An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998) Ar Aghaidh (CUID II Pleananna Limistéar Comhtháite agus Limistéir Cháilitheacha)

27 1998

AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Athnuachan Uirbeach, 1998 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas na forálacha dá dtagraítear i bhfo-ailt (2) go (5)) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

(2) Measfar gur tháinig an Chuid seo agus ailt 7 agus 8 i ngníomh an chéad lá de Bhealtaine, 1997.

(3) Measfar gur tháinig alt 13 i ngníomh an chéad lá d”Fheabhra, 1998.

(4) Measfar gur tháinig ailt 18 agus 20(2) i ngníomh an t-ochtú lá is fiche de Bhealtaine, 1998.

(5) Tiocfaidh alt 20 (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997;

forléireofar “cuideachta údaraithe” de réir alt 5 (2);

ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath arna bhunú faoi alt 14 d”Acht 1997;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

tá le “Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath” an bhrí a shanntar dó le halt 4 d”Acht 1997;

ciallaíonn “comhlacht toghaí” comhlacht toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d”fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

tá le “plean limistéar comhtháite” an bhrí a shanntar dó le halt 7;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) bardas contaebhuirge, nó

(b) comhairle contae riaracháin,

agus is é limistéar feidhme údaráis áitiúil chun críocha an Achta seo contaebhuirg nó, de réir mar a bheidh, contae riaracháin an údaráis sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “údarás rátúcháin” údarás rátúcháin chun críocha Acht 1946;

ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—

(a) i gcás comhairle contae nó comhlachta thoghaí, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994,

(b) i gcás bardais contaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;

(c) forléireofar tagairt d'aon achtachán, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain nó faoi.

Tagairt don Acht in alt 372A(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

4. —Is é an tAcht seo an tAcht den Oireachtas dá dtagraítear in alt 372A(2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998 ) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, d'ainneoin aon neamhréireachta idir na téarmaí ina dtuairiscítear amhlaidh ann é agus téarmaí an Achta seo mar a achtaítear amhlaidh anois é.

Cuideachtaí údaraithe.

5. —(1) Féadfaidh gach údarás áitiúil cuideachta a cheapadh (lena n-áirítear cuideachta arna bunú ag údarás áitiúil) chun bheith ina cuideachta údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Forléireofar aon tagairt san Acht seo do chuideachta údaraithe mar thagairt don chuideachta arna ceapadh faoi fho-alt (1) ag an údarás áitiúil áirithe a mbeidh aon fhoráil den Acht seo ina bhfuil an tagairt sin le cur chun feidhme ina leith.

(3) Déanfar aon tagairt i gCaibidil 7 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998 ) de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, do chuideachta arna bunú ag údarás áitiúil, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuideachta údaraithe.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil aon cheapachán a bheidh déanta aige faoi fho-alt (1) a chúlghairm.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.