|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Athrú ar Bhonn Measúnachta agus Forálacha Iarmhartacha) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | ||||
| [EN] |
Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil | |||
| [EN] |
Leasú ar alt 421 (nós imeachta ar achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
28. —Leasaítear leis seo alt 421 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | ||
| [EN] | “(2) Ar aon achomharc ceadóidh na Coimisinéirí Achomhairc d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an achomharcóra nó na n-oifigeach, viva voce nó i scríbhinn, agus tabharfaidh siad éisteacht d'aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí, nó aon duine lenar glacadh mar chomhalta den chomhlacht a corpraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , ar an 31ú lá de Nollaig, 1975, mar ‘An Insititiúid Cánachais in Éirinn’: | |||
| [EN] | Ar choinníoll go gceadóidh na Coimisinéirí d'aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son an achomharcóra pléadáil os a gcomhair i gcás ar deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.”. | |||
| [EN] |
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le brabúis, caillteanais agus gnóchain chaipitiúla a eascraíonn as gníomhaíochtaí grúpála (GELE). |
29. —(1) San alt seo ciallaíonn “grúpáil” Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch arna foirmiú ar na téarmaí, ar an modh agus leis na héifeachtaí atá leagtha síos— | ||
| [EN] | (a) i Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85 ón gComhairle dar dáta 25 Iúil 1985* maidir leis an nGrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE), agus | |||
| [EN] | (b) i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Grúpálacha Eorpacha um Leas Eacnamaíoch), 1989 (I.R. Uimh. 191 de 1989), | |||
| [EN] | agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do bhaill ghrúpála. | |||
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach nó sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil— | |||
| [EN] | (a) ní mhuirearófar cáin ioncaim, cáin chorparáide ná cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar a bheidh, ar ghrúpáil maidir le brabúis nó gnóchain nó gnóchain inmhuirearaithe a eascróidh chuici, ná | |||
| [EN] | (b) ní bheidh grúpáil i dteideal faoisimh i leith caillteanais a fhulaingeoidh sí, | |||
| [EN] | agus aon mheasúnacht a cheanglaítear a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain nó gnóchain inmhuirearaithe den sórt sin, agus aon fhaoiseamh i leith caillteanais, déanfar ar bhaill ghrúpála í agus, de réir mar is cuí, lamhálfar dóibh é, de réir fhorálacha an ailt seo. | |||
| [EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta”— | |||
| [EN] | “ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe ach ní fholaíonn sé grúpáil de réir bhrí alt 29 den Acht Airgeadais, 1990 ;”. | |||
| [EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (i) den mhíniú ar “cuideachta”— | |||
| [EN] | “(iA) grúpáil de réir bhrí alt 29 den Acht Airgeadais, 1990 ,”. | |||
| [EN] | (5) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá— | |||
| [EN] | (a) ag forálacha Chaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , seachas alt 72 (8) den Acht sin, agus | |||
| [EN] | (b) ag forálacha alt 4 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus ag forálacha mhír 3 (5) de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht sin, | |||
| [EN] | maidir le gníomhaíochtaí grúpála ar an modh céanna a bhfuil feidhm acu maidir le trádáil nó gairm arna seoladh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht. | |||
| [EN] | (6) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (5), beidh éifeacht leis na forálacha a luaitear san alt sin, ina bhfeidhmiú chun críocha an ailt seo— | |||
| [EN] | (a) ionann is dá mba thagairtí don chonradh ag foirmiú grúpála, nó ag foráil dá foirmiú, tagairtí do chomhaontú comhpháirtíochta, | |||
| [EN] | (b) ionann is dá mba thagairtí do bhall de chuid grúpála tagairtí do chomhpháirtí, agus | |||
| [EN] | (c) ionann is dá ndéanfadh an ghrúpáil aon ní, nó ionann is dá gceanglófaí uirthi aon ní a dhéanamh, a dhéanfaidh an comhpháirtí gníomhach tosaíochta nó a cheanglófar air a dhéanamh. | |||
(7) Measfar gur tháinig an t-alt seo in éifeacht an 1ú lá d'Iúil, 1989. | ||||
| [EN] |
Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach: teorainneacha ama áirithe a fhadú. |
30. —(1) Chun críocha an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i ngach foráil de chuid an Achta Airgeadais, 1986 , a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, beidh éifeacht leis an tagairt don 31ú lá de Bhealtaine, 1991 (dá bhforáiltear le halt 26 den Acht Airgeadais, 1988 ) ionann is dá mba thagairt í don 31ú lá de Bhealtaine, 1993. | ||
| ||||
| [EN] | (2) Chun críocha an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” in alt 4 den Acht Airgeadais, 1989 , beidh éifeacht leis an tagairt don 31ú lá de Bhealtaine, 1991, ionann is dá mba thagairt í don 31ú lá de Bhealtaine, 1993. | |||
| [EN] |
Leasú ar alt 27 (limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach) den Acht Airgeadais, 1987 . |
31. —Leasaítear leis seo alt 27 den Acht Airgeadais, 1987 , trí “31ú lá de Bhealtaine, 1993,” a chur in ionad “31ú lá de Bhealtaine, 1991,” i bhfo-alt (1) (a) (ii). | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 45 (liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh) den Acht Airgeadais, 1986 . |
32. —Leasaítear leis seo alt 45 (arna leasú le halt 30) den Acht Airgeadais, 1986 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2): | ||
| [EN] | “Ar choinníoll— | |||
| [EN] | (a) nach mó ná méid an chíosa comhiomlán an mhéid a laghdófar dliteanas cánach pearsan aonair de bharr liúntais faoin alt seo agus an mhéid a laghdófar a dhliteanas cánach de bharr na hasbhainte cíosa ba bhun leis an liúntas agus déanfar na coigeartuithe sin go léir ar mhéid an fhaoisimh is gá chun éifeacht a thabhairt don choinníoll seo, agus | |||
| [EN] | (b) más rud é, maidir le duine ag a bhfuil leas in áitreabh cáilitheach ar leas é as a mbunaítear (go díreach nó go neamhdhíreach) léas cáilitheach i leith an áitribh cháilithigh sin agus go ndéanfar éileamh le haghaidh asbhainte eile faoin alt seo maidir leis an léas cáilitheach— | |||
| [EN] | (i) go dtógfaidh sé, faoi léas cáilitheach, áitreabh cáilitheach (dá ngairtear ‘an dara háitreabh a luaitear’ feasta sa choinníoll seo) atá ar áitiú aige chun críocha a thrádála nó a ghairme, agus | |||
| [EN] | (ii) go mbeidh sé, ar leith ón alt seo, i dteideal, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil nó ón ngairm sin a bheith á ríomh, asbhaint a fháil ar cuntas cíosa maidir leis an dara háitreabh a luaitear, | |||
| [EN] | ansin, mura suífidh an duine nach chun asbhaint eile ar cuntas cíosa a fháil dó féin faoi fhorálacha an ailt seo agus chuige sin amháin nó nach chuige sin go príomha, a thóg sé an dara háitreabh a luaitear ar léas, ní bheidh sé, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan óna thrádáil nó óna ghairm a bheith á ríomh, i dteideal aon asbhaint eile ar cuntas cíosa a fháil maidir leis an dara háitreabh a luaitear.” | |||
| [EN] |
Léasanna airgeadais. |
33. —(1) Ní léas cáilitheach chun críocha alt 45 den Acht Airgeadais, 1986 , léas airgeadais, is é sin le rá— | ||
| [EN] | (a) léas i leith áitribh cháilithigh i gcás gurb ionann, tráth tionscanta an léasa, comhiomlán luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta, lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, is iníoctha ag an léasaí i ndáil leis an léas, agus méid ar comhionann le 90 faoin gcéad nó níos mó de luach cóir an áitribh cháilithigh, nó | |||
| [EN] | (b) léas a meastar faoi, sna himthosca go léir, go dtugann sé go substaintiúil don léasaí na fiontair agus na tairbhí a bhaineann le húinéireacht an áitribh cháilithigh seachas teideal dlí chuig an áitreabh sin. | |||
| [EN] | (2) (a) San alt seo— | |||
| [EN] | ciallaíonn “luach reatha”, i ndáil le híocaíochtaí léasa íosta, luach na n-íocaíochtaí sin arna lascainiú go dtí a luach láithreach de réir ráta a thabharfaidh, nuair a chuirtear i bhfeidhm é tráth tionscanta an léasa— | |||
| [EN] | (i) ar na híocaíochtaí sin, lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, agus | |||
| [EN] | (ii) ar aon iarmharluach neamhráthaithe den áitreabh cáilitheach, gan aon chuid den luach sin a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, | |||
| [EN] | luachanna láithreacha lascainithe arb ionann a méid comhiomlán agus méid luach cóir an áitribh cháilithigh; | |||
| [EN] | ciallaíonn “luach cóir”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, méid is ionann agus cibé comaoin a bhféadfaí bheith ag súil go n-íocfaí i leith an áitribh í ar dhíol a bheadh caibidlithe ar bhonn neamhthuilleamaíoch lúide aon deontais is infhaighte faoi chomhair an t-áitreabh cáilitheach a cheannach; | |||
| [EN] | ciallaíonn “tráth tionscanta an léasa” an tráth a thosófar ag baint úsáide as an áitreabh cáilitheach nó an dáta a fhabhróidh cíosanna faoin léas den chéad uair, cibé tráth acu is luaithe; | |||
| [EN] | ciallaíonn “íocaíochtaí léasa íosta” na híocaíochtaí íosta thar a mbeidh fágtha de théarma an léasa a bheidh le híoc leis an léasóir agus folaíonn sé aon iarmharmhéid a bheidh le híoc leis an léasóir ag deireadh théarma an léasa agus a bheidh ráthaithe ag an léasaí nó ag duine a bhfuil baint aige leis an léasaí; | |||
| [EN] | tá le “áitreabh cáilitheach” an bhrí a shanntar dó le halt 45 den Acht Airgeadais, 1986 ; | |||
| [EN] | ciallaíonn “iarmharluach neamhráthaithe”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an chuid sin d'iarmharluach an áitribh sin ag deireadh téarma léasa, arna mheas tráth tionscanta an léasa, nach mbeidh a réadú ag an léasóir forcinntithe, nó nach mbeidh an réadú sin ráthaithe ach amháin ag duine a bhfuil baint aige leis an léasóir. | |||
| [EN] | (b) Chun críocha an ailt seo measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí amhlaidh faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 . | |||
| [EN] |
Srian le faoisimh áirithe. |
34. —(1) (a) San alt seo— | ||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Cánach Corparáide, 1976 ; | |||
| [EN] | tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha Acht 1976. | |||
| [EN] | (b) Chun críocha an ailt seo— | |||
| [EN] | (i) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157 d'Acht 1976, agus | |||
| [EN] | (ii) folóidh méid a bheidh sonraithe nó intuigthe méid a bheidh sonraithe nó intuigthe in airgead reatha coigríche. | |||
| [EN] | (2) (a) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le scaireanna i gcuideachta i gcás aon chomhaontú, comhshocraíocht nó comhthuiscint a bheith ann a bhféadfaí a mheas le réasún go gcuireann sé deireadh leis an bpriacal go dtarlódh, maidir leis an duine arb é úinéir tairbhiúil na scaireanna sin é— | |||
| [EN] | (i) nach mbeadh sé in ann, tráth éigin a bheidh sonraithe sa chomhaontú, sa chomhshocraíocht nó sa chomhthuiscint sin, nó is intuigthe ón gcéanna, nó tráth dá éis sin, réadú a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, in airgead nó i luach airgid, ar mhéid a bheidh sonraithe nó intuigthe amhlaidh, seachas dáileadh, i leith na scaireanna sin, nó | |||
| [EN] | (ii) nach bhfaigheadh sé méid a bheidh sonraithe nó intuigthe amhlaidh de dháiltí i leith na scaireanna sin. | |||
| [EN] | (b) An tagairt san fho-alt seo don duine arb é úinéir tairbhiúil scaireanna é measfar gur tagairt í don duine sin agus d'aon duine a bhfuil baint aige leis an duine sin. | |||
| [EN] | (3) I gcás ina bhfaighidh aon duine dáileadh an 21ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, i leith scaireanna lena mbaineann an t-alt seo agus go mbeadh, ar leith ó fheidhmiú fhorálacha an fho-ailt seo maidir leis an dáileadh, feidhm ag alt 64, 76 (2) (a), 93 (3) (a) nó 170 (3) (a) d'Acht 1976 maidir leis an dáileadh, ansin, d'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach, ar leith ó fho-alt (5), agus chun críocha uile na nAchtanna sin— | |||
| [EN] | (a) ní bheidh feidhm ag aon cheann de na hailt sin de chuid Acht 1976 maidir leis an dáileadh, | |||
| [EN] | (b) ní bheidh an duine sin i dteideal creidmheas cánach a fháil i ndáil leis an dáileadh, agus | |||
| [EN] | (c) déileálfar leis an dáileadh mar ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chás IV de Sceideal D. | |||
| [EN] | (4) D'ainneoin aon fhorála de chuid Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 , ní lamhálfar faoiseamh ó cháin ioncaim faoin gCaibidil sin i leith an méid a shuibscríobhfar le haghaidh aon scaireanna lena mbaineann an t-alt seo a eiseofar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis. | |||
| [EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) maidir le dáileadh arna fáil— | |||
| [EN] | (a) ag cuideachta— | |||
| [EN] | (i) nach mbeidh aon scaireanna dá cuid ar úinéireacht thairbhiúil ag duine a chónaíonn sa Stát, agus | |||
| [EN] | (ii) nach mbeadh, dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, cáin chorparáide inmhuirearaithe uirthi i leith aon bhrabús, seachas dáiltí, ab inmhuirearaithe amhlaidh de bhua an ailt seo, nó | |||
| [EN] | (b) ag duine nach gcónaíonn sa Stát. | |||
| [EN] | (6) D'ainneoin fho-alt (5), déanfar dliteanas aon duine a chónaíonn sa Stát, seachas cuideachta lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin, i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, a chinneadh ionann is dá mba nár achtaíodh an fo-alt sin. | |||
| [EN] |
Ní gnóthais chomhinfheistíochta iontaobhais aonad áirithe. |
35. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon scéim iontaobhais aonad, de réir na brí a shanntar dó le halt 1 (1) den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 , i gcás go bhfuil, nó go raibh tráth ar bith, maidir le haonad ar bith nó leis na haonaid go léir a eisíodh tar éis an 14ú lá de Mheitheamh, 1973, ceanglas ann nach foláir, le bheith páirteach sa scéim iontaobhais aonad sin, polasaí árachais ar shaol duine a bhaint amach (ach gan na haonaid sin do theacht chun bheith ina maoin de chuid úinéir an pholasaí cibé mar shochair nó ar shlí eile). | ||
| [EN] | (2) D'ainneoin alt 18 den Acht Airgeadais, 1989 , measfar nach gnóthas comhinfheistíochta, chun críocha an ailt sin agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht sin, scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an t-alt seo. | |||
| [EN] | (3) Beidh éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990. | |||
| [EN] |
Creidmheasanna cánach i leith dáiltí. |
36. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a shonraítear i mír 1 den Chéad Sceideal i ndáil le dáiltí a dhéantar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1991-92 agus do bhlianta measúnachta dá éis. | ||
| [EN] | (2) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh. | |||