An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990) Ar Aghaidh (CUID II Cúiteamh i gCoitinne)

11 1990

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, agus den Acht seo, le chéile.

(3) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Pleanála;

ciallaíonn “teach ináitrithe” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh—

(a) a úsáidtear mar theaghais, nó

(b) nach bhfuil in úsáid ach a bhí, nuair a úsáideadh go deireanach é, gan aird a thabhairt ar aon úsáid neamhúdaraithe, á úsáid mar theaghais, nó

(c) a cuireadh ar fáil lena úsáid mar theaghais ach nár áitíodh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

(2) San Acht seo, mura gcuirtear a mhalairt in iúl, aon tagairt d'alt, do Sceideal nó do Chuid is tagairt í d'alt, nó do Chuid den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile.

Aisghairm agus cosaint.

3. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas: alt 45 (2) agus Cuid VI den Phríomh-Acht agus alt 24 den Public Health (Ireland) Act, 1878.

(2) D'ainneoin alt 69 den Phríomh-Acht a bheith aisghairthe leis an Acht seo, beidh feidhm ag alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le halt 69 (1) den Phríomh-Acht, maidir le gach cás, seachas cás faoin Acht seo, ina mbeidh aon chúiteamh a mheasúnaítear iníoctha ag údarás pleanála nó ag aon údarás áitiúil eile.

(3) Leasaítear leis seo alt 25 (8) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, trí na focail “agus go mbeidh an t-ábhar le cinneadh trí eadráin de bhua alt 68 den Phríomh-Acht, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:” a scriosadh, agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad, eadhon, “, déanfar, cheal comhaontaithe, an t-éileamh a chinneadh trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar an gcaoi céanna, ar gach cuma, amhail is dá n-éireodh an t-éileamh sin i ndáil le fáil éigeantach talún, ach faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhachtain nialais a dhéanamh agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas:”.