|
||||
|
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Rialacha Maidir Le Méid Cúitimh a Chinneadh | |
1. Déanfar, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, an laghdú luacha a chinneadh faoi threoir na difríochta idir réamhluach agus luach iardain na talún, i gcás— | ||
(a) gurb é réamhluach na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil a réadódh an talamh dá ndíolfadh díoltóir toilteanach ar an margadh oscailte é díreach roimh an gcinneadh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht (agus ag glacadh leis nach mbeadh an t-iarratas iomchuí ar chead déanta), agus | ||
(b) gurb é luach iardain na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil a réadódh an talamh dá ndíolfadh díoltóir toilteanach ar an margadh oscailte é díreach tar éis an chinnidh sin. | ||
2. Le linn réamhluach agus luach iardain na talún a bheith á chinneadh chun críocha Riail 1— | ||
(a) tabharfar aird— | ||
(i) ar aon ranníoc a d'fhéad nó a d'fhéadfadh údarás pleanála a éileamh mar réamhchoinníoll le forbairt na talún, | ||
(ii) ar aon srian le forbairt na talún a d'fhéadfadh a bheith forchurtha, nó a d'fhéadfaí a fhorchur, gan ceart chun cúitimh a thabhairt, faoi aon Acht nó faoi aon ordú, rialacháin, riail nó fodhlí a rinneadh faoi aon Acht, | ||
(iii) ar an bhfíoras go bhféadfadh sé go ndearnadh forbairt dhíolmhaithe ar an talamh nó go bhféadfar an fhorbairt sin a dhéanamh amhlaidh, agus | ||
(iv) ar mhargadhluach oscailte aon talún inchomórtais, más ann dó, i gcomharsanacht na talún a bhfuil a luachanna á gcinneadh; | ||
(b) ní chuirfear i gcuntas— | ||
(i) aon chuid de luach na talún is inchurtha i leith fóirdheontas nó deontas atá ar fáil as airgead poiblí, nó i leith aon liúntas cánach nó rátúcháin i leith forbartha, a d'fhéadfadh dul chun tairbhe d'fhorbairt na talún, | ||
(ii) oiriúnacht nó oiriúnaitheacht speisialta na talún chun críche ar bith mura bhféadfaí an talamh a úsáid chun na críche sin ach amháin de bhun cumhachtaí reachtúla, nó más críoch í nach bhfuil margadh ar bith ann di ach amháin riachtanais speisialta ceannaitheora áirithe nó riachtanais aon chomhlachta reachtúil de réir mar a mhínítear i Riail 5; ar choinníoll go gcuirfear i gcuntas aon tairiscint bona fide chun an talamh a cheannach a chuirfear ar a iúl don eadránaí, | ||
(iii) aon mhéadú ar luach na talún is inchurtha i leith a úsáide, nó i leith úsáide aon déanmhais air, ar shlí a bhféadfadh aon chúirt srian a chur léi, nó atá contrártha don dlí nó a dhéanann dochar do shláinte áitritheoirí an déanmhais nó do shláinte nó sábháilteacht an phobail nó don timpeallacht, | ||
(iv) aon laghdú nó méadú luacha is inchurtha i leith an talamh, nó aon talamh sa chomharsanacht, a chur in áirithe chun críche áirithe i bplean forbartha, | ||
(v) aon luach is inchurtha i leith aon déanmhais neamhúdaraithe nó aon úsáide neamhúdaraithe, | ||
(vi) (I) tograí a bheidh ann le haghaidh forbairt na talún nó aon talún eile ag comhlacht reachtúil, nó | ||
(II) go mb'fhéidir nó gur dócha go dtiocfaidh an talamh nó talamh eile faoi réir scéime forbartha a rachaidh an comhlacht reachtúil sin ina bun, agus | ||
(c) féadfar breithniú a dhéanamh ar gach tuairisceán agus measúnacht ar luach caipitiúil chun críocha cánachais a rinne nó lenar thoiligh an t-éilitheoir. | ||
3. (1) Le linn na féidearthachtaí, más ann, ó thaobh fhorbairt na talún a bheith á measúnú d'fhonn réamhluach na talún sin a chinneadh, ní thabharfar aird ach amháin ar cibé féidearthachtaí réasúnacha a bhféadfaí a mheas, ag féachaint do na cúinsí ábhartha uile, gurbh ann dóibh díreach roimh an gcinneadh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht. | ||
(2) Gan dochar do ghinearáltacht na fo-rialach roimhe seo, áireofar ar na cúinsí ábhartha chun críocha na fo-rialach sin— | ||
(a) cineál agus suíomh na talún, | ||
(b) cé acu is cosúil nó nach cosúil, de réir mar a bheidh, go bhfaighfí cead, nó cead breise, chun an talamh a fhorbairt ag féachaint d'fhorálacha an phlean fhorbartha, | ||
(c) an toimhde go ndéanfaí, dá dtabharfaí aon chead chun an talamh a fhorbairt, aon choinníollacha a fhorchur a d'fhéadfaí le réasún a fhorchur i ndáil le nithe dá dtagraítear sa Cheathrú Sceideal (ach nach bhforchuirfí aon choinníollacha eile), agus | ||
(d) aon chead chun an talamh a fhorbairt, nach cead le haghaidh forbartha de chineál a shonraítear in alt 13 (2), a bhí ar marthain cheana féin tráth an chinnidh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht. | ||
4. (1) Le linn luach iardain na talún a bheith á chinneadh i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt— | ||
(a) toimhdeofar, faoi réir fho-riail (2), nach dtabharfaí, tar éis an diúltaithe, cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht le haghaidh forbairt ar bith de chineál a shonraítear in alt 13 (2), | ||
(b) tabharfar aird ar aon choinníollacha i ndáil le nithe dá dtagraítear sa Cheathrú Sceideal (ach ní ar aon choinníollacha eile) a d'fhéadfaí le réasún a fhorchur le linn cead a thabhairt chun an talamh a fhorbairt. | ||
(2) I gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt i ndáil le talamh a bhfuil gealltanas i bhfeidhm ina leith faoi Chuid VI den Phríomh-Acht, toimhdeofar, le linn luach iardain na talún a bheith á chinneadh, nach dtabharfaí cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, tar éis an diúltaithe, le haghaidh forbairt ar bith seachas forbairt lena mbaineann an gealltanas sin. | ||
5. (1) I Riail 2, ciallaíonn “comhlacht reachtúil”: | ||
(a) Aire den Rialtas, | ||
(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, | ||
(c) údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , | ||
(d) údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 , | ||
(e) bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 , | ||
(f) coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , | ||
(g) bord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht, | ||
(h) cuideachta a bhfuil na scaireanna go léir inti á sealbhú ag Aire den Rialtas, nó thar a cheann, nó ag stiúrthóirí arna gceapadh aige, nó | ||
(i) cuideachta a bhfuil na scaireanna go léir inti á sealbhú ag bord, ag cuideachta, nó ag comhlacht eile dá dtagraítear i mír (g) nó (h). | ||
(2) I bhfo-riail (1) (h) agus (i), ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 . |