dóibh an tráth a ndearna siad an cinneadh is luaithe, | |||||
ansin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim breithniú athuair ar an gcinneadh a rinne siad roimhe sin ag féachaint do na cuntais nua nó don fhaisnéis nua agus, más cuí leo, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh an ciste a dheimhniú dá réir sin. | |||||
(8) I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag aon duine do na Coimisinéirí Ioncaim faoi fhomhír (1) i leith tréimhse cuntais de chuid ciste eischósta agus nach mbeidh aon iarratas déanta faoi mhír 15 i leith na tréimhse sin, ansin— | |||||
(a) cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim a gcinneadh i dtaobh deimhniúcháin faoi fhomhír (4) in iúl don duine sin, agus | |||||
(b) ní bheidh feidhm ag mír 16 i ndáil leis an gcinneadh sin. | |||||
|
Faisnéis maidir le cinntí i dtaobh deimhniúcháin etc. | |||||
19. Aon oibleagáid atá ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht a choimeád nó aon srian eile atá orthu ó thaobh eolas a nochtadh, ní choiscfidh sé orthu— | |||||
(a) aon chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó (ar achomharc) de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc i dtaobh cé acu ar chóir nó nár chóir ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach i leith aon tréimhse cuntais, | |||||
(b) ábhar agus éifeacht aon fhógra a bheidh tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 15 (4), | |||||
a nochtadh d'aon duine ar dealraitheach dóibh leas a bheith aige sa scéal. | |||||
20. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a n-údaraíonn an Sceideal seo do na Coimisinéirí Ioncaim iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus déanfar aon tagairtí sa Sceideal seo do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'oifigeach a bheidh ainmnithe amhlaidh. |