|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (Caibidil V Cánachas ar Chumainn Fhoirgníochta) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | |||||||||||
| [EN] |
Caibidil IV Cáin Chorparáide | ||||||||||
| [EN] |
Ráta cánach corparáide. |
37. —(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 1 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||
| [EN] | “(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis, muirearófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta— | ||||||||||
| [EN] | (a) 43 faoin gcéad— | ||||||||||
| [EN] | (i) do gach bliain airgeadais go dtí an bhliain 1990, agus an bhliain sin san áireamh, agus | ||||||||||
| [EN] | (ii) don chuid sin den bhliain airgeadais 1991 dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, | ||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||
| [EN] | (b) 40 faoin gcéad— | ||||||||||
| [EN] | (i) don chuid sin den bhliain airgeadais 1991 dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1991, agus | ||||||||||
| [EN] | (ii) do gach bliain airgeadais dá éis sin.”. | ||||||||||
| [EN] | (2) Beidh éifeacht leis an Dara Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 25 (dáiltí a chur síos do thréimhsí cuntasaíochta) den Acht Airgeadais, 1989 . |
38. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1989 , trí “an 6ú lá d'Aibreán, 1991,” a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1990,” i bhfo-alt (3) (a). | |||||||||
| [EN] |
Caiteachas taiscéalaíochta. |
39. —Maidir le caiteachas a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 — | |||||||||
| [EN] | (a) tríd an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 2 a scriosadh, | ||||||||||
| [EN] | (b) trí “ach gur i dtréimhse deich mbliana roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a tabhaíodh é” a scriosadh i bhfo-alt (2) d'alt 3, | ||||||||||
| [EN] | (c) trí “, nó de bhua alt 2 arna chur chun feidhme le halt 7A,” a chur isteach i ndiaidh “alt 2 nó alt 3” i bhfo-alt (1) d'alt 4, agus | ||||||||||
| [EN] | (d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7: | ||||||||||
| [EN] | “7A.—(1) Chun críocha an ailt seo— | ||||||||||
| [EN] | ciallaíonn ‘cuideachta thaiscéalaíochta’ cuideachta arb é atá go príomha ina gnó, de thuras na huaire, taiscéaladh mianraí sceidealta; | ||||||||||
| [EN] | ciallaíonn ‘taiscéaladh mianraí sceidealta’ cuardach a dhéanamh sa Stát ar lorg foslach mianraí sceidealta nó tástáil a dhéanamh ar na foslaigh sin nó bealach a dhéanamh chucu, agus folaíonn sé cuardach córasach ar lorg limistéir ina bhfuil mianraí sceidealta agus cuardach trí tholladh nó ar shlí eile ar lorg mianraí sceidealta sna limistéir sin, ach ní fholaíonn sé oibríochtaí ar oibríochtaí iad a dhéantar le linn mianach cáilitheach a bheith á fhorbairt nó á oibriú. | ||||||||||
| [EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3) go (5), fad is— | ||||||||||
| [EN] | (a) gur cuideachta thaiscéalaíochta cuideachta, | ||||||||||
| [EN] | (b) nach seolann sí trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh, agus | ||||||||||
| [EN] | (c) go dtabhóidh sí caiteachas caipitiúil (lena n-áirítear caiteachas den sórt sin a thabhófar ag soláthar gléasra agus innealra) chun críocha taiscéaladh mianraí sceidealta, | ||||||||||
| [EN] | measfar, chun críocha ailt 2, 3 (4), 6 agus 7 agus na bhforálacha eile de na hAchtanna Cánach, seachas forálacha eile an Achta seo— | ||||||||||
| [EN] | (i) go bhfuil sí ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh, | ||||||||||
| [EN] | (ii) go dtagann sí laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála sin nuair a thabhaíonn sí an caiteachas caipitiúil sin den chéad uair, agus | ||||||||||
| [EN] | (iii) gur chun críocha na trádála sin a thabhaíonn sí an caiteachas sin a thabhaítear ag soláthar gléasra agus innealra, | ||||||||||
| [EN] | ionas go dtabharfar éifeacht do na liúntais nó na muirir go léir a bheidh le tabhairt nó le gearradh do thréimhse chuntasaíochta de bhua an fho-ailt seo agus alt 2, 6 nó 7 trí mhéid aon liúntais a áireamh mar chaiteachas trádála de chuid na trádála sin sa tréimhse agus tríd an méid ar a ngearrfar aon mhuirear den sórt sin a áireamh mar fháltas trádála de chuid na trádála sin sa tréimhse. | ||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é, de bhua fho-alt (2), go mbeidh cuideachta le háireamh mar chuideachta dár bhain caillteanas i dtrádáil i dtréimhse chuntasaíochta— | ||||||||||
| [EN] | (a) beidh an chuideachta i dteideal faoiseamh a fháil i leith an chaillteanais faoi fho-ailt (1) go (3) d'alt 16, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 18 agus alt 25 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí ‘brabúis (cibé cineál iad)’ in ionad ‘ioncam trádála ón trádáil’ nó ‘ioncam trádála’, cibé áit a bhfuil sé in ailt 16 agus 18, agus | ||||||||||
| [EN] | (b) faoi réir fho-alt (4) (b) (ii), ní bheidh an chuideachta, thairis sin, i dteideal faoiseamh a fháil i leith an chaillteanais ná i dteideal faoiseamh a ghéilleadh faoi fho-alt (1) d'alt 116 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith an chaillteanais. | ||||||||||
| [EN] | (4) (a) Aon sócmhainn in ionannas do chaiteachas taiscéalaíochta a mbeidh liúntas nó asbhaint tugtha do chuideachta ina leith de bhua fho-alt (2) agus alt 2, áireofar í, chun críocha alt 245 (11) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar shócmhainn in ionannas do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil leis an mianach a mheastar a bheith á oibriú ag an gcuideachta de bhua fho-alt (2) agus ní scoirfear den chuideachta a mheas mar chuideachta atá ag seoladh trádála ag oibriú an mhianaigh sin, sa chaoi go mbeidh sí laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála sin, sula ndíolfar an tsócmhainn sin, i gcás go ndíolfar í. | ||||||||||
| [EN] | (b) I gcás go dtosóidh cuideachta tráth ar bith (dá ngairtear an tráth iomchuí sa mhír seo) de bheith ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh agus go scoirfear dá réir sin den chuideachta a mheas mar chuideachta atá ag seoladh trádála den sórt sin, áireofar í mar chuideachta a bhfuil an trádáil chéanna á seoladh aici roimh an tráth sin agus dá éis— | ||||||||||
| [EN] | (i) chun críocha aon liúntais, muirir nó fáltais trádála a mheastar a eascraíonn faoi threoir aon chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh roimh an tráth iomchuí, agus | ||||||||||
| [EN] | (ii) chun críocha faoisimh, seachas de bhua fho-alt (3), faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith aon chaillteanas a d'eascair roimh an tráth iomchuí, sa mhéid nár tugadh faoiseamh cheana féin i leith na gcaillteanas sin de bhua an ailt seo: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás go raibh nó go mbeidh athrú ar úinéireacht na cuideachta laistigh de thréimhse— | ||||||||||
| [EN] | (I) dhá mhí dhéag dar críoch an tráth iomchuí, nó | ||||||||||
| [EN] | (II) ceithre mhí is fiche dar tosach an tráth iomchuí. | ||||||||||
| [EN] | (c) Beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , seachas míreanna 8 agus 10 de Chuid I den Sceideal sin, chun an fo-alt seo a fhorlíonadh ionann is dá mba thagairtí don fho-alt seo na tagairtí ann d'alt 39 den Acht sin. | ||||||||||
| [EN] | (5) (a) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, má tugadh liúntas nó asbhaint de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais, ansin ní thabharfar aon liúntas ná asbhaint eile de bhua aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear an t-alt seo, i leith an chaiteachais sin. | ||||||||||
| [EN] | (b) Beidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Acht Airgeadais, 1986 , maidir le cuideachta fad a mheastar, de bhua fho-alt (2), í a bheith ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh, ionann is dá scriosfaí as an mír sin na focail ‘ar duine é nach cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an íocaíocht’.”, | ||||||||||
| [EN] | agus tá an fo-alt sin (2) d'alt 3 agus fo-alt (1) d'alt 4 (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 38 (mínithe) den Acht Airgeadais, 1980 . |
40. —Leasaítear leis seo alt 38 (arna leasú le halt 22 den Acht Airgeadais, 1989 ) den Acht Airgeadais, 1980 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí”: | |||||||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse seo a leanas di— | ||||||||||
| [EN] | (a) i gcás feidhm a bheith ag alt 39 (1CC) mar a cuireadh isteach le halt 45 den Acht Airgeadais, 1984 , ón 13ú lá d'Aibreán, 1984, | ||||||||||
| [EN] | (b) i gcás feidhm a bheith ag alt 39 (1CC) mar a cuireadh isteach amhlaidh agus arna leasú le halt 41 den Acht Airgeadais, 1990 , ón 1ú lá d'Eanáir, 1988, | ||||||||||
| [EN] | (c) i gcás feidhm a bheith ag alt 39 (1CC) mar a cuireadh isteach amhlaidh agus arna leasú le halt 22 den Acht Airgeadais, 1989 , ón 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó | ||||||||||
| [EN] | (d) in aon chás eile, ón 1ú lá d'Eanáir, 1981, | ||||||||||
| [EN] | go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000;”. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 39 (an bhrí atá le “earraí”) den Acht Airgeadais, 1980 . |
41. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3), (4) agus (5), leasaítear leis seo alt 39 den Acht Airgeadais, 1980 — | |||||||||
| [EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1CC) d'alt 39: | ||||||||||
| [EN] | “(a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘serbhísí ríomhaire’ aon seirbhís amháin nó níos mó díobh seo a leanas: | ||||||||||
| [EN] | (i) seirbhísí sonra-phróiseála, | ||||||||||
| [EN] | (ii) seirbhísí forbartha bog-earraí, agus | ||||||||||
| [EN] | (iii) seirbhísí teicniúla nó sainchomhairle a bhaineann le fomhír (i) nó (ii), nó leo araon, | ||||||||||
| [EN] | ar seirbhísí iad a ndéantar an obair á dtabhairt a sheoladh sa Stát i gcúrsa gnóthais seirbhíse— | ||||||||||
| [EN] | (I) ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986 , nó | ||||||||||
| [EN] | (II) ar chuir Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta deontas faoi alt 3, nó cúnamh airgid faoi alt 4, den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1970, ar fáil ina leith, nó | ||||||||||
| [EN] | (III) ar chuir Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid ar fáil ina leith faoi alt 10 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 .”, | ||||||||||
| [EN] | (b) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980 ) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1CC3): | ||||||||||
| [EN] | “(1CC4) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil nach oibríocht thrádála iomchuí, de réir bhrí fho-alt (5) (a) d'alt 39A (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980 , arb éard í nó ar a n-áirítear aerárthaí, innill aerárthaí nó comhpháirteanna aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil: | ||||||||||
| [EN] | (a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát deisiú nó cothabháil den sórt sin a dhéantar laistigh den Stát, | ||||||||||
| [EN] | (b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as deisiú nó as cothabháil den sórt sin a dhéanamh amhlaidh, agus | ||||||||||
| [EN] | (c) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C). | ||||||||||
| [EN] | (1CC5) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘scannán’ scannán a tháirgtear— | ||||||||||
| [EN] | (i) ar bhonn tráchtála le hionchas brabús a réadú, | ||||||||||
| [EN] | (ii) go hiomlán nó go príomha lena thaispeáint don phobal i bpictiúrlanna nó trí chraoladh teilifíse nó mar scannán oiliúna nó faisnéise, | ||||||||||
| [EN] | agus ar sa Stát a dhéantar 75 faoin gcéad ar a laghad den obair á tháirgeadh. | ||||||||||
| [EN] | (b) Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar a n-áirítear scannán a tháirgeadh: | ||||||||||
| [EN] | (i) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát táirgeadh an scannáin ag an gcuideachta a bheidh ag éileamh an fhaoisimh sin, | ||||||||||
| [EN] | (ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte i ndáil leis an táirgeadh sin, agus | ||||||||||
| [EN] | (iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C). | ||||||||||
| [EN] | (1CC6) Folóidh an míniú ar ‘earraí’ i bhfo-alt (1)— | ||||||||||
| [EN] | (a) feoil arna próiseáil sa Stát i mbunaíocht a bheidh ceadaithe agus iniúchta de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr), 1987 (I.R. Uimh. 284 de 1987), agus | ||||||||||
| [EN] | (b) faoi réir fho-ailt (4) agus (5) (a) (iii), éisc a bheidh curtha faoi phróiseas monarúcháin sa Stát, | ||||||||||
| [EN] | i gcúrsa trádála ag an gcuideachta arb í, sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta í a bheidh ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí sa Chaibidil seo do ‘monaraithe’ agus d'fhocail ghaolmhara. | ||||||||||
| [EN] | (1CC7) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar a n-áirítear trealamh ríomhaireachta nó fo-dhíolamaí a athmhonarú agus a dheisiú i gcás go mba í an chuideachta sin nó cuideachta bhainteach (de réir bhrí alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) a mhonaraigh an trealamh nó na fo-dhíolamaí sin i dtosach: | ||||||||||
| [EN] | (a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát athmhonarú nó deisiú den sórt sin a dhéantar laistigh den Stát, | ||||||||||
| [EN] | (b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as athmhonarú nó deisiú den sórt sin a dhéantar amhlaidh, agus | ||||||||||
| [EN] | (c) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).”, | ||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||
| [EN] | (c) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980 ) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | ||||||||||
| [EN] | “(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) agus faoi réir fho-ailt (1A), (1B), (1C), (1CC), (1CC1), (1CC2), (1CC3), (1CC4), (1CC5), (1CC6) agus (1CC7), ní mheasfar, chun críocha an mhínithe ar ‘earraí’ i bhfo-alt (1), gur earraí monaraithe earraí más earraí iad a thig ó phróiseas— | ||||||||||
| [EN] | (a) arb é atá ann go príomha aon cheann díobh seo a leanas: | ||||||||||
| [EN] | (i) táirge, toradh nó ábhar a fhaightear ar an mórchóir a roinnt (lena n-áirítear a ghearradh), a íonú, a thriomú, a mheascadh, a shórtáil, a phacáistiú, a bhrandáil nó a thástáil, nó aon phróiseas eile dá samhail a fheidhmiú orthu, chun an táirge, an toradh nó an t-ábhar sin a ullmhú lena dhíol nó lena dháileadh, nó aon phróisis díobh sin i dteannta a chéile, nó | ||||||||||
| [EN] | (ii) modhanna caomhnaithe, paistéaraithe nó aibithe nó aon chóiriú eile dá samhail a fheidhmiú ar aon earraí bia, nó aon phróisis díobh sin i dteannta a chéile, nó | ||||||||||
| [EN] | (iii) cócaireacht, bácáil nó ullmhú eile thairis sin a dhéanamh ar bhia nó ar dheoch le caitheamh ag an duine a bhfuil sé ceaptha dó go gcaithfí é, an tráth nó thart faoin tráth a ullmhaítear é, cibé acu san fhoirgneamh nó sa déanmhas ina n-ullmhaítear é, nó nach ea, nó san fhoirgneamh ar a seachadtar é tar éis a ullmhaithe, nó nach ea, nó | ||||||||||
| [EN] | (iv) aon airteagail nó ábhair a fheabhsú nó a athrú gan aon athrú a dhéanamh ar a sainghné, nó | ||||||||||
| [EN] | (v) aon airteagail nó ábhair a dheisiú, a athfheistiú, a athchóiriú, a aisiriú nó a phróiseáil ar shlí eile dá samhail, nó aon phróisis díobh sin i dteannta a chéile, nó | ||||||||||
| [EN] | (b) nach í an chuideachta a bheidh ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo a sheolann é, ach sin faoi réir an choinníll a ghabhann le fo-alt (1).”. | ||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, go ndéantar scaireanna cáilithe (is scaireanna cáilithe de réir bhrí alt 12 den Acht Airgeadais, 1984) i gcuideachta (is cuideachta a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina cuideachta cháilitheach de réir bhrí alt 15 den Acht sin 1984) a eisiúint chuig pearsa aonair a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil III de Chuid I den Acht sin 1984 maidir lena shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin amhail mar a bheadh feidhm acu dá mba chuideachta cháilitheach den sórt sin an chuideachta. | ||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, go ndéantar scaireanna cáilithe (is scaireanna cáilithe de réir bhrí alt 18 den Acht Airgeadais, 1986 ) i gcuideachta (is cuideachta a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha de réir bhrí alt 21 den Acht sin 1986) a eisiúint chuig pearsa aonair a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil III de Chuid I den Acht sin 1986 maidir lena shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin amhail mar a bheadh feidhm acu dá mba chuideachta cháilitheach den sórt sin an chuideachta. | ||||||||||
| [EN] | (4) (a) Beidh éifeacht le halt 84A (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon ús a íocfar le cuideachta i leith príomhshuime iomchuí a thug an chuideachta sin ar airleacan, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, do chuideachta a sheolann trádáil sa Stát a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina trádáil shonraithe, ionann is dá mba thrádáil shonraithe an trádáil sin. | ||||||||||
| [EN] | (b) San alt seo tá le “príomhshuim iomchuí” agus “trádáil shonraithe” na bríonna céanna atá leo faoi seach in alt 84A (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | ||||||||||
| [EN] | (5) (a) Beidh éifeacht le halt 40 (arna leasú le halt 53 den Acht Airgeadais, 1986 ) den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le duine a sheolann trádáil léasúcháin agus a thabhaigh caiteachas, ag soláthar, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, innealra nó gléasra lena léasú, faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus léasaí roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, i gcás gur léasaí é a sheolann trádáil a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina trádáil shonraithe, ionann is dá mba thrádáil shonraithe an trádáil atá á seoladh ag an léasaí. | ||||||||||
| [EN] | (b) San fho-alt seo tá le “trádáil shonraithe” agus “trádáil léasúcháin” na bríonna atá leo faoi seach in alt 40 (arna leasú le halt 53 den Acht Airgeadais, 1986 ) den Acht Airgeadais, 1984 . | ||||||||||
| [EN] | (c) San fho-alt seo áireofar oibleagáid mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin. | ||||||||||
| [EN] | (6) I gcás go ndéanfaí an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta a laghdú faoi fhorálacha alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , dá gcuirfí “an 31ú lá de Nollaig, 2010” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 2000” sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” in alt 38 den Acht Airgeadais, 1980 , ansin déanfar an cháin chorparáide sin a laghdú amhlaidh ionann is dá gcuirfí “an 31ú lá de Nollaig, 2010” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 2000” sa mhíniú sin: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach ndéanfar aon cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta a laghdú de bhua an ailt seo mura laghdófaí an cháin chorparáide sin amhlaidh dá mba rud é nár achtaíodh forálacha fho-ailt (1A), (1B) agus (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ), fho-alt (1CC) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) agus fho-ailt (1CC1), (1CC2) agus (1CC3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980 , agus alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) agus alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 28 (faoiseamh i ndáil le hioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach) den Acht Airgeadais, 1987 . |
42. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1987 — | |||||||||
| [EN] | (a) trí mhír (iv) a scriosadh as an míniú ar “long cháilitheach”, agus | ||||||||||
| [EN] | (b) sa mhíniú ar “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha”— | ||||||||||
| [EN] | (i) trí “agus” a scriosadh as mír (d), | ||||||||||
| [EN] | (ii) trí “na cuideachta, nó” a chur in ionad “na cuideachta;” i mír (e), agus | ||||||||||
| [EN] | (iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): | ||||||||||
| [EN] | “(f) úsáid loinge cáilithí chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil, soghluaiste nó seasta, de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna;”, | ||||||||||
| [EN] | agus tá na mínithe sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| [EN] | (2) Chun críocha Chaibidil III den Acht Airgeadais, 1984 , déanfar aon tagairt inti d'alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987 , a fhorléiriú ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1). | ||||||||||
| |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
43. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le híocaíochtaí a dhéanfar in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | |||||||||
| [EN] | “(4) Ní dhéanfar aon íocaíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (a) arna tabhairt ag cuideachta do dhuine nach gcónaíonn sa Stát a áireamh mar mhuirear ar ioncam murab íocaíocht í— | ||||||||||
| [EN] | (a) as a ndéanann an chuideachta— | ||||||||||
| [EN] | (i) de réir fhorálacha alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a bhaineann le hús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe), nó | ||||||||||
| [EN] | (ii) de réir na bhforálacha sin arna gcur chun feidhme le halt 31 den Acht Airgeadais, 1974 , | ||||||||||
| [EN] | cáin ioncaim a asbhaint a dtugann sí cuntas ann faoin alt sin 434 agus alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó faoin alt sin 434 agus alt 51 den Acht Airgeadais, 1990 , de réir mar a bheidh, ach amháin i gcás inar údaraigh na Coimisinéirí Ioncaim don chuideachta a mhalairt a dhéanamh, nó | ||||||||||
| [EN] | (b) is iníoctha as ioncam a thugtar faoi réim cánach faoi Chás III de Sceideal D agus a eascraíonn as urrúis agus sealúchais lasmuigh den Stát.”. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 116 (na cineálacha grúpfhaoisimh) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
44. —(1) Leasaítear leis seo alt 116 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá de Mheitheamh, 1990, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): | |||||||||
| [EN] | “(10) (a) Ní fholaíonn tagairtí sna fo-ailt roimhe seo do chuideachta ghéillte tagairtí do chuideachta a sheolann gnó saoil. | ||||||||||
| [EN] | (b) Chun críocha an ailt seo déanfar ‘gnó saoil’ a fhorléiriú de réir alt 50 (1).”. | ||||||||||
| [EN] | (2) (a) Chun críocha fho-alt (1) agus fheidhm alt 116 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le géilleadh faoisimh ag cuideachta a sheolann gnó saoil i gcás tréimhse chuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1990, agus dar críoch an lá sin nó dá éis, déanfar an tréimhse sin a roinnt i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1990, agus i gcuid eile dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1990, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad. | ||||||||||
| [EN] | (b) San fho-alt seo déanfar “gnó saoil” a fhorléiriú de réir alt 50 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | ||||||||||
| [EN] |
Iontaobhas do Thionscnaimh Chomhphobail. |
45. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tIontaobhas” “An tIontaobhas do Thionscnaimh Chomhphobail” a bunaíodh le gníomhas iontaobhais dar dháta an 18ú lá d'Aibreán, 1990, ar ceann dá iontaobhaithe cuideachta a corpraíodh ar an 18ú lá d'Aibreán, 1990, mar an tIontaobhaí do Thionscnaimh Chomhphobail agus a mbaineann ceadúnas faoi alt 24 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , leis. | |||||||||
| [EN] | (2) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid— | ||||||||||
| [EN] | (a) a thugtar, ar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus roimh an 31ú lá de Mhárta, 1991, d'iontaobhaithe an Iontaobhais agus a nglacann siad leis, | ||||||||||
| [EN] | (b) atá le caitheamh ag na hiontaobhaithe sin faoi chomhair cuspóirí an Iontaobhais agus chuige sin amháin, | ||||||||||
| [EN] | (c) nach mbeadh, ar leith ó fho-alt (3), inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, agus | ||||||||||
| [EN] | (d) nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | ||||||||||
| [EN] | (3) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina dtugann cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo agus go n-éileoidh sí faoiseamh ó cháin faoi threoir an bhronntanais sin, déileálfar, chun críocha cánach corparáide, le glanmhéid an bhronntanais sin— | ||||||||||
| [EN] | (a) mar chaiteachas trádála inasbhainte de chuid trádála a sheolann an chuideachta, nó | ||||||||||
| [EN] | (b) mar chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána na cuideachta a bheith á ríomh, | ||||||||||
| [EN] | is caiteachas a thabhaigh sí sa tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an bronntanas: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll go ndéanfar, le linn glanmhéid an bhronntanais a bheith á chinneadh, méid nó luach aon chomaoine a fuair an chuideachta sin mar thoradh ar an mbronntanas a thabhairt, cibé acu a fuarthas í go díreach nó go neamhdhíreach ó iontaobhaithe an Iontaobhais nó ó aon duine eile, a asbhaint ó mhéid an bhronntanais. | ||||||||||
| [EN] | (4) Déanfar éileamh faoin alt seo i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988 , don tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar an íocaíocht. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 84A (teorainn leis an mbrí atá le“dáileadh”) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
46. —Leasaítear leis seo alt 84A (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1989 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 — | |||||||||
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | ||||||||||
| [EN] | “(3A) (a) D'ainneoin fho-alt (2), más rud é, tráth ar bith ar an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, gur mó iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí (dá ngairtear ‘méideanna reatha príomhshuime iomchuí’ anseo feasta san fho-alt seo) a bheidh airleactha ag cuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta an tráth sin ná teorainn, ar teorainn í is ionann agus 75 faoin gcéad d'iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta ar an 12ú lá d'Aibreán, 1989, ansin ní dhéanfar aon ús a bheidh íoctha leis an gcuideachta i leith príomhshuime iomchuí arna hairleacan ag an gcuideachta an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, ar príomhshuim iomchuí í atá curtha san áireamh sna méideanna reatha príomhshuime iomchuí, a áireamh mar dháileadh chun críocha an Achta seo i lámha na cuideachta: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll, i gcás gur lú ná an teorainn sin iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag cuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta an 1ú lá d'Aibreán, 1990, go mbeidh éifeacht leis an mír seo i ndáil le hús arna íoc leis an gcuideachta sa tréimhse ón 1ú lá d'Aibreán, 1990, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1991 (is ús arna íoc i leith príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta sa tréimhse sin), ionann is dá mba é a bhí sa teorainn sin iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha amhlaidh amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, mura gcruthóidh an chuideachta go ndearna sí, a mhéid ab fhéidir é, gach uile thráth ar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, príomhshuim iomchuí a airleacan d'iasachtaithe ar príomhshuim iomchuí í nach bhfuil, nó nach mbeadh, de bhua fhorálacha mhír (b), feidhm ag forálacha mhír (a) maidir leis an ús uirthi. | ||||||||||
| [EN] | (b) Más rud é, ar leith ón mír seo, nach ndéanfaí aon chuid d'aon ús arna íoc le cuideachta i leith príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta sa tréimhse ón 31ú lá d'Eanáir, 1990, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1991, a áireamh mar dháileadh chun críocha an Achta seo i lámha na cuideachta de bhua fhorálacha mhír (a) agus dá mbua sin amháin, ansin ní bheidh feidhm ag forálacha na míre sin i ndáil leis an oiread sin den ús sin a íoctar sa tréimhse sin más rud é— | ||||||||||
| [EN] | (i) go dtugann an chuideachta an phríomhshuim iomchuí ar airleacan d'iasachtaí a bhí, roimh an 31ú lá d'Eanáir, 1990, i gcaibidlí le haon chuideachta le haghaidh méid príomhshuime iomchuí, | ||||||||||
| [EN] | (ii) go bhfuair an t-iasachtaí, roimh an 31ú lá d'Eanáir, 1990, tairiscint scríofa de chúnamh deontais ón Údarás Forbartha Tionscail, ó Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó ó Údarás na Gaeltachta i leith trádála sonraithe nó trádála sonraithe beartaithe ar chun a críocha atá an phríomhshuim iomchuí á fáil ar iasacht, | ||||||||||
| [EN] | (iii) gurb é atá sa trádáil shonraithe trádáil a thosaigh an t-iasachtaí ar í a sheoladh tar éis an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó trádáil shonraithe de chuid an iasachtaí a bhfuil sé faoi cheangal, faoi phlean gnó a bheidh ceadaithe ag an Údarás Forbartha Tionscail, ag Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó ag Údarás na Gaeltachta, fostaíocht bhreise a chruthú ina leith, | ||||||||||
| [EN] | (iv) go ndéanfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail trádáil shonraithe an iasachtaí a roghnú le bheith san áireamh i liosta, arna cheadú ag an Aire Tionscail agus Tráchtála agus ag an Aire Airgeadais, ina sonraítear méid áirithe príomhshuime iomchuí maidir le gach trádáil arb é an méid é a mheastar a bheith riachtanach le go mbeidh rath ar an trádáil sin, agus | ||||||||||
| [EN] | (v) nach cuideachta a thosaigh ar oibríochtaí trádála iomchuí (de réir bhrí alt 39B den Acht Airgeadais, 1980 ) a sheoladh tar éis an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó cuideachta a bheartaíonn tosú ar oibríochtaí trádála den sórt sin a sheoladh, an t-iasachtaí nó cuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 157 (5)) leis an iasachtaí: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le haon ús i leith aon phríomhshuime iomchuí a airleacfar tar éis an tráth ar mó ná £170,000,000 iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí, lena mbaineann an mhír seo, a bheidh airleactha ag na hiasachtóirí go léir a thug airleacain den sórt sin. | ||||||||||
| [EN] | (c) D'ainneoin alt 21 (2) (b) den Acht Airgeadais, 1989 , chun críocha an fho-ailt seo, folaíonn príomhshuim iomchuí arna hairleacan ag cuideachta tráth ar bith ar an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, aon phríomhshuim iomchuí arna hairleacan d'iasachtaí ar an lá sin nó dá éis faoi chomhaontú a rinneadh roimh an lá sin. | ||||||||||
| [EN] | (d) Chun críocha an fho-ailt seo, i gcás go mbeidh príomhshuim iomchuí airleactha ag cuideachta d'iasachtaí, ar an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, faoi théarmaí comhaontaithe agus go ndéanfaidh an chuideachta, faoi théarmaí an chomhaontaithe sin nó aon chomhaontaithe eile, cuid dá cearta agus dá hoibleagáidí faoin gcomhaontú céadluaite i ndáil leis an bpríomhshuim iomchuí, nó na cearta agus na hoibleagáidí sin go léir, a shannadh do chuideachta eile, measfar nár tharla an sannadh sin.”, | ||||||||||
| [EN] | (b) trí “I bhfo-ailt (2), (3), (3A) agus (4),” a chur in ionad “I bhfo-ailt (2), (3) agus (4),” i bhfo-alt (5), agus | ||||||||||
| [EN] | (c) trí “i bhfo-ailt (2) agus (3A)” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)” i bhfo-alt (6). | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 101 (formhuirear ar ioncam infheistíochta agus ioncam eastáit neamhdháilte de chuid dlúthchuideachta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
47. —Leasaítear leis seo alt 101 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis— | |||||||||
| [EN] | (a) trí “muirearófar ar an gcuideachta dleacht bhreise” a chur in ionad “muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise” i bhfo-alt (1), | ||||||||||
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5): | ||||||||||
| [EN] | “(5) Maidir le formhuirear a chuirfear faoin alt seo ar chuideachta i leith tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear an tréimhse chuntasaíochta chéadluaite san fho-alt seo)— | ||||||||||
| [EN] | (a) muirearófar ar an gcuideachta é don tréimhse chuntasaíochta is luaithe dar críoch lá, nó i ndiaidh lae, atá dhá mhí dhéag tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta céadluaite, agus | ||||||||||
| [EN] | (b) déileálfar leis mar cháin chorparáide is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta sin: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll, i gcás nach bhfuil aon tréimhse chuntasaíochta ann a chríochnaíonn amhlaidh, go muirear ófar an formhuirear don tréimhse chuntasaíochta ar ina leith a chuirfear é agus go ndéileálfar leis mar cháin chorparáide de chuid na tréimhse sin.”, | ||||||||||
| [EN] | agus tá an fo-alt sin (1) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 162 (formhuirear ar ioncam neamhdháilte de chuid cuideachtaí seirbhíse) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
48. —Leasaítear leis seo alt 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis— | |||||||||
| [EN] | (a) trí “muirearófar ar an gcuideachta dleacht bhreise” a chur in ionad “muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise” i bhfo-alt (4), agus | ||||||||||
| [EN] | (b) trí “fho-ailt (2), (3) agus (4), fho-alt (5) (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1990 ) agus fho-alt (6) d'alt 101” a chur in ionad “alt 101 (2) (3) (4) (5) (6)” i bhfo-alt (5), | ||||||||||
| [EN] | agus tá na fo-ailt sin (4) (ar leith ón gcoinníoll) agus (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 151 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
49. —Leasaítear leis seo alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis— | |||||||||
| [EN] | (a) trí “chigire” a chur in ionad “Ard-Bhailitheoir” i bhfo-alt (3), | ||||||||||
| [EN] | (b) trí “de naoi mí” a chur in ionad “de shé mhí” i bhfo-alt (4), | ||||||||||
| [EN] | (c) i bhfo-alt (5)— | ||||||||||
| [EN] | (i) trí “faoina mbeidh réamhcháin (dá mb'ann di) dlite agus iníoctha don tréimhse chuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3)” a chur in ionad “a bheidh an tuairisceán le tabhairt”, agus | ||||||||||
| [EN] | (ii) trí “má bhíonn an cháin sin, nó aon chuid di, gan íoc ar an dáta dlite nó roimhe” a scriosadh, | ||||||||||
| [EN] | (d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (10), (11) agus (12): | ||||||||||
| [EN] | “(10) (a) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta íocaíocht iomchuí ar dháta nach dáta i dtréimhse chuntasaíochta, tabharfaidh an chuideachta tuairisceán ar an íocaíocht sin laistigh de shé mhí ón dáta sin, agus beidh an cháin ioncaim a mbeidh an chuideachta cuntasach inti i leith na híocaíochta sin dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt. | ||||||||||
| [EN] | (b) Déileálfar le haon mheasúnacht i leith cánach is iníoctha faoin bhfo-alt seo mar mheasúnacht a bhaineann leis an mbliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht. | ||||||||||
| [EN] | (c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (11) maidir le measúnacht faoin bhfo-alt seo. | ||||||||||
| [EN] | (11) (a) Faoi réir fho-alt (10) (b), aon cháin ioncaim is iníoctha (tar éis cáin ioncaim a d'iompair an chuideachta trí asbhaint a bheith fritháirithe, de bhua aon éilimh faoi fho-alt (7), in aghaidh cáin ioncaim a dhlífidh sí a íoc faoi fho-alt (5)) i leith íocaíochtaí iomchuí i dtréimhse chuntasaíochta déileálfar léi, agus tuairisceofar í, chun críocha an cháin sin agus aon ús nó pionóis uirthi a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú ón gcuideachta a rinne na híocaíochtaí, mar cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta sin don tréimhse chuntasaíochta sin, d'ainneoin gur cáin ioncaim í chun gach críche eile de chuid na nAchttanna Cánach: | ||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll go ndéanfar an cháin a d'íoc cuideachta agus a ndéileáiltear léi mar cháin chorparáide de bhua an fho-ailt seo a aisíoc leis an gcuideachta dá n-aisíocfaí amhlaidh í faoi fho-alt (7) dá mba rud é gur déileáladh léi mar cháin ioncaim a d'íoc an chuideachta. | ||||||||||
| [EN] | (b) Féadfar aon cháin is inmheasúnaithe faoi aon fhoráil nó forálacha den alt seo a áireamh in aon mheasúnacht amháin má bhíonn an cháin go léir atá ar áireamh amhlaidh dlite ar an dáta céanna. | ||||||||||
| [EN] | (12) Ní mheasfar go ndéanann aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo dochar d'aon chumhachtaí a thugtar leis na hAchtanna Cánach chun cáin a ghnóthú trí mheasúnacht nó ar shlí eile.”, | ||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||
| [EN] | (e) trí “i ndáil le cáin arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú” a chur in ionad “i ndáil le cáin ioncaim arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú” i mír (a) d'fho-alt (13), | ||||||||||
| [EN] | agus tá na fo-ailt sin (3), (4) agus (5) agus an mhír sin (a) d'fho-alt (13), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 152 (forálacha maidir le cáin faoi alt 151) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
50. —Leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ): | |||||||||
| [EN] | “(5) Ní bheidh éifeacht le fo-ailt (1), (2) agus (3) ach amháin i leith cuideachta lena mbaineann forálacha fho-alt (10) d'alt 151.”. | ||||||||||
| [EN] |
Cáin ioncaim ar íocaíochtaí arna ndéanamh ag cuideachtaí neamhchónaitheacha. |
51. —(1) Faoi réir fho-alt (4), beidh éifeacht le forálacha fho-alt (2) maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta nach gcónaíonn sa Stát más rud é— | |||||||||
| [EN] | (a) go gceanglaítear ar an gcuideachta, de bhua fhorálacha alt 434 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuntas a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim, agus | ||||||||||
| [EN] | (b) go bhfuil an chuideachta laistigh de réim mhuirear cánach corparáide i leith na tréimhse cuntasaíochta. | ||||||||||
| [EN] | (2) I gcás éifeacht a bheith leis an bhfo-alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, ansin— | ||||||||||
| [EN] | (a) tabharfaidh an chuideachta tuairisceán don chigire— | ||||||||||
| [EN] | (i) ar na híocaíochtaí a rinne an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a gceanglaítear cáin ioncaim a asbhaint ina leith de bhua fhorálacha alt 434 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | ||||||||||
| [EN] | (ii) ar an gcáin a asbhaineadh as na híocaíochtaí sin de bhua an ailt sin 434 (1), | ||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||
| [EN] | (b) maidir le cáin ioncaim a mbeidh tuairisceán le tabhairt ina leith faoi mhír (a), déileálfar léi, chun críocha an cháin sin agus aon ús nó pionóis uirthi a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú ón gcuideachta a rinne na híocaíochtaí, ionann is dá mba cháin chorparáide í is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi mhír (a). | ||||||||||
| [EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5A) (a cuireadh isteach le halt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ): | ||||||||||
| [EN] | “(5A) Beidh éifeacht le fo-ailt (2), (3) agus (5) faoi réir fhorálacha alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus alt 51 den Acht Airgeadais, 1990 , maidir leis an tráth agus an modh a mbeidh ar chuideachtaí áirithe cuntas a thabhairt i gcáin ioncaim agus cáin ioncaim a íoc— | ||||||||||
| [EN] | (a) i leith íocaíochtaí as ar inasbhainte cáin, agus | ||||||||||
| [EN] | (b) i leith aon mhéid a meastar gur íocaíocht bhliantúil í.”. | ||||||||||
| [EN] | (4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 41 (bonn faoisimh ó cháin chorparáide) den Acht Airgeadais, 1980 . |
52. —Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “ciallaíonn `cáin chorparáide iomchuí an cháin chorparáide”, eadhon, “(seachas méid a bheidh, de bhua ailt 101, 151 agus 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , arna leasú, faoi seach, le hailt 47, 49 agus 48 den Acht Airgeadais, 1990 , agus de bhua alt 51 den Acht Airgeadais, 1990 , le háireamh mar cháin chorparáide de chuid tréimhse cuntasaíochta)”. | |||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
53. —Leasaítear leis seo alt 58 (arna leasú le halt 42 den Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (10) i ndiaidh “ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’ an cháin chorparáide”, eadhon, “(seachas méid a bheidh, de bhua ailt 101, 151 agus 162, arna leasú, faoi seach, le hailt 47, 49 agus 48 den Acht Airgeadais, 1990 , agus de bhua alt 51 den Acht Airgeadais, 1990 , le háireamh mar cháin chorparáide de chuid tréimhse cuntasaíochta)”. | |||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 143 (tuairisceán ar bhrabúis) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
54. —Leasaítear leis seo alt 143 (arna leasú le halt 16 den Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||
| [EN] | “(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta trí fhógra a sheirbheálfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim uirthi tuairisceán a sheachadadh don oifigeach laistigh den am a bheidh luaite san fhógra— | ||||||||||
| [EN] | (a) ar bhrabúis na cuideachta arna ríomh de réir an Achta seo— | ||||||||||
| [EN] | (i) ina sonrófar an t-ioncam a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus an méid ó gach bunadh, | ||||||||||
| [EN] | (ii) ina dtabharfar sonraí na ndiúscairtí go léir as ar eascair gnóchain inmhuirearaithe nó caillteanais inlamhála faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta seo agus sonraí na ngnóchan inmhuirearaithe sin nó na gcaillteanas inlamhála sin, agus | ||||||||||
| [EN] | (iii) ina dtabharfar sonraí na muirear go léir ar ioncam a bheidh le hasbhaint in aghaidh na mbrabús sin chun cáin chorparáide a mheasúnú, seachas iad sin a áirítear i mír (c), | ||||||||||
| [EN] | (b) ar na dáiltí a fuair an chuideachta ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus ar na creidmheasanna cánach a bhfuil an chuideachta ina dteideal i leith na ndáiltí sin, | ||||||||||
| [EN] | (c) ar íocaíochtaí a rinneadh as ar inasbhainte cáin ioncaim agus lena mbaineann forálacha fho-ailt (2) go (5) d'alt 434 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | ||||||||||
| [EN] | (d) ar na méideanna go léir a meastar, faoi alt 98 (iasachtaí do rannpháirtithe etc.) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , gur íocaíochtaí bliantúla iad.”. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 50 (tuairisceáin agus bailiú luathchánach corparáide) den Acht Airgeadais, 1983 . |
55. —Leasaítear leis seo alt 50 den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis— | |||||||||
| [EN] | (a) trí “chigire” a chur in ionad “Ard-Bhailitheoir” i bhfo-alt (2), | ||||||||||
| [EN] | (b) trí “de naoi mí” a chur in ionad “de shé mhí” i bhfo-alt (3), agus | ||||||||||
| [EN] | (c) i bhfo-alt (6)— | ||||||||||
| [EN] | (i) trí “laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3)” a chur in ionad “an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt”, agus | ||||||||||
| [EN] | (ii) trí “mura n-íocfar an cháin sin, nó aon chuid di, ar an dáta dlite nó dáta roimhe” a scriosadh, | ||||||||||
| [EN] | agus tá na fo-ailt sin (2), (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| |||||||||||
| [EN] |
Ioncam áirithe de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe c.p.t. a bheith díolmhaithe. |
56. —Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1985 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 24: | |||||||||
| [EN] | “24.—D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon ioncam a eascraíonn chuig an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t.— | ||||||||||
| [EN] | (a) in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth i ndiaidh an 8ú lá d'Fheabhra, 1982, ó ghnó arb éard é iasachtaí agus airleacain a thabhairt faoi alt 5 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 , is ioncam ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, murach an t-alt seo, faoi Chás I de Sceideal D, agus | ||||||||||
| [EN] | (b) in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1990, is ioncam ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, murach an t-alt seo, faoi Chás III de Sceideal D, | ||||||||||
| [EN] | beidh sí díolmhaithe ó cháin chorparáide.”. |