An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Tobhach ar Láithreáin Thréigthe) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

14 1990

AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990

CUID IV

Ionchúisimh

Ionchúisimh.

27. —Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar laistigh dá limistéar feidhmiúcháin a dhéantar cion faoin Acht seo an cion a ionchúiseamh.

Cionta.

28. —(1) Beidh duine a sháróidh alt 6 (4), 11 (4), 29 (2), 29 (3), 30 (4) nó 32 (3) ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion agus nach mó san iomlán ná méid is comhionann le £1,000 nuair a chuirtear í le haon fhíneáil eile faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcion lena mbaineann), nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Dlífear, maidir le duine a sháróidh alt 11 (4) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £2,000 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú), nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneál sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.