An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Cúiteamh i ndáil le Cinntí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht)

11 1990

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990

CUID II

Cúiteamh i gCoitinne

Éilimh ar chúiteamh: teorainneacha ama.

4. —Ní mór éileamh ar chúiteamh faoin Acht seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná sé mhí—

(a) i gcás éileamh faoi alt 11, tar éis cinneadh an údaráis pleanála nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, a bheith curtha in iúl,

(b) i gcás éileamh faoi alt 17, tar éis an trátha a nglacann an fógra éifeacht,

(c) i gcás éileamh faoi alt 18, tar éis an déanmhas a dhíchur nó a athrú,

(d) i gcás éileamh faoi alt 19, tar éis an scoir nó an chomhlíonta,

(e) i gcás éileamh faoi alt 20, tar éis an fál a dhíchur nó a athrú,

(f) i gcás éileamh faoi alt 21, tar éis an dáta a ndiúltaítear toiliú a thabhairt nó a dtugtar toiliú faoi réir coinníollacha,

(g) i gcás éileamh faoi alt 22, tar éis an trátha a dtosóidh an t-ordú, ina mbunaítear an ceart slí poiblí, d'éifeacht a bheith leis,

(h) i gcás éileamh faoi alt 23, tar éis an trátha a mbaineann an damáiste don duine, agus

(i) i gcás éileamh faoi alt 24, tar éis ghníomh an údaráis pleanála.

Éileamh ar chúiteamh a chinneadh.

5. —Déanfar éileamh ar chúiteamh faoin Acht seo a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ach sin faoi réir na nithe seo a leanas—

(a) an Chéad Sceideal, maidir le laghdú ar luach leasa i dtalamh,

(b) an coinníoll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhachtain nialais a dhéanamh, agus

(c) feidhm an Chéad Sceidil i gcás éileamh ar chúiteamh faoi Chuid IV i leith laghdú ar luach leasa, ionann is dá mba é a bhí sa tagairt don “cinneadh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht” nó don “cinneadh sin”, tagairt, i ndáil le gach ceann de na hailt sa Chuid sin a luaitear i gColún A den Tábla a ghabhann leis an alt seo, don ábhar atá leagtha amach i gColún B den Tábla sin os coinne na tagartha, i gColún A de, don alt sin.

AN TÁBLA

Colún A

Alt

Colún B

18

déanmhas a dhíchur nó a athrú ar scór fógra faoi alt 36 den Phríomh-Acht.

19

scor, nó coinníollacha a chomhlíonadh maidir le leanúint, de thalamh a úsáid ar scór fógra faoi alt 37 den Phríomh-Acht.

20

fál a dhíchur nó a athrú ar scór fógra faoi alt 44 den Phríomh-Acht.

21

diúltú an toiliú a thabhairt is gá faoi ordú faoi alt 45 den Phríomh-Acht, nó toiliú den sórt sin a thabhairt faoi réir coinníollacha.

22

an t-údarás pleanála do dhéanamh ordú faoi alt 48 den Phríomh-Acht chun ceart slí poiblí a bhunú.

24

gníomh an údaráis pleanála de bhun alt 85 den Phríomh-Acht.

Rialacháin i ndáil le cúiteamh.

6. —Féadfar foráil a dhéanamh do na nithe seo a leanas i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire—

(a) an fhoirm ina ndéanfar éilimh ar chúiteamh,

(b) éilitheoir do sholáthar fianaise i dtaca lena éileamh mar aon le faisnéis maidir lena leas sa talamh lena mbaineann an t-éileamh,

(c) ráiteas ó éilitheoir i dtaobh ainmneacha agus seoltaí na ndaoine eile go léir (sa mhéid go mbeidh siad ar eolas aige) a bhfuil leas acu sa talamh lena mbaineann an t-éileamh, agus, mura dtarraingeofar siar an t-éileamh, an t-údarás pleanála nó an t-éilitheoir do thabhairt fógra i dtaobh gach duine eile (más ann) a ndealraítear dó nó dóibh leas a bheith aige sa talamh,

(d) an fhaisnéis agus na doiciméid a bheidh le cur isteach i dteannta iarratais ar ordú faoi alt 14,

(e) an fhaisnéis agus na doiciméid a bheidh le cur isteach ag an údarás pleanála i ndáil le hiarratas ar ordú faoi alt 14.

Toirmeasc ar chúiteamh dúbailte.

7. —I gcás go mbeadh duine, murach an t-alt seo, i dteideal cúitimh faoin Acht seo maidir le haon ábhar nó ní agus go mbeadh teideal aige freisin chun cúitimh faoi aon achtachán eile maidir leis an ábhar nó leis an ní céanna, ní bheidh sé i dteideal cúiteamh maidir leis an ábhar nó leis an ní sin a fháil faoin Acht seo agus faoin achtachán eile, agus ní bheidh sé i dteideal aon mhéid cúitimh faoin Acht seo, maidir leis an ábhar nó leis an ní sin, is mó ná méid an chúitimh a mbeadh teideal aige chuige faoin achtachán eile maidir leis an ábhar nó leis an ní sin.

Cúiteamh a ghnóthú ó údarás pleanála.

8. —(1) An cúiteamh go léir is iníoctha ag an údarás pleanála faoin Acht seo, beidh sé, nuair a bheifear tar éis a mhéid a chinneadh trí chomhaontú nó trí eadráin de réir an Achta seo, inghnóthaithe ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Na costais agus na caiteachais go léir a thabhóidh na páirtithe in eadráin chun méid aon chúitimh a chinneadh, beidh siad, sa mhéid go mbeidh na costais agus na caiteachais sin iníoctha ag an údarás pleanála, inghnóthaithe ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó ag aon Acht eile, nó faoin gcéanna, i ndáil le hairgead is inghnóthaithe, de bhua an ailt seo, mar fhiach conartha shimplí, ionann is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin, arna leasú nó arna oiriúnú amhlaidh, an t-airgead sin.

(4) I gcás ina n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach sa chúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine i leith aon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, chun ioncam uaidh a íoc nó chun a chaipiteal a íoc.

Cúiteamh a chlárú.

9. —(1) Más rud é, ar éileamh ar chúiteamh faoi Chuid III, go mbeidh cúiteamh de mhéid is mó ná céad punt tagtha chun bheith iníoctha, ullmhóidh agus coinneoidh an t-údarás pleanála ráiteas á lua sin, ina sonrófar gur diúltaíodh cead a thabhairt nó gur tugadh cead faoi réir coinníollacha, nó gur cúlghaireadh an cead nó gur modhnaíodh é, an talamh lena mbaineann an t-éileamh ar chúiteamh, agus méid an chúitimh.

(2) (a) Déanfaidh údarás pleanála sonraí i dtaobh na ráiteas a d'ullmhaigh siad faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár a choimeádfar de bhun alt 8 den Phríomh-Acht.

(b) Déanfar gach taifead den sórt sin laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a ullmhaítear an ráiteas.

Údarás áitiúil do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin.

10. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo ar thalamh a mbeidh ráiteas (dá ngairtear ráiteas cúitimh san alt seo) cláraithe ina leith (cibé acu faoi alt 72 den Phríomh-Acht nó faoi alt 9 den Acht seo) go dtí go mbeidh cibé méid is inghnóthaithe faoin alt seo maidir leis an gcúiteamh a shonrófar sa ráiteas íoctha nó urraithe chun sástachta an údaráis pleanála.

(2) Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt (seachas forbairt eiscthe), is forbairt den chineál a shonraítear in alt 13 (2):

Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon fhorbairt de bhua ceada chun talamh a fhorbairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht dá dtagraítear in alt 13 (5) i gcás an cead sin a bheith tugtha faoi réir coinníollacha seachas coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal,

(ii) i gcás gur tháinig an cúiteamh a bheidh sonraithe sa ráiteas chun bheith iníoctha de dhroim coinníollacha a fhorchur ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir leis an bhforbairt ar lena haghaidh a tugadh an cead sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), is é an méid is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh—

(a) más ionann an talamh ar a mbeifear chun an fhorbairt a dhéanamh (dá ngairtear an limistéar forbraíochta san fho-alt seo) agus an talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh, nó má fholaíonn sé (maraon le talamh eile) iomlán na talún sin, an méid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin;

(b) más cuid den talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh an limistéar forbraíochta, nó má fholaíonn an limistéar forbraíochta cuid den talamh sin maraon le talamh eile nach bhfuil i dtrácht sa ráiteas sin, an oiread den mhéid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin agus is inchurtha i leith talún a bheidh i dtrácht sa ráiteas sin agus a bheidh laistigh den limistéar forbraíochta.

(4) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (3), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an t-údarás pleanála (más dóigh leo gur praiticiúil sin a dhéanamh) méid an chúitimh a chionroinnt idir na codanna éagsúla den talamh de réir mar is dóigh leo difríocht éagsúil a bheith déanta do na codanna sin trína dhiúltú cead a thabhairt nó trí cead a thabhairt faoi réir coinníoilacha;

(b) mura ndéanfar aon chionroinnt, áireofar méid an chúitimh a bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an talamh lena mbainfidh an ráiteas;

(c) má dhéantar cionroinnt, áireofar an cúiteamh a bheith dáilte de réir na cionroinnte sin amhail idir na codanna éagsúla den talamh ar faoina dtreoir a dhéanfar an chionroinnt, agus áireofar an oiread den chúiteamh agus a chuirfear, de réir na cionroinnte, i leith chuid den talamh a bheith dáilte go rátúil, de réir achair thar an gcuid sin den talamh;

(d) má chuireann duine ar bith cionroinnt faoin bhfo-alt seo i ndíospóid, cuirfear an díospóid faoi bhráid eadránaí maoine agus cinnfidh sé í.

(5) Má tharlaíonn, maidir le forbairt aon talún, go mbeidh méid inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh, ansin, ní bheidh méid ar bith inghnóthaithe, a mhéid is inchurtha i leith na talún sin é, maidir le haon fhorbairt a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

(6) Aon suim a bheidh inghnóthaithe faoin alt seo i leith aon chúitimh beidh sí iníoctha leis an údarás pleanála, agus—

(a) beidh sí iníoctha amhlaidh in aon íocaíocht chaipitil amháin nó ina sraith de thráthchodanna caipitil agus úis le chéile (agus an t-ús á chinneadh de réir an ráta chéanna le fiach breithiúnais), nó mar shraith d'íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla eile, a mbeidh cibé méideanna iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna, a ordóidh an t-údarás pleanála, tar éis dóibh aon uiríolla ón duine a bheidh chun an fhorbairt a dhéanamh a chur san áireamh, agus

(b) ach amháin i gcás inar in aon íocaíocht chaipitil amháin is iníoctha an méid sin, urróidh an duine sin é ar cibé modh (trí mhorgáiste, trí chúnant nó ar shlí eile) a ordóidh an t-údarás pleanála.

(7) Má thionscnaíonn aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil air, ag sonrú an méid ar dóigh leo gurb é an méid é is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh i gceist, agus á cheangal air an méid sin a íoc leo laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná trí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, a shonrófar san fhógra, agus, mura n-íocfar an méid sin leis an údarás pleanála laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.