|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Ionchúisimh) |
AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V Ilghnéitheach | |
| [EN] |
Oibleagáid faisnéis a thabhairt d'údarás áitiúil. |
29. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a éiríonn i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo, a cheangal trí fhógra i scríbhinn ar áititheoir aon déanmhais nó talún eile nó ar aon duine a bheidh ag fáil cíosa, cibé acu dó féin nó do dhuine eile, ó aon déanmhas nó talamh eile mionsonraí a thabhairt i scríbhinn don údarás sin, laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná ceithre lá dhéag tar éis an ceangal a chur amhlaidh, is mionsonraí faoin eastát, leas nó ceart ar dá mbua a áitíonn sé an déanmhas nó an talamh eile sin nó a fhaigheann sé an cíos sin (de réir mar a bheidh), agus (a mhéid is eol dó iad), ainm agus seoladh gach duine a thabhairt arb eol dó aon eastát nó leas a bheith aige sa déanmhas nó sa talamh eile sin nó ceart a bheith aige thar an gcéanna nó maidir leis sin. |
| [EN] | (2) Má dhéantar talamh a bheidh iontráilte ar an gclár nó leas sa talamh sin, a aistriú (seachas le huacht nó i gcás díthiomnachta) ó dhuine chuig duine eile, beidh de dhualgas ar an mbeirt scéala a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an talamh suite faoin aistriú tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis dháta an aistrithe. | |
| [EN] | (3) Má aistrítear talamh a bheidh iontráilte ar an gclár nó aon leas sa talamh sin chuig duine le huacht nó i gcás díthiomnachta, beidh de dhualgas ar an duine sin scéala faoin aistriú a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an talamh suite tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta an aistrithe agus beidh de dhualgas ar ionadaí pearsanta an duine ar faoina uacht nó ar i gcás a dhíthiomnachta a aistríodh an talamh nó an leas sa talamh mar a dúradh, scéala faoin aistriú a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil sin tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta ar deonaíodh probháid dó ar an uacht sin nó litreacha riaracháin eastát an dara duine a luaitear. | |
| [EN] | (4) Má thugann aon duine scéala d'údarás áitiúil maidir le talamh nó leas i dtalamh a aistriú faoin alt seo cuirfidh an t-údarás áitiúil faoi deara an iontráil iomchuí sa chlár a leasú. | |
| [EN] | (5) Gach duine a gceanglaítear air faoi fho-alt (1) aon ábhar nó ní a shonrú i scríbhinn d'údarás áitiúil agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní sin a shonrú amhlaidh laistigh den am a bheidh ceaptha faoin alt seo, nó a dhéanfaidh aon ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha le linn dó aon ábhar nó ní den sórt sin a shonrú amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
| [EN] |
Cumhacht duine údaraithe dul isteach ar thalamh. |
30. —(1) Féadfaidh duine údaraithe faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ar an talamh sin is gá le réasún chun na críche a ndeachaigh sé isteach ann agus, go sonrach, féadfaidh sé suirbhéireacht a dhéanamh, pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógáil, eastóscthaí a dhéanamh agus scrúdú a dhéanamh ar dhoimhneacht agus ar chineál na fo-ithreach. | |
| [EN] | (3) I gcás ina mbeartaítear dul isteach ar thalamh faoin bhfo-alt seo agus má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áitithe) nó an t-úinéir (i gcás talún neamháitithe) cead a thabhairt chun dul isteach— | |
| [EN] | (a) ní rachfar isteach mura mbeidh sin údaraithe le hordú ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh suite, agus i gcás talaimh áitithe, mura mbeidh fógra ceithre huaire is fiche ar a laghad tugtha don áititheoir faoin dul isteach beartaithe agus faoin gcuspóir atá leis, agus | |
| [EN] | (b) déanfar iarratas ar ordú den sórt sin ar fhógra a thabhairt don áititheoir (i gcás talún áitithe) agus don úinéir (i gcás talún neamháitithe). | |
| [EN] | (4) Ní choiscfidh duine, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, duine údaraithe i bhfeidhmiú dleathach na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo. | |
| [EN] | (5) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn “duine údaraithe” duine a cheapann an t-údarás áitiúil, an Binse nó an tAire chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo. | |
| [EN] |
Úsáid fáltas ó dhiúscairt talún. |
31. —Gach suim a gheobhaidh údarás áitiúil i leith díol nó léas láithreáin thréigthe a gheobhaidh siad faoin Acht seo, úsáidfidh an t-údarás áitiúil í chun críche a bhfeidhmeanna ar cibé slí a mheasfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, is cóir. |
| [EN] |
Cumhacht cúirte chun bearta a údarú. |
32. —(1) Más rud é, maidir le haon duine ar a seirbheálfar fógra faoin Acht seo, nach féidir leis, gan toiliú duine éigin eile, bearta sonraithe a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn forálacha an fhógra sin a chomhlíonadh, agus mura dtugann an duine eile sin a thoiliú chun na bearta a dhéanamh, féadfaidh an duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra le haghaidh ordú faoin alt seo. |
| [EN] | (2) Má chinneann an Chúirt Dúiche, ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, gur ghníomh míréasúnta ag an duine eile é gan a thoiliú a thabhairt, féadfaidh an Chúirt Dúiche, dá rogha féin, a mheas gur tugadh an toiliú agus a ordú don duine a dhéanfaidh an t-iarratas na bearta a dhéanamh. | |
| [EN] | (3) Is cion é ag duine mainneachtain na bearta a ordaíonn an Chúirt Dúiche faoi fho-alt (2) a dhéanamh. | |
| [EN] | (4) Má cheanglaítear ar aon duine ar a seirbheálfar fógra faoin Acht seo bearta sonraithe a dhéanamh de bhun an Achta seo agus má dhéanann an duine sin na bearta amhlaidh agus má cheapann an duine sin gur chóir gur ar dhuine éigin eile a bhfuil leas aige sa láithreán tréigthe a bheadh costas na mbeart sin go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig cúirt dlínse inniúla ar ordú á ordú gur ar an duine eile a bhfuil leas aige sa láithreán a bheidh costas iomlán na mbeart nó cibé cuid díobh a shonrófar san ordú, agus déanfaidh an chúirt ar an iarratas a éisteacht cibé ordú is cóir léi ag féachaint d'imthosca uile an cháis. | |
| [EN] |
Cosaint i gcás séadchomharthaí náisiúnta nó stairiúla. |
33. —Maidir le cumhachtaí nó dualgais an Aire Airgeadais, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó aon údaráis áitiúil faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, i ndáil le séadchomharthaí náisiúnta nó séadchomharthaí stairiúla mar a mhínítear leis na hAchtanna sin nó i ndáil le haon séadchomhartha ar leith den sórt sin, ní chuirfidh aon ní san Acht seo srian leis na cumhachtaí ná leis na dualgais sin ná ní dhéanfaidh sé dochar ná difear dóibh. |