An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cúiteamh i ndáil le hAilt 36, 37, 44, 45, 48, 83 agus 85 den Phríomh-Acht) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Rialacha Maidir Le Méid Cúitimh a Chinneadh)

11 1990

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990

CUID V

Áitreabh a Cheangal le Séaraigh Phoiblí agus le Soláthairtí Uisce Poiblí

Ceangal le séaraigh de chuid údaráis sláintíochta.

25. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon déanmhas arb amhlaidh atá maidir leis, ar thosach feidhme an ailt seo—

(a) gur déanmhas neamhúdaraithe é nó gur déanmhas é ar úsáid neamhúdaraithe an úsáid a bhaintear as, nó

(b) nach bhfuil i gceangal le séarach de chuid údaráis sláintíochta,

nó maidir le haon déanmhas a fhoirgneofar, a thógfar nó a dhéanfar ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 27 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i ndáil le déanmhas lena mbaineann an t-alt seo.

(3) D'ainneoin alt 23 den Public Health (Ireland) Act, 1878, nó aon achtacháin eile, ní bheidh úinéir nó áititheoir déanmhais lena mbaineann an t-alt seo i dteideal a chuid draenacha a cheangal le haon séarach de chuid an údaráis sláintíochta, ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an t-áitreabh suite, ach amháin le toiliú an údaráis sláintíochta agus féadfaidh an t-údarás sláintíochta an toiliú sin a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leo a bheith réasúnach.

(4) Aon duine a cheanglóidh draein, nó a chuirfidh faoi deara draein a cheangal, le séarach de chuid údaráis sláintíochta de shárú ar fho-alt (3), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(5) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta aon cheangal idir draein agus séarach, a rinneadh de shárú ar fho-alt (3), a dhúnadh agus féadfaidh siad aon chaiteachais a thabhaigh siad faoin bhfo-alt seo a ghnóthú ón duine a rinne an ceangal nó a chuir faoi deara an ceangal a dhéanamh agus, mura n-íocfar an méid sin leis an údarás, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) I gcás ina nglacfaidh fógra faoi alt 8 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , éifeacht i ndáil le haon áitreabh, ní gá, faoi fho-alt (3), toiliú ón údarás sláintíochta a sheirbheáil an fógra a fháil chun an t-áitreabh sin a cheangal le séarach cuí an údaráis sláintíochta.

(7) Mura gcuirfear a mhalairt in iúl, measfar, maidir le cead a thabhairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, nó ceadú a thabhairt faoi fhodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, nó alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 86 den Phríomh-Acht i ndáil le déanmhas lena mbaineann an t-alt seo, go bhfolaíonn siad toiliú ón údarás sláintíochta, faoi fho-alt (3), leis an déanmhas sin a cheangal le séarach cuí an údaráis sláintíochta.

(8) Le linn dóibh bheith ag breithniú ar chóir toiliú a thabhairt faoi fho-alt (3), beidh údarás sláintíochta i dteideal aird a bheith acu ar na sriantachtaí a thuairiscítear ag mír 1 den Triú Sceideal sa mhéid go mbaineann siad sin le soláthar saoráidí séarachais acu.

(9) San alt seo, tá le gach ceann de na téarmaí “draein”, “údarás sláintíochta” agus “séarach” an bhrí a shanntar dó sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.

Teorainn le halt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847.

26. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847, ná ag aon achtachán eile ina dtugtar ceart chun soláthair uisce le haghaidh críocha tí, i ndáil le teach cónaithe is déanmhas neamhúdaraithe nó ar úsáid neamhúdaraithe an úsáid a bhaintear as.

(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo srian le hoibriú alt 8 (2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 .