An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Foirmeacha Eile Cúnaimh) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Rún 827 (1993))

40 1998

AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

CUID V

Ilghnéitheach

Cion.

35. —(1) Aon duine a chuirfidh isteach nó a dhéanfaidh imeaglú, nó a fhéachfaidh le cur isteach nó imeaglú a dhéanamh, ar fhinné binse idirnáisiúnta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) San alt seo folaíonn “finné binse idirnáisiúnta” duine—

(a) a thoghairfear chun láithriú os comhair binse idirnáisiúnta agus a bheidh, tráth déanta an ghnímh arb é an cion faoin alt seo é, laistigh den Stát, nó

(b) a bhfuil fianaise le tógáil uaidh nó uaithi sa Stát nó atá le doiciméid nó earraí eile a thabhairt ar aird sa Stát lena dtarchur chuig binse idirnáisiúnta.

Caiteachais.

36. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh.

37. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ar mhaithe le haon cheann nó le gach ceann de na críocha seo a leanas:

(a) chun a dhearbhú gur binse idirnáisiúnta chun críocha an Achta seo aon bhinse nó cúirt a bheidh bunaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh lasmuigh den Stát;

(b) chun oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil den Acht seo d'fhonn aon deacracht a réiteach a bheidh ann i leith fheidhmiú na forála sin maidir le binse nó cúirt a ndearbhófar gur binse idirnáisiúnta é nó í faoin alt seo;

(c) chun socrú a dhéanamh maidir le cúnamh do bhinse idirnáisiúnta mar fhreagra ar iarraidh chun fianaise a thógáil nó chun doiciméid nó earraí eile a thabhairt ar aird;

(d) chun socrú a dhéanamh maidir le cruthúnas ar orduithe, ar dheimhnithe agus ar dhoiciméid eile de chuid binse idirnáisiúnta agus maidir le cruthúnas ar thiontuithe ar na doiciméid sin, chun críocha a nglactha i bhfianaise in aon imeachtaí faoi Chuid IV;

(e) chun socrú a dhéanamh maidir le doiciméid nó earraí eile a urghabhfar faoi alt 30 a choinneáil, a chaomhnú agus a chosaint agus maidir lena n-aischur chuig an duine ónar urghabhadh iad nó lena ndiúscairt;

(f) chun a dhearbhú go mbeidh feidhm ag forálacha sonraithe den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, chun críocha a chumasú don Stát comhoibriú le binse idirnáisiúnta agus socrú a dhéanamh maidir le haon mhodhnuithe ar na forálacha sin a mheasfaidh an tAire is gá chun na críche sin;

(g) chun socrú a dhéanamh maidir le haon ní eile a mheasfar is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht iomlán a thabhairt don Acht seo.

(2) Más rud é go mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoi mhír (a)(b) d'fho-alt (1), déanfar dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach.

(3) Más rud é go ndéanfar rialacháin faoi aon cheann de mhíreanna (c) go (g) d'fho-alt (1)

(a) déanfar iad a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus

(b) má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith á neamhniú, beidh siad ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúthu.

Aisghairm.

38. —Aisghairtear leis seo alt 56 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994.