|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Daoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas) | Ar Aghaidh (CUID IV Foirmeacha Eile Cúnaimh) |
AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Imeachtaí i gCúirteanna nó i mBinsí de chuid na hÉireann | |
| [EN] |
Dlínse binse idirnáisiúnta le breithniú. |
27. —Déanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí dlínse aon bhinse idirnáisiúnta a chur i gcuntas sula gcinnfidh sé nó sí imeachtaí a thionscnamh faoi dhlínse sheach-chríochach an Stáit i leith iompair ar coir binse idirnáisiúnta é. |
| [EN] |
Scor d'imeachtaí ar iarraidh a fháil ó bhinse idirnáisiúnta. |
28. —(1) Maidir le haon iarraidh a dhéanfaidh binse idirnáisiúnta, de réir a reachta agus a rialacha, chuig an Aire go ngéillfeadh aon chúirt sa Stát nó aon bhinse míleata d'inniúlacht an bhinse idirnáisiúnta trí scor d'imeachtaí a tionscnaíodh sa chúirt sin nó sa bhinse míleata sin, déanfaidh an tAire í a tharchur chuig an Ard-Chúirt. |
| [EN] | (2) Tar éis an iarraidh a fháil, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go scoirfear de na himeachtaí, más deimhin léi— | |
| [EN] | (a) go mbaineann an iarraidh le himeachtaí faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, | |
| [EN] | (b) go mbaineann an iarraidh le himeachtaí a tionscnaíodh i gcúirt sa Stát faoi dhlínse sheach-chríochach an Stáit i dtaca le cion indíotáilte nár ciontaíodh an cúisí ann fós agus, maidir leis an iompar arb é an cion indíotáilte é, gur coir binse idirnáisiúnta é freisin, nó | |
| [EN] | (c) go mbaineann an iarraidh le himeachtaí a tionscnaíodh i mbinse míleata faoi dhlínse sheach-chríochach an Stáit i dtaca le cion nár ciontaíodh an cúisí ann fós agus, maidir leis an iompar arb é an cion é, gur coir binse idirnáisiúnta é freisin. | |
| [EN] | (3) I gcás go n-ordóidh an Ard-Chúirt go scoirfear d'imeachtaí, féadfaidh sí cibé orduithe eile a dhéanamh is cuí d'fhonn éifeacht a thabhairt don iarraidh, lena n-áirítear aon bharántas gabhála a eisíodh i dtaca leis na himeachtaí a chúlghairm. | |
| [EN] | (4) D'fhonn breithniú a dhéanamh ar iarraidh a gheofar faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú na himeachtaí a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí, agus ar cibé coinníollacha, is cuí léi. | |
| [EN] | (5) Ní choiscfidh scor aon imeachtaí faoin alt seo, as féin— | |
| [EN] | (a) tosú imeachtaí úra i gcúirt sa Stát, nó i mbinse míleata, i leith an chiona chéanna, ná | |
| [EN] | (b) atosú imeachtaí faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, i leith an chiona chéanna. |