|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Cúiteamh i ndáil le Cinntí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht) | Ar Aghaidh (CUID V Áitreabh a Cheangal le Séaraigh Phoiblí agus le Soláthairtí Uisce Poiblí) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Cúiteamh i ndáil le hAilt 36, 37, 44, 45, 48, 83 agus 85 den Phríomh-Acht | |
| [EN] |
Déanmhas a dhíchur nó a athrú (1963, alt 36). |
18. —(1) Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca aon déanmhas a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 36 den Phríomh-Acht, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa déanmhas tráth an fhógra nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa déanmhas an tráth sin trí shealúchas an déanmhais aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin. |
| [EN] | (2) Más rud é, faoi alt 29 den Phríomh-Acht arna chur chun feidhme le fo-alt (9) d'alt 36 den Acht sin, go bhfuil sé de dhualgas ar an údarás pleanála leas i dtalamh a fháil, ní bheidh cúiteamh iníoctha, de bhun an ailt seo, i ndáil leis an leas sin. | |
| [EN] |
Scor d'úsáid (1963, alt 37). |
19. —(1) Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó de dheasca gur comhlíonadh coinníollacha maidir le leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh de dhroim fógra faoi alt 37 den Phríomh-Acht, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh tráth an fhógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh an tráth sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin, ar choinníoll nach n-íocfar aon chúiteamh faoin alt seo i ndáil le damáiste a leanann as coinníollacha a fhorchur, faoi alt 37 den Phríomh-Acht, maidir le leanúint de thalamh a úsáid, ar coinníollacha iad a forchuireadh chun uiscethruailliú tromaí nó baol truaillithe den sórt sin a sheachaint nó a laghdú. |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás gur úsáid le fógraíocht a thaispeáint úsáid na talún mura raibh an talamh, tráth an scoir nó an chomhlíonta sin, á úsáid le fógraíocht a thaispeáint ar feadh tréimhse is giorra ná cúig bliana, cibé acu is úsáid chomhleanúnach nó úsáid eatramhach an úsáid sin agus cibé acu a bhí nó nach raibh, le linn an talamh a bheith á úsáid amhlaidh, fógraíocht á taispeáint san áit chéanna ar an talamh. | |
| [EN] | (3) Más rud é, faoi alt 29 den Phríomh-Acht arna chur chun feidhme le fo-alt (8) d'alt 37 den Acht sin, go bhfuil sé de dhualgas ar an údarás pleanála leas i dtalamh a fháil, ní bheidh cúiteamh iníoctha, de bhun an ailt seo, i ndáil leis an leas sin. | |
| [EN] |
Fál a dhíchur nó a athrú (1963, alt 44). |
20. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca aon fhál a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 44 den Phríomh-Acht, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh tráth an fhógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh an tráth sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin. |
| [EN] |
Orduithe slánchoimeádta crann (1963, alt 45). |
21. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca aon chinneadh ón údarás diúltú toiliú a thabhairt ba ghá faoi ordú faoi alt 45 den Phríomh-Acht, nó aon toiliú den sórt sin a thabhairt faoi réir coinníollacha, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh lena mbaineann an cinneadh sin tráth an chinnidh, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh an tráth sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin, ach— |
| [EN] | (a) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrann, crainn nó garrán crann nach cuid de choillearnach, go bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis an gcrann, leis na crainn nó leis an ngarrán, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil leis an gcrann, leis na crainn ná leis an ngarrán; | |
| [EN] | (b) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrainn is cuid de choillearnach, gur coinníoll is riachtanach a chur, ar mhaithe le taitneamhacht, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go ndéanfar athphlandáil, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú den sórt sin; | |
| [EN] | (c) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrainn is cuid de choillearnach, gur coinníoll is riachtanach a chur, mar gheall ar fhiúntas speisialta taitneamhachta nó ar spéisiúlacht speisialta, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go slánchoimeádfar cion sonraithe de na crainn, nach mó ná fiche faoin gcéad, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú; | |
| [EN] | (d) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrainn is cuid de choillearnach, gur coinníoll is riachtanach a chur, mar gheall ar fhiúntas speisialta taitneamhachta nó ar spéisiúlacht speisialta, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go ndéanfar, ar cibé slí a bheidh sonraithe san ordú, leagan nó baint crann a chéimniú thar thréimhse 20 bliain ar a mhéid, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú. | |
| [EN] |
Cearta slí poiblí a bhunú (1963, alt 48). |
22. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur laghdaíodh luach leasa aon duine i dtalamh, is talamh ar bunaíodh ceart slí poiblí thairis le hordú faoi alt 48 den Phríomh-Acht a rinne an t-údarás sin, nó gur bhain damáiste d'aon duine a bhfuil leas aige sa talamh sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, de dhroim an ceart slí poiblí a bhunú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin. |
| [EN] |
Dul isteach ar thalamh (1963, alt 83). |
23. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur bhain damáiste d'aon duine de dheasca aon ní a rinneadh faoi alt 83 den Phríomh-Acht, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh. |
| [EN] |
Cáblaí, sreanga agus píblínte (1963, alt 85). |
24. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca gníomh a rinne an t-údarás sin de bhun alt 85 den Phríomh-Acht trí aon chábla, sreang nó píblíne a shuíomh, a athnuachan nó a dhíchur, trí aon bhrac nó daingneán a dhaingniú nó trí aon fhógra a ghreamú, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh nó sa déanmhas an tráth a rinne an t-údarás pleanála an gníomh, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh nó sa déanmhas an tráth sin trí shealúchas na talún nó an déanmhais sin aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste. |