An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cúiteamh i gCoitinne) Ar Aghaidh (CUID IV Cúiteamh i ndáil le hAilt 36, 37, 44, 45, 48, 83 agus 85 den Phríomh-Acht)

11 1990

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990

CUID III

Cúiteamh i ndáil le Cinntí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht

Ceart chun cúitimh.

11. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil, de bharr cinneadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht inar diúltaíodh cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt nó inar tugadh an cead sin faoi réir coinníollacha, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh lena mbaineann an cinneadh an tráth a rinneadh an cinneadh, beidh an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo, i dteideal go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh—

(a) cibé méid, in ionannas don laghdú ar an luach, ar a gcomhaontófar,

(b) cheal comhaontaithe, méid an laghdaithe sin ar an luach, arna chinneadh de réir an Chéad Sceidil, agus

(c) i gcás áititheoir na talún, méid an damáiste (más ann) dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm a sheoltar ar an talamh.

Cúiteamh a shrianadh.

12. —(1) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha maidir le diúltú cead a thabhairt le haghaidh forbairt ar bith—

(a) d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Dara Sceideal, nó

(b) más é is cúis, nó más ceann de na cúiseanna, leis an diúltú cúis atá leagtha amach sa Tríú Sceideal.

(2) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha maidir le forchur aon choinníll, is d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal, ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt.

(3) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha maidir le diúltú cead a thabhairt, nó le forchur coinníollacha ar chead a thabhairt, chun aon déanmhais lena mbaineann alt 28 den Phríomh-Acht a choinneáil ar thalamh.

(4) Más rud é, faoi alt 29 den Phríomh-Acht, go bhfuil sé de dhualgas ar údarás pleanála leas i dtalamh a fháil, ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha i ndáil leis an leas sin.

Fógra ag cur cosc le cúiteamh.

13. —(1) I gcás ina ndéanfar éileamh ar chúiteamh faoi alt 11, féadfaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dóibh an t-éileamh a fháil agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis, fógra i cibé foirm a bheidh forordaithe a sheirbheáil ar an duine a rinne an t-éileamh nó a ndearnadh thar a cheann é, á rá gurb é a dtuairim, d'ainneoin gur diúltaíodh cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt nó gur deonaíodh an cead sin faoi réir coinníollacha, gur féidir forbairt eile a dhéanamh ar an talamh atá i gceist agus gur chóir go dtabharfaí cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht le haghaidh na forbartha sin.

(2) Chun críche fho-alt (1), ciallaíonn forbairt eile forbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionsclaíoch, arb é a bheidh inti go hiomlán nó go formhór na nithe seo a leanas a fhoirgniú, eadhon, tithe, árasáin, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh den chéanna.

(3) Fanfaidh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm go ceann tréimhse cúig bliana dar tosach dáta seirbheála an fhógra mura rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite—

(a) go ndéanfaidh an t-údarás pleanála an fógra a tharraingt siar, nó

(b) go dtabharfar cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí atá ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, gan an cead a bheith faoi réir aon choinníollacha nó é bheith faoi réir coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal, nó

(c) go gcuirfear an fógra ar neamhní de bhua fho-alt (5).

(4) Ní bheidh cúiteamh iníoctha ar éileamh arna dhéanamh faoi alt 11 más rud é—

(a) go mbeidh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh sin, nó

(b) go raibh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh sin ach go bhfuil sé scortha de bheith i bhfeidhm toisc an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) a bheith caite agus nach ndearnadh, laistigh den tréimhse sin a dúradh, iarratas ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bhí sonraithe san fhógra, nó

(c) go raibh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh ach go bhfuil sé scortha de bheith i bhfeidhm de bhua mhír (b) d'fho-alt (3).

(5) Cuirfear fógra faoi fho-alt (1) ar neamhní más rud é, ar iarratas ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, go ndiúltófar an cead sin a thabhairt nó go dtabharfar an cead sin faoi réir coinníollacha seachas coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal.

(6) Ní bheidh aon ábhar éilimh ann ar chúiteamh faoi alt 11 i ndáil le cinneadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht dá dtagraítear i bhfo-alt (5).

(7) Leasaítear leis seo alt 29 (1) (b) den Phríomh-Acht trí na focail “nó a bhfuil geallta ag an údarás pleanála cead den sórt sin a thabhairt ina leith,” i ndiaidh na bhfocal “den Acht seo”, a scriosadh.

Srianta ar ailt 12 agus 13.

14. —(1) Más rud é, i gcás a cinneadh ar achomharc faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, ach amháin i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (2), gur diúltaíodh cead a thabhairt chun aon talamh a fhorbairt, nó gur tugadh cead den sórt sin faoi réir aon choinníll a bhaineann le haon cheann de na hábhair atá leagtha amach i míreanna 8 agus 9 den Cheathrú Sceideal, ní choiscfidh aon ní in alt 12 cúiteamh a íoc más rud é, tar éis iarratas chuige sin a bheith déanta laistigh de dhá mhí tar éis don Bhord fógra faoin gcinneadh a thabhairt, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a lamhálfaidh an tAire, go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cothrom ná réasúnach, sna himthosca áirithe, go gcoiscfí cúiteamh a íoc le forálacha alt 12.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)—

(a) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun aon déanmhas fógráin a thógáil nó chun aon talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint,

(b) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar cuid di aon déanmhas nó aon bhreis a chur le déanmhas nó aon mhéadú a dhéanamh ar dhéanmhas más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—

(i) go mbrisfeadh sé líne fhoirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne fhoirgníochta arna cinneadh ag an údarás pleanála nó ag an mBord;

(ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí;

(iii) gur bhaol é do shláinte nó do shábháilteacht daoine a bheadh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis; nó

(iv) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail, agus

(c) i gcás gur seirbheáladh fógra faoi alt 13 (1).

(3) Más rud é, i gcás inar seirbheáladh fógra faoi alt 13 (1), ach amháin i gcás dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2), go ndéanfar, ar iarratas dá éis sin ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, an cead sin a thabhairt faoi réir aon choinníll a bhaineann le haon cheann de na hábhair atá leagtha amach i míreanna 8 agus 9 den Cheathrú Sceideal, ansin, ní choiscfidh aon ní in alt 12 ná in alt 13 cúiteamh a íoc más rud é, tar éis iarratas chuige sin a bheith déanta laistigh de dhá mhí tar éis fógra faoin gcinneadh a bheith tugtha (ach ní ina dhiaidh sin), go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cothrom ná réasúnach, sna himthosca áirithe, go gcoiscfí cúiteamh a íoc le forálacha alt 12 nó alt 13.

Foráil speisialta le haghaidh déanmhas a ghlacann go substaintiúil ionad déanmhas a scartáladh nó a scriosadh le tine.

15. —(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 12 cúiteamh a íoc—

(a) i gcás ina mbeifear tar éis diúltú cead a thabhairt chun déanmhas nua a thógáil a ghlacfadh go substaintiúil ionad déanmhais (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a scartáladh nó a scriosadh le tine nó eile laistigh den dá bhliain díreach roimh dháta an iarratais ar chead nó ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur nach bhféadfaí dá dheasca an déanmhas nua sin a úsáid chun na críche chun ar úsáideadh go deireanach an déanmhas a scartáladh nó a scriosadh, nó

(b) i gcás ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur a bhfuil an déanmhas nua dá dtagraítear i mír (a) nó a aghaidh, nó aghaidh déanmhais láithrigh (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a tógadh anuas chun é a atógáil nó a athrú, curtha siar nó curtha chun tosaigh dá bharr.

(2) Is é an Bord a chinnfidh gach díospóid agus ceist i dtaobh cé acu a ghlacfadh nó a ghlacann déanmhas nua go substaintiúil, de réir bhrí fho-alt (1), ionad déanmhais a scartáladh nó a scriosadh.

Srian le cúiteamh a shannadh faoi alt 11.

16. —Ní bheidh duine i dteideal iomlán aon chúitimh ionchasaigh faoi alt 11, nó aon chuid den chéanna, a shannadh d'aon duine eile, agus ní bailí d'aon sannadh nó gealltanas airbheartaithe, cibé acu sainráite nó intuigthe, chun aon airgead i leith aon chúitimh den sórt sin a íoc le haon duine eile.

Cúiteamh i gcás cead a chúlghairm nó a mhodhnú.

17. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis cead chun talamh a fhorbairt a chúlghairm nó a mhodhnú le fógra faoi alt 30 den Phríomh-Acht—

(a) más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis pleanála, go suífear go bhfuil aon duine ag a bhfuil leas sa talamh tar éis dul faoi chaiteachas ag déanamh oibreacha atá curtha ó chrích ag an gcúlghairm nó an modhnú, íocfaidh an t-údarás sin leis an duine sin cúiteamh i leith an chaiteachais sin;

(b) beidh feidhm ag forálacha an Achta seo i ndáil leis an bhfógra i gcás inar chúlghair sé an cead nó inar mhodhnaigh sé é trí choinníollacha a fhorchur—

(i) i gcás inar chúlghair sé an cead, mar atá feidhm acu i ndáil le diúltú cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, agus

(ii) i gcás inar mhodhnaigh sé an cead trí choinníollacha a fhorchur, mar atá feidhm acu i ndáil le cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha,

faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin, go ndéanfar tagairt don tráth a ghlacfaidh an fógra éifeacht a chur in ionad aon tagartha do thráth aon chinnidh agus, in alt 12 (4), go bhforléireofar an tagairt d'alt 29 den Phríomh-Acht mar thagairt don alt sin arna chur chun feidhme le halt 30 den Acht sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, aon chaiteachas faoina rachfar le réasún ag ullmhú pleananna chun críocha aon oibreacha nó le hábhair eile dá shamhail sin ag ullmhú chucu sin measfar é bheith ar áireamh sa chaiteachas faoina rachfar ag déanamh na n-oibreacha sin ach, lasmuigh dá bhfuil ráite anseo roimhe seo, ní íocfar cúiteamh ar bith de bhua an ailt seo i leith aon oibreacha a rinneadh sular tugadh an cead a bheidh cúlghairthe nó modhnaithe, ná i leith aon chaillteanais nó damáiste eile de bharr aon ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh sular tugadh an cead sin.