An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990) Ar Aghaidh (CUID II Bearta chun Láithreáin Thréigthe a Chosc agus a Rialú)

14 1990

AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire iomchuí” aon Aire den Rialtas (seachas an tAire) a bhféadfadh, i dtuairim an Aire, baint nó leas a bheith aige san ábhar atá i gceist, ag féachaint do na feidhmeanna Aireachta atá dílsithe dó;

tá le “banna” an bhrí a shanntar dó le halt 25;

tá le “láithreán tréigthe”, an bhrí a shanntar dó le halt 3;

tá le “tobhach ar láithreáin thréigthe” an bhrí a shanntar dó le halt 23;

ciallaíonn “clár na láithreán tréigthe” an clár a bhunaítear faoi alt 8;

ciallaíonn “cuspóir forbartha” cuspóir arna fhoirmiú ag údarás pleanála faoi alt 19 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh atá faoi uisce;

ciallaíonn “údarás áitiúil”, ach amháin sa mhíniú ar chomhlacht reachtúil, comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;

ciallaíonn “margadhluach” luach na talún uirbí iomchuí arna measúnú de réir alt 22;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “áititheoir”, i ndáil le talamh, aon duine a bhfuil neasúsáid nó neasteachtadh na talún aige nó atá i dteideal an neasúsáid nó an neasteachtadh sin a bheith aige, aon duine atá i dteideal an talamh a áitiú agus aon duine eile a bhfuil an talamh faoina urláimh de thuras na huaire;

seachas in alt 15, ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige ina cheart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán na talún a ghlacadh nó, i gcás nach ar cíos forlán atá an talamh ligthe, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh sé ligthe amhlaidh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “an clár”, seachas in alt 18, an clár a bhunaítear faoi alt 8;

ciallaíonn “údarás clárúcháin” údarás clárúcháin de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 ;

tá le “údarás Stáit” an bhrí a shanntar dó le halt 84 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn”comhlacht reachtúil:—

(a) údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ,

(b) údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ,

(c) bord sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970 ,

(d) coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ,

(e) bord nó comhlacht eile a bhunaítear le reacht nó faoi reacht,

(f) cuideachta ina bhfuil na scaireanna go léir á sealbhú ag Aire den Rialtas, nó thar a cheann, nó ag stiúrthóirí arna gceapadh aige, nó

(g) cuideachta ina bhfuil na scaireanna go léir á sealbhú ag bord, cuideachta, nó comhlacht eile dá dtagraítear i mír (e)(f) den mhíniú seo;

ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, tógáil, déanmhas, tochailt, nó ní eile, a fhoirgnítear, a thógtar nó a dhéantar ar aon talamh nó ann nó faoi, nó aon chuid de dhéanmhas arna mhíniú amhlaidh, agus, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé an talamh ar air, ann nó faoi atá an déanmhas suite;

ciallaíonn “an Binse” an Binse Luachála a bunaíodh faoi alt 2 den Acht Luachála, 1988 ;

ciallaíonn “limistéar uirbeach” contaebhuirg nó buirg eile, ceantar uirbeach, baile mór nó limistéar arna fhorordú ag an Aire faoi alt 21;

ciallaíonn “talamh uirbeach” láithreán tréigthe i limistéar uirbeach a bheidh taifeadta ar an gclár ach ní fholaíonn sé aon teaghais ná talamh áitithe atá ar úinéireacht ag údarás Stáit nó ag an údarás áitiúil a bhfuil an talamh suite ina limistéar feidhmiúcháin ná talamh—

(a) a bhfuil ordú ceannaigh éigeantaigh (seachas ordú dílseacháin faoin Acht seo) tagtha chun bheith i ngníomh i ndáil leis, nó

(b) a bhfuil cuspóir forbartha ann i ndáil leis an talamh chun é a chur in áirithe le haghaidh bóithre nó áiteanna loctha nó le haghaidh aon chríche de na críocha dá ndéantar talamh a chur in áirithe nó a shlánchoimeád a léirítear i gCuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

(2) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do Chuid is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Míniú ar láithrean tréigthe.

3. —San alt seo ciallaíonn “láithreán tréigthe” aon talamh (dá ngairtear “an talamh i gceist” san alt seo) a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist—

(a) mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó

(b) mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó

(c) mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist, ach amháin i gcás an bruscar, an truflais, an smionagar nó an dramhaíl sin a bheith ann, a bheith caite nó carntha de dhroim fheidhmiú cirt a thugtar le reacht nó leis an dlí coiteann.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon nithe a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar nithe forordaithe, agus

(b) chun éifeacht iomlán a thabhairt don Acht seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán dá dtagraítear in alt 23 (4), leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

5. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht um Láithreáin Tréigthe, 1961 .

(2) D'ainneoin fho-alt (1), agus gan dochar do ghinearáltacht alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 , ní fhearfaidh aisghairm an Achta um Láithreáin Tréigthe, 1961

(a) ar fheidhmiú aon chumhachta faoi alt 2, 3, 4, 6, 9, 12, 14, 15, 16 nó 18 den Acht sin, ná

(b) ar aon cheart a fhabhraíonn chuig duine faoi alt 5, 8, 9, 11 nó 13 den Acht sin,

maidir le haon nós imeachta nó aon ní a tosaíodh roimh theacht i ngníomh don Acht seo.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

6. —(1) Aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt do dhuine nó a sheirbheáil air faoin Acht seo, díreofar é chuig an duine lena mbaineann agus déanfar é a thabhairt dó nó a sheirbheáil air ar bhealach díobh seo a leanas:—

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha, a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach, trína sheachadadh ar dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe ar an talamh lena mbaineann an fógra nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an talamh sin nó gar dó.

(2) I gcás nach féidir ainm an úinéara ná an áititheora (de réir mar a bheidh) a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach, féadfar fógra a dhíriú chuig “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar a éileoidh an cás) gan é a ainmniú.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ag a hoifig chláraithe atá gnáthchónaí ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus measfar gur ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó atá gnáthchónaí ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.

(4) Ní dhéanfaidh duine aon tráth le linn na tréimhse aon mhíosa tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt 1 (d), an fógra a aistriú as, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarúchán dleathach.

Caiteachais.

7. —(1) Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Aon chaiteachais faoin Acht seo a thabhóidh údarás áitiúil ar comhairle contae iad muirearófar iad ar an gcontae (ach gach buirg agus ceantar uirbeach sa chontae sin a eisiamh).