|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Cánachas ar Bhainc Thaisce Iontaobhais) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | |||
| [EN] |
Caibidil V Cánachas ar Chumainn Fhoirgníochta | ||
| [EN] |
Cumainn fhoirgníochta: athrú stádais. |
57. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht le forálacha an Tríú Sceideal i gcás ina ndéanfaidh cumann é féin a chomhshó, de réir fhorálacha Chuid XI den Acht Cumann Foirgníochta, 1989 , ina chuideachta chomharbais de réir bhrí na Coda sin. | |
| [EN] | (2) San alt seo agus sa Tríú Sceideal— | ||
| [EN] | ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar le halt 124 (2) den Acht Cumann Foirgníochta, 1989 , a bheith corpraithe, faoin Acht sin, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do “cumann”; | ||
| [EN] | tá le “cuideachta chomharbais” an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (1). | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 129 (grúpaí cuideachtaí: mínithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
58. —Leasaítear leis seo alt 129 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (2): | |
| [EN] | “(c) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir bhrí alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | ||
| [EN] | (d) le cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar de bhua alt 124 (2) den Acht Cumann Foirgníochta, 1989 , a bheith corpraithe, faoin Acht sin.”, | ||
| [EN] | agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
|