|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cánachas ar Bhainc Thaisce Iontaobhais) | Ar Aghaidh (Caibidil VIII Liúntais Chaipitiúla) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
Caibidil VII Cistí Eischósta | |
| [EN] |
Léiriú (Caibidil VII, etc.). |
62. —Sa Chaibidil seo agus sa Chúigiú agus sa Séú Sceideal— |
| [EN] | forléireofar “tréimhse chuntais” de réir fho-ailt (8), (9) agus (10) d'alt 66; | |
| [EN] | forléireofar “diúscairt” de réir alt 63 (2); | |
| [EN] | forléireofar “ciste dáileach” de réir fho-alt (2) agus (3) d'alt 66; | |
| [EN] | tá le “cuntas comhionannaithe” an bhrí a shanntar dó in alt 64 (1); | |
| [EN] | tá le “brabúis choibhéiseacha Éireannacha” an bhrí atá leis i mír 5 den Chúigiú Sceideal; | |
| [EN] | forléireofar “leas ábhartha” de réir alt 65 (2); | |
| [EN] | tá le “ciste neamhcháilitheach” an bhrí a shanntar dó le halt 66 (1); | |
| [EN] | tá le “cistí eischósta” an bhrí a shanntar dó in alt 65 (1); | |
| [EN] | forléireofar “gnóchan ioncaim eischósta” de réir mhíreanna 5 agus 6 (1) den Séú Sceideal; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . | |
| [EN] |
Leasanna ábhartha i gcistí eischósta neamhcháilitheacha a dhiúscairt. |
63. —(1) Baineann an Chaibidil seo le diúscairt sócmhainne ag aon duine más rud é— |
| [EN] | (a) tráth na diúscartha, gurb éard í an tsócmhainn leas ábhartha i gciste eischósta ar ciste eischósta neamhcháilitheach é nó ar chiste den sórt sin a bhí ann aon tráth ábhartha, nó | |
| [EN] | (b) tráth na diúscartha, gurb éard í an tsócmhainn leas i gcuideachta a chónaíonn sa Stát nó i scéim iontaobhais aonad a gcónaíonn na hiontaobhaithe uirthi sa Stát an tráth sin agus, tráth ábhartha arb é atá ann an lú lá d'Eanáir, 1991, nó dáta dá éis, go mba chiste eischósta neamhcháilitheach an chuideachta nó an scéim iontaobhais aonad agus gurbh éard í an tsócmhainn leas ábhartha sa chiste sin, | |
| [EN] | agus d'fhonn a chinneadh cé acu a thagann an tsócmhainn atá á diúscairt faoi réim mhír (b) thuas, beidh éifeacht le mír 2 (2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail mar atá éifeacht léi chun críocha an Achta sin. | |
| [EN] | (2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo agus alt 64 bíonn diúscairt sócmhainne ann chun críocha na Caibidle seo dá mbeadh diúscairt den sórt sin ann chun críocha an Phríomh-Achta. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin aon ní i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 14 (arna leasú le halt 6 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Phríomh-Acht, i gcás go bhfaighidh duine bás agus go bhfuil ar áireamh na sócmhainní a raibh sé inniúil ar iad a dhiúscairt sócmhainn arb é atá inti, nó arb é a bhí inti tráth ar bith, leas ábhartha i gciste eischósta neamhcháilitheach, ansin, chun críocha na Caibidle seo (ar leith ó alt 64) measfar an leas sin a bheith diúscartha ag an éagach, díreach roimh an bhfáil dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt sin 14, ar chomaoin den sórt a luaitear san fho-alt sin: | |
| [EN] | Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear do chinneadh a dhéanamh, de réir fho-alt (1), i dtaobh an diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo an diúscairt mheasta sin. | |
| [EN] | (4) Faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag alt 14 den Phríomh-Acht chun críocha na Caibidle seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an Achta sin, agus déanfar an tagairt san fho-alt sin do na sócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt a fhorléiriú de réir fho-alt (5) den alt sin. | |
| [EN] | (5) D'ainneoin aon ní i mír 4 nó 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, in aon chás— | |
| [EN] | (a) ina n-eiseoidh cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta fála” anseo feasta san fho-alt seo) scaireanna nó bintiúir mar mhalairt ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta faighte” feasta san fho-alt seo) agus gurb é atá sa chuideachta faighte, nó gurb é a bhí inti aon tráth ábhartha, ciste eischósta neamhcháilitheach agus nach ciste den sórt sin an chuideachta fála, nó | |
| [EN] | (b) ina mbeidh sé le háireamh, de dhroim comhshocraíochta, gur mhalartaigh daoine scaireanna, bintiúir nó leasanna eile in eintiteas, nó de chuid eintitis, arb é atá ann nó arb é a bhí ann aon tráth ábhartha ciste eischósta neamhcháilitheach, ar shócmhainní nach leasanna i gciste den sórt sin iad, | |
| [EN] | ansin, ní bheidh feidhm chun críocha na Caibidle seo ag fomhír (1) de mhír 4 den Sceideal sin. | |
| [EN] | (6) In aon chás ina mbeadh feidhm, ar leith ó fho-alt (5), ag mír 4 (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, is éard a bheidh, chun críocha na Caibidle seo, sa mhalartú áirithe sin ar scaireanna, bintiúir nó leasanna eile i gciste eischósta neamhcháilitheach, nó de chuid ciste den sórt sin, diúscairt leasanna sa chiste eischósta ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach ar dháta an mhalartaithe. | |
| [EN] | (7) (a) Chun críocha an ailt seo is tráth ábhartha i ndáil le diúscairt sócmhainne aon tráth arb é an dáta seo a leanas nó aon dáta dá éis é, eadhon— | |
| [EN] | (i) an 6ú lá d'Aibreán, 1990, i gcás go bhfuarthas an tsócmhainnn ar nó roimh an dáta sin, nó | |
| [EN] | (ii) i gcás nach bhfuarthas an tsócmhainn amhlaidh, an dáta is luaithe ar ar tugadh aon chomaoin iomchuí as an tsócmhainn a fháil. | |
| [EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “comaoin iomchuí” aon chomaoin a bheadh, á ghlacadh leis go bhfuil feidhm ag Cuid II den Phríomh-Acht maidir leis an diúscairt, le cur i gcuntas le linn méid an ghnóchain nó an chaillteanais a fhabhraíonn ar an diúscairt a bheith á ríomh, cibé acu a bheidh an chomaoin sin tugtha ag an duine, nó thar ceann an duine, a rinne an diúscairt nó ag réamhtheachtaí i dteideal dá chuid, nó thar ceann réamhtheachtaí den sórt sin, arb ionann a chostas fála, go díreach nó go neamhdhíreach, agus costas fála iomlán, nó aon chuid de chostas fála, an duine a dhéanann an diúscairt. | |
| [EN] |
Cistí eischósta a oibríonn comhshocraíochtaí comhionannaithe. |
64. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, oibríonn ciste eischósta comhshocraíochtaí comhionannaithe más rud é go bhfuil, agus aon tráth a bhfuil, comhshocraíochtaí ar marthain arb é an toradh a bhíonn orthu— |
| [EN] | (a) má fhaigheann duine, trí cheannach tosaigh, leas ábhartha sa chiste aon tráth áirithe le linn tréimhse is iomchuí do na comhshocraíochtaí, agus | |
| [EN] | (b) má dhéanann an ciste dáileadh in aghaidh tréimhse dar tosach dáta roimh an dáta a bhfaigheann sé an leas sin, | |
| [EN] | go mbeidh ar áireamh i méid an dáilte sin a íoctar leis (á ghlacadh leis go bhfuil an leas sin fós aige) íocaíocht chaipitil a chuirfear chun dochair do chuntas (dá ngairtear ina dhiaidh seo “an cuntas comhionannaithe” sa Chaibidil seo agus sa Chúigiú agus sa Séú Sceideal) a chothabhálfar faoi na comhshocraíochtaí agus a chinnfear faoi threoir an ioncaim a bhí fabhraithe chuig an gciste ar dháta a fhála. | |
| [EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, faigheann duine leas i gciste eischósta trí cheannach tosaigh más rud é— | |
| [EN] | (a) go ndéanann sé an fháil sin trí shuibscríobh le haghaidh scaireanna nua, aonad nua nó leasanna nua eile arna n-eisiúint nó arna gcruthú ag an gciste, nó tríd an gcéanna a leithroinnt, nó | |
| [EN] | (b) go ndéanann sé an fháil sin trí cheannach díreach ó na daoine a bhfuil baint acu le bainisteoireacht an chiste agus gur ina gcáil mar bhainisteoirí an chiste a dhéanann siad an díol leis. | |
| [EN] | (3) Gan dochar d'alt 63 (1), tá feidhm ag an gCaibidil seo, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, maidir le diúscairt sócmhainne ag aon duine más rud é— | |
| [EN] | (a) tráth na diúscartha, gurb éard í an tsócmhainn leas ábhartha i gciste eischósta atá, an tráth sin, ag oibriú comhshocraíochtaí comhionnaithe, | |
| [EN] | (b) nach ciste eischósta neamhcháilitheach an ciste agus nár chiste den sórt sin é aon tráth ábhartha (de réir bhrí alt 63 (7)), agus | |
| [EN] | (c) nach mbeidh fáltais na diúscartha le cur i gcuntas mar fháltas trádála. | |
| [EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo, de bhua fho-alt (3), maidir le diúscairt más rud é— | |
| [EN] | (a) gur le linn tréimhse den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a dhéantar í, agus | |
| [EN] | (b) i gcaitheamh cibé cuid den tréimhse sin a thagann roimh an diúscairt, gur ioncam den chineál dá dtagraítear i mír 3 (1) den Chúigiú Sceideal an t-ioncam ón gciste eischósta lena mbaineann. | |
| [EN] | (5) Aon teagmhas ar diúscairt sócmhainne a bheadh ann ar leith ó mhír 2(2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, is diúscairt den sórt sin í d'fhonn a chinneadh an bhfuil diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo ann de bhua fho-alt (3). | |
| [EN] | (6) Measfar go bhfolaíonn an tagairt i bhfo-alt (5) do mhír 2 (2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tagairt don mhír sin arna cur chun feidhme le míreanna 2A nó 4 den Sceideal sin ach ní arna cur chun feidhme le mír 3 den Sceideal sin. | |
| [EN] |
Leasanna ábhartha i gcistí eischósta. |
65. —(1) Sa Chaibidil seo aon tagairtí do leas ábhartha i gciste eischósta is tagairtí iad do leas den sórt sin in aon cheann acu seo a leanas, eadhon— |
| [EN] | (a) cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát, | |
| [EN] | (b) scéim iontaobhais aonad nach sa Stát a chónaíonn na hiontaobhaithe uirthi, agus | |
| [EN] | (c) aon chomhshocraíochtaí nach dtagann faoi réim mhír (a) nó (b), a bhfuil éifeacht leo de bhua dlí críche lasmuigh den Stát agus a chruthaíonn, faoin dlí sin, cearta de chineál comhúinéireachta (gan brí na habairte sin faoi dhlí an Stáit a bheith mar theorainn léi), | |
| [EN] | agus aon tagairt sa Chaibidil seo do chiste eischósta is tagairt í d'aon chuideachta, scéim iontaobhais aonad nó comhshocraíochtaí den sórt sin ina bhfuil leas, ar leas ábhartha é, ag aon duine. | |
| [EN] | (2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is leas ábhartha leas duine i gcuideachta, i scéim iontaobhais aonad nó i gcomhshocraíochtaí más rud é, an tráth a bhfuair sé an leas, go raibh ionchas réasúnach ann go mbeadh sé in ann, tráth éigin le linn na tréimhse 7 mbliana dar tosach dáta na fála sin aige, luach an leasa a réadú (cibé acu trí aistriú, trí ghéilleadh nó ar aon mhodh eile). | |
| [EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2), measfar duine a bheith in ann luach leasa a réadú más féidir leis méid a réadú atá réasúnta gar don chion sin de mhargadhluach shócmhainní na cuideachta nó, de réir mar a bheidh, de mhargadhluach na sócmhainní faoi réir na scéime nó na gcomhshocraíochtaí, a bhfuil an leas in ionannas (go díreach nó go neamhdhíreach) dó. | |
| [EN] | (4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3)— | |
| [EN] | (a) measfar duine a bheith in ann méid áirithe a réadú má tá sé in ann an méid sin a fháil in airgead nó i bhfoirm sócmhainní ab fhiú an méid sin, agus | |
| [EN] | (b) más rud é tráth ar bith gur mó go mór margadhluach leasa i gciste eischósta ná an cion, arb ionannas dó an leas mar a luaitear i bhfo-alt (3), de mhargadhluach na sócmhainní lena mbaineann an tráth sin, ní mheasfar duine a bheith in ann méid den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin a réadú toisc é a bheith in ann margadhluach den sórt sin don leas a réadú. | |
| [EN] | (5) Measfar nach leas ábhartha leas i gcuideachta, i scéim nó i gcomhshocraíochtaí más é atá sa leas sin— | |
| [EN] | (a) leas i ndáil le haon chaipiteal iasachta nó fiach a eisítear nó a thabhaítear i leith airgid arna tabhairt ar iasacht, i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta, ag duine a sheolann an gnó sin, nó | |
| [EN] | (b) ceart a eascraíonn faoi pholasaí árachais. | |
| [EN] | (6) Ní leas ábhartha iad scaireanna i gcuideachta a thagann faoi réim fho-alt (1) (a) (dá ngairtear “an chuideachta thar lear” san alt seo) más rud é— | |
| [EN] | (a) gur cuideachta a shealbhaíonn na scaireanna agus gur gá nó gurb inmhianaithe iad a shealbhú chun trádáil a sheolann an chuideachta, nó cuideachta atá i gcomhlachas léi, a chothabháil agus a fhorbairt, | |
| [EN] | (b) go dtugann na scaireanna 10 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála go léir sa chuideachta thar lear mar aon le ceart, i gcás foirceannadh, chun 10 faoin gcéad ar a laghad de shócmhainní na cuideachta sin a bheidh fágtha, tar éis na dliteanais go léir, a bhfuil tosaíocht acu ar na scaireanna, a bheith urscaoilte, | |
| [EN] | (c) nach bhfuil scaireanna sa chuideachta thar lear á sealbhú ag breis agus deichniúr agus go dtugann na scaireanna uile sa chuideachta sin cearta vótála mar aon le ceart chun bheith rannpháirteach sna sócmhainní i gcás foirceannadh, agus | |
| [EN] | (d) an tráth a bhfuair sí na scaireanna, go raibh ionchas réasúnach den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ag an gcuideachta de bhíthin amháin go raibh ar marthain ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon— | |
| [EN] | (i) comhshocraíocht faoina bhféadfaidh an chuideachta sin, tráth éigin laistigh den tréimhse 7 mbliana dar tosach tráth na fála, a cheangal ar na rannpháirtithe eile a cuid scaireanna a cheannach, agus | |
| [EN] | (ii) forálacha de chuid comhaontú idir na rannpháirtithe, nó de chuid bhunreacht na cuideachta thar lear, faoina ndéanfar an chuideachta a fhoirceannadh laistigh de thréimhse is giorra, nó a bhfuil ionchas réasúnach ann go mbeidh sí níos giorra, ná an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2), | |
| [EN] | agus sa mhír seo ciallaíonn “rannpháirtithe” na daoine a shealbhaíonn scaireanna a thagann faoi réim mhír (c). | |
| [EN] | (7) Chun críocha fho-alt (6) (a), tá cuideachta i gcomhlachas le cuideachta eile má bhíonn rialú ag cuideachta amháin acu ar an gcuideachta eile de réir bhrí alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó má bhíonn an bheirt acu faoi rialú, de réir bhrí an ailt sin, an duine chéanna nó na ndaoine céanna. | |
| [EN] | (8) Maidir le leas i gcuideachta a thagann faoi réim fho-alt (1) (a), measfar nach leas ábhartha é tráth ar bith a mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, eadhon— | |
| [EN] | (a) go bhfuil sé de cheart ag sealbhóir an leasa an chuideachta a chur á foirceannadh, agus | |
| [EN] | (b) i gcás foirceannadh, go mbeidh teideal ag an sealbhóir, de bhua an leasa agus aon leasa eile a bheidh aige sa cháil chéanna an tráth sin, chun breis agus 50 faoin gcéad de na sócmhainní a bheidh fágtha tar éis na dliteanais go léir, a bhfuil tosaíocht acu ar an leas nó na leasanna lena mbaineann, a bheith urscaoilte. | |
| [EN] | (9) Déanfar margadhluach aon sócmhainne chun críocha na Caibidle seo a chinneadh ar an gcaoi chéanna a gcinnfí é chun críocha an Phríomh-Achta ach amháin, i gcás leas i gciste eischósta a bhfuil praghsanna ceannaigh agus díola ar leithligh foilsithe dó, go mbeidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 49 (5) den Acht sin chun margadhluach an leasa a chinneadh chun críocha na Caibidle seo. | |
| [EN] |
Cistí eischósta neamhcháilitheacha. |
66. —(1) Chun críocha na Caibidile seo, is ciste neamhcháilitheach ciste eischósta ach amháin le linn tréimhse chuntais de chuid an chiste a ndeimhníonn na Coimisinéirí Ioncaim gur ciste dáileach an ciste i leith na tréimhse sin. |
| [EN] | (2) Ní dheimhneofar ciste eischósta mar chiste dáileach i leith tréimhse cuntais mura rud é, maidir leis an tréimhse sin, go saothraíonn an ciste beartas dáilte iomlán, de réir bhrí Chuid I den Chúigiú Sceideal. | |
| [EN] | (3) Faoi réir Chuid II den Chúigiú Sceideal, ní dheimhneofar ciste eischósta mar chiste dáileach i leith aon tréimhse cuntais más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse sin— | |
| [EN] | (a) gur leasanna i gcistí eischósta eile breis agus 5 faoin gcéad, de réir luacha, de shócmhainní an chiste, nó | |
| [EN] | (b) faoi réir fho-ailt (4) agus (5), gur leasanna i gcuideachta aonair iad breis agus 10 faoin gcéad, de réir luacha, de shócmhainní an chiste, nó | |
| [EN] | (c) go bhfuil ar áireamh i sócmhainní an chiste breis agus 10 faoin gcéad de scairchaipiteal eisithe aon chuideachta nó d'aicme ar bith den scairchaipiteal sin, nó | |
| [EN] | (d) faoi réir fho-alt (6), go mbeidh leasanna ábhartha de bhreis agus aicme amháin sa chiste eischósta agus nach bhfaigheann siad go léir sochair dháilte chuí, de réir bhrí fho-alt (7). | |
| [EN] | (4) Chun críocha fho-alt (3) (b), déanfar, in aon tréimhse chuntais, an luach, arna shainiú mar chéatadán de luach shócmhainní uile ciste eischósta, den chion sin de shócmhainní an chiste arb é atá ann leas i gcuideachta aonair, a chinneadh amhail ar an ócáid is déanaí (cibé acu sa tréimhse chuntais sin nó i gceann is luaithe) a bhfuair an ciste leas sa chuideachta sin ar chomaoin in airgead nó i luach airgid; ach déanfar neamhshuim chun na críche sin d'aon ócáid— | |
| [EN] | (a) arbh é a bhí sa leas a fuarthas an sealbhán nua chun críocha mhír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, lena n-áirítear an mhír sin arna cur chun feidhme le mír 3 nó 4 den Sceideal sin, agus | |
| [EN] | (b) nach raibh aon chomaoin le tabhairt ar an leas a fuarthas, seachas an leas arbh é a bhí ann na scaireanna bunaidh chun críocha na míre sin 2, lena n-áirítear an mhír sin arna cur chun feidhme amhlaidh. | |
| [EN] | (5) Ach amháin chun críche luach iomlán shócmhainní ciste eischósta a chinneadh, déanfar neamhsuim, chun críocha fho-alt (3) (b), de leas i gcuideachta más rud é— | |
| [EN] | (a) go seolann an chuideachta gnó baincéireachta sa Stát nó in áit eile, ar gnó é a chuireann saoráidí cuntais reatha nó taisce ar fáil in airgead reatha ar bith do dhaoine den phobal agus do chomhlachtaí corpraithe, agus | |
| [EN] | (b) gurb éard é an leas cuntas reatha nó taisce a chuirtear ar fáil i ngnáthchúrsa ghnó baincéireachta na cuideachta. | |
| [EN] | (6) Déanfar neamhshuim, chun críocha fho-alt (3) (d), d'aon leasanna i gciste eischósta ar leasanna iad— | |
| [EN] | (a) atá á sealbhú go heisiach ag daoine atá fostaithe chun bainisteoireacht a dhéanamh, nó a bhíonn ag gabháil do bhainisteoireacht a dhéanamh, ar shócmhainní an chiste nó i ndáil leis an mbainisteoireacht sin, | |
| [EN] | (b) nach bhfuil aon cheart nó ionchas chun bheith rannpháirteach, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon bhrabúis de chuid an chiste ag gabháil leo, agus | |
| [EN] | (c) nach bhfuil aon cheart ag gabháil leo chun aon ní seachas an praghas a íocadh ar na leasanna a fháil ar ais tráth foirceanta nó fuascailte. | |
| [EN] | (7) Más rud é, in aon tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta, go mbeidh leasanna ábhartha de bhreis agus aicme amháin sa chiste, ansin ní bhfaighidh na haicmí leasanna go léir sochair dháilte chuí (chun críocha fho-alt (3) (d)) mura rud é, dá mba leasanna i gciste eischósta ar leithligh agus dá mba shócmhainní de chuid ciste den sórt sin gach aicme leasanna agus na sócmhainní atá in ionannas don aicme sin, go ndéanfadh gach ceann de na cistí sin ar leithligh (maidir leis an tréimhse sin) beartas dáilte iomlán a shaothrú, de réir bhrí Chuid I den Chúigiú Sceideal. | |
| [EN] | (8) Chun críocha na Caibidle seo agus an Chúigiú Sceideal, tosóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta— | |
| [EN] | (a) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990 nó, más déanaí é, cibé tráth a dtosóidh an ciste ar a ghníomhaíochtaí a sheoladh, agus | |
| [EN] | (b) cibé tráth a gcríochnaíonn tréimhse chuntais an chiste gan an ciste do scor de bheith ag seoladh a chuid gníomhaíochtaí an tráth sin. | |
| [EN] | (9) Chun críocha na Caibidle seo agus an Chúigiú Sceideal, críochnóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta an chéad uair a dtarlóidh aon cheann acu seo a leanas— | |
| [EN] | (a) deireadh tréimhse 12 mhí ó thosach na tréimhse cuntais; | |
| [EN] | (b) dáta cuntasaíochta de chuid an chiste nó, má tá tréimhse ann nach ndéanann an ciste cuntais amach ina haghaidh, deireadh na tréimhse sin; | |
| [EN] | (c) an ciste do scor de bheith ag seoladh a chuid gníomhaíochtaí. | |
| [EN] | (10) Chun críocha na Caibidle seo agus an Chúigiú Sceideal— | |
| [EN] | (a) críochnóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta ar cuideachta é a thagann faoi réim alt 65 (1) (a) má scoireann an chuideachta, agus an tráth a scoirfidh sí, de bheith ina cónaí lasmuigh den Stát, agus | |
| [EN] | (b) críochnóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta ar scéim iontaobhais aonad é a thagann faoi réim alt 65 (1) (b) má thagann iontaobhaithe na scéime, agus an tráth a dtiocfaidh siad, chun bheith ina gcónaí sa Stát. | |
| [EN] | (11) Beidh éifeacht le forálacha Chuid III den Chúigiú Sceideal, agus leis na forálacha forlíontacha atá i gCuid IV den Sceideal sin, maidir leis an nós imeachta chun ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach agus i ndáil leis an deimhniúchán sin. | |
| [EN] |
Cáin ioncaim nó cáin chorparáide a mhuirearú ar ghnóchan ioncaim eischósta. |
67. —(1) Má bhíonn diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo ina bun le gnóchan ioncaim eischósta de réir an Séú Sceideal, ansin, faoi réir fhorálacha an ailt seo, déileálfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, le méid an ghnóchain sin— |
| [EN] | (a) mar ioncam a eascraíonn, tráth na diúscartha, chuig an duine a dhéanann an diúscairt, agus | |
| [EN] | (b) mar mhéid arb é atá ann brabúis nó gnóchain ar arb inmhuirearaithe cáin faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí mhír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ina ndéantar an diúscairt. | |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), beidh éifeacht le halt 4 den Phríomh-Acht agus le halt 8 (2) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le cáin ioncaim nó cáin chorparáide i leith gnóchan ioncaim eischósta amhail mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil nó cáin chorparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe. | |
| [EN] | (3) I bhfeidhmiú alt 4 den Phríomh-Acht de réir fho-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht le mír (c) d'fho-alt (2) den alt sin 4 ach na focail “sa Stát” a fhágáil ar lár. | |
| [EN] | (4) I gcás pearsana aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí orthu, ach nach bhfuil sainchónaí orthu, sa Stát, beidh éifeacht le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 4 den Phríomh-Acht i ndáil le cáin ioncaim is inmhuirearaithe de bhua fho-alt (1) ar ghnóchan ioncaim eischósta amhail mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil i leith gnóchan a d'fhabhraigh chuig na pearsana aonair sin as sócmhainní lasmuigh den Stát a dhiúscairt. | |
| [EN] | (5) (a) Beidh carthanas díolmhaithe ó cháin i leith gnóchain ioncaim eischósta más chun críocha carthanúla is inchaite agus a chaitear é; ach má scoireann maoin a theachtar ar iontaobhais charthanúla de bheith faoi réir iontaobhas carthanúil agus má tá an mhaoin sin in ionannas, go díreach nó go neamhdhíreach, do ghnóchan ioncaim eischósta, déileálfar leis na hiontaobhaithe ionann is dá mba gur dhiúscair siad an mhaoin sin agus go bhfuair siad ar ais láithreach í ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach, agus déileálfar le haon ghnóchan (arna ríomh de réir an Séú Sceideal) a d'fhabhraigh mar ghnóchan ioncaim eischósta nár fhabhraigh chuig carthanas. | |
| [EN] | (b) I mír (a) tá le “carthanas” an bhrí chéanna atá leis in alt 334 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus tá le “margadhluach” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht. | |
| [EN] | (6) In aon chás— | |
| [EN] | (a) inar diúscairt maoine socraithe, de réir bhrí an Phríomh-Achta, diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo, agus | |
| [EN] | (b) chun críocha an Phríomh-Achta, gur lasmuigh den Stát de ghnáth a sheoltar riarachán ginearálta na n-iontaobhas agus nach bhfuil cónaí nó gnáthchónaí sa Stát de thuras na huaire ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach díobh, | |
| [EN] | ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le haon ghnóchan ioncaim eischósta arb í an diúscairt is bun leis. | |
| [EN] |
Gnóchain ioncaim eischósta a fhabhraíonn chuig daoine a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu thar lear. |
68. —(1) Beidh éifeacht le halt 36 den Phríomh-Acht, i ndáil lena fheidhm maidir le gnóchain ioncaim eischósta, ionann is dá ndéanfaí— |
| [EN] | (a) tagairt do ghnóchan ioncaim eischósta a chur in ionad tagairt ar bith do ghnóchan inmhuirearaithe, | |
| [EN] | (b) tagairt do cháin ioncaim nó cáin chorparáide a chur in ionad na tagartha i bhfo-alt (6) do cháin ghnóchan caipitiúil, agus | |
| [EN] | (c) míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (4) agus fo-ált (7) a fhágáil ar lár. | |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), beidh éifeacht le halt 37 den Phríomh-Acht, i ndáil lena fheidhm maidir le gnóchain ioncaim eischósta, ionann is dá ndéanfaí— | |
| [EN] | (a) tagairt do ghnóchan ioncaim eischósta a chur in ionad tagairt ar bith do ghnóchan inmhuirearaithe, | |
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2)— | |
| [EN] | (i) “na nAchtanna Cánach” a chur in ionad “an Achta seo”, agus | |
| [EN] | (ii) “cáin ioncaim inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe ina leith de bhua alt 67 den Acht Airgeadais, 1990 ” a chur in ionad “cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe ina leith faoi alt 5 (1)”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (c) i bhfo-alt (5)— | |
| [EN] | (i) “aon chánach ioncaim nó cánach corparáide is iníoctha” a chur in ionad “aon chánach gnóchan caipitiúil is iníoctha”, agus | |
| [EN] | (ii) “chun críocha cánach ioncaim, cánach corparáide” a chur in ionad “chun críocha cánach ioncaim”. | |
| [EN] | (3) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta— | |
| [EN] | (a) go mbeidh gnóchan inmhuirearaithe le cur i leith tairbhí, faoi fho-alt (3) d'alt 37 den Phríomh-Acht, mar atá feidhm aige ar leith ó fho-alt (2) den alt seo, agus | |
| [EN] | (b) faoin bhfo-alt sin (3), arna chur chun feidhme le fo-alt (2) den alt seo, go mbeidh gnóchan ioncaim eischósta le cur ina leith chomh maith, | |
| [EN] | beidh éifeacht le halt 37 ionann is dá gceanglódh sé gnóchain ioncaim eischósta a chur i leith duine roimh ghnóchain inmhuirearaithe. | |
| [EN] | (4) Beidh éifeacht, i ndáil le gnóchain ioncaim eischósta, le mír 7 de Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht ionann is dá ndéanfaí— | |
| [EN] | (i) “aon ghnóchain ioncaim eischósta”, a chur in ionad “aon ghnóchain inmhuirearaithe”, agus | |
| [EN] | (ii) “cánach ioncaim nó cánach corparáide ina leith faoin alt sin 36 nó 37, arna chur chun feidhme le halt 68 den Acht Airgeadais, 1990 ” a chur in ionad “cánach gnóchan caipitiúil ina leith faoin alt sin 36 nó 37”. | |
| [EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), d'fhonn a chinneadh an bhfuil pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát faoi dhliteanas cánach ioncaim i leith gnóchain ioncaim eischósta ar diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo is bun leis, i gcás inar duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát a dhéanann an diúscairt— | |
| [EN] | (a) beidh feidhm ag ailt 57 agus 58 den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá mba ioncam a thagann chun bheith iníoctha leis an duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát an gnóchan ioncaim eischósta a eascraíonn chuig an duine, agus | |
| [EN] | (b) aon tagairt sna hailt sin 57 agus 58 d'ioncam de chuid duine den sórt sin, nó d'ioncam is iníoctha leis nó a eascraíonn chuige, dá réir sin folaíonn sí tagairt don ghnóchan ioncaim eischósta a eascraíonn chuige de thoradh na diúscartha lena mbaineann an Chaibidil seo. | |
| [EN] | (6) Sa mhéid go ndéileálfar le gnóchan ioncaim eischósta, de bhua fho-alt (1) nó (2), mar ghnóchan a d'fhabhraigh chuig aon duine a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát, ní mheasfar gur ioncam de chuid aon phearsan aonair an gnóchan sin chun críocha alt 57 nó 58 den Acht Airgeadais, 1974 , nó Chaibidil I agus II de Chuid XXVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
| [EN] |
Gnóchan ioncaim eischósta a asbhaint le linn gnóchan caipitiúil a bheith á chinneadh. |
69. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás diúscairt (is diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo) a bheith ina bun le gnóchan ioncaim eischósta agus, más diúscairt ar an leas lena mbaineann, chun críocha an Phríomh-Achta, an diúscairt sin freisin, ansin gairfear “an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta” den diúscairt sin san alt seo. |
| [EN] | (2) A mhéid a bhaineann siad le gnóchan ioncaim eischósta a eascraíonn ar dhiúscairt ábhartha (de réir bhrí Chuid I den Séú Sceideal), beidh éifeacht le fo-ailt (3) agus (4) i ndáil leis an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta in ionad mhír 2 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin. | |
| [EN] | (3) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, le linn aon ghnóchan a fhabhraíonn as an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta a bheith á ríomh de réir Chuid I de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (faoi réir na bhforálacha breise i Sceidil 2 agus 3 a ghabhann leis an Acht sin), déanfar suim ar cóimhéid leis an ngnóchan ioncaim eischósta a asbhaint ón tsuim arb é a bheadh inti thairis sin méid nó luach na comaoine i leith na diúscartha. | |
| [EN] | (4) Más é atá diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta diúscairt de chineál a fhágann, de bhua mhír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin, go mbeidh cionroinnt le déanamh ar chaiteachas áirithe, ansin ní dhéanfar aon asbhaint de bhua fho-alt (3) le linn méid nó luach na comaoine i leith na diúscartha a bheith á chinneadh chun críocha na cionroinnte i bhfomhír (2) den mhír sin 6. | |
| [EN] | (5) Más cuid í an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta d'aistriú lena mbaineann mír 6 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, ansin, chun críocha fhomhír (4) den mhír sin, measfar gurb é luach na comaoine iomláine a fuair an t-aistreoir mar mhalairt ar an ngnó an luach a bheadh léi dá ndéanfaí luach na comaoine (seachas scaireanna a fuair an t-aistreoir amhlaidh) a laghdú de shuim ar cóimhéid leis an ngnóchan ioncaim eischósta. | |
| [EN] | (6) I gcás an diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo a bheith ina diúscairt den sórt sin de bhua alt 63 (6) nó 64 (5), ansin beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht ionann is dá mbeadh méid ar comhionann leis an ngnóchan ioncaim eischósta, arb í an diúscairt is bun leis, tugtha (ag an duine a dhéanann an malartú lena mbaineann) mar chomaoin i leith an tsealbháin nua, de réir bhrí mhír 2 (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin. | |
| [EN] | (7) In aon chás— | |
| [EN] | (a) ina ndéanfar diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo de bhua fho-alt (3) d'alt 64 ar shlí seachas leis an gciste eischósta lena mbaineann nó leis na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt sin, agus | |
| [EN] | (b) go ndéanfar, dá éis sin, dáileadh is inchurtha i leith na sócmhainne a diúscraíodh a íoc leis an duine a rinne an diúscairt nó le duine a bhfuil baint aige leis, agus | |
| [EN] | (c) go mbeidh an diúscairt ina bun (de réir Chuid II den Séú Sceideal) le gnóchan ioncaim eischósta, | |
| [EN] | ansin, chun críocha na nAchtanna Cánach, measfar méid an chéad dáilte a thagann faoi réim mhír (b) a bheith laghdaithe nó, de réir mar a bheidh, múchta trí mhéid ar comhionann leis an ngnóchan ioncaim eischósta dá dtragraítear i mír (c) a asbhaint uaidh agus, más mó an méid sin ná méid an chéad dáilte, déanfar an t-iarmhéid a fhritháireamh in aghaidh an dara dáileadh agus, más gá, in aghaidh aon dáileadh dá éis sin a thagann faoi réim mhír (b), go dtí go mbeidh an t-iarmhéid ídithe. | |
| [EN] | (8) Beidh feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha fho-alt (7) (b). |