An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Cistí Eischósta: Cistí Dáileacha) Ar Aghaidh (AN SEACHTÚ SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Theilifíseáin)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

AN SÉÚ SCEIDEAL

Cistí Eischósta: Gnóchain Ioncaim Eischósta a Ríomh

Alt 67.

CUID I

Diúscairtí Leasanna i gCistí Neamhcháilitheacha

Léiriú

1. Sa Chuid seo den Sceideal seo ciallaíonn “diúscairt ábhartha” diúscairt lena mbaineann Caibidil VII de Chuid I den Acht seo, ar shlí seachas de bhua alt 64.

Gnóchan neamhinnéacsaithe a ríomh

2. (1) I gcás diúscairt ábhartha a bheith ann, cinnfear i dtosach, chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, an méid (más aon mhéid é) arb é, de réir fhorálacha na míre seo, an gnóchan neamhinnéacsaithe é a fhabhraíonn chuig an duine a dhéanann an diúscairt.

(2) Faoi réir fho-ailt (3), (4), (5) agus (6) d'alt 63 agus mhír 3, is é an gnóchan neamhinnéacsaithe a fhabhraíonn as diúscairt ábhartha an méid arb é an gnóchan as an diúscairt sin chun críocha an Phríomh-Achta a bheadh ann dá ríomhfaí é—

(a) gan féachaint d'aon mhuirear cánach ioncaim nó cánach corparáide de bhua alt 67, agus

(b) gan féachaint d'aon choigeartú (dá ngairtear “an liúntas innéacsúcháin” anseo feasta sa Chuid seo den Sceideal seo) arna dhéanamh faoi alt 3 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , ar shuimeanna is inlamhála mar asbhaintí le linn gnóchain inmhuirearaithe a bheith á ríomh.

3. (1) Más cuid é an diúscairt ábhartha d'aistriú lena mbaineann mír 6 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ansin déanfar an gnóchan neamhinnéacsaithe a fhabhraíonn as an diúscairt a ríomh gan féachaint d'aon asbhaint a bheidh le déanamh faoin mír sin le linn gnóchan inmhuirearaithe a bheith á ríomh.

(2) D'ainneoin alt 12 den Phríomh-Acht, más rud é, ar leith ón bhfomhír seo, go mbeadh d'éifeacht le haon ríomh faoi na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo go mbeadh caillteanas i gceist, measfar gur nialas an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt ábhartha agus, dá réir sin, chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, ní mheasfar aon chaillteanas a bheith fabhraithe as diúscairt ábhartha.

Gnóchain ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith

4. (1) Beidh feidhm ag an mír seo más rud é—

(a) maidir leis an leas sa chiste eischósta a dhiúscraíonn an duine a mbeidh diúscairt ábhartha á déanamh aige, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, a fuair sé é, nó

(b) go measfar, de bhua aon fhorála i bhfomhír (3) agus (4), gur roimh an dáta sin a fuair sé an leas.

(2) I gcás feidhm a bheith ag an mír seo, déanfar an méid arb é an gnóchan as an diúscairt ábhartha a bheadh ann a chinneadh chun críocha na Coda seo den Sceideal seo—

(a) ar an toimhde go ndearnadh, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, an leas a dhiúscairt agus a fháil ar ais láithreach ar chomaoin ab ionann agus a mhargadhluach an tráth sin, agus

(b) faoi réir na toimhdean sin, ar an mbonn go ríomhtar an gnóchan ar an gcaoi chéanna ar a ndéantar, faoi mhíreanna 2 agus 3, an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt ábhartha a chinneadh,

agus “an gnóchan ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith” a ghairtear den mhéid sin i mír 5 (2).

(3) Más rud é, maidir leis an duine a dhéanann an diúscairt ábhartha go bhfuair sé an leas atá á dhiúscairt—

(a) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus

(b) in imthosca a d'fhág, de bhua aon achtacháin seachas alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , go raibh sé féin agus an duine óna bhfuair sé é (dá ngairtear “an t-úinéir roimhe sin” feasta san fhomhír seo agus i bhfomhír (4)) le háireamh chun críocha an Phríomh-Achta ionann is dá mbeadh an leas faighte aige ar chomaoin de cibé méid a d'áiritheodh nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas don úinéir roimhe sin as an diúscairt faoina bhfuair sé é,

ansin measfar, maidir le fáil an leasa ag an úinéir roimhe sin, gurbh é fáil an leasa ag an duine sin é

(4) Más rud é gur ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, a fuair an t-úinéir roimhe sin an leas atá á dhiúscairt agus go bhfuair sé amhlaidh é in imthosca ar aon dul leis na himthosca dá dtagraítear i bhfomhír (3), ansin measfar, chun críocha na míre seo, gurbh é fáil an leasa ag a réamhtheachtaí fáil an úinéara roimhe sin, agus mar sin siar trí fháileanna roimhe sin in imthosca dá samhail go dtí an chéad fháil den sórt sin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó, de réir mar a bheidh, go dtí fáil ar dhiúscairt ábhartha ar an dáta sin nó dá éis.

An gnóchan ioncaim eischósta

5. (1) Faoi réir fhomhír (2), beidh diúscairt ábhartha ina bun le gnóchan ioncaim eischósta de mhéid is ionann agus an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt sin.

(2) In aon chás—

(a) ina mbeidh feidhm ag mír 4, agus

(b) inar lú an gnóchan ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith (mar a mhínítear sin i mír 4 (2)) ná an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt,

is é a bheidh sa ghnóchan ioncaim eischósta arb í an diúscairt is bun leis, méid is ionann agus an gnóchan ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith (mar a mhínítear amhlaidh).

CUID II

Diúscairtí a nGabhann Gné Chomhionannaithe Leo

6. (1) Faoi réir mhír 7, beidh diúscairt lena mbaineann Caibidil VII de Chuid I, de bhua alt 64 (3), ina bun le gnóchan ioncaim eischósta de mhéid is ionann agus an ghné chomhionannaithe a bhaineann leis an tsócmhainn a dhiúscraítear.

(2) Faoi réir fhomhíreanna (4), (5) agus (6), is é a bheidh sa ghné chomhionannaithe a bhaineann leis an tsócmhainn a dhiúscraítear le diúscairt a thagann faoi réim fhomhír (1) an méid a chuirfí chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta lena mbaineann i leith ioncaim fhabhraithe dá mbeadh an tsócmhainn a dhiúscraítear faighte, ar dháta na diúscartha, ag duine eile trí cheannach tosaigh.

(3) Sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Sceideal seo, gairtear “diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi” de dhiúscairt a thagann faoi réim fhomhír (1).

(4) I gcás an tsócmhainn a dhiúscraítear le diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a bheith faighte ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha tar éis thosach na tréimhse ar faoina réir a ríomhtar an t-ioncam fabhraithe dá dtagraítear i bhfomhír (2), déanfar an méid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfomhír seo, an ghné chomhionannaithe a ghabhann leis an tsócmhainn sin a laghdú den mhéid seo a leanas, is é sin le rá—

(a) más ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, a fuair sé í, an méid a cuireadh chun sochair, ar an bhfáil sin, do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta lena mbaineann maidir le hioncam fabhraithe nó, de réir mar a bheidh, a bheadh curtha chun sochair amhlaidh dá mba fháil trí cheannach tosaigh an fháil sin, agus

(b) in aon chás eile, an méid a bheadh curtha chun sochair don chuntas sin maidir le hioncam fabhraithe dá mba fháil trí cheannach tosaigh a tharla ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, an fháil sin.

(5) I gcás—

(a) an tsócmhainn a dhiúscraítear le diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a bheith faighte ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha i dtosach nó roimh thosach na tréimhse ar faoina réir a ríomhtar an t-ioncam fabhraithe dá dtagraítear i bhfomhír (2), agus

(b) gur thosaigh an tréimhse sin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, agus go gcríochnaíonn sí i ndiaidh an dáta sin,

déanfar an méid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfomhír seo, an ghné chomhionannaithe a ghabhann leis an tsócmhainn sin a laghdú den mhéid a bheadh curtha chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta lena mbaineann maidir le hioncam fabhraithe dá mba fháil trí cheannach tosaigh a tharla ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, an fháil dá dtagraítear i gclásal (a).

(6) I gcás diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a bheith ann, ansin, sa mhéid go mbeidh aon mhéid a cuireadh nó a chuirfí chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta maidir le hioncam fabhraithe (amhail mar a luaitear i bhfomhír (2), (3), (4) nó (5)) in ionannas do bhrabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí, de réir bhrí mhír 4 den Chúigiú Sceideal, déanfar leath an ioncaim fhabhraithe sin a fhágáil as cuntas le linn an ghné chomhionannaithe a bhaineann leis an tsócmhainn a dhiúscraítear leis an diúscairt sin a bheith á cinneadh faoi na fomhíreanna sin.

7. (1) Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, déanfar an gnóchan Chuid I (más aon ghnóchan é) as aon diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a chinneadh de réir mhír 8.

(2) D'ainneoin aon ní i mír 6 thuas—

(a) mura mbeidh aon ghnóchan Chuid I as diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi, ní bheidh an diúscairt sin ina bun le gnóchan ioncaim eischósta, agus

(b) más rud é, ar leith ón mír seo, gur mhó an gnóchan ioncaim eischósta as diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi ná an gnóchan Chuid I as an diúscairt sin, déanfar an gnóchan ioncaim eischósta arb í an diúscairt sin is bun leis a laghdú go dtí méid ar comhionann leis an ngnóchan Chuid I sin.

8. (1) I gcás diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi, is é an gnóchan Chuid I an méid (más ann) arb é an gnóchan ioncaim eischósta as an diúscairt sin a bheadh ann, de bhua Chuid I den Sceideal seo (arna modhnú le fomhíreanna (2) agus (3)), dá mba dhiúscairt ábhartha í de réir bhrí na Coda sin.

(2) Chun críocha fheidhm Chuid I den Sceideal seo ó thaobh an gnóchan Chuid I (más ann) as diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a chinneadh, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh éifeacht le fo-ailt (5) agus (6) d'alt 64 ionann is dá ndéanfaí, san fho-alt sin (5), na focail “de bhua fho-alt (3) thuas” a fhágáil ar lár.

(3) Más rud é, maidir le diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi, gur diúscairt í, de bhua aon achtacháin seachas alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , a ndéileáiltear léi chun críocha an Phríomh-Achta mar dhiúscairt nach bhfabhraíonn gnóchan ná caillteanas aisti chuig an duine a dhéanann an diúscairt, ansin, chun críche an gnóchan Chuid I (más ann) as an diúscairt sin a chinneadh, agus chun na críche sin amháin, measfar nach bhfuil feidhm ag an achtachán sin maidir léi (ach sin gan dochar d'fheidhm an achtacháin sin maidir le haon diúscairt is luaithe ná sin).