|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Rún 955 (1994)) | Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Reacht Bhinse Ruanda) |
AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
AN TRÍÚ SCEIDEAL Reacht Bhinse na hIar-Iúgslaive | |
Ar bheith bunaithe dó ag an gComhairle Slándála ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, feidhmeoidh an Binse Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith (dá ngairtear “an Binse Idirnáisiúnta” anseo feasta) de réir fhorálacha an Reachta láithrigh. | ||
|
Airteagal 1 Inniúlacht an Bhinse Idirnáisiúnta | ||
Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith de réir fhorálacha an Reachta láithrigh. | ||
|
Airteagal 2 Sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive de 1949 | ||
Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 nó a ordóidh go ndéanfar sáruithe tromchúiseacha den sórt sin, is é sin le rá, na gníomhartha seo a leanas i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin iomchuí de Choinbhinsiúin na Ginéive: | ||
(a) marú toiliúil; | ||
(b) céastóireacht nó ainíde mhídhaonna, lena n-áirítear turgnaimh bhitheolaíochta; | ||
(c) duine a chur ag fulaingt go mór nó díobháil mhór a dhéanamh dó, go toiliúil, ina chorp nó ina shláinte; | ||
(d) scrios a dhéanamh agus seilbh a ghlacadh go forleathan ar mhaoin nuair nach bhfuil riachtanas míleata leis agus nuair a dhéantar é go neamhdhleathach agus go hainrianta; | ||
(e) iallach a chur ar phríosúnach cogaidh nó ar shibhialtach fónamh i bhfórsaí cumhachta naimhdí; | ||
(f) a chearta chun trialach atá cóir agus rialta a bhaint, go toiliúil, de phríosúnach cogaidh nó de shibhialtach; | ||
(g) sibhialtach a chur thar tír amach nó a aistriú nó a ghaibhniú go neamhdhleathach; | ||
(h) sibhialtaigh a thógáil ina ngialla. | ||
|
Airteagal 3 Sáruithe ar dhlíthe nó ar nósanna an chogaidh | ||
Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a sháróidh dlíthe nó nósanna an chogaidh. Ar na sáruithe sin beidh: | ||
(a) úsáid armán nimhiúil nó armán eile atá ceaptha chun bheith ina gcúis le fulaingt neamhriachtanach; | ||
(b) scrios ainrianta cathracha, bailte nó sráidbhailte, nó léirscrios nuair nach bhfuil dianriachtanas míleata leis; | ||
(c) ionsaí, nó bombardú, trí cibé sás, ar bhailte, ar shráidbhailte, ar theaghaisí nó ar fhoirgnimh neamhchosanta; | ||
(d) forais atá tiomnaithe do chreideamh, do charthanas agus d'oideachas, do na healaíona agus do na heolaíochtaí, séadchomharthaí stairiúla agus saothair ealaíne agus eolaíochta a fhorghabháil nó a scriosadh, nó damáiste a dhéanamh dóibh go toiliúil; | ||
(e) creach ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, | ||
cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist. | ||
|
Airteagal 4 Cinedhíothú | ||
1. Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh cinedhíothú mar a mhínítear i mír 2 den airteagal seo nó a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha eile atá liostaithe i mír 3 den airteagal seo. | ||
2. Ciallaíonn cinedhíothú aon ghníomh díobh seo a leanas arna dhéanamh le hintinn grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch nó creidimh a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach, mar ghrúpa den sórt sin: | ||
(a) daoine den ghrúpa a mharú; | ||
(b) díobháil thromchúiseach coirp nó meabhrach a dhéanamh do dhaoine den ghrúpa; | ||
(c) dálaí maireachtála atá ceaptha chun scriosadh fisiceach a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, a bhrú d'aon toisc ar an ngrúpa; | ||
(d) bearta a chur i bhfeidhm atá beartaithe chun cosc a chur le breitheanna laistigh den ghrúpa; | ||
(e) leanaí de chuid an ghrúpa a aistriú go forneartach chuig grúpa eile. | ||
3. Beidh na gníomhartha seo a leanas inphionósaithe: | ||
(a) cinedhíothú; | ||
(b) comhcheilg cinedhíothú a dhéanamh; | ||
(c) gríosú díreach agus poiblí le cinedhíothú a dhéanamh; | ||
(d) iarracht ar chinedhíothú a dhéanamh; | ||
(e) comhpháirteachas i gcinedhíothú. | ||
|
Airteagal 5 Coireanna in aghaidh na daonnachta | ||
Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach sna coireanna seo a leanas nuair a dhéantar iad le linn coinbhleachta armtha, cibé acu is de chineál idirnáisiúnta nó inmheánach í, agus atá dírithe in aghaidh aon phobail shibhialta: | ||
(a) dúnmharú; | ||
(b) díothú; | ||
(c) daoirse; | ||
(d) díbirt; | ||
(e) príosúnú; | ||
(f) céastóireacht; | ||
(g) éigniú; | ||
(h) géarleanúint ar fhorais pholaitíochta, chiníocha agus chreidimh; | ||
(i) gníomhartha mídhaonnachtúla eile. | ||
|
Airteagal 6 Dlínse phearsanta | ||
Beidh dlínse ag an mBinse Idirnáisiúnta ar dhaoine nádúrtha de bhun fhorálacha an Reachta láithrigh. | ||
|
Airteagal 7 Freagracht choiriúil indibhidiúil | ||
1. Maidir le duine a phleanáil, a thionscain, a d'ordaigh nó a rinne coir dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Reacht láithreach nó a chabhraigh agus a neartaigh, ar aon slí eile, le pleanáil, le hullmhú nó le déanamh coire den sórt sin, beidh sé freagrach go hindibhidiúil sa choir. | ||
2. Ní dhéanfaidh post oifigiúil aon duine chúisithe, cibé acu mar Cheann Stáit nó Rialtais nó mar oifigeach Rialtais freagrach, an duine sin a shaoradh ó fhreagracht choiriúil ná pionós a mhaolú. | ||
3. Sa chás gurbh íochtarán a rinne aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in airteagail 2 go 5 den Reacht láithreach, ní shaorann sé sin a uachtarán ó fhreagracht choiriúil má bhí a fhios aige nó má bhí cúis ann go mbeadh a fhios aige go raibh an t-íochtarán ar tí gníomhartha den sórt sin a dhéanamh nó go ndearna sé amhlaidh agus gur mhainnigh an t-uachtarán na bearta riachtanacha agus réasúnacha a ghlacadh chun na gníomhartha sin a chosc nó chun lucht a ndéanta a phionósú. | ||
4. Sa chás gur de bhun ordaithe ó Rialtas nó ó uachtarán a ghníomhaigh duine cúisithe, ní shaorfaidh sé sin é ó fhreagracht choiriúil, ach féadfar é a chur san áireamh mar mhaolú ar phionós má chinneann an Binse Idirnáisiúnta gur gá sin de réir an cheartais. | ||
|
Airteagal 8 Dlínse chríche agus ama | ||
Bainfidh dlínse chríche an Bhinse Idirnáisiúnta le críoch iar-Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive, lena n-áirítear a dromchla talún, a haerspás agus a huiscí teorann. Bainfidh dlínse ama an Bhinse Idirnáisiúnta le tréimhse dar thús 1 Eanáir 1991. | ||
|
Airteagal 9 Dlínse chomhthráthach | ||
1. Beidh dlínse chomhthráthach ag an mBinse Idirnáisiúnta agus ag cúirteanna náisiúnta chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive ó 1 Eanáir 1991 i leith. | ||
2. Beidh príomhaíocht ag an mBinse Idirnáisiúnta ar chúirteanna náisiúnta. Féadfaidh an Binse Idirnáisiúnta, ag aon chéim den nós imeachta, a iarraidh go foirmiúil ar chúirteanna náisiúnta géilleadh d'inniúlacht an Bhinse Idirnáisiúnta de réir an Reachta láithrigh agus Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise an Bhinse Idirnáisiúnta. | ||
|
Airteagal 10 Non-bis-in-idem | ||
1. Maidir le haon duine a ndearna an Binse Idirnáisiúnta é nó í a thriail cheana féin mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta faoin Reacht láithreach, ní dhéanfar é nó í a thriail os comhair cúirte náisiúnta mar gheall ar na gníomhartha céanna. | ||
2. Maidir le duine a ndearna cúirt náisiúnta é nó í a thriail mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta, ní fhéadfaidh an Binse Idirnáisiúnta é nó í a thriail dá éis sin ach amháin: | ||
(a) más rud é gur sainíodh mar ghnáthchoir an gníomh a ndearnadh é nó í a thriail mar gheall air; nó | ||
(b) más rud é nach raibh imeachtaí na cúirte náisiúnta neamhchlaon nó neamhspleách, má ba é ba chuspóir dóibh an cúisí a chosaint ar fhreagracht choiriúil idirnáisiúnta, nó mura ndearnadh an cás a thabhairt ar aghaidh go dúthrachtach. | ||
3. Le linn dó breithniú a dhéanamh ar an bpionós atá le gearradh ar dhuine a bheidh ciontaithe i gcoir faoin Reacht láithreach, cuirfidh an Binse Idirnáisiúnta san áireamh an méid atá curtha isteach cheana féin d'aon phionós a ghearr cúirt náisiúnta ar an duine céanna mar gheall ar an ngníomh céanna. | ||
|
Airteagal 11 Eagrú an Bhinse Idirnáisiúnta | ||
Beidh na horgáin seo a leanas sa Bhinse Idirnáisiúnta: | ||
(a) Na Dlísheomraí, ina mbeidh dhá Dhlísheomra Trialach agus Dlísheomra Achomhairc; | ||
(b) An tIonchúisitheoir, agus | ||
(c) Clárlann, a fhónfaidh do na Dlísheomraí agus don Ionchúisitheoir araon. | ||
|
Airteagal 12 Comhdhéanamh na nDlísheomraí | ||
Beidh na Dlísheomraí comhdhéanta d'aon bhreitheamh déag neamhspleácha, nach mbeidh aon bheirt díobh ina náisiúnaigh den Stát céanna agus a fhónfaidh mar a leanas: | ||
(a) Triúr breitheamh a fhónfaidh i ngach ceann ar leith de na Dlísheomraí Trialach; | ||
(b) Cúigear breitheamh a fhónfaidh sa Dlísheomra Achomhairc. | ||
|
Airteagal 13 Cáilíochtaí agus toghadh breithiúna | ||
1. Daoine a bhfuil ardcháil mhorálta orthu, a bhfuil neamhchlaontacht agus ionracas ag baint leo agus a bhfuil na cáilíochtaí acu a éilítear ina dtíortha faoi seach i gcomhair ceapacháin chuig na hoifigí breithiúnacha is airde, a bheidh sna breithiúna. I gcomhdhéanamh foriomlán na nDlísheomraí déanfar taithí na mbreithiúna ar an dlí coiriúil, ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta agus dlí chearta an duine, a chur i gcuntas go cuí. | ||
2. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta a thoghadh as liosta a bheidh curtha faoina bhráid ag an gComhairle Slándála, ar an modh seo a leanas: | ||
(a) Iarrfaidh an tArd-Rúnaí ar Stáit is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus ar Stáit nach comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe ainmniúcháin a dhéanamh le haghaidh bhreithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta; | ||
(b) Laistigh de sheasca lá ón dáta a iarrfaidh an tArd-Rúnaí amhlaidh, féadfaidh gach Stát suas le beirt iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí atá leagtha amach i mír 1 thuas acu a ainmniú, gan aon bheirt díobh a bheith den náisiúntacht chéanna; | ||
(c) Déanfaidh an tArd-Rúnaí na hainmniúcháin a gheofar a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Slándála. Déanfaidh an Chomhairle Slándála liosta d'iarrthóirí nach lú ná dhá dhuine is fiche agus nach mó ná trí dhuine is tríocha a bhunú as na hainmniúcháin a gheofar, agus ionadaíocht leordhóthanach do phríomhchórais dhlíthiúla an domhain á cur i gcuntas go cuí aici; | ||
(d) Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Slándála an liosta iarrthóirí a tharchur chuig Uachtarán an Chomhthionóil Ghinearálta. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta an t-aon bhreitheamh déag den Bhinse Idirnáisiúnta a thoghadh as an liosta sin. Maidir leis na hiarrthóirí a gheobhaidh tromlach glan de vótaí na Stát is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus na Stát nach Comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, dearbhófar iad a bheith tofa. Más rud é go bhfaighidh beirt iarrthóirí den náisiúntacht chéanna an tromlach vótaí is gá, measfar an duine a fuair an líon is airde vótaí a bheith tofa. | ||
3. I gcás folúntais sna Dlísheomraí, tar éis dul i gcomhairle le hUachtaráin na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta, déanfaidh an tArd-Rúnaí duine ag a bhfuil na cáilíochtaí i mír 1 thuas a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige lena mbaineann. | ||
4. Toghfar na breithiúna ar feadh téarma ceithre bliana. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta. Beidh siad in-atofa. | ||
|
Airteagal 14 Oifigigh agus comhalta na nDlísheomraí | ||
1. Déanfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta Uachtarán a thoghadh. | ||
2. Beidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta ina chomhalta nó ina comhalta den Dlísheomra Achomhairc agus beidh sé nó sí i gceannas ar a imeachtaí. | ||
3. Tar éis dul i gcomhairle le breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta déanfaidh an tUachtarán na breithiúna a shannadh don Dlísheomra Achomhairc agus do na Dlísheomraí Trialach. Ní fhónfaidh breitheamh ach amháin sa Dlísheomra dár sannadh é nó í. | ||
4. Déanfaidh breithiúna gach Dlísheomra Trialach Breitheamh Ceannais a thoghadh, agus seolfaidh an breitheamh sin imeachtaí go léir an Dlísheomra Trialach ina iomláine. | ||
|
Airteagal 15 Rialacha nós imeachta agus fianaise | ||
Glacfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta rialacha nós imeachta agus fianaise maidir leis an gcéim réamhthrialach de na himeachtaí a sheoladh, maidir le trialacha agus achomhairc, maidir le fianaise a ghlacadh, maidir le híospartaigh agus finnéithe a chosaint agus maidir le nithe cuí eile. | ||
|
Airteagal 16 An tIonchúisitheoir | ||
1. Beidh an tIonchúisitheoir freagrach in imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive ó 1 Eanáir 1991 i leith. | ||
2. Gníomhóidh an tIonchúisitheoir go neamhspleách mar orgán ar leith den Bhinse Idirnáisiúnta. Ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon Rialtas nó ó aon fhoinse eile. | ||
3. Beidh Oifig an Ionchúisitheora comhdhéanta d'Ionchúisitheoir agus cibé foireann cháilithe eile a mbeidh gá léi. | ||
4. Ceapfaidh an Chomhairle Slándála an tIonchúisitheoir ar ainmniú ón Ard-Rúnaí. Beidh ardcháil mhorálta air nó uirthi agus beidh an leibhéal is airde inniúlachta agus taithí aige nó aici ar imscrúduithe agus ionchúisimh a sheoladh i gcásanna coiriúla. Fónfaidh an tIonchúisitheoir ar feadh téarma ceithre bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. Is iad téarmaí agus coinníollacha seirbhíse an Ionchúisitheora ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse Fo-Ard-Rúnaí de na Náisiúin Aontaithe. | ||
5. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí foireann Oifig an Ionchúisitheora ar mholadh ón Ionchúisitheoir. | ||
|
Airteagal 17 An Chlárlann | ||
1. Beidh an Chlárlann freagrach i riaradh agus friotháil a dhéanamh ar an mBinse Idirnáisiúnta. | ||
2. Is éard a bheidh sa Chlárlann Cláraitheoir agus cibé foireann eile is gá. | ||
3. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí an Cláraitheoir tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta. Fónfaidh sé nó sí ar feadh téarma ceithre bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. Is iad téarmaí agus coinníollacha seirbhíse an Chláraitheora ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse Ard-Rúnaí Cúnta de na Náisiúin Aontaithe. | ||
4. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí foireann na Clárlainne ar mholadh ón gCláraitheoir. | ||
|
Airteagal 18 Imscrúdú agus díotáil a ullmhú | ||
1. Déanfaidh an tIonchúisitheoir imscrúduithe a thionscnamh ex-officio nó ar bhonn faisnéise a gheofar ó aon fhoinse, go háirithe ó Rialtais, ó orgáin de na Náisiúin Aontaithe, ó eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha. Déanfaidh an tIonchúisitheoir an fhaisnéis a ghlacfar nó a gheofar a mheasúnú agus cinnfidh sé nó sí an bhfuil bonn leordhóthanach ann le dul ar aghaidh. | ||
2. Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir daoine atá faoi dhrochamhras, íospartaigh agus finnéithe a cheistiú, fianaise a bhailiú agus imscrúduithe a sheoladh ar an láthair. Le linn na tascanna seo a chur i gcrích, féadfaidh an tIonchúisitheoir, de réir mar is cuí, cúnamh a iarraidh ar na húdaráis Stáit lena mbaineann. | ||
3. I gcás go ndéanfar duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú, beidh teideal aige chun cúnaimh ó abhcóide dá rogha féin, lena n-áirítear an ceart go sannfar cúnamh dlí dó gan íocaíocht uaidh in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun íoc as, chomh maith le teideal chun aistriúcháin riachtanaigh go teanga nó ó theanga a labhraíonn agus a thuigeann sé. | ||
4. Ar chinneadh a bheith déanta gurb ann do chás prima facie, ullmhóidh an tIonchúisitheoir díotáil ina mbeidh ráiteas beacht faoi na fíorais agus faoin gcoir nó faoi na coireanna ar ina leith atá an cúisí á chúiseamh faoin Reacht. Déanfar an díotáil a tharchur chuig breitheamh den Dlísheomra Trialach. | ||
|
Airteagal 19 An díotáil a athbhreithniú | ||
1. Déanfaidh an breitheamh den Dlísheomra Trialach a ndearnadh an díotáil a tharchur chuige í a athbhreithniú. Más deimhin leis go ndearna an tIonchúisitheoir cás prima facie a shuíomh, daingneoidh sé an díotáil. Mura deimhin leis amhlaidh, déanfar an díotáil a dhíbhe. | ||
2. Ar dhíotáil a bheith daingnithe, féadfaidh an breitheamh, ar iarraidh ón ionchúisitheoir, cibé orduithe agus barántais a eisiúint chun daoine a ghabháil, a choinneáil, a thabhairt suas nó a aistriú agus aon orduithe eile a eisiúint is gá chun an triail a sheoladh. | ||
|
Airteagal 20 Tosach agus seoladh imeachtaí trialach | ||
1. Áiritheoidh na Dlísheomraí Trialach, maidir le triail, go bhfuil sí cothrom agus dlúsúil agus go seoltar imeachtaí de réir na rialacha nós imeachta agus fianaise, go n-urramaítear go hiomlán cearta an chúisí agus go dtugtar aird chuí ar chosaint íospartach agus finnéithe. | ||
2. Maidir le duine ar daingníodh díotáil ina choinne, déanfar, de bhun ordaithe nó barántais gabhála ón mBinse Idirnáisiúnta, é a ghlacadh i gcoimeád, cuirfear na cúisimh atá ina choinne in iúl dó láithreach agus déanfar é a aistriú chuig an mBinse Idirnáisiúnta. | ||
3. Déanfaidh an Dlísheomra Trialach an díotáil a léamh, a dheimhniú dó féin go bhfuil cearta an chúisí á n-urramú, a dhaingniú go dtuigeann an cúisí an díotáil agus a threorú don chúisí pléadáil a thaifeadadh. Socróidh an Dlísheomra Trialach dáta le haghaidh na trialach ansin. | ||
4. Seolfar na héisteachtaí go poiblí mura rud é go gcinnfidh an Dlísheomra Trialach na himeachtaí a iamh de réir a rialacha nós imeachta agus fianaise. | ||
|
Airteagal 21 Cearta an chúisí | ||
1. Beidh gach duine comhionann os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta. | ||
2. Le linn cúisimh ina choinne a bheith á gcinneadh, beidh an cúisí i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil, faoi réir airteagal 22 den Reacht. | ||
3. Toimhdeofar an cúisí a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é a bheith ciontach de réir fhorálacha an Reachta láithrigh. | ||
4. Le linn aon chúiseamh i gcoinne an chúisí a bheith á chinneadh de bhun an Reachta láithrigh, beidh an cúisí i dteideal na ráthaíochtaí íosta seo a leanas, i gcomhionannas iomlán: | ||
(a) go gcuirfear in iúl dó go pras agus go mion, i dteanga a thuigeann sé, cad iad cineál agus cúis an chúisimh ina choinne; | ||
(b) go mbeidh am agus áiseanna atá leordhóthanach aige chun a chosaint a ullmhú agus cumarsáid a dhéanamh le habhcóide a roghnóidh sé féin; | ||
(c) go ndéanfar é a thriail gan mhoill mhíchuí; | ||
(d) go ndéanfar é a thriail ina láthair féin, agus go ndéanfaidh sé é féin a chosaint go pearsanta nó trí chúnamh dlí a roghnóidh sé féin; go gcuirfear an ceart sin in iúl dó, más rud é nach bhfuil cúnamh dlí aige; agus go ndéanfar cúnamh dlí a shannadh dó, in aon chás inar gá sin ar mhaithe leis an gceartas, agus gan íocaíocht uaidh in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun íoc as; | ||
(e) go ndéanfaidh sé, nó go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, na finnéithe ina choinne a cheistiú agus go gcuirfear faoi deara finnéithe ar a shon a bheith i láthair agus a cheistiú faoi na coinníollacha céanna le finnéithe ina choinne; | ||
(f) go mbeidh cúnamh saor in aisce aige ó ateangaire mura bhfuil sé in ann an teanga a úsáidtear sa Bhinse Idirnáisiúnta a thuiscint nó a labhairt; | ||
(g) nach gcuirfear iallach air fianaise a thabhairt ina choinne féin nó ciontacht a admháil. | ||
|
Airteagal 22 Íospartaigh agus finnéithe a chosaint | ||
Déanfaidh an Binse Idirnáisiúnta foráil ina rialacha nós imeachta agus fianaise le haghaidh íospartaigh agus finnéithe a chosaint. Áireofar ar na bearta cosanta sin imeachtaí a sheoladh i gcúirt iata agus céannacht an íospartaigh a choimeád faoi rún, cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist. | ||
|
Airteagal 23 Breithiúnas | ||
1. Déanfaidh na Dlísheomraí Trialach breithiúnais a fhógairt agus pianbhreitheanna agus pionóis a ghearradh ar dhaoine a chiontófar i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta. | ||
2. Is le tromlach na mbreithiúna den Dlísheomra Trialach a chinnfear an breithiúnas, agus déanfaidh an Dlísheomra Trialach é a chraoladh go poiblí. Beidh tuairim réasúnaithe i scríbhinn ag gabháil leis, ar féidir tuairimí ar leithligh nó easaontacha a chur mar fhoscríbhinn léi. | ||
|
Airteagal 24 Pionóis | ||
1. Ní dhéanfaidh an Dlísheomra Trialach aon phionós seachas príosúnacht a ghearradh. Le linn na téarmaí príosúnachta a chinneadh, rachaidh na Dlísheomraí Trialach ar iontaoibh an chleachtais choitianta maidir le pianbhreitheanna príosúnachta i gcúirteanna na hiar-Iúgslaive. | ||
2. Le linn na pianbhreitheanna a fhorchur, is ceart do na Dlísheomraí Trialach tosca ar nós thromaíocht an chiona agus imthosca ar leith an duine chiontaithe a chur i gcuntas. | ||
3. I dteannta príosúnachta, féadfaidh na Dlísheomraí Trialach a ordú go ndéanfar aon mhaoin agus fáltais a fuarthas trí iompar coiriúil, lena n-áirítear trí éigeantas, a thabhairt ar ais dá n-úinéirí dlisteanacha. | ||
|
Airteagal 25 Imeachtaí achomhairc | ||
1. Déanfaidh an Dlísheomra Achomhairc achomhairc a éisteacht ó dhaoine a bheidh ciontaithe ag na Dlísheomraí Trialach nó ón Ionchúisitheoir ar na forais seo a leanas: | ||
(a) earráid ar cheist dlí a fhágann go bhfuil an cinneadh neamhbhailí; nó | ||
(b) earráid fíorais a bhí ina thrúig le hiomrall ceartais. | ||
2. Féadfaidh an Dlísheomra Achomhairc na cinntí a dhéanann na Dlísheomraí Trialach a dhaingniú, a fhreaschur nó a athrú. | ||
|
Airteagal 26 Imeachtaí athbhreithnithe | ||
I gcás ina n-aimseofar fíoras nua nach raibh ar eolas tráth na n-imeachtaí os comhair na nDlísheomraí Trialach nó an Dlísheomra Achomhairc ar fíoras é a d'fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach le linn teacht ar an gcinneadh, féadfaidh an duine ciontaithe nó an tIonchúisitheoir iarratas ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas a chur faoi bhráid an Bhinse Idirnáisiúnta. | ||
|
Airteagal 27 Pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú | ||
Déanfar príosúnacht a chur isteach i Stát a bheidh ainmnithe ag an mBinse Idirnáisiúnta as liosta de Stáit a chuir in iúl don Chomhairle Slándála go bhfuil siad toilteanach glacadh le daoine ciontaithe. Beidh an phríosúnacht sin de réir dhlí infheidhme an Stáit lena mbaineann, faoi réir mhaoirseacht an Bhinse Idirnáisiúnta. | ||
|
Airteagal 28 Maithiúnas nó iomalartú pianbhreitheanna | ||
Más rud é, de bhun dhlí infheidhme an Stáit a bhfuil an duine ciontaithe faoi phríosúnacht ann, go bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh maithiúnais nó iomalartaithe pianbhreithe, tabharfaidh an Stát lena mbaineann fógra dá réir sin don Bhinse Idirnáisiúnta. Déanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta, i gcomhairle leis na breithiúna, an t-ábhar a chinneadh ar bhonn leasanna an cheartais agus phrionsabail ghinearálta an dlí. | ||
|
Airteagal 29 Comhoibriú agus cúnamh breithiúnach | ||
1. Comhoibreoidh Stáit leis an mBinse Idirnáisiúnta le linn dó imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a chúiseofar i sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta. | ||
2. Déanfaidh Stáit aon iarraidh ar chúnamh nó ordú a eiseoidh Dlísheomra Trialach a chomhlíonadh gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear: | ||
(a) daoine a aithint agus a aimsiú; | ||
(b) teist a thógáil agus fianaise a thabhairt ar aird; | ||
(c) doiciméid a sheirbheáil; | ||
(d) daoine a ghabháil nó a choinneáil; | ||
(e) an cúisí a thabhairt suas don Bhinse Idirnáisiúnta nó a aistriú chuige, | ||
cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist. | ||
|
Airteagal 30 Stádas, pribhléidí agus díolúintí an Bhinse Idirnáisiúnta | ||
1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe den 13 Feabhra 1946 maidir leis an mBinse Idirnáisiúnta, maidir leis na breithiúna, maidir leis an Ionchúisitheoir agus a fhoireann, agus maidir leis an gCláraitheoir agus a fhoireann. | ||
2. Teachtfaidh na breithiúna, an tIonchúisitheoir agus an Cláraitheoir na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta, de réir an dlí idirnáisiúnta. | ||
3. Teachtfaidh foireann an Ionchúisitheora agus an Chláraitheora na pribhléidí agus na díolúintí a thugtar d'oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe faoi Airteagail V agus VII den Choinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo. | ||
4. Cuirfear cibé cóir is gá ar mhaithe le feidhmiú cuí an Bhinse Idirnáisiúnta ar dhaoine eile, lena n-áirítear an cúisí, a gceanglaítear orthu a bheith ag suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta. | ||
|
Airteagal 31 Suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta | ||
Is sa Háig a bheidh a shuíomh ag an mBinse Idirnáisiúnta. | ||
|
Airteagal 32 Caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta | ||
Beidh caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta ina muirear ar ghnáthbhuiséad na Náisiún Aontaithe de réir Airteagal 17 de Chairt na Náisiún Aontaithe. | ||
|
Airteagal 33 Teangacha oibre | ||
Is iad Béarla agus Fraincis teangacha oibre an Bhinse Idirnáisiúnta. | ||
|
Airteagal 34 Tuarascáil bhliantúil | ||
Déanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta tuarascáil bhliantúil ón mBinse Idirnáisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta. |