An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Imeachtaí i gCúirteanna nó i mBinsí de chuid na hÉireann)

40 1998

AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

CUID II

Daoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas

An Chuid seo a fhorléiriú.

4. —(1) Ní dhéanfar aon ní sa Chuid seo a fhorléiriú mar ní a cheanglaíonn ar an Ard-Chúirt deimhin a dhéanamh de go bhfuil fianaise leormhaith ann chun a dhlí go ndéanfaidh binse idirnáisiúnta duine a thriail.

(2) Chun críocha na Coda seo ní mheasfar aon choir binse idirnáisiúnta a bheith ina cion polaitiúil ná ina cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil.

(3) Ní bheidh d'éifeacht le haon iarratas ar thearmann sa Stát tabhairt suas duine faoin Acht seo a chosc ná a iarchur.

Iarraidh ar thabhairt suas.

5. —(1) Féadfaidh binse idirnáisiúnta iarraidh a dhéanamh chuig an Aire chun go dtabharfaí suas duine—

(a) a ndearna an binse sin é nó í a chúiseamh nó a chiontú i gcoir binse idirnáisiúnta, agus

(b) ar eisigh an binse sin barántas gabhála ina leith d'fhonn é nó í a thabhairt os comhair an bhinse nó chuig áit ina gcuirfear é nó í faoi phríosúnacht faoi phianbhreith ón mbinse.

(2) Is i scríbhinn a bheidh an iarraidh agus—

(a) beidh tuairisc chomh cruinn agus is féidir inti ar an duine a bhfuiltear á iarraidh go ndéanfaí é nó í a thabhairt suas, mar aon le haon fhaisnéis eile a chuideoidh lena chéannacht nó lena céannacht a shuíomh,

(b) beidh ráiteas inti maidir le gach coir binse idirnáisiúnta a bhfuiltear ag déanamh na hiarrata ina leith, ina sonrófar, chomh cruinn agus is féidir—

(i) tráth agus áit a déanta,

(ii) tuairisc dlí na coire, agus

(iii) tagairt do na forálacha iomchuí de reacht an bhinse sin, agus

(c) mar thaca léi, beidh an doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de bharántas gabhála arna eisiúint ag an mbinse sin agus a léiríonn an cuspóir atá leis an ngabháil.

(3) Mura leormhaith, i dtuairim an Aire, an fhaisnéis a bheidh tugtha ag an mbinse idirnáisiúnta, féadfaidh an tAire

(a) a iarraidh ar an mbinse sin faisnéis nó doiciméid bhreise, de réir mar is cuí leis nó léi, a thabhairt, agus

(b) teorainn ama a shocrú chun an fhaisnéis nó na doiciméid a fháil.

(4) Is leormhaith chun críocha na Coda seo aon iarraidh nó doiciméad taca a chomhlíonann an t-alt seo ar shlí eile fiú má fuair an tAire an iarraidh nó an doiciméad taca roimh thosach feidhme an Achta seo.

Iarrataí codarsnacha ar thabhairt suas.

6. —Más rud é go bhfaighfear, i gcomhthráth, ó bhinsí idirnáisiúnta, dhá iarraidh nó níos mó chun an duine céanna a thabhairt suas, cinnfidh an tAire cé acu iarraidh a rachfar chun cinn léi faoin gCuid seo, ag féachaint do na himthosca go léir agus go speisialta—

(a) do thromchúis choibhneasta na gcoireanna binse idirnáisiúnta, agus

(b) do dháta gach iarrata díobh faoi seach.

Iarraidh chun an duine céanna a eiseachadadh nó a ghéilleadh.

7. —Beidh príomhaíocht ag iarraidh ó bhinse idirnáisiúnta chun duine a thabhairt suas—

(a) thar iarraidh faoi Chuid II de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, chun é nó í a eiseachadadh mar gheall ar chion, agus

(b) thar thionscnamh aon imeachtaí faoi Chuid III de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, chun é nó í a ghabháil nó a sheachadadh mar gheall ar chion,

cibé acu is coir binse idirnáisiúnta é an t-iompar arb é an cion é nó nach ea.

Deimhniú maidir le hiarraidh ar thabhairt suas.

8. —Ar iarraidh chun duine a thabhairt suas arna déanamh de réir alt 5 a fháil, déanfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha na Coda seo, a dheimhniú go ndearnadh an iarraidh.

Barántas gabhála a eisiúint.

9. —Ar dheimhniú faoi alt 8 a thabhairt ar aird don Ard-Chúirt á rá go ndearnadh iarraidh chun duine a thabhairt suas, déanfaidh an Chúirt barántas a eisiúint chun an duine a ghabháil, mura rud é go dtugtar an deimhniú ar aird i leith duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí.

Iarraidh ar ghabháil shealadach.

10. —(1) Féadfaidh binse idirnáisiúnta iarraidh a dhéanamh chun duine a ghabháil go sealadach, ar fhorais phráinne, ar duine é nó í—

(a) atá cúisithe aige i gcoir binse idirnáisiúnta a dhéanamh,

(b) atá ciontaithe aige i gcoir den sórt sin, nó

(c) atá faoi dhrochamhras aige i dtaobh coir den sórt sin a dhéanamh.

(2) Is i scríbhinn a bheidh an iarraidh agus—

(a) beidh tuairisc chomh cruinn agus is féidir inti ar an duine arb é nó í is ábhar don iarraidh, mar aon le haon fhaisnéis eile a chuideoidh lena chéannacht nó lena céannacht a shuíomh, agus

(b) beidh ráiteas inti maidir le gach coir binse idirnáisiúnta a bhfuiltear ag déanamh na hiarrata ina leith, ina sonrófar, chomh cruinn agus is féidir, an tráth agus an áit a ndearnadh an choir.

(3) Más rud é dá éis sin go bhfaighidh an tAire, ó bhinse idirnáisiúnta a rinne iarraidh faoin alt seo, an doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de bharántas gabhála ina léireofar—

(a) go ndearna an binse sin an duine is ábhar don iarraidh faoin alt seo a chúiseamh nó a chiontú i gcoir binse idirnáisiúnta, agus

(b) an cuspóir atá leis an ngabháil,

déileálfar chun críocha na Coda seo leis an iarraidh faoin alt seo amhail is dá mba iarraidh í chun an duine sin a thabhairt suas.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) fiú má rinneadh an duine a chúiseamh nó a chiontú i gcoir binse idirnáisiúnta tar éis an iarraidh faoin alt seo a bheith déanta.

(5) Ní dhéanfar iarraidh a ndéileáiltear léi de bhua fho-alt (3) mar iarraidh chun duine a thabhairt suas a dheimhniú faoi alt 8 go dtí go bhfaigheann an tAire na nithe seo a leanas ón mbinse idirnáisiúnta—

(a) an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 5 (2)(b)(ii) agus (iii), agus

(b) aon fhaisnéis nó doiciméid a iarrtar faoi alt 5 (3) i ndáil leis an duine sin.

Barántas gabhála sealadaí.

11. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt, gan deimhniú ón Aire faoi alt 8 , barántas a eisiúint chun aon duine a ghabháil go sealadach ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná cigire, á rá go bhfuil cúis aige nó aici lena chreidiúint—

(a) go ndearna binse idirnáisiúnta iarraidh chun an duine a ghabháil go sealadach ar fhorais phráinne,

(b) go bhfuil an duine—

(i) cúisithe ag an mbinse sin i gcoir binse idirnáisiúnta a dhéanamh,

(ii) ciontaithe ag an mbinse sin i gcoir den sórt sin, nó

(iii) faoi dhrochamhras ag an mbinse sin i dtaobh coir den sórt sin a dhéanamh,

agus

(c) gurb é is cuspóir don ghabháil an duine a choinneáil go dtí go bhfaighidh an tAire barántas ón mbinse sin chun an duine a ghabháil.

(2) Ar bharántas gabhála sealadaí a eisiúint, cuirfidh an Ard-Chúirt in iúl don Aire láithreach gur eisíodh é.

(3) I gcás gur dealraitheach don Aire nach bhfaighfear barántas gabhála ón mbinse idirnáisiúnta i leith an duine atá ainmnithe sa bharántas gabhála sealadaí nó nach dtionscnóidh an binse sin imeachtaí i gcoinne an duine sin, féadfaidh an tAire, le hordú—

(a) an barántas gabhála sealadaí a chealú, agus

(b) más rud é gur forghníomhaíodh an barántas agus go bhfuil an duine a gabhadh faoi i gcoimeád, a cheangal go scaoilfí saor é nó í.

(4) Féadfar barántas gabhála sealadaí a eisiúint faoi fho-alt (1) i leith duine d'ainneoin barántas chun é nó í a ghabháil a bheith eisithe nó diúltaithe roimhe sin.

Barántais a fhorghníomhú.

12. —(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a eisíodh faoi alt 9 11(1) a fhorghníomhú in aon chuid den Stát fiú mura mbíonn an barántas i seilbh an chomhalta ag an am.

(2) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána a fhorghníomhóidh barántas a eisíodh faoi alt 9 11(1)

(a) tráth na gabhála, nó

(b) mura mbíonn an barántas i seilbh an chomhalta an tráth sin, laistigh de 24 huaire an chloig tar éis na gabhála,

an barántas a thaispeáint don duine a gabhadh agus cóip a thabhairt dó nó di.

(3) Déanfar duine a gabhadh faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9 11(1) a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte a luaithe is féidir mura rud é, i gcás barántais a eisíodh faoi alt 11 (1), go gcealaítear an barántas faoi alt 11 (3).

Imeachtaí cúirte tar éis gabhála sealadaí.

13. —(1) I gcás go ndéanfar duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte—

(a) más rud é go dtabharfar deimhniú faoi alt 8 i leith an duine ar aird don Chúirt, rachaidh sí ar aghaidh faoi alt 14 amhail is dá mba rud é gur gabhadh an duine faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9 , agus

(b) más rud é nach dtabharfar an deimhniú sin ar aird don Chúirt, déanfaidh sí an duine sin a athchur go dtí go dtabharfar an deimhniú ar aird nó go scaoilfear an duine sin saor de réir fho-alt (2) den alt seo nó de réir ordú faoi alt 11 (3)(b).

(2) I gcás nach dtabharfar deimhniú faoi alt 8 ar aird don Ard-Chúirt laistigh den tréimhse 18 lá tar éis dháta na gabhála, déanfar an duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí, más i gcoimeád dó nó di, a scaoileadh saor.

Duine gafa a chimiú nó a scaoileadh saor.

14. —(1) I gcás duine a gabhadh faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9 nó a athchuireadh faoi alt 13 (1)(b) a bheith os comhair na hArd-Chúirte agus gur deimhin léi—

(a) gur cúisíodh nó gur ciontaíodh an duine sin i gcoir binse idirnáisiúnta,

(b) go ndearnadh iarraidh go cuí chun an duine sin a thabhairt suas, agus

(c) go ndearnadh barántas a chomhlíonann alt 5 (2)(c)10(3) agus a bhaineann leis an duine sin a thabhairt ar aird,

déanfaidh an Ard-Chúirt, faoi réir fho-alt (2), ordú ag cimiú an duine sin chuig príosún (nó, mura bhfuil an duine sin os cionn 21 bhliain d'aois, chuig foras athchuir) le feitheamh ansin le hordú an Aire chun é nó í a thabhairt suas.

(2) Más deimhin leis an Ard-Chúirt go dtoirmisctear le halt 26 duine a thabhairt suas, ní dhéanfaidh sí ordú cimithe i leith an duine sin.

(3) Ar ordú cimithe faoi fho-alt (1) a dhéanamh, déanfaidh an Ard-Chúirt—

(a) a chur in iúl don duine lena mbaineann an t-ordú nach ndéanfar é nó í a thabhairt suas, seachas lena thoiliú nó lena toiliú, go dtí go mbeidh 15 lá caite tar éis dháta an chimithe,

(b) forálacha Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht (a bhaineann le gearán a dhéanamh ag duine nó thar ceann duine leis an Ard-Chúirt á rá go bhfuil an duine sin á choinneáil ina bhrá nó á coinneáil ina brá go haindleathach) a chur in iúl don duine sin, agus

(c) a chur faoi deara deimhniú maidir leis an gcimiú a chur láithreach chuig an Aire.

(4) I gcás nach ndéanfar an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chimiú faoin bhfo-alt sin, ordóidh an Chúirt é nó í a scaoileadh saor.

(5) Ní bheidh ábhar achomhairc ann i gcoinne ordú ón Ard-Chúirt faoin alt seo seachas achomharc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach.

(6) Beidh feidhm ag ailt 10 agus 11 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , maidir le duine a chimeofar chuig foras athchuir faoin alt seo.

Cumhachtaí atráthaithe agus athchuir.

15. —Féadfaidh an Ard-Chúirt, i ndáil le duine a thabharfar os a comhair faoin Acht seo, a cumhachtaí atráthaithe agus athchuir go léir a fheidhmiú, lena n-áirítear na cumhachtaí atá ag an gCúirt i ndáil le duine a bheidh curtha ar aghaidh chuici i gcomhair trialach, gan a bheith teoranta do na cumhachtaí sin.

Fianaise agus toimhdeana.

16. —(1) In aon imeachtaí faoin Acht seo, déanfar doiciméad a airbheartaíonn—

(a) gur iarraidh é ó bhinse idirnáisiúnta chun duine a thabhairt suas nó chun duine a ghabháil go sealadach, nó

(b) a bheith tugtha ag binse idirnáisiúnta mar thaca le ceachtar iarraidh,

a ghlacadh i bhfianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, má airbheartaíonn sé a bheith sínithe ag oifigeach de chuid an bhinse sin a bheidh údaraithe lena reacht nó lena rialacha chun an doiciméad sin a shíniú.

(2) In aon imeachtaí faoin Acht seo, déanfar doiciméad a airbheartaíonn—

(a) gur cóip é de bharántas gabhála arna eisiúint ag binse idirnáisiúnta, agus

(b) a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach de chuid an bhinse sin a bheidh údaraithe aige chun deimhniú a dhéanamh thar a cheann,

a ghlacadh i bhfianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den bharántas sin.

(3) In aon imeachtaí faoin Acht seo, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, go bhfuil iarraidh chun duine a thabhairt suas déanta go cuí agus go bhfuarthas go cuí í más rud é—

(a) gur gabhadh an duine faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9 , nó

(b) gur gabhadh an duine faoi bharántas gabhála sealadaí agus gur tugadh deimhniú faoi alt 8 ar aird don Ard-Chúirt á rá go bhfuil iarraidh chun an duine a thabhairt suas déanta go cuí.

(4) In aon imeachtaí faoin Acht seo, más rud é go ndearna comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire an fhaisnéis a bhfuil a tuairisc in alt 11 (1) a mhionnú i leith duine, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, go bhfuil iarraidh chun an duine a ghabháil go sealadach déanta go cuí agus go bhfuarthas go cuí í.

(5) In aon imeachtaí faoin Acht seo, i gcás gur tugadh deimhniú ón Aire ar aird don Ard-Chúirt á rá gur shásaigh binse idirnáisiúnta an tAire maidir leis na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) d'alt 26(2)(b) i ndáil le duine a ainmnítear sa deimhniú agus ar tugadh breithiúnas críochnaitheach air nó uirthi i stát eile, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, gur sásaíodh an tAire amhlaidh.

Aistriú chuig ospidéal nó áit eile.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a chur faoi deara duine a chimeofar faoi alt 14 a aistriú chuig ospidéal nó áit eile más dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le sláinte an duine sin.

(2) Beidh duine a aistreofar faoin alt seo chuig ospidéal nó áit eile i gcoimeád dleathach fad a bheidh sé nó sí faoi choinneáil ansin.

Ordú tabhartha suas.

18. —(1) Faoi réir fho-alt (4) agus alt 19 , féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar duine a cimíodh faoi alt 14 agus nár scaoileadh saor—

(a) le breith ón Ard-Chúirt faoi Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht nó tar éis achomhairc i gcoinne breithe den sórt sin,

(b) de dhroim achomhairc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach, nó

(c) de dhroim ordú faoi alt 21 22,

a thabhairt suas chuig coimeád duine údaraithe.

(2) Déanfar duine a mbeidh ordú tabhartha suas déanta ina leith a thabhairt suas de réir théarmaí an ordaithe agus féadfaidh aon duine údaraithe an duine a thabharfar suas amhlaidh a ghlacadh, a choinneáil i gcoimeád agus a thabhairt amach as an Stát.

(3) Aon duine a éalóidh as aon choimeád ar cuireadh é nó í ann faoi ordú tabhartha suas, dlífear é nó í a athghabháil ar an modh céanna le haon duine a éalaíonn as coimeád dleathach.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú tabhartha suas i leith duine atá faoi réir pianbhreithe cúirte sa Stát más rud é—

(a) gur cheangail an tAire ar an mbinse idirnáisiúnta a d'iarr an tabhairt suas gealltanais a thabhairt maidir leis an duine a thabhairt ar ais chuig an Stát d'fhonn an phianbhreith sin a chur isteach, agus

(b) nach deimhin leis an Aire gur tugadh gealltanais leordhóthanacha.

(5) San alt seo, ciallaíonn “duine údaraithe” duine atá, i dtuairim an Aire, údaraithe go cuí ag ceann díobh seo a leanas chun an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ghlacadh:

(a) an binse idirnáisiúnta a d'iarr an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt suas;

(b) stát ina bhfuil an duine dá dtagraítear i bhfo-alt(1) le cur faoi phríosúnacht mar gheall ar choir binse idirnáisiúnta.

Imeacht aimsire roimh thabhairt suas.

19. —(1) Ní dhéanfar duine a chimeofar faoi alt 14 , ach amháin lena thoiliú nó lena toiliú arna thabhairt os comhair na hArd-Chúirte, a thabhairt suas chuig binse idirnáisiúnta nó chuig an stát a bhfuil sé nó sí le cur faoi phríosúnacht ann—

(a) go dtí go mbeidh 15 lá caite ó dháta an chimithe, nó

(b) go dtí go gcuirfear críoch le haon imeachtaí achomhairc a thionscain an duine sin nó a tionscnaíodh thar ceann an duine sin,

cibé acu is déanaí.

(2) Más rud é go ndéanfaidh an tAire, faoi alt 20 , déanamh ordaithe tabhartha suas i leith duine a cimíodh faoi alt 14 a iarchur, ní dhéanfar an duine sin a thabhairt suas go dtí go mbeidh—

(a) an tréimhse dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) caite, nó

(b) tréimhse an iarchuir faoi alt 20 caite,

cibé acu is déanaí.

(3) San alt seo, ciallaíonn “imeachtaí achomhairc” imeachtaí—

(a) a bhaineann le gearán faoi Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht (lena n-áirítear imeachtaí ar achomharc i gcoinne breithe i dtaobh an ghearáin sin), nó

(b) a bhaineann le hachomharc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach.

Ordú tabhartha suas a iarchur.

20. —(1) Féadfaidh an tAire déanamh ordaithe tabhartha suas i leith duine a iarchur go ceann tréimhse ionas go bhféadfaidh imeachtaí coiriúla eile ina choinne nó ina coinne dul ar aghaidh sa Stát a mhéid a bhaineann siad le hiompar nach mbeadh ina choir binse idirnáisiúnta.

(2) Le linn don Aire a chinneadh an ceart déanamh ordaithe tabhartha suas a iarchur go ceann tréimhse, beidh aird aige nó aici ar thromchúis an chiona lena mbaineann na himeachtaí coiriúla eile.

(3) San alt seo, ní fholaíonn “imeachtaí coiriúla eile” imeachtaí faoi Chuid II nó III de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994.

Duine a scaoileadh saor mura dtabharfar é nó í amach as an Stát.

21. —(1) Féadfar iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go scaoilfear saor duine atá ag feitheamh le tabhairt suas faoin Acht seo agus nach ndéanfar a thabhairt suas agus a thabhairt amach as an Stát laistigh de mhí amháin—

(a) tar éis dháta cimithe an duine sin faoi alt 14 , nó

(b) tar éis críoch a bheith curtha le haon imeachtaí achomhairc (mar a mhínítear in alt 19 (3)) a thionscain an duine sin nó a tionscnaíodh thar ceann an duine sin,

cibé acu is déanaí.

(2) Más deimhin leis an Ard-Chúirt go ndearna duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an t-iarratas nó go ndearnadh an t-iarratas thar ceann duine den sórt sin agus gur tugadh fógra réasúnach don Aire faoin iarratas, ordóidh sí, faoi réir fho-alt (3) agus alt 20 , é nó í a scaoileadh saor ó choimeád faoin Acht seo.

(3) Más deimhin leis an Ard-Chúirt maidir leis na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) agus más deimhin léi—

(a) go ndearna bail sláinte an duine nó imthosca eile nach raibh neart ag an Stát ná ag an mbinse idirnáisiúnta orthu cosc a chur ar é nó í a thabhairt amach as an Stát, agus

(b) gur dócha laistigh d'achar réasúnach ama nach mbeidh na himthosca sin ina gcosc a thuilleadh ar an duine sin a thabhairt amach as an Stát,

féadfaidh an Ard-Chúirt tréimhse a shocrú inar féidir an duine sin a thabhairt suas agus scaoilfear saor é nó í ó choimeád faoin Acht seo mura dtabharfar é nó í amach as an Stát laistigh den tréimhse sin.

Duine a scaoileadh saor le hordú ón Aire.

22. —(1) Ar bheith deimhin don Aire, mar gheall ar fhaisnéis a fuarthas tar éis duine a bheith cimithe faoi alt 14 , go dtoirmisctear leis an Acht seo é nó í a thabhairt suas, ordóidh an tAire an duine a scaoileadh saor ó choimeád.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú duine a cimíodh faoi alt 14 a scaoileadh saor ó choimeád más é tuairim an Aire nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh le hiarraidh chun an duine a thabhairt suas.

Ní dhéanann scaoileadh saor difear d'iarraidh dá éis sin.

23. —Ní dhéanfaidh scaoileadh saor duine faoi alt 11 (3)(b), 13(2), 2122 dochar d'athghabháil agus tabhairt suas an duine má dhéantar iarraidh ina dhiaidh sin chun é nó í a thabhairt suas.

Mura mbeidh pianbhreith choimeádta arna gearradh faoi dhlí na hÉireann críochnaithe roimh scaoileadh saor.

24. —I gcás go n-ordóidh an Ard-Chúirt nó an tAire faoin Acht seo duine atá faoi réir pianbhreithe cúirte sa Stát mar gheall ar chion i gcoinne dhlí an Stáit a scaoileadh saor—

(a) leanfaidh an duine sin de bheith faoi dhliteanas an téarma príosúnachta a chríochnú a chuir an chúirt sa Stát de phianbhreith air nó uirthi, agus

(b) más rud é nach bhfuil an phianbhreith sin éagtha, déanfar an duine sin a aistriú i gcoimeád chuig an áit a ndlitear é nó í a phríosúnú faoin bpianbhreith sin.

Mura mbeidh pianbhreith choimeádta arna gearradh faoi dhlí na hÉireann críochnaithe roimh thabhairt suas.

25. —(1) I gcás go ndéanfar duine atá faoi réir ordú tabhartha suas agus pianbhreithe cúirte sa Stát araon a sheachadadh isteach—

(a) i gcoimeád binse idirnáisiúnta, nó

(b) i gcoimeád stáit a bhfuil sé nó sí le cur faoi phríosúnacht ann faoi phianbhreith binse idirnáisiúnta,

leanfaidh an duine sin de bheith faoi dhliteanas aon téarma príosúnachta a chríochnú a chuir an chúirt sa Stát de phianbhreith air nó uirthi.

(2) I gcás go ndéanfar ordú tabhartha suas i leith duine atá faoi réir pianbhreithe cúirte sa Stát, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh san ordú tabhartha suas—

(a) foráil ag údarú an duine sin a thabhairt ar ais chuig an Stát—

(i) de réir comhshocraíochtaí arna ndéanamh ag an Aire leis an mbinse idirnáisiúnta a d'iarr go dtabharfaí suas an duine, nó

(ii) má tá an duine á thabhairt suas nó á tabhairt suas chun go gcuirfear príosúnacht air nó uirthi i stát faoi phianbhreith ó bhinse idirnáisiúnta, de réir comhshocraíochtaí arna ndéanamh ag an Aire leis an stát sin,

agus

(b) foráil chun an duine a aistriú i gcoimeád chuig an áit ina ndlitear é nó í a phríosúnú nó a choinneáil faoi phianbhreith na cúirte sa Stát.

Má tugadh breithiúnas cheana féin i leith an iompair chéanna.

26. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar duine a thabhairt suas faoin Acht seo más rud é—

(a) gur tugadh breithiúnas críochnaitheach sa Stát nó i stát eile ar an duine sin i leith ciona, agus

(b) maidir leis an iompar arb é an cion é, gurb é an choir binse idirnáisiúnta freisin é ar mar gheall uirthi atáthar ag iarraidh é nó í a thabhairt suas.

(2) Ní thoirmisctear duine a thabhairt suas faoin alt seo más rud é—

(a) gur tugadh an breithiúnas críochnaitheach i stát eile ag cúirt nó binse seachas binse míleata a bunaíodh faoi dhlí an Stáit, agus

(b) maidir leis an mbinse idirnáisiúnta a iarrann an tabhairt suas, go sásaíonn sé an tAire—

(i) nach raibh na himeachtaí sa stát eile neamhchlaon nó neamhspleách nó gur ceapadh iad chun an duine a dhídean ar fhreagracht choiriúil idirnáisiúnta, nó

(ii) nach ndearnadh an cás a thabhairt ar aghaidh go dúthrachtach.