An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Reacht Bhinse na hIar-Iúgslaive)

40 1998

AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Reacht Bhinse Ruanda

Ar bheith bunaithe dó ag an gComhairle Slándála ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, feidhmeoidh an Binse Coiriúil Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i gCinedhíothú agus i Sáruithe Tromchúiseacha Eile ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe eile den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát comharsanach, idir 1 Eanáir, 1994 agus 31 Nollaig, 1994 (dá ngairtear “an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda” anseo feasta) de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 1

Inniúlacht an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i sáruithe den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát máguaird, idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994, de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 2

Cinedhíothú

1. Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh cinedhíothú mar a mhínítear i mír 2 den airteagal seo nó a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha eile atá liostaithe i mír 3 den airteagal seo.

2. Ciallaíonn cinedhíothú aon ghníomh díobh seo a leanas arna dhéanamh le hintinn grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch nó creidimh a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach, mar ghrúpa den sórt sin:

(a) Comhaltaí den ghrúpa a mharú;

(b) Díobháil thromchúiseach coirp nó meabhrach a dhéanamh do chomhaltaí den ghrúpa;

(c) Dálaí maireachtála ar dóigh dóibh scriosadh fisiceach a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, a bhrú d'aon toisc ar an ngrúpa;

(d) Bearta arb é is cuspóir dóibh cosc a chur le breitheanna laistigh den ghrúpa a chur i bhfeidhm;

(e) Leanaí de chuid an ghrúpa a aistriú go forneartach chuig grúpa eile.

3. Beidh na gníomhartha seo a leanas inphionósaithe:

(a) Cinedhíothú;

(b) Comhcheilg cinedhíothú a dhéanamh;

(c) Gríosú díreach agus poiblí le cinedhíothú a dhéanamh;

(d) Iarracht ar chinedhíothú a dhéanamh;

(e) Comhpháirteachas i gcinedhíothú.

Airteagal 3

Coireanna in aghaidh na daonnachta

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach sna coireanna seo a leanas nuair a dhéantar iad mar chuid d'ionsaí forleathan nó córasach ar aon phobal sibhialtach ar fhorais náisiúnta, pholaitíochta, eitneacha, chiníocha nó chreidimh:

(a) Dúnmharú;

(b) Díothú;

(c) Daoirse;

(d) Díbirt;

(e) Príosúnú;

(f) Céastóireacht;

(g) Éigniú;

(h) Géarleanúint ar fhorais pholaitíochta, chiníocha agus chreidimh;

(i) Gníomhartha mídhaonnachtúla eile.

Airteagal 4

Sáruithe ar Airteagal 3 atá i ngach ceann de Choinbhinsiúin na Ginéive agus ar Phrótacal Breise II

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh sáruithe tromchúiseacha ar Airteagal 3 atá i ngach ceann de Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 um Íospartaigh Chogaidh a Choimirciú agus ar Phrótacal Breise II a ghabhann leo sin den 8 Meitheamh 1977, nó a ordóidh go ndéanfaí sáruithe tromchúiseacha den sórt sin. Ar na sáruithe sin beidh:

(a) Foréigean ar bheatha, ar shláinte nó ar dhea-bhail coirp nó meabhrach daoine, go háirithe dúnmharú chomh maith le cruálacht mar chéastóireacht, ciorrú nó pionós coirp d'aon chineál;

(b) Pionóis chomhchoitianta;

(c) Gialla a thógáil;

(d) Gníomhartha sceimhlitheoireachta;

(e) Anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú, éigniú, meirdreachas ainneonach agus ionsaí mígheanasach d'aon chineál;

(f) Slad;

(g) Pianbhreitheanna a thabhairt agus básuithe a dhéanamh gan breithiúnas a bheith fógartha roimhe sin ag cúirt a bunaíodh go rialta agus a thugann na ráthaíochtaí go léir a aithníonn pobail shibhialta nach féidir déanamh dá n-éagmais;

(h) Bagairtí aon cheann de na gníomhartha sin roimhe seo a dhéanamh,

cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 5

Dlínse phearsanta

Beidh dlínse ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ar dhaoine nádúrtha de bhun fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 6

Freagracht choiriúil indibhidiúil

1. Maidir le duine a phleanáil, a thionscain, a d'ordaigh nó a rinne coir dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 den Reacht láithreach nó a chabhraigh agus a neartaigh, ar aon slí eile, le pleanáil, le hullmhú nó le déanamh coire den sórt sin, beidh sé nó sí freagrach go hindibhidiúil sa choir.

2. Ní dhéanfaidh post oifigiúil aon duine chúisithe, cibé acu mar Cheann Stáit nó Rialtais nó mar oifigeach Rialtais freagrach, an duine sin a shaoradh ó fhreagracht choiriúil ná pionós a mhaolú.

3. Sa chás gurbh íochtarán a rinne aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 den Reacht láithreach, ní shaorann sé sin a uachtarán nó a huachtarán ó fhreagracht choiriúil má bhí a fhios aige nó aici nó má bhí cúis ann go mbeadh a fhios aige nó aici go raibh an t-íochtarán ar tí gníomhartha den sórt sin a dhéanamh nó go ndearna sé nó sí amhlaidh agus gur mhainnigh an t-uachtarán na bearta riachtanacha agus réasúnacha a ghlacadh chun na gníomhartha sin a chosc nó chun lucht a ndéanta a phionósú.

4. Sa chás gur de bhun ordaithe ó Rialtas nó ó uachtarán a ghníomhaigh duine cúisithe, ní shaorfaidh sé sin é nó í ó fhreagracht choiriúil, ach féadfar é a chur san áireamh mar mhaolú ar phionós má chinneann an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda gur gá sin de réir an cheartais.

Airteagal 7

Dlínse chríche agus ama

Bainfidh dlínse chríche an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda le críoch Ruanda, lena n-áirítear a dromchla talún agus a haerspás chomh maith le críoch Stát comharsanach i leith sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag saoránaigh Ruandacha. Bainfidh dlínse ama an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda le tréimhse dar thús 1 Eanáir 1994 agus dar chríoch 31 Nollaig 1994.

Airteagal 8

Dlínse chomhthráthach

1. Beidh dlínse chomhthráthach ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda agus ag cúirteanna náisiúnta chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha mar gheall ar sháruithe den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát comharsanach, idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994.

2. Beidh príomhaíocht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ar chúirteanna náisiúnta na Stát go léir. Féadfaidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda, ag aon chéim den nós imeachta, a iarraidh go foirmiúil ar chúirteanna náisiúnta géilleadh dá inniúlacht de réir an Reachta láithrigh agus Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 9

Non bis in idem

1. Maidir le haon duine a ndearna an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda é nó í a thriail cheana féin mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta faoin Reacht láithreach, ní dhéanfar é nó í a thriail os comhair cúirte náisiúnta mar gheall ar na gníomhartha céanna.

2. Maidir le duine a ndearna cúirt náisiúnta é nó í a thriail mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta, ní fhéadfaidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda é nó í a thriail dá éis sin ach amháin:

(a) Más rud é gur sainíodh mar ghnáthchoir an gníomh a ndearnadh é nó í a thriail mar gheall air; nó

(b) Más rud é nach raibh imeachtaí na cúirte náisiúnta neamhchlaon nó neamhspleách, má ba é ba chuspóir dóibh an cúisí a chosaint ar fhreagracht choiriúil idirnáisiúnta, nó mura ndearnadh an cás a thabhairt ar aghaidh go dúthrachtach.

3. Le linn dó breithniú a dhéanamh ar an bpionós atá le gearradh ar dhuine a bheidh ciontaithe i gcoir faoin Reacht láithreach, cuirfidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda san áireamh an méid atá curtha isteach cheana féin d'aon phionós a ghearr cúirt náisiúnta ar an duine céanna mar gheall ar an ngníomh céanna.

Airteagal 10

Eagrú an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

Beidh na horgáin seo a leanas sa Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda:

(a) Na Dlísheomraí, ina mbeidh dhá Dhlísheomra Trialach agus Dlísheomra Achomhairc;

(b) An tIonchúisitheoir; agus

(c) Clárlann.

Airteagal 11

Comhdhéanamh na nDlísheomraí

Beidh na Dlísheomraí comhdhéanta d'aon bhreitheamh déag neamhspleácha, nach mbeidh aon bheirt díobh ina náisiúnaigh den Stát céanna agus a fhónfaidh mar a leanas:

(a) Triúr breitheamh a fhónfaidh i ngach ceann ar leith de na Dlísheomraí Trialach;

(b) Cúigear breitheamh a fhónfaidh sa Dlísheomra Achomhairc.

Airteagal 12

Cáilíocht agus toghadh breithiúna

1. Daoine a bhfuil ardcháil mhorálta orthu, a bhfuil neamhchlaontacht agus ionracas ag baint leo agus a bhfuil na cáilíochtaí acu a éilítear ina dtíortha faoi seach i gcomhair ceapacháin chuig na hoifigí breithiúnacha is airde, a bheidh sna breithiúna. I gcomhdhéanamh foriomlán na nDlísheomraí déanfar taithí na mbreithiúna ar an dlí coiriúil, ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta agus dlí chearta an duine, a chur i gcuntas go cuí.

2. Déanfaidh comhaltaí Dhlísheomra Achomhairc an Bhinse Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith (dá ngairtear “an Binse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv” anseo feasta) fónamh freisin mar chomhaltaí Dhlísheomra Achomhairc an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

3. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta breithiúna Dhlísheomraí Trialach an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda a thoghadh as liosta a bheidh curtha faoina bhráid ag an gComhairle Slándála, ar an modh seo a leanas:

(a) Iarrfaidh an tArd-Rúnaí ar Stáit is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus ar Stáit nach comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe ainmniúcháin a dhéanamh le haghaidh bhreithiúna na nDlísheomraí Trialach;

(b) Laistigh de thríocha lá ón dáta a iarrfaidh an tArd-Rúnaí amhlaidh, féadfaidh gach Stát suas le beirt iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí atá leagtha amach i mír 1 thuas acu a ainmniú, gan aon bheirt díobh a bheith den náisiúntacht chéanna agus gan ceachtar díobh a bheith den náisiúntacht chéanna le haon bhreitheamh ar an Dlísheomra Achomhairc;

(c) Déanfidh an tArd-Rúnaí na hainmniúcháin a gheofar a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Slándála. Déanfaidh an Chomhairle Slándála liosta d'iarrthóirí nach lú ná dáréag agus nach mó ná ocht nduine dhéag a bhunú as na hainmniúcháin a gheofar, agus ionadaíocht leordhóthanach ar an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda do phríomhchórais dhlíthiúla an domhain á cur i gcuntas go cuí aici;

(d) Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Slándála an liosta iarrthóirí a tharchur chuig Uachtarán an Chomhthionóil Ghinearálta. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta an seisear breitheamh de na Dlísheomraí Trialach a thoghadh as an liosta sin. Maidir leis na hiarrthóirí a gheobhaidh tromlach glan de vótaí na Stát is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus na Stát nach Comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, dearbhófar iad a bheith tofa. Más rud é go bhfaighidh beirt iarrthóirí den náisiúntacht chéanna an tromlach vótaí is gá, measfar an duine a fuair an líon is airde vótaí a bheith tofa.

4. I gcás folúntais sna Dlísheomraí Trialach, tar éis dul i gcomhairle le hUachtaráin na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta, déanfaidh an tArd-Rúnaí duine ag a bhfuil na cáilíochtaí i mír 1 thuas a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige lena mbaineann.

5. Toghfar breithiúna na nDlísheomraí Trialach ar feadh téarma ceithre bliana. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse bhreithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv. Beidh siad in-atofa.

Airteagal 13

Oifigigh agus comhaltaí na nDlísheomraí

1. Déanfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda Uachtarán a thoghadh.

2. Tar éis dul i gcomhairle le breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda déanfaidh an tUachtarán na breithiúna a shannadh do na Dlísheomraí Trialach. Ní fhónfaidh breitheamh ach amháin sa Dlísheomra dár sannadh é nó í.

3. Déanfaidh breithiúna gach Dlísheomra Trialach Breitheamh Ceannais a thoghadh, agus seolfaidh an breitheamh sin imeachtaí go léir an Dlísheomra Trialach sin ina iomláine.

Airteagal 14

Rialacha nós imeachta agus fianaise

Chun críocha imeachtaí os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda, glacfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda rialacha nós imeachta agus fianaise an Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv maidir leis an gcéim réamhthrialach de na himeachtaí a sheoladh, maidir le trialacha agus achomhairc, maidir le fianaise a ghlacadh, maidir le híospartaigh agus finnéithe a chosaint agus maidir le nithe cuí eile, maille le cibé athruithe a mheasfaidh siad is gá.

Airteagal 15

An tIonchúisitheoir

1. Beidh an tIonchúisitheoir freagrach in imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i sáruithe den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát comharsanach, idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994.

2. Gníomhóidh an tIonchúisitheoir go neamhspleách mar orgán ar leith den Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon Rialtas nó ó aon fhoinse eile.

3. Déanfaidh Ionchúisitheoir an Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv fónamh freisin mar Ionchúisitheoir an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Beidh foireann bhreise aige nó aici, lena n-áirítear Leas-Ionchúisitheoir breise, chun cúnamh a thabhairt maidir le hionchúisimh os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí an fhoireann sin ar mholadh ón Ionchúisitheoir.

Airteagal 16

An Chlárlann

1. Beidh an Chlárlann freagrach i riaradh agus friotháil a dhéanamh ar an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

2. Is éard a bheidh sa Chlárlann Cláraitheoir agus cibé foireann eile is gá.

3. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí an Cláraitheoir tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Fónfaidh sé nó sí ar feadh téarma ceithre bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. Is iad téarmaí agus coinníollacha seirbhíse an Chláraitheora ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse Ard-Rúnaí Cúnta de chuid na Náisiún Aontaithe.

4. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí foireann na Clárlainne ar mholadh ón gCláraitheoir.

Airteagal 17

Imscrúdú agus díotáil a ullmhú

1. Déanfaidh an tIonchúisitheoir imscrúduithe a thionscnamh ex-officio nó ar bhonn faisnéise a gheofar ó aon fhoinse, go háirithe ó Rialtais, ó orgáin de chuid na Náisiún Aontaithe, ó eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha. Déanfaidh an tIonchúisitheoir an fhaisnéis a ghlacfar nó a gheofar a mheasúnú agus cinnfidh sé nó sí an bhfuil bonn leordhóthanach ann le dul ar aghaidh.

2. Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir daoine atá faoi dhrochamhras, íospartaigh agus finnéithe a cheistiú, fianaise a bhailiú agus imscrúduithe a sheoladh ar an láthair. Le linn na tascanna seo a chur i gcrích, féadfaidh an tIonchúisitheoir, de réir mar is cuí, cúnamh a iarraidh ar na húdaráis Stáit lena mbaineann.

3. I gcás go ndéanfar duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú, beidh teideal aige nó aici chun cúnaimh ó abhcóide dá rogha féin, lena n-áirítear an ceart go sannfar cúnamh dlí don duine atá faoi dhrochamhras gan íocaíocht uaidh nó uaithi in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige nó aici chun íoc as, chomh maith le teideal chun aistriúcháin riachtanaigh go teanga nó ó theanga a labhraíonn agus a thuigeann sé nó sí.

4. Ar chinneadh a bheith déanta gurb ann do chás prima facie, ullmhóidh an tIonchúisitheoir díotáil ina mbeidh ráiteas beacht faoi na fíorais agus faoin gcoir nó faoi na coireanna ar ina leith atá an cúisí á chúiseamh nó á cúiseamh faoin Reacht. Déanfar an díotáil a tharchur chuig breitheamh den Dlísheomra Trialach.

Airteagal 18

An díotáil a athbhreithniú

1. Déanfaidh an breitheamh den Dlísheomra Trialach a ndearnadh an díotáil a tharchur chuige nó chuici í a athbhreithniú. Más deimhin leis nó léi go ndearna an tIonchúisitheoir cás prima facie a shuíomh, daingneoidh sé nó sí an díotáil. Mura deimhin leis nó léi amhlaidh, déanfar an díotáil a dhíbhe.

2. Ar dhíotáil a bheith daingnithe, féadfaidh an breitheamh, ar iarraidh ón Ionchúisitheoir, cibé orduithe agus barántais a eisiúint chun daoine a ghabháil, a choinneáil, a thabhairt suas nó a aistriú agus aon orduithe eile a eisiúint is gá chun an triail a sheoladh.

Airteagal 19

Tosach agus seoladh imeachtaí trialach

1. Áiritheoidh na Dlísheomraí Trialach, maidir le triail, go bhfuil sí cothrom agus dlúsúil agus go seolfar imeachtaí de réir na rialacha nós imeachta agus fianaise, go n-urramaítear go hiomlán cearta an chúisí agus go dtugtar aird chuí ar chosaint íospartach agus finnéithe.

2. Maidir le duine ar daingníodh díotáil ina choinne nó ina coinne, déanfar, de bhun ordaithe nó barántais gabhála ón mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda, é nó í a ghlacadh i gcoimeád, cuirfear na cúisimh atá ina choinne nó ina coinne in iúl dó nó di láithreach agus déanfar é nó í a aistriú chuig an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

3. Déanfaidh an Dlísheomra Trialach an díotáil a léamh, a dheimhniú dó féin go bhfuil cearta an chúisí á n-urramú, a dhaingniú go dtuigeann an cúisí an díotáil agus a threorú don chúisí pléadáil a thaifeadadh. Socróidh an Dlísheomra Trialach dáta le haghaidh na trialach ansin.

4. Seolfar na héisteachtaí go poiblí mura rud é go gcinnfidh an Dlísheomra Trialach na himeachtaí a iamh de réir a rialacha nós imeachta agus fianaise.

Airteagal 20

Cearta an chúisí

1. Beidh gach duine comhionann os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

2. Le linn cúisimh ina choinne nó ina coinne a bheith á gcinneadh, beidh an cúisí i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil, faoi réir airteagal 21 den Reacht.

3. Toimhdeofar an cúisí a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

4. Le linn aon chúiseamh i gcoinne an chúisí a bheith á chinneadh de bhun an Reachta láithrigh, beidh an cúisí i dteideal na ráthaíochtaí íosta seo a leanas, i gcomhionannas iomlán:

(a) Go gcuirfear in iúl dó nó di go pras agus go mion, i dteanga a thuigeann sé nó sí, cad iad cineál agus cúis an chúisimh ina choinne nó ina coinne;

(b) Go mbeidh am agus áiseanna atá leordhóthanach aige nó aici chun a chosaint nó a cosaint a ullmhú agus cumarsáid a dhéanamh le habhcóide a roghnóidh sé nó sí féin;

(c) Go ndéanfar é nó í a thriail gan mhoill mhíchuí;

(d) Go ndéanfar é nó í a thriail ina láthair féin, agus go ndéanfaidh sé nó sí é féin nó í féin a chosaint go pearsanta nó trí chúnamh dlí a roghnóidh sé nó sí féin; go gcuirfear an ceart sin in iúl dó nó di, más rud é nach bhfuil cúnamh dlí aige nó aici; agus go ndéanfar cúnamh dlí a shannadh dó nó di, in aon chás inar gá sin ar mhaithe leis an gceartas, agus gan íocaíocht uaidh nó uaithi in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige nó aici chun íoc as;

(e) Go ndéanfaidh sé nó sí, nó go gcuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, na finnéithe ina choinne nó ina coinne a cheistiú agus go gcuirfear faoi deara finnéithe ar a shon nó ar a son a bheith i láthair agus a cheistiú faoi na coinníollacha céanna le finnéithe ina choinne nó ina coinne;

(f) Go mbeidh cúnamh saor in aisce aige nó aici ó ateangaire mura bhfuil sé nó sí in ann an teanga a úsáidtear sa Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda a thuiscint nó a labhairt;

(g) Nach gcuirfear iallach air nó uirthi fianaise a thabhairt ina choinne ná ina coinne féin nó ciontacht a admháil.

Airteagal 21

Íospartaigh agus finnéithe a chosaint

Déanfaidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda foráil ina rialacha nós imeachta agus fianaise le haghaidh íospartaigh agus finnéithe a chosaint. Áireofar ar na bearta cosanta sin imeachtaí a sheoladh i gcúirt iata agus céannacht an íospartaigh a choimeád faoi rún, cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 22

Breithiúnas

1. Déanfaidh na Dlísheomraí Trialach breithiúnais a fhógairt agus pianbhreitheanna agus pionóis a ghearradh ar dhaoine a chiontófar i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta.

2. Is le tromlach na mbreithiúna den Dlísheomra Trialach a chinnfear an breithiúnas, agus déanfaidh an Dlísheomra Trialach é a chraoladh go poiblí. Beidh tuairim réasúnaithe i scríbhinn ag gabháil leis, ar féidir tuairimí ar leithligh nó easaontacha a chur mar fhoscríbhinn léi.

Airteagal 23

Pionóis

1. Ní dhéanfaidh an Dlísheomra Trialach aon phionós seachas príosúnacht a ghearradh. Le linn na téarmaí príosúnachta a chinneadh, rachaidh na Dlísheomraí Trialach ar iontaoibh an chleachtais choitianta maidir le pianbhreitheanna príosúnachta i gcúirteanna Ruanda.

2. Le linn na pianbhreitheanna a fhorchur, is ceart do na Dlísheomraí Trialach tosca ar nós thromaíocht an chiona agus imthosca ar leith an duine chiontaithe a chur i gcuntas.

3. I dteannta príosúnachta, féadfaidh na Dlísheomraí Trialach a ordú go ndéanfar aon mhaoin agus fáltais a fuarthas trí iompar coiriúil, lena n-áirítear trí éigeantas, a thabhairt ar ais dá n-úinéirí dlisteanacha.

Airteagal 24

Imeachtaí achomhairc

1. Déanfaidh an Dlísheomra Achomhairc achomhairc a éisteacht ó dhaoine a bheidh ciontaithe ag na Dlísheomraí Trialach nó ón Ionchúisitheoir ar na forais seo a leanas:

(a) Earráid ar cheist dlí a fhágann go bhfuil an cinneadh neamhbhailí; nó

(b) Earráid fíorais a bhí ina thrúig le hiomrall ceartais.

2. Féadfaidh an Dlísheomra Achomhairc na cinntí a dhéanann na Dlísheomraí Trialach a dhaingniú, a fhreaschur nó a athrú.

Airteagal 25

Imeachtaí athbhreithnithe

I gcás ina n-aimseofar fíoras nua nach raibh ar eolas tráth na n-imeachtaí os comhair na nDlísheomraí Trialach nó an Dlísheomra Achomhairc ar fíoras é a d'fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach le linn teacht ar an gcinneadh, féadfaidh an duine ciontaithe nó an tIonchúisitheoir iarratas ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas a chur faoi bhráid an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 26

Pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú

Déanfar príosúnacht a chur isteach i Ruanda nó in aon Stát, a bheidh ainmnithe ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda, astu sin atá ar liosta de Stáit a chuir in iúl don Chomhairle Slándála go bhfuil siad toilteanach glacadh le daoine ciontaithe. Beidh an phríosúnacht sin de réir dhlí infheidhme an Stáit lena mbaineann, faoi réir mhaoirseacht an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 27

Maithiúnas nó iomalartú pianbhreitheanna

Más rud é, de bhun dhlí infheidhme an Stáit a bhfuil an duine ciontaithe faoi phríosúnacht ann, go bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh maithiúnais nó iomalartaithe pianbhreithe, tabharfaidh an Stát lena mbaineann fógra dá réir sin don Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Ní bheidh maithiúnas ná iomalartú pianbhreithe ann ach amháin más rud é go ndéanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda, i gcomhairle leis na breithiúna, a chinneadh amhlaidh ar bhonn leasanna an cheartais agus phrionsabail ghinearálta an dlí.

Airteagal 28

Comhoibriú agus cúnamh breithiúnach

1. Comhoibreoidh Stáit leis an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda le linn dó imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a chúiseofar i sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta.

2. Déanfaidh Stáit aon iarraidh ar chúnamh nó ordú a eiseoidh Dlísheomra Trialach a chomhlíonadh gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear:

(a) Daoine a aithint agus a aimsiú;

(b) Teist a thógáil agus fianaise a thabhairt ar aird;

(c) Doiciméid a sheirbheáil;

(d) Daoine a ghabháil nó a choinneáil;

(e) An cúisí a thabhairt suas don Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda nó a aistriú chuige,

cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 29

Stádas, pribhléidí agus díolúintí an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe den 13 Feabhra 1946 maidir leis an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda, maidir leis na breithiúna, maidir leis an Ionchúisitheoir agus a fhoireann nó a foireann, agus maidir leis an gCláraitheoir agus a fhoireann nó a foireann.

2. Teachtfaidh na breithiúna, an tIonchúisitheoir agus an Cláraitheoir na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta, de réir an dlí idirnáisiúnta.

3. Teachtfaidh foireann an Ionchúisitheora agus an Chláraitheora na pribhléidí agus na díolúintí a thugtar d'oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe faoi airteagail V agus VII den Choinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo.

4. Cuirfear cibé cóir is gá ar mhaithe le feidhmiú cuí an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda ar dhaoine eile, lena n-áirítear an cúisí, a gceanglaítear orthu a bheith ag suíomh nó ag áit chruinnithe an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 30

Caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

Beidh caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda ina gcaiteachais de chuid na hEagraíochta de réir Airteagal 17 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 31

Teangacha oibre

Is iad Béarla agus Fraincis teangacha oibre an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 32

Tuarascáil bhliantúil

Déanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda tuarascáil bhliantúil ón mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda a chur faoi bhráid na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta.