An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Forbairt nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha i leith Cead a Dhiúltú Í a Dhéanamh) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Coinníollacha is féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Chead a Thabhairt chun Talamh a Fhorbairt)

11 1990

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha ina leith

Alt 12.

1. I gcás forbairt den chineál a bheartaítear ar an talamh, go mbeadh sé ró-luath í a dhéanamh ag féachaint d'aon sriantacht amháin nó níos mó díobh seo a leanas agus don tréimhse a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go mbeadh deireadh leis na sriantachtaí atá i gceist—

(a) aon easnamh láithreach ar sholáthar soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais,

(b) acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha ionchasaí a bhfuil cead arna thabhairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, gealltanas faoi Chuid VI den Acht sin nó fógra faoi alt 13 ar marthain ina leith,

(c) acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha ionchasaí i gcuid éigin eile de limistéar feidhmiúcháin an údaráis pleanála, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha,

(d) acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh aon fhorbartha ionchasaí eile nó le haghaidh aon chuspóra forbartha, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha,

(e) aon easnamh láithreach ar an ngréasán bóithre a fhreastalaíonn ar limistéar na forbartha beartaithe, lena n-áirítear cúinsí a bhaineann le hacmhainn, leithead, ailíniú nó le dromchla nó bail struchtúrach an chosáin, a d'fhágfadh go mbeadh an gréasán sin, nó aon chuid de, mí-oiriúnach chun an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre, de bharr na forbartha, a iompar,

(f) aon easnamh ionchasach (lena n-áirítear na cúinsí a shonraítear i bhfomhír (e)) ar an ngréasán bóithre a fhreastalaíonn ar limistéar na forbartha beartaithe ar easnamh é—

(i) a thiocfadh i gceist mar gheall ar an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre de bharr na forbartha sin agus de bharr forbartha ionchasaí a bhfuil cead arna thabhairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, gealltanas faoi Chuid VI den Acht sin nó fógra faoi alt 13 ar marthain ina leith, nó

(ii) a thiocfadh i gceist mar gheall ar an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre de bharr na forbartha sin agus de bharr aon fhorbartha ionchasaí eile nó aon chuspóra forbartha, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha, agus

(iii) a d'fhágfadh go mbeadh an gréasán bóithre sin, nó aon chuid de, mí-oiriúnach chun an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre, de bharr na forbartha beartaithe, a iompar.

2. Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás pleanála nó ag an údarás bóithre ar leagan amach bóithre don limistéar nó d'aon chuid de.

3. Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh ag féachaint don ord tosaíochta, más ann, le haghaidh forbartha atá luaite sa phlean forbartha.

4. Go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe sábháilteacht an phobail i mbaol mar gheall ar chontúirt tráchta nó ar bhacadh úsáidirí bóthair nó ar shlí eile.

5. Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe, inti féin nó mar gheall ar an bhfasach a bhunófaí d'fhorbairt iomchuí eile dá dtabharfaí cead lena haghaidh, dochar d'úsáid bóthair náisiúnta nó príomhbhóthair eile ag an trácht.

6. Go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe isteach ar amharc nó radharc a bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis agus is gá a shlánchoimeád.

7. Go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ina bun le haerthruailliú nó uiscethruailliú tromaí, le truailliú tromaí de dheasca torainn nó tonnchreatha nó truailliú ó dhiúscairt dramhaíola.

8. I gcás forbairt ina n-áirítear aon déanmhas, nó aon bhreis nó méadú ar aon déanmhas, gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—

(i) go mbrisfeadh sé líne foirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne foirgníochta arna chinneadh ag an údarás pleanála nó ag an mBord,

(ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí,

(iii) go ndéanfadh sé díobháil mhór do na taitneamhachtaí nó go laghdódh sé luach maoine sa chomharsanacht,

(iv) gur dhócha dó a bheith ina chúis le haon bhrú mór tráchta,

(v) gur bhaol é do shábháilteacht aerárthaí nó do loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí nó go gcuirfeadh sé isteach ar an gcéanna,

(vi) gur bhaol é do shláinte nó do shábháilteacht daoine a bheidh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis, nó

(vii) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail.

9. Go sáródh an fhorbairt, go hábhartha, coinníoll atá ag gabháil le cead forbartha láithreach.

10. Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe díobháil do shéadchomhartha stairiúil, nó go gcuirfeadh sé isteach ar shéadchomhartha stairiúil, atá cláraithe i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla faoi alt 5 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987 , nó atá suite i limistéar seandálaíochta atá cláraithe amhlaidh.

11. Go sáródh an fhorbairt, go hábhartha, cuspóir forbartha atá luaite sa phlean forbartha chun limistéir áirithe a úsáid go hiomlán nó go príomha (de réir mar a bheidh luaite sa phlean forbartha) chun críocha áirithe (cibé acu is críocha cónaithe, tráchtála, tionsclaíocha, talmhaíochta nó críocha eile iad).

12. Faoi réir mhír 13, ní bheidh feidhm ag mír 11 i gcás ina raibh cuspóir forbartha le haghaidh na húsáide a shonraítear i mír 11 i bhfeidhm maidir leis an talamh tráth ar bith le linn na gcúig bliana díreach roimh an dáta ar a ndearnadh an t-iarratas iomchuí ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh a fhorbairt, agus nach sáródh an fhorbairt an cuspóir forbartha sin go hábhartha.

13. Ní bheidh feidhm ag mír 12 i gcás ina bhfuair duine a leas sa talamh—

(a) tar éis don chuspóir forbartha dá dtagraítear i mír 11 teacht i ngníomh, nó

(b) tar éis fógra a bheith foilsithe,

(i) de réir alt 21 den Phríomh-Acht, i dtaobh plean forbartha nua beartaithe nó i dtaobh athfhoirmithe beartaithe ar phlean forbartha, nó

(ii) de réir alt 21A den Phríomh-Acht, i dtaobh athrú ábhartha ar an dréacht lena mbaineann,

a luann, i ndréacht, an cuspóir forbartha dá dtagraítear i mír 11.

14. Chun críocha mhír 13, beidh dualgas ar dhuine na fíorais ábhartha go léir a bhaineann lena leas sa talamh a chruthú chun sástachta an údaráis pleanála.

15. Sa Sceideal seo, tá le gach ceann de na téarmaí “údarás bóithre” agus “bóthar náisiúnta” an bhrí a shanntar dó san Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 .