An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999) Ar Aghaidh (CUID II Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir)

13 1999

AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1999, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1996, den Acht Sláinte (Faisnéis a Sholáthar), 1997, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1993” Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993;

ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir arna bhunú faoi alt 7 ;

ciallaíonn “Bardas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3 chun bheith ina lá bunaithe;

forléireofar “feidhm feidhmiúcháin” de réir alt 4 (arna leasú le halt 24) d'Acht Uimh. 3 de 1996;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) i gcás contae riaracháin, comhairle an chontae, agus

(b) i gcás contaebhuirge, bardas na contaebhuirge;

tá le “toghlimistéar áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 13 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994;

folaíonn “comhalta den fhoireann” oifigeach agus seirbhíseach;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte agus Leanaí;

ciallaíonn “Acht Uimh. 3 de 1996” an tAcht Sláinte (Leasú) (Uimh. 3), 1996;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais aitheanta” na ceardchumainn agus na comhlachais foirne a n-aithníonn an tÚdarás iad chun críche caibidlí a bhaineann le haistriú foirne chuig an Údarás chomh maith le luach saothair, coinníollacha fostaíochta nó dálaí oibre oifigeach nó seirbhíseach don Údarás;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár na bhFiaclóirí, seachas duine atá cláraithe go díomuan faoi alt 28 d'Acht na bhFiaclóirí, 1985 ;

ciallaíonn “poitigéir agus drugadóir urghnaimh cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na bpoitigéirí agus na ndrugadóirí urghnaimh arna chothabháil ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm cláraithe i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí, seachas duine atá cláraithe go sealadach faoi alt 28 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , nó atá cláraithe go díomuan faoi alt 29 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;

ciallaíonn “altra chláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na n-altraí arna chothabháil ag an mBord Altranais faoi alt 27 d'Acht na nAltraí, 1985 ;

ciallaíonn “poitigéir cógaisíochta cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na bpoitigéirí cógaisíochta arna chothabháil ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann;

ciallaíonn “altra shíciatrach chláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa roinn shíciatrach de chlár na n-altraí arna chothabháil ag an mBord Altranais faoi alt 27 d'Acht na nAltraí, 1985 ;

tá le “feidhm fhorchoimeádta” an bhrí a shanntar dó le hAcht Uimh. 3 de 1996 (arna leasú le halt 24);

ciallaíonn “seirbhísí” seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a fhéadfaidh bord sláinte a sholáthar;

ciallaíonn “comhlacht saorálach” comhlacht saorálach a sholáthraíonn seirbhís, nó a bheartaíonn seirbhís a sholáthar, ar seirbhís í atá comhchosúil nó coimhdeach le seirbhís a fhéadfaidh bord sláinte a sholáthar;

ciallaíonn “ospidéal saorálach” ospidéal a mhaoinítear go substaintiúil trí chomhshocraíocht leis an Údarás nó le Bord Sláinte Limistéir faoi alt 10 agus nach é an tÚdarás nó Bord Sláinte Limistéir nó aon choiste díobh an comhlacht rialaithe air;

ciallaíonn “soláthraí saorálach seirbhíse míchumais intleachtúil” soláthraí seirbhísí míchumais intleachtúil a mhaoinítear go substaintiúil trí chomhshocraíocht leis an Údarás nó le Bord Sláinte Limistéir faoi alt 10 agus nach é an tÚdarás nó Bord Sláinte Limistéir nó aon choiste díobh an comhlacht rialaithe air;

ciallaíonn “soláthraí saorálach seirbhíse” comhlacht saorálach a sholáthraíonn seirbhís trí chomhshocraíocht leis an Údarás nó le Bord Sláinte Limistéir de réir alt 10 .

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) déanfar tagairt d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

An lá bunaithe.

3. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

(2) Níl feidhm ag alt 24 d'Acht Uimh. 3 de 1996 maidir le hordú a dhéanfar faoin alt seo.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4. —Gach ordú a dhéanfar faoi alt 5 agus gach rialachán a dhéanfar faoi ailt 11(2),16(1) agus 21(14), déanfar é a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Leasú ar an gCéad Sceideal agus ar an Dara Sceideal.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus leis an údarás áitiúil lena mbaineann, an Chéad Sceideal a leasú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ar iarraidh ón Údarás agus faoi réir fho-alt (3), an Dara Sceideal a leasú trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as.

(3) Sula ndéanfar tagairt do dhuine a scriosadh as an Dara Sceideal, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an duine sin.

Aisghairm agus cúlghairm.

6. —(1) Aisghairtear leis seo na nithe seo a leanas, le héifeacht ón lá bunaithe—

(a) fo-ailt (6) agus (7) d'alt 13 den Phríomh-Acht, agus

(b) alt 18 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1993.

(2) Cúlghairtear leis seo Rialachán 4 de na Rialacháin um Boird Sláinte, 1970 (I.R. Uimh. 170 de 1970), le héifeacht ón lá bunaithe.