|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Forálacha a bhaineann le hÚdarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath) |
AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998
| [EN] | ||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
CUID II Pleananna Limistéar Comhtháite agus Limistéir Cháilitheacha | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Pleananna limistéar comhtháite. |
7. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil nó, ar iarraidh ón údarás áitiúil sin, féadfaidh cuideachta údaraithe, plean amháin nó níos mó a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire (ar a dtabharfar, nó a dtabharfar ar gach ceann acu, agus dá ngairtear san Acht seo “plean limistéar comhtháite”) i leith limistéir nó limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil agus, más cuí leis an údarás nó leis an gcuideachta agus faoi réir an fho-ailt sin, i leith limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (2). | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Maidir leis an limistéar a bhféadfar plean limistéar comhtháite a ullmhú ina leith, féadfar cuid nó codanna de limistéar feidhme nó de limistéir fheidhme údaráis áitiúil amháin eile nó níos mó a áireamh ann má thoilíonn an t-údarás nó na húdaráis sin leis an gcuid sin nó leis na codanna sin a áireamh amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Le linn plean limistéar comhtháite a ullmhú, beidh aird ag údarás áitiúil nó ag cuideachta údaraithe, de réir mar a bheidh, ar aon chritéir a shonróidh an tAire i scríbhinn mar chritéir ar a mbeidh aird ag údarás áitiúil nó ag cuideachta le linn plean den sórt sin a ullmhú agus féadfaidh critéir a bheith ar áireamh sna critéir sin maidir le hathnuachan shóisialach agus eacnamaíoch an limistéir lena mbaineann an plean. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Is é a bheidh i bplean limistéar comhtháite ráiteas i scríbhinn agus plean ina léireofar na cuspóirí maidir leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) athnuachan shóisialach agus eacnamaíoch, ar bhonn inmharthana, an limistéir lena mbaineann an plean, agus | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) feabhsuithe ar thimpeallacht fhisiceach an limistéir sin. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), sonrófar i bplean limistéar comhtháite na saincheisteanna fisiceacha, eacnamaíocha, sóisialacha agus eile is iomchuí, i dtuairim an údaráis áitiúil nó na cuideachta, maidir le hathnuachan an limistéir lena mbaineann sé. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), féadfar i bplean limistéar comhtháite, i gcás inar cuí sin, i ndáil leis an limistéar lena mbaineann sé— | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) na nithe seo a leanas a áireamh— | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) cuspóirí maidir le hathnuachan, slánchoimeád, caomhnú, aisiriú, forbairt nó athfhorbairt an tsráid-dreacha, an leagain amach agus an ghréasáin foirgníochta, lena n-áirítear comhordú agus uasghrádú éadanas siopaí, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) treoirlínte maidir le hairde foirgneamh agus maidir le hábhair fhoirgníochta, dlús forbairtí agus déileáil le spásanna idir foirgnimh, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) cuspóirí a bhaineann le slánchoimeád na hoidhreachta nádúrtha, ailtireachta agus seandálaíochta, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iv) cuspóirí maidir le forbairt nó athfhorbairt láithreán tréigthe nó láithreán folamh a chur chun cinn, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (v) cuspóirí maidir le fostaíocht, oiliúint agus oideachas, go háirithe do dhaoine a chónaíonn sa limistéar, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (vi) cuspóirí maidir le pobail chónaithe atá ann cheana féin a fheabhsú agus maidir le pobail nua den sórt sin a fhorbairt, lena n-áirítear forbairt tithíochta le haghaidh daoine ag a bhfuil cúlraí sóisialacha éagsúla, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (vii) cuspóirí maidir le saoráidí pobail a fhorbairt, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (viii) cuspóirí maidir le feabhsú ar an timpeallacht, ar an mbonneagar agus ar an gcóras iompair, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) léiriú a thabhairt ar chineál agus méid na hinfheistíochta is gá chun na cuspóirí a shonraítear sa phlean a bhaint amach. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (7) Le linn plean limistéar comhtháite a ullmhú, féadfaidh an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe lena mbaineann dul i gcomhairle le cibé daoine eile ar dealraitheach dó nó di gur daoine iad ar cúram dóibh an t-ábhar nó a bhfuil leas acu ann agus beidh aird aige nó aici ar aon aighneachtaí nó tuairimí a chuirfidh na daoine sin faoina bhráid nó faoina bráid i gcúrsa na comhchomhairle sin. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Moltaí i leith limistéar cáilitheach chun críocha faoiseamh cánach athnuachana uirbí. |
8. —(1) Féadfaidh moltaí ón údarás áitiúil nó ón gcuideachta údaraithe lena mbaineann a bheith ar áireamh i bplean limistéar comhtháite a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi alt 7 nó a bheith ag gabháil leis an bplean sin, á mholadh— | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) gur cóir cuid nó codanna den limistéar lena mbaineann an plean a bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos mó de Chaibidil 7 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) gur cóir iomlán limistéir den sórt sin a bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos mó de na hailt seo a leanas den Chaibidil sin 7, is é sin le rá, ailt 372G, 372H agus 372I. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Le linn aon mholadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith á dhéanamh, beidh aird ag an údarás áitiúil nó ag an gcuideachta údaraithe lena mbaineann ar na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) an chomhsheasmhacht idir na cineálacha forbartha ar dóigh go ndéanfar iad sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann na moltaí (“na cineálacha iomchuí forbartha”) agus cuspóirí iomchuí an phlean limistéar comhtháite, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tábhacht na moltaí i dtaca le cuspóirí an phlean limistéar comhtháite i gcoitinne a bhaint amach, | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) dálaí an mhargaidh sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann maidir le soláthar na gcineálacha iomchuí forbartha agus leis an éileamh reatha agus réamh-mheasta orthu, agus | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) cineál agus méid aon chonstaicí ó thaobh na cineálacha iomchuí forbartha a dhéanamh. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Limistéir cháilitheacha le haghaidh faoiseamh cánach athnuachana uirbí. |
9. —Féadfaidh an tAire, tar éis plean limistéar comhtháite a bheidh curtha faoina bhráid nó faoina bráid faoi alt 7 , agus aon mholtaí dá dtagraítear in alt 8 atá ar áireamh sa phlean nó a bhí ag gabháil leis, a bhreithniú, a mholadh don Aire Airgeadais ordú faoi mhír (a), (b) nó (c) d'alt 372B(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, a dhéanamh maidir leis na nithe lena mbaineann. | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Rátaí a mhaitheamh. |
10. —(1) San alt seo, ciallaíonn “rátaí iomchuí is intoibhithe”, i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo— | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) i gcás go gcinnfidh an Coimisinéir Luachála go bhfuil luacháil an áitribh sin, tar éis aon chionroinnt a bheith déanta faoi fho-alt (6), más cuí, inchurtha síos go hiomlán don tógáil, don mhéadú nó don fheabhsú lena mbaineann a bheith déanta ar an áitreabh sin, na rátaí is intoibhithe ar an luacháil sin, nó | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i gcás go gcinnfidh an Coimisinéir Luachála nach bhfuil luacháil an áitribh sin, tar éis aon chionroinnt den sórt sin a bheith déanta, más cuí, inchurtha síos ach go páirteach don tógáil, don mhéadú nó don fheabhsú lena mbaineann a bheith déanta ar an áitreabh sin, cibé méid de na rátaí is intoibhithe ar an luacháil sin a bhaineann leis an gcuid den luacháil sin is inchurtha síos don tógáil, don mhéadú nó don fheabhsú sin. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh údarás rátúcháin, ag féachaint do na cuspóirí a shonraítear i bplean limistéar comhtháite, a chinneadh na rátaí iomchuí is intoibhithe aige i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo a mhaitheamh sna blianta a shonraítear i bhfo-alt (3) agus, má dhéanann údarás rátúcháin cinneadh den sórt sin, oibreoidh an cinneadh sin chun a cheangal ar an údarás na rátaí sin a mhaitheamh, a mhéid a shonraítear san alt seo, i ngach ceann de na blianta sin. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Is iad na blianta a luaitear i bhfo-alt (2): | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) an bhliain airgeadais áitiúil (dá ngairtear “an chéad bhliain” sa Tábla a ghabhann leis an alt seo) díreach i ndiaidh na bliana sin ina dtagann luacháil an áitribh lena mbaineann (arb í an chéad luacháil eile í a dhéantar tar éis an tógáil, an méadú nó an feabhsú lena mbaineann a bheith déanta ar an áitreabh sin) i bhfeidhm, agus | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla eile (dá ngairtear, faoi seach, “an dara bliain”, “an tríú bliain”, “an ceathrú bliain”, agus mar sin de, sa Tábla a ghabhann leis an alt seo). | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Is é an méid (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na rátaí iomchuí is intoibhithe) dá maithfidh údarás rátúcháin na rátaí iomchuí is intoibhithe i leith áitribh i mbliain airgeadais áitiúil faoin alt seo an méid atá sonraithe sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne lua na bliana lena mbaineann sa chéad cholún den Tábla sin. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Ní dheonófar maitheamh rátaí faoin alt seo níos mó ná uair amháin i leith na tógála, an mhéadaithe nó an fheabhsaithe chéanna ar áitreabh. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Más rud é nach ndéantar maoine a luacháil ar leithligh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón údarás rátúcháin, cibé cuid is cuí leis nó léi de luacháil inrátaithe na maoine ina bhfuil an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh lena mbaineann agus a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (7) Is feidhm fhorchoimeádta údarás rátúcháin do dhéanamh cinnidh faoi fho-alt (2). | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (8) Tá feidhm ag an alt seo maidir le háitribh atá go hiomlán laistigh de theorainneacha an limistéir lena mbaineann plean limistéar comhtháite agus ar deimhin leis an údarás rátúcháin lena mbaineann gur tógadh, gur méadaíodh nó gur feabhsaíodh iad laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire le hordú chun críocha an ailt seo. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (9) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (10) Déanfar gach ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir le plean limistéar comhtháite. |
11. —(1) Ní fhéadfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó ó cháin chorparáide, de réir mar a bheidh, a dheonú faoi Chaibidil 7 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, i leith foirgniú, athfheistiú nó athchóiriú foirgnimh, déanmhais nó tí mura mbeidh an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe a d'ullmhaigh an plean limistéar comhtháite lena mbaineann tar éis a dheimhniú i scríbhinn, ar mhodh a shonróidh an tAire, go bhfuil an foirgniú, an t-athfheistiú nó an t-athchóiriú sin i gcomhréir le cuspóirí an phlean sin, arb é an plean áirithe lena mbaineann é a ndearna an tAire breithniú air le linn dó nó di na moltaí dá dtagraítear in alt 9 a dhéanamh chuig an Aire Airgeadais. | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) San alt seo, ciallaíonn “plean limistéar comhtháite lena mbaineann” an plean limistéar comhtháite ar laistigh de theorainn an limistéir lena mbaineann an plean sin atá an foirgneamh, an déanmhas nó an teach iomchuí suite. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Faireachán ar chur i ngníomh pleananna limistéar comhtháite. |
12. —(1) I gcás go ndéanfaidh an tAire Airgeadais ordú faoi alt 372B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, á ordú gur limistéar cáilitheach limistéar nó limistéir chun críocha alt amháin nó níos mó de Chaibidil 7 de Chuid 10 den Acht sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe lena mbaineann cibé socruithe is cuí leis nó léi sna himthosca ar leith chun faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh an phlean limistéar comhtháite lena mbaineann agus beidh aird ag an údarás nó ag an gcuideachta, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, ar cibé treoirlínte a eiseoidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo. | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Déanfaidh údarás áitiúil nó cuideachta údaraithe, de réir mar a bheidh, i ndáil le gach bliain ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara an faireachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire maidir le torthaí an fhaireacháin sin a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana sin. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) San alt seo— | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “plean limistéar comhtháite lena mbaineann” an plean limistéar comhtháite ar laistigh de theorainn an limistéir lena mbaineann an plean sin atá an limistéar nó na limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) suite; | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil nó cuideachta údaraithe lena mbaineann” an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe a d'ullmhaigh an plean limistéar comhtháite lena mbaineann. | |||||||||||||||||||||||||