|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 6 Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 2 Forálacha ag Leasú an Phríomh-Achta de dhroim Athrú ar Airgeadra Stát Áirithe) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL 1 Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta | |
Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 461— | ||
(i) i mír (a), trí “£6,300” a chur in ionad “£5,800”, | ||
(ii) i mír (b), trí “£3,650” agus “£6,300”, faoi seach, a chur in ionad “£3,400” agus “£5,800”, agus | ||
(iii) i mír (c), trí “£3,150” a chur in ionad “£2,900”, | ||
(b) i bhfo-alt (2) d'alt 462, trí “£2,650” agus “£3,150”, faoi seach, a chur in ionad “£2,400” agus “£2,900”, | ||
(c) in alt 465, trí “£800” a chur in ionad “£700” gach áit a bhfuil sé, | ||
(d) i bhfo-alt (1) d'alt 467, trí “£8,500” a chur in ionad “£7,500” gach áit a bhfuil sé, | ||
agus | ||
(e) i bhfo-alt (2) d'alt 468, trí “£1,000” a chur in ionad “£700” gach áit a bhfuil sé agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,600”. |