|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cánachas ar Chumainn Fhoirgníochta) | Ar Aghaidh (Caibidil VII Cistí Eischósta) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
Caibidil VI Cánachas ar Bhainc Thaisce Iontaobhais | |
| [EN] |
Cónascadh banc taisce iontaobhais. |
59. —(1) I gcás ina ndéanfar aon sócmhainní nó dliteanais de chuid bainc taisce iontaobhais a aistriú, nó ina meastar iad a bheith aistrithe, chuig banc taisce iontaobhais eile de réir fhorálacha Chuid VI (a bhaineann le cónascadh banc taisce iontaobhais) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , déileálfar leis na bainc sin, chun críocha na nAchtanna Cánach agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ionann is dá mba iad an duine céanna iad. |
| [EN] | (2) San alt seo, in alt 60 agus sa Cheathrú Sceideal tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 . | |
| [EN] |
Bainc thaisce iontaobhais a atheagrú ina gcuideachtaí. |
60. —Beidh feidhm ag forálacha an Cheathrú Sceideal— |
| [EN] | (a) maidir le banc taisce iontaobhais amháin nó níos mó a atheagrú ina chuideachta, nó | |
| [EN] | (b) maidir le cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (3) (c) d'alt 57 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin, | |
| [EN] | de réir fhorálacha an ailt sin 57. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 337 (bainc thaisce) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
61. —Leasaítear leis seo alt 337 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
| [EN] | “(1) Beidh aon bhanc taisce atá ceadúnaithe faoi alt 10 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , agus aon chuideachta lena mbaineann alt 57 (3) (c) (i) den Acht sin, i dteideal díolúine ó cháin— | |
| [EN] | (a) i leith a chuid úis agus díbhinní a eascraíonn— | |
| [EN] | (i) ó infheistíochtaí airgid chun creidmheasa an chuntais speisialta a osclaíodh de bhun alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , agus | |
| [EN] | (ii) ó infheistíochtaí airgid in urrúis de chuid an Rialtais arna gcinneadh ag Banc Ceannais na hÉireann de réir fhorálacha alt 32 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) i leith brabús nó gnóchan a eascraíonn ó na hurrúis sin de chuid an Rialtais a dhiúscairt.”, | |
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2)— | |
| [EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin (ar leith ón gcoinníoll): | |
| [EN] | “(2) Beidh banc taisce ar bith, bíodh nó ná bíodh sé ceadúnaithe faoin Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceidil C, D agus F i leith ioncam a chuid cistí, a mhéid a úsáidtear an t-ioncam sin chun ús a íoc le haon taisceoir nó a chreidiúnú dó:”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (ii) trí “Chásanna III nó IV” a chur in ionad “Chás III” i mír (a) den choinníoll, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
| [EN] | “(3) San alt seo ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.”. |