An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha ina leith)

11 1990

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Coinníollacha is féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Chead a Thabhairt chun Talamh a Fhorbairt

Alt 12.

1. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (e) den Phríomh-Acht, á cheangal urrús a thabhairt go gcríochnófar go sásúil an fhorbairt bheartaithe (lena n-áirítear bóithre, spásanna oscailte, carrchlóis, séaraigh, mórphíopaí uisce nó draenacha a chothabháil go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí faoina gcúram iad).

2. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (g) den Phríomh-Acht, á cheangal go ndéanfar ranníoc faoi chomhair caiteachais a thabhaigh aon údarás áitiúil i leith oibreacha (lena n-áirítear spásanna oscailte a chur ar fáil) a d'urasaigh an fhorbairt bheartaithe.

3. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (h) den Phríomh-Acht, á cheangal go ndéanfar ranníoc faoi chomhair caiteachais (lena n-áirítear caiteachas ag fáil talún) a bheartóidh aon údarás áitiúil a thabhú maidir le hoibreacha a urasóidh an fhorbairt bheartaithe.

4. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (j) den Phríomh-Acht, á cheangal déanmhas fógráin a dhíchur.

5. Aon choinníoll faoi alt 26 (2) (j) den Phríomh-Acht i gcás gur le déanmhas sealadach a bhaineann an t-iarratas iomchuí ar chead.

6. Aon choinníoll a bhaineann le haon ní nó le gach ní acu seo a leanas—

(a) méid, airde, achar urláir agus carachtar déanmhas;

(b) línte tógála, cumhdach an láithreáin, agus an spás timpeall teaghaisí agus déanmhas eile;

(c) méid na n-ionad loctha a mbeidh gá leo i ndéanmhais d'aicme nó de mhéid áirithe nó orthu nó fúthu nó seirbhísí nó saoráidí chun feithiclí a locadh, a luchtú, a dhíluchtú nó a bhreoslú;

(d) na rudaí is cead a dhaingniú de dhéanmhais;

(e) na críocha chun a bhféadfar agus an modh ar a bhféadfar déanmhais a úsáid nó a áitiú, lena n-áirítear, i gcás teaghaisí, iad a ligean ina dtionóntáin ar leithligh.

7. Aon choinníoll a bhaineann le dearadh agus dathanna déanmhas agus na hábhair dá ndéanfar iad.

8. Aon choinníollacha lena ndéantar talamh sonraithe a chur in áirithe nó a dháileadh le haghaidh déanmhas d'aicme nó d'aicmí sonraithe, nó lena ndéantar tógáil, foirgniú nó déanamh aon aicme nó aicmí áirithe déanmhas ar aon talamh sonraithe a thoirmeasc nó a shrianadh go buan nó go sealadach.

9. Aon choinníoll lena gcuirtear teorainn leis an méid déanmhas d'aicme áirithe is féidir a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ar aon talamh sonraithe nó ann nó faoi.

10. Aon choinníoll a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) eagar nó leagan amach déanmhas nó déanmhas d'aon aicme sonraithe (lena n-áirítear méid réasúnach spáis oscailte a chur in áirithe i gcomhréir le líon, aicme agus carachtar na ndéanmhas a bheidh i dtrácht in aon togra áirithe i dtaobh forbartha);

(b) an modh ar a ndéanfar aon talamh a leagan amach chun críocha forbartha, lena n-áirítear ceanglais maidir le leagan amach bóithre, tírdhreachú, plandáil;

(c) soláthairtí uisce, séaraigh, draenacha agus soilsiú poiblí a chur ar fáil;

(d) bóithre seirbhíse a chur ar fáil agus suíomh agus dearadh bealaí go dtí bóithre;

(e) saoráidí a chur ar fáil chun feithiclí a locadh, a dhíluchtú, a luchtú agus a bhreoslú ar aon talamh.

11. Aon choinníoll a bhaineann le hathrú nó díchur déanmhas neamhúdaraithe.

12. Aon choinníoll a bhaineann le leagan amach na forbartha beartaithe, lena n-áirítear tiús, spásáil, grúpáil agus treo-shuíomh déanmhas i gcomhréir le bóithre, spásanna oscailte agus déanmhais eile.

13. Aon choinníoll a bhaineann le soláthar agus suíomh seirbhísí sláintíochta agus saoráidí caitheamh aimsire.

14. Aon choinníoll lena ndéantar talamh a chur in áirithe mar pháirc phoiblí, mar ghairdín poiblí nó mar spás caitheamh aimsire poiblí, ar talamh é a úsáidtear mar sin de ghnáth.

15. Aon choinníoll a bhaineann le foirgnimh is ábhar spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire a shlánchoimeád.

16. Aon choinníoll a bhaineann le pláistéireacht, staighrí, obair adhmaid nó daingneáin nó gnéithe eile is díol spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire agus is cuid den taobh istigh de dhéanmhais a shlánchoimeád.

17. Aon choinníoll a bhaineann le huaimheanna, láithreáin, gnéithe agus rudaí eile is ábhar spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta nó staire a shlánchoimeád.

18. Aon choinníoll a bhaineann le hamhairc agus radharcanna agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta a shlánchoimeád.

19. Aon choinníoll a bhaineann le crainn, toir, plandaí agus bláthanna a shlánchoimeád agus a chosaint.

20. Aon choinníoll ag cur toirmisc nó srianadh, nó ag déanamh rialú, i gcoitinne nó laistigh d'fhad sonraithe ó lárlíne aon bhóthair shonraithe, ar thógáil gach saghas nó aon saghsanna áirithe déanmhais fógráin nó ar thaispeáint gach saghas nó aon saghsanna áirithe fógráin.

21. Aon choinníoll lena ndéantar díobháil do thaitneamhachtaí a chosc, a leigheas nó a dhíchur ar díobháil í de bharr aon déanmhas a bheith ligthe i léig nó i bhfaillí nó de bharr cuma mhíthaitneamhach nó cuma na faillí a bheith ar aon talamh atá ag gabháil le déanmhas nó tadhlach le haon bhóthar poiblí nó atá i limistéar tithe cónaithe.

22. Aon choinníoll lena dtoirmisctear, lena rialáiltear nó lena rialaítear cur nó diúscairt iarmhair agus bruscair, diúscairt séarachais agus truailliú aibhneacha, lochanna, linnte, lintéar agus cladach farraige.

23. Aon choinníoll lena slánchoimeádtar aon cheart slí poiblí láithreach a thugann bealach chun farraige, chun sléibhe, go bruach locha nó abhann, nó chun áite eile a ngabhann áilleacht nádúrtha leis nó a úsáidtear le haghaidh caitheamh aimsire.

24. Aon choinníoll a bhaineann le hábhar a bhféadfaí ceanglas a fhorchur ina leith faoi áon Acht eile, nó faoi aon ordú, rialachán, riail nó fodhlí arna dhéanamh faoi aon Acht eile, gan dliteanas cúitimh a bheith i gceist.

25. Aon choinníoll a bhaineann le bearta chun astaíocht nó intíocht torainn nó tonnchreatha a laghdú nó a chosc.

26. Aon choinníoll lena dtoirmisctear teach ináitrithe a scartáil.

27. Aon choinníoll a bhaineann le líonadh talún.

28. Aon choinníoll ar mhaithe le sábháilteacht aerárthaí nó le loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a chinntiú.

29. Aon choinníoll lena gcinntear an t-ord ina seolfar oibreacha nó lena sonraítear tréimhse ar laistigh di a chuirfear oibreacha i gcrích.

30. Aon choinníoll ag cur srian le háitiú déanmhais ar bith atá ar áireamh i bhforbairt go dtí go mbeidh oibreacha eile san fhorbairt curtha i gcrích nó go dtí go gcomhlíonfar aon choinníoll sonraithe eile nó go dtí go dtabharfaidh an t-údarás pleanála a dtoiliú leis an áitiú sin.