|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Rialacha Maidir Le Méid Cúitimh a Chinneadh) | Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha ina leith) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL Forbairt nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha i leith Cead a Dhiúltú Í a Dhéanamh | |
1. Aon fhorbairt arb éard í, nó ar cuid di, aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile. | ||
2. Teach ináitrithe a scartáil. | ||
3. Scartáil a dhéanamh ar fhoirgneamh is ábhar spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire a bhfuil sé de chuspóir forbartha ag an bplean forbartha é a shlánchoimeád. | ||
4. Aon déanmhas fógráin a chur suas. | ||
5. Talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint. | ||
6. Forbairt i limistéar lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta speisialta. | ||
7. Aon fhorbairt ar thalamh a bhfuil cead ar fáil ina leith faoi Chuid IV den Phríomh-Acht (d'ainneoin gur diúltaíodh an cead a thabhairt) chun aon fhorbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionsclaíoch a dhéanamh, más é atá go hiomlán nó go formhór san fhorbairt na nithe seo a leanas a fhoirgniú, eadhon, tithe, árasáin, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh den chéanna, nach mbeidh faoi réir coinníollacha ar bith seachas coinníollacha den chineál dá dtagraítear sa Cheathrú Sceideal. | ||
8. Aon fhorbairt ar thalamh ar íocadh cúiteamh ina leith cheana féin faoi alt 11, nó faoi alt 55 den Phríomh-Acht, faoi threoir cinnidh roimhe sin faoi Chuid IV den Acht sin inar diúltaíodh cead a thabhairt. |