|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | |||||||||||||||||
| [EN] |
Caibidil II Athrú ar Bhonn Measúnachta agus Forálacha Iarmhartacha | ||||||||||||||||
| [EN] |
Bonn measúnachta: Cásanna I agus II de Sceideal D. |
14. —(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) trí “measúnachta” a chur in ionad “roimh an bhliain mheasúnachta” i bhfo-alt (1), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(3) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta muirearófar é ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan bliana amháin ó am an bhunaithe agus an tosaithe sin. | ||||||||||||||||
| [EN] | (4) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire i dteannta an tuairisceán a cheanglaítear faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988 , don bhliain mheasúnachta, go laghdófar an mheasúnacht den mhéid (más ann) a bheidh ag méid na measúnachta don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta de bhreis ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain sin roimhe sin: | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll, i gcás inar mó an bhreis sin a dúradh ná méid na measúnachta, go ndéileálfar, chun críocha alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an difríocht idir an bhreis agus méid na measúnachta ionann is dá mba chailltenanas é a bhain dó i dtrádáil sa bhliain mheasúnachta sin.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (2) I ndáil le trádáil nó gairm a mbuanscoirfear de ar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, scoirfidh alt 3 den Acht Airgeadais, 1971 , d'éifeacht a bheith leis. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Tréimhse ríomha brabús. |
15. —Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 60: | |||||||||||||||
| [EN] | “60.—(1) Más rud é, i gcás aon trádála nó gairme, gur ghnách cuntais a dhéanamh suas— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) mura ndearnadh ach cuntas amháin suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta, agus gur chuntas in aghaidh tréimhse bliana é sin, measfar gurb iad brabúis nó gnóchain na bliana dar chríoch an dáta sin brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta; | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) má rinneadh cuntas, seachas cuntas lena mbaineann mír (a), suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta, nó má rinneadh níos mó ná cuntas amháin suas go dtí dátaí sa bhliain mheasúnachta, measfar gurb iad brabúis nó gnóchain na bliana dar chríoch an dáta sin, nó cibé dáta acu sin is déanaí, de réir mar a bheidh, brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta; | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) in aon chás eile, déanfar brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta a chinneadh de réir fhorálacha fho-alt (1) d'alt 58. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) I gcás brabúis nó gnóchain bliana measúnachta a bheith ríofa ar bhonn tréimhse de réir fhorálacha mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) agus gur mó brabúis na tréimhse comhréire a bhaineann leis an mbliain mheasúnachta díreach roimhe sin ná na brabúis nó na gnóchain ar a múirearaítear cáin ioncaim don bhliain sin, ansin measfar gurb iad brabúis na tréimhse comhréire sin brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta sin roimhe sin agus leasófar an mheasúnacht dá réir sin. | ||||||||||||||||
| [EN] | (3) I gcás duine d'fháil bháis a thiocfadh, faoi fhorálacha an ailt seo, murach go bhfuair sé bás, chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí agus is fiach a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát a bheidh inti.”. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Bonn measúnachta: forálacha eatramhacha. |
16. —(1) San alt seo— | |||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “bonntréimhse don bhliain 1990-91” an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain uaithi a bheidh cáin ioncaim don bhliain 199091 le ríomh go críochnaitheach chun críocha Chás I agus Chás II de Sceideal D; | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “tréimhse chomhréire” an tréimhse 12 mhí díreach roimh an mbonntréimhse don bhliain 1990-91. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) nuair a bheifear ag cinneadh, don bhliain 1990-91, méid iomlán bhrabúis nó ghnóchain trádála nó gairme i gcás inar bunaíodh agus inar tosaíodh an trádáil nó an ghairm roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989. | ||||||||||||||||
| [EN] | (3) I gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, déanfar an mheasúnacht a bheidh, de bhua alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna leasú le halt 14), le déanamh don bhliain 1990-91, a laghdú den mhéid a bheidh ag méid bhrabúis nó ghnóchain na bonntréimhse don bhliain 1990-91 de bhreis ar a leath de chomhiomlán bhrabúis nó ghnóchain na bonntréimhse sin agus bhrabúis nó ghnóchain, más ann, na tréimhse comhréire: | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach ndéanfar an mheasúnacht don bhliain 1990-91 a laghdú, faoi fhorálacha an ailt seo, go dtí méid is lú ná an méid a chinnfear de réir na foirmle— | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | i gcás gurb é A méid bhrabúis nó ghnóchain na tréimhse comhréire. | ||||||||||||||||
| [EN] | (4) I gcás ina muirearaítear pearsa aonair i leith cánach ioncaim don bhliain 1990-91 ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht arna chinneadh de réir fhorálacha fho-alt (2) d'alt 20B den Acht Airgeadais, 1974 (arna leasú le halt 20), beidh éifeacht le forálacha fho-alt (3)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt do mhéid bhrabúis nó ghnóchain na bonntréimhse don bhliain 1990-91 tagairt do mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht, arna chinneadh gan féachaint d'fhorálacha eile an ailt seo ach de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt sin 20B (arna leasú amhlaidh) don bhliain 1990-91, | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt do mhéid bhrabúis nó ghnóchain na tréimhse comhréire tagairt do mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan arna chinneadh ar mheán cothrom cóir de bhrabúis nó de ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht i ngach bliain de na 3 bliana dar críoch 12 mhí díreach roimh dheireadh na bonntréimhse don bhliain 1990-91, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt i bhfo-alt (3) do alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tagairt d'fho-alt (2) den alt sin 20B (arna leasú amhlaidh). | ||||||||||||||||
| [EN] | (5) Más rud é, faoi fhorálacha 58 (5) (a) (ii) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna leasú le halt 14), go mbeidh brabúis nó gnóchain na bliana dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1991, le ríomh, nó go mbeidh an mheasúnacht don bhliain 1990-91 le leasú, ansin déanfar na brabúis nó na gnóchain sin a ríomh gan féachaint d'fhorálacha an ailt seo agus leasófar an mheasúnacht sin dá réir sin. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Bonn measúnachta: Cás III de Sceideal D. |
17. —(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis— | |||||||||||||||
| [EN] | (a) leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 75: | ||||||||||||||||
| [EN] | “75.—Measfar, chun na gcríoch uile a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a fhionnadh, gur ó bhunadh amháin a eascraíonn ioncam nó brabúis is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D, agus beidh feidhm ag forálacha alt 77 dá réir sin.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in alt 76, trí “roimh an mbliain” a scriosadh i bhfo-ailt (1) agus (3), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (iii) in alt 77, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(1) Déanfar cáin faoi Chás III de Sceideal D a ríomh ar mhéid iomlán na mbrabús nó an ioncaim a éireoidh sa bhliain mheasúnachta.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) leasaítear leis seo Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “roimh an mbliain” a scriosadh i bhfomhír (2) de mhír 1, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá na fo-ailt sin (1) agus (3) den alt sin 76 agus an fhomhír sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Maidir le duine a scoirfidh, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá eis, d'iomlán bunaidh amháin ioncaim nó brabúis dá dtagraítear in alt 75 (arna leasú leis an alt seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a shealbhú, ní bheidh feidhm ná éifeacht le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | ||||||||||||||||
| [EN] |
Bonn measúnachta: Cás V de Sceideal D. |
18. —(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (3) d'alt 81 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(a) Déanfar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a éireoidh sa bhliain mheasúnachta.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) i bhfo-alt (1) d'alt 89 (mar a cuireadh isteach amhlaidh)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “déanfar an bhreis” a chur in ionad “féadfar an bhreis, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar an duine inmhuirir ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain sin, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith”, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “a measúnófar an duine inmhuirir” a chur in ionad “a measúnófar é”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) i bhfo-alt (2) d'alt 89 (mar a cuireadh isteach amhlaidh), trí “trí aon chuid de bhreis den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aghaidh” a scriosadh, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an t-alt sin 89, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Maidir le duine a scoirfidh, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, d'iomlán bunaidh amháin brabús nó gnóchan dá dtagraítear in alt 81 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a shealbhú, ní bheidh feidhm ná éifeacht le míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt sin 81. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Bonn measúnachta: Sceideal E. |
19. —Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil I de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 110: | ||||||||||||||||
| [EN] | “110.—Déanfar cáin faoi Sceideal E a mhuirearú go bliantúil ar gach duine a mbeidh aige, nó a mbeidh á feidhmiú aige, oifig nó fostaíocht bhrabúis a luaitear sa Sceideal sin, nó arb iníoctha leis aon bhlianacht, pinsean nó stipinn, is inmhuirir faoin Sceideal sin, i leith na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeorcaisí nó na mbrabús uile de shórt ar bith uaithi agus a ríomh ar mhéid na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeorcaisi nó na mbrabús uile sin de shórt ar bith uaithi don bhliain mheasúnachta.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) trí alt 111 a scriosadh: | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach ndéanfaidh scriosadh an ailt sin 111 difear d'aon achtachán ina bhfuil tagairt don alt sin nó d'aon chuid de. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Bonn measúnachta: forálacha iarmhartacha. |
20. —(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) trí “mheasúnachta” a chur in ionad “roimhe sin” i mír II, agus trí “sa bhliain mheasúnachta” a chur in ionad “an bhliain roimhe sin” gach áit a bhfuil sé i míreanna III agus IV, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) trí “nó na bliana roimhe sin, de réir mar is gá sa chás” i mír VI a scriosadh, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá na míreanna sin II, III, IV agus VI, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 20B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1974 — | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(a) Déanfar pearsa aonair atá le muireárú i leith cánach do bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha an fho-ailt seo a mhuirearú amhlaidh faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a chinnfear ar mheán cothrom cóir de bhrabúis nó de ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht i ngach ceann de na trí bliana dar chríoch an dáta sin sa bhliain mheasúnachta ar anuas go dtí é a dhéantar amach cuntais de ghnáth, nó i gcás nár ghnách cuntais a dhéanamh amach, an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(4) Más amhlaidh, do bhliain mheasúnachta, go bhfuil pearsa aonair, de bhua fho-alt (3), inmhuirearaithe i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha fho-alt (2) agus go raibh sé inmhuirearaithe amhlaidh do gach ceann de na trí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988 , don bhliain mheasúnachta sin, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll mura mbeidh feidhm, d'aon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsan aonair, ag fo-alt (3) de bhíthin mhír (a) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (3), go measfar teideal a bheith aige roghnú a dhéanamh agus an roghnú sin a bheith déanta aige go cuí, maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, de réir an fho-ailt seo.”. | ||||||||||||||||
| [EN] | (3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis na forálacha a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo maidir leis an mbliain 1990-91 nó le haon bhliain mheasúnachta dá éis. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] |
Liúntais chaipitiúla: forálacha eatramhacha. |
21. —(1) San alt seo— | |||||||||||||||
| [EN] | tá le “bonntréimhse don bhliain 1990-91” an bhrí a shanntar dó le halt 16; | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “bonntréimhse don bhliain 1989-90” an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain uaithi a bheidh cáin ioncaim don bhliain 198990 le ríomh go críochnaitheach chun críocha Chás I nó II de Sceideal D de réir na bhforálacha (amhail is dá mba nár achtaíodh an tAcht seo) de Chaibidil II de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tosach díreach tar éis dheireadh na bonntréimhse don bhliain 1989-90 agus dar críoch díreach roimh thosach na bonntréimhse don bhliain 1990-91; | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú ag duine— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha trádála nó gairme, | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) chun críocha tradála arb éard í feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, ag déanamh foirgneamh feirme (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais), fálta, ród, clós loctha, draenacha nó míntíriú talún nó oibreacha eile, nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais is foirgneamh nó déanmhas tionscail chun críocha Chaibidil II de Chuid XV (arna leasú le halt 34 den Acht Airgeadais, 1975 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó ar foirgneamh nó déanmhas den sórt sin a bheidh ann. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, i gcás caiteachas iomchuí lena mbaineann an fo-alt seo a bheith tabhaithe ag duine, ansin, maidir leis an gcaiteachas sin— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) ní thabharfar liúntais faoi ailt 251 (arna leasú leis an Acht seo) agus 254 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) ní dhéanfar liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéadú faoi alt 11 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1967 , ná faoi alt 26 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1971 , | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) ní dhéanfar liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 22 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1974 , a mhéadú faoin gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt sin, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (d) ní dhéanfar liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 264 (arna leasú le halt 50 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéadú faoi alt 25 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1978 . | ||||||||||||||||
| [EN] | (3) Tá feidhm ag fo-alt (2) maidir le caiteachas iomchuí arna thabhú ag duine san idirthréimhse. | ||||||||||||||||
| [EN] | (4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil le duine i gcás ina roghnóidh sé amhlaidh, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire i dteannta an tuairisceáin don bhliain 1990-91 a cheanglaítear faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988 . | ||||||||||||||||
| [EN] | (5) I gcás ina ndéanfaidh duine roghnú faoi fho-alt (4), beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) maidir le caiteachas iomchuí arna thabhú ag an duine sa bhonntréimhse don bhliain 1990-91. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Liúntais chaipitiúla: forálacha iarmhartacha. |
22. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 262— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor” a scriosadh, i mír (b) d'fho-alt (2), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “nó an aon-bhunadh sin scor” agus “nó an scoir” a scriosadh, i mír (c) d'fho-alt (2), | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 297— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor” a scriosadh, i mír (b) d'fho-alt (2), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “nó an aon-bhunadh sin scor” agus “nó an scoir” a scriosadh, i mír (c) d'fho-alt (2), | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá na míreanna sin (b) agus (c) den fho-alt sin (2) den alt sin 262 agus na míreanna sin (b) agus (c) den fho-alt sin (2) den alt sin 297, arna leasú amhlaidh, leagtha amach, faoi seach, sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 , trí “Chun críocha an ailt seo” a chur in ionad “Chun críocha an fho-ailt seo” i bhfo-alt (2A) (c), agus tá an fo-alt sin (2A) (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] |
Tuairisceáin chánach. |
23. —(1) Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “(dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta” a scriosadh i mír (a), | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “mheasúnachta” a chur in ionad “roimhe sin” i mír (b), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (iii) trí “don bhliain roimhe sin nó” a scriosadh i mír (c), | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(2) Déanfar an méid ioncaim ó aon bhunadh nach foláir a chur i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir fhorálacha an Achta seo: | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll más rud é, i gcás trádála, go mbeidh cuntas déanta suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta nó go mbeidh níos mó ná cuntas amháin déanta suas go dtí dátaí sa bhliain sin, go ndéanfar an ríomh faoi threoir na tréimhse nó na dtréimhsí go léir, má bhíonn níos mó ná tréimhse amháin ann, dá mbeidh cuntais déanta suas mar a dúradh.”. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 172 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “(dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta” a scriosadh i mír (a), | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “mheasúnachta” a chur in ionad “roimhe sin” i mír (b), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (iii) trí “don bhliain roimhe sin nó” a scriosadh i mír (c), | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “ach amháin go ndéanfar an ríomh i ngach cás faoi threoir na bliana roimhe sin” a scriosadh, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) tríd an gcóinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann leis: | ||||||||||||||||
| [EN] | “Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh sé le meas, faoi alt 60 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ), gurb iad brabúis nó gnóchain bliana dar críoch dáta sa bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta sin, go ndéanfar an ríomh faoi threoir na bliana sin dar críoch dáta sa bhliain mheasúnachta sin.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an fo-alt sin (1) den alt sin 70 agus na fo-ailt sin (1) agus (2) (ar leith ón gcoinníoll) d'alt 172, arna leasú amhlaidh, leagtha amach, faoi seach, sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1988 — | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) sa mhíniú ar “dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 9: | ||||||||||||||||
| [EN] | “(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana sin, agus”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) trí “arb í an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí í” a chur in ionad “díreach roimh an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí” i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 10, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (4) (a) Déanfaidh gach duine inmhuirearaithe (mar a mhínítear sin in alt 9 den Acht Airgeadais, 1988 ), atá faoi réim mhuirear cánach ioncaim, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí (mar a mhínítear sin san alt sin 9) maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir a bheadh san áireamh i dtuairisceán don bhliain mheasúnachta 1990-91 dá mba nár achtaíodh forálacha na Caibidle seo, seachas an fo-alt seo. | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) Gairfear “Tuairisceán Cánach Ioncaim 1990” den tuairisceán lena mbaineann an fo-alt seo agus is mar sin a shainaithneofar é. | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) Beidh feidhm ag ailt 500 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le mainneachtain tuairisceán de réir an fho-ailt seo a sheachadadh mar atá feidhm acu maidir le tuairisceán dá dtagraítear san alt sin 500 a sheachadadh, agus leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht sin trí “An tAcht Airgeadais, 1990 , alt 23 (4)” a chur isteach i gcolún 1. | ||||||||||||||||
| [EN] | (d) Beidh éifeacht lé halt 48 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1986 , ionann is dá bhfolódh an míniú ar “tuairisceán ar ioncam” i bhfo-alt (1) (a) den alt sin an tuairisceán lena mbaineann an fo-alt seo agus ionann is dá bhforálfadh an t-alt sin gurbh é an 31 Eanáir, 1991, an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin. | ||||||||||||||||
| [EN] | (5) Beidh feidhm agus éifeacht le fo-ailt (1), (2) agus (3) maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Cáin a íoc. |
24. —Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis agus maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis— | |||||||||||||||
| [EN] | (a) leasaítear leis seo alt 477 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i bhfo-alt (1)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “1ú lá de Shamhain” a chur in ionad “1ú lá de Dheireadh Fómhair” sa dá áit a bhfuil sé, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar” a chur in ionad “an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar”, | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) scoirfidh alt 550 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 27 (4) den Acht Airgeadais, 1982 , d'éifeacht a bheith leo, | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) leasaítear leis seo alt 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1985 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “de sheacht mí” a chur in ionad “de shé mhí” agus trí “de mhí amháin” a chur in ionad “de dhá mhí” i bhfo-alt (4), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (d) leasaítear leis seo alt 18 den Acht Airgeadais, 1988 — | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “1ú lá de Shamhain” a chur in ionad “1ú lá de Dheireadh Fómhair” sa dá áit a bhfuil sé, agus trí “7 mí” a chur in ionad “6 mhí” sa dá áit a bhfuil sé, i bhfo-alt (1), | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(b) i gcás go ndéanfar an mheasúnacht ar an dáta sin nó dá éis— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) más bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe nó, más déanaí é, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar an mheasúnacht, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) más tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar an mheasúnacht.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | (iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(3) Más rud é go mbeadh cáin a bheidh sonraithe i measúnacht, arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí dlite agus iníochta, murach an fo-alt seo, de réir fho-alt (2) (b) agus— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) gur mhainnigh an duine inmhuirearaithe réamhcháin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin, | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) gur lú an réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná na méideanna seo a leanas, nó gur lú í ná méid is lú acu, de réir mar a bheidh, eadhon— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) i gcás duine inmhuirearaithe ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim don tréimhse inmhuirearaithe sin ar bliain mheasúnachta í, an cháin ab iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin: | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll, chun críocha na fomhíre seo— | ||||||||||||||||
| [EN] | (I) i gcás nár dhuine inmhuirearaithe an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, go measfar gur nialas an cháin ab iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (II) más rud é, tar éis an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc do thréimhse inmhuirearaithe ar bliain mheasúnachta í, go dtiocfaidh méid cánach breise chun bheith iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, nach gcuirfear an cháin bhreise sin i gcuntas más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, gur tháinig sé chun bheith dlite agus iníoctha mí amháin tar éis an mheasúnacht a leasú nó an t-achomharc a chinneadh, de réir mar a bheidh, de bhua na gcoinníollacha (arna leasú le halt 24 den Acht Airgeadais, 1990 ) a ghabhann le fo-alt (4) nó (5), | ||||||||||||||||
| [EN] | nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) nach ndearnadh an réamhcháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe a íoc faoin dáta ar a raibh sí dlite agus iníoctha, | ||||||||||||||||
| [EN] | measfar go raibh an cháin a bheidh sonraithe sa mheasúnacht dlite agus iníoctha ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | (iv) trí “tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta an leasaithe” a chur in ionad “ar an lá díreach i ndiaidh dháta an leasaithe” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (v) trí “tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta cinnte an achomhairc” a chur in ionad “ar dháta cinnte an achomhairc” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (5), | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an fo-alt sin (1) den alt sin 477, an fo-alt sin (4) den alt sin 6, an fo-alt sin (1) agus na coinníollacha a ghabhann le fo-ailt (4) agus (5) den alt sin 18, arna leású amhlaidh, leagtha amach, faoi seach, sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] |
Formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach. |
25. —(1) Leasaítear leis seo alt 48 den Acht Airgeadais, 1986 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) i mír (a) d'fho-alt (1)— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach: | ||||||||||||||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘duine inmhuirearaithe’, i ndáil le bliain mheasúnachta nó le tréimhse chuntasaíochta— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) duine is duine inmhuirearaithe chun críocha Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1988 , nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) duine ar arb inmhuirearaithe cáin ghnóchan caipitiúil;”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (II) de mhír (i) sa mhíniú ar “dáta sonraithe”: | ||||||||||||||||
| [EN] | “(II) maidir le haon bhliain de na blianta 1987-88, 1988-89 nó 1989-90, an 31ú lá de Nollaig sa bhliain mheasúnachta sin, | ||||||||||||||||
| [EN] | (IIa) maidir leis an mbliain 1990-91 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana measúnachta,”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) i mír (b) d'fho-alt (1), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (iii), (iv) agus (v): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(iii) i gcás ina seachadfaidh duine tuairisceán ar ioncam, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, ach go ndéanfaidh an cigire, mar gheall ar é bheith mí-shásta le haon ráiteas ar bhrabúis nó gnóchain a d'eascair chuig an duine ó aon trádáil nó gairm agus atá sa tuairisceán ar ioncam, a cheangal ar an duine, le fógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine sin faoi alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon rud a dhéanamh, measfar nár sheachaid an duine an tuairisceán ar ioncam ar an dáta sonraithe nó roimhe mura ndéanfaidh sé an rud sin laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (iv) déanfar tagairtí do cibé cinn de na hailt shonraithe a chuirtear chun feidhme, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil le mír 3 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do na hailt sin arna gcur chun feidhme amhlaidh.” | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (seachas an coinníoll a ghabhann leis): | ||||||||||||||||
| [EN] | “(2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta nó le tréimhse chuntasaíochta, go mainneoidh duine inmhuirearaithe tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, déanfar aon mhéid cánach don bhliain mheasúnachta sin nó tréimhse chuntasaíochta sin a bheidh nó a bheadh, ar leith ón alt seo, ar áireamh i measúnacht i leith cánach a bheidh déanta nó le déanamh ar an duine inmhuirearaithe a mhéadú méid (dá ngairtear an ‘formhuirear’ feasta san fho-alt seo) is ionann agus 10 faoin gcéad den mhéid sin cánach agus, murab é atá sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh, ansin beidh feidhm ag na forálacha uile de na hAchtanna Cánach agus de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (ar leith ón alt seo) lena n-áirítear, go háirithe, iad siúd a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha ionann is dá mba é a bhí sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh:”. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht le fo-alt (1) maidir leis an mbliain 1991-92 agus le haon bhliain mheasúnachta dá éis agus maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis. | ||||||||||||||||
| [EN] | (3) I ndáil leis an mbliain 1990-91 agus leis an mbliain sin amháin, beidh éifeacht le fo-alt (2) (arna leasú leis an alt seo) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1986 , ionann is dá mba é a bhí sa tagairt don duine inmhuirearaithe a mhainneoidh tuairisceán ar ioncam a sheachadadh roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, tagairt do dhuine inmhuirearaithe a mhainneoidh— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) Tuairisceán Cánach Ioncaim 1990 dá dtagraítear i bhfo-alt (4) d'alt 23 a sheachadadh roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin, nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) an tuairisceán ar ioncam don bhliain 1990-91 a sheachadadh roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Íocaíochtaí i leith seirbhísí gairmiúla. |
26. —(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis agus maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987 — | |||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 13, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2)— | ||||||||||||||||
| [EN] | “(b) i ndáil le duine sonraithe, ciallaíonn cáin chuí is inchurtha i leith— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) tréimhse cuntasaíochta, | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) bonntréimhse do bhliain mheasúnachta, nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (iii) tréimhse creidmheasa de réir bhrí alt 18 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ) do bhliain mheasúnachta, | ||||||||||||||||
| [EN] | an cháin chuí arna hasbhaint ó íocaíocht iomchuí a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain an duine shonraithe a bheith á ríomh don tréimhse sin agus, i gcás níos mó ná íocaíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann sa tréimhse sin, ciallaíonn sé méid comhiomlán na cánach cuí a asbhaintear ó na híocaíochtaí sin.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 18— | ||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “na tréimhse creidmheasa” a chur in ionad “na bonntréimhse” mar a bhfuil sé i bhfo-ailt (2) agus (4), agus | ||||||||||||||||
| [EN] | (ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)— | ||||||||||||||||
| [EN] | “(5) San alt seo— | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn ‘tréimhse chreidmheasa do bhliain mheasúnachta’, i ndáil le duine sonraithe— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) maidir leis an mbliain mheasúnachta 199091, an bhonntréimhse arb é a bheadh inti thairis sin, mura mbeadh forálacha ailt 14 agus 15 den Acht Airgeadais, 1990 , an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta sin, | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin, an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta, nó | ||||||||||||||||
| [EN] | (c) d'ainneoin mhír (a) nó (b), maidir le bliain mheasúnachta ar tréimhse scoir í, an bhliain mheasúnachta: | ||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll, i gcás go mbeidh eatramh idir deireadh na tréimhse creidmheasa don bhliain mheasúnachta amháin agus an tréimhse chreidmheasa don chéad bhliain mheasúnachta eile, go measfar gur cuid den dara tréimhse chreidmheasa an t-eatramh; | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn ‘tréimhse scoir’ an bhliain mheasúnachta ina mbuanscoirfidh foinse ioncaim, brabús nó gnóchan (nó ina measfar í a bheith buanscortha de bhua alt 59 nó 71 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) agus a mbeidh, i ndáil léi, íocaíocht iomchuí le cur i gcuntas le linn ioncam, brabúis nó gnóchain na foinse sin a bheith á ríomh don bhliain mheasúnachta sin.”, | ||||||||||||||||
| [EN] | agus tá na fo-ailt sin (2) agus (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| [EN] | (2) I gcás go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta 1990-91, beidh feidhm ag alt 19 den Acht Airgeadais, 1987 , maidir leis an tréimhse chéadluaite (arb í an tréimhse chéadluaite í de réir na brí a shanntar di le fo-alt (1) den alt sin) arb í an bhonntréimhse í don bhliain mheasúnachta 1990-91 ionann is dá mba é a bhí sa tagairt, i bhfo-alt (2) den alt sin 19, don bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta díreach roimh an tréimhse chéadluaite tagairt don bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta 1989-90. | ||||||||||||||||
| [EN] | (3) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le duine sonraithe i gcás gur tréimhse scoir (de réir na brí a shanntar di le halt 18 (5), arna chur isteach leis an Acht seo, den Acht Airgeadais, 1987 ) i ndáil leis an duine sin an bhliain 199091. | ||||||||||||||||
| [EN] | (b) Forléireofar an fo-alt seo i dteannta Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987 (arna leasú leis an Acht seo). | ||||||||||||||||
| [EN] |
Ilghnéitheach (Caibidil II). |
27. —(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ) seachas an coinníoll a ghabhann leis: | |||||||||||||||
| [EN] | “(11) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta, go n-íocfar préimh cháilitheach tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin ach sin ar nó roimh an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana measúnachta, féadfar, má roghnaíonn an phearsa aonair amhlaidh ar nó roimh an 31ú lá sin d'Eanáir, an phréimh a áireamh chun críocha an ailt seo mar phréimh a íocadh sa bhliain is luaithe (agus ní sa bhliain ina n-íocfar í):” | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis na forálacha seo a leanas maidir leis an mbliain 1990-91 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis, is é sin le rá— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) fo-alt (1AA) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) d'alt 307, agus alt 546, den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | ||||||||||||||||
| [EN] |