|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III Boird Sláinte Limistéir) |
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir | |
| [EN] |
Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir a bhunú. |
7. —(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir agus dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo. |
| [EN] | (2) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus féadfaidh sé agairt a dhéanamh, agus beidh sé inagartha, ina ainm féin agus féadfaidh sé talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |
| [EN] | (3) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala. | |
| [EN] | (4) Is é a bheidh i limistéar feidhme an Údaráis ná contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus contaetha riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, Fhine Gall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Chill Dara agus Chill Mhantáin. | |
| [EN] | (5) Faoi réir an Achta seo, aon tagairt do bhord sláinte, cibé caoi a léirítear í, in aon Acht, arna rith roimh an lá bunaithe, nó in aon ionstraim arna déanamh roimh an lá sin faoi aon Acht den sórt sin, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt don Údarás. | |
| [EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag ailt 4, 5 agus 26(1) den Phríomh-Acht agus alt 65 den Acht Sláinte, 1953 , maidir leis an Údarás. | |
| [EN] |
Feidhmeannna an Údaráis. |
8. —(1) Comhlíonfaidh an tÚdarás na feidhmeanna a thugtar dó faoin Acht seo agus aon fheidhmeanna eile is inchomhlíonta ag bord sláinte agus cibé feidhmeanna eile dá bhforálfar le dlí. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil agus de réir mar is cuí leis, soláthar seirbhísí ina limistéar feidhme a phleanáil agus a mhaoirsiú agus socrú a dhéanamh maidir leis an soláthar sin. | |
| [EN] | (3) Le linn don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo déanfaidh sé— | |
| [EN] | (a) comhshocraíochtaí faoi alt 10 le daoine chun seirbhísí a sholáthar, | |
| [EN] | (b) soláthar seirbhísí a chomhordú, | |
| [EN] | (c) córais, nósanna imeachta agus cleachtais a bhunú d'fhonn a chumasú dó faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthraítear de réir comhshocraíochtaí arna ndéanamh faoi alt 10 , | |
| [EN] | (d) cuntas a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil maidir leis na bearta a glacadh chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí, mar aon le cuntas ar thorthaí na mbeart sin, | |
| [EN] | (e) aird a thabhairt ar an gcomhairle (más ann) a thabharfaidh gach ceann de na trí Bhord Sláinte Limistéir dó, agus | |
| [EN] | (f) aird a thabhairt ar cheart comhlachtaí saorálacha a sholáthraíonn seirbhísí de réir comhshocraíochtaí a dhéantar faoi alt 10 a ngnóthaí féin a bhainistiú de réir a n-aetais neamhspleách agus a dtraidisiún neamhspleách. | |
| [EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann dochar d'Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, do chomhlíonadh a fheidhmeanna faoina Chairt. | |
| [EN] |
Feidhmeanna an Údaráis a tharmligean. |
9. —(1) Déanfaidh an tÚdarás foráil i scríbhinn maidir leis na feidhmeanna forchoimeádta sin dá chuid i ndáil le soláthar seirbhísí, ar feidhmeanna iad a bhí á gcomhlíonadh, díreach roimh an lá bunaithe, ag Bord Sláinte an Oirthir, a bheith infheidhmithe thar a cheann, i ndáil le limistéar feidhme Boird Sláinte Limistéir, ag an mBord Sláinte Limistéir sin. |
| [EN] | (2) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, agus i gcás inar dóigh leis go n-áiritheodh gníomh den sórt sin an úsáid acmhainní is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla, foráil a dhéanamh i scríbhinn maidir le cibé feidhmeanna forchoimeádta dá chuid a chinnfidh sé a bheith infheidhmithe thar a cheann, i ndáil lena limistéar feidhme iomlán nó i ndáil le cuid de, ag Bord Sláinte Limistéir sonraithe agus i gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás amhlaidh, scoirfidh aon fhoráil a dhéanfar faoi fho-alt (1) i ndáil leis na feidhmeanna sin d'éifeacht a bheith léi. | |
| [EN] | (3) Is feidhm fhorchoimeádta de chuid an Údaráis comhlíonadh a fheidhmeanna faoi fho-ailt (1) agus (2). | |
| [EN] |
Comhshocraíochtaí ag an Údarás chun seirbhísí a sholáthar. |
10. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4), déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, comhshocraíocht amháin nó níos mó le duine amháin nó níos mó chun seirbhísí a sholáthar laistigh dá limistéar feidhme. |
| [EN] | (2) (a) Faoi réir alt 9 (2) agus fho-alt (3), déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, comhshocraíocht le gach Bord Sláinte Limistéir, agus cuirfidh sé comhshocraíocht den sórt sin i gcrích, chun seirbhísí a sholáthar laistigh de limistéar feidhme an Bhoird Sláinte Limistéir, ar seirbhísí iad a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, á soláthar ag Bord Sláinte an Oirthir. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh an tÚdarás comhshocraíochtaí a dhéanamh le Bord Sláinte Limistéir chun seirbhísí a sholáthar seachas iad sin a shonraítear i mír (a). | |
| [EN] | (c) Ní fhorléireofar mír (a) mar mhír a chuirfidh cosc ar an Údarás nó ar Bhord Sláinte Limistéir scor d'aon seirbhís nó aon seirbhís a laghdú. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás comhshocraíocht nó aon chuid de chomhshocraíocht a fhoirceannadh ar comhshocraíocht í arna déanamh faoi fho-alt (2)(a) i ndáil le soláthar seirbhíse agus féadfaidh sé, in ionad na comhshocraíochta sin, comhshocraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích le comhlacht saorálach chun an tseirbhís a sholáthar. | |
| [EN] | (4) Beidh na nithe seo a leanas san áireamh i gcomhshocraíocht a dhéanfar faoin alt seo: | |
| [EN] | (a) comhaontú scríofa idir an tÚdarás agus an duine a bheartaíonn na seirbhísí a sholáthar ar comhaontú é lena gclúdófar tréimhse nach lú ná 3 bliana agus nach mó ná 5 bliana agus ina sonrófar— | |
| [EN] | (i) na prionsabail a gcomhaontóidh an dá pháirtí ina leith go gcloífidh siad leo ar feadh ré an chomhaontaithe, agus | |
| [EN] | (ii) cibé caighdeáin a bhaineann le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus cáilíocht na seirbhísí a bheidh le soláthar de réir mar a chomhaontófar idir na páirtithe, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) comhaontú scríofa, a bheidh le hathnuachan in aghaidh na bliana, idir an tÚdarás agus an duine a bheartaíonn na seirbhísí a sholáthar, ar comhaontú é ina sonrófar— | |
| [EN] | (i) na seirbhísí a bheidh le soláthar, agus | |
| [EN] | (ii) na cistí a bheidh le cur ar fáil le haghaidh na seirbhísí sin. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an tÚdarás a chumhacht chun comhshocraíocht a dhéanamh faoi fho-alt (1) a tharmligean chuig Bord Sláinte Limistéir, seachas: | |
| [EN] | (a) i gcás ina ndéantar an chomhshocraíocht le haon duine de na daoine a shonraítear sa Dara Sceideal, nó | |
| [EN] | (b) i gcás ina ndéantar an chomhshocraíocht le Bord Sláinte Limistéir eile. | |
| [EN] | (6) Déanfaidh duine (nach Bord Sláinte Limistéir) a sholáthróidh seirbhísí de réir comhshocraíochta arna déanamh faoin alt seo gach cuntas agus taifead is cuí agus is gnách ar gach ioncam a gheobhaidh sé nó ar gach caiteachas a thabhóidh sé a choimeád i cibé foirm a cheadóidh an tÚdarás. | |
| [EN] | (7) Déanfar cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (6) a chur isteach in aghaidh na bliana lena n-iniúchadh agus déanfar cóip de na cuntais agus de dheimhniú agus tuarascáil an iniúchóra ina leith a thíolacadh don Údarás laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tÚdarás. | |
| [EN] | (8) Is é an duine a choimeádfaidh na cuntais a íocfaidh as an gcaiteachas a ghabhann le hiniúchadh a dhéanfar faoi fho-alt (7). | |
| [EN] |
Comhaltas an Údaráis. |
11. —(1) 55 chomhalta a bheidh ar an Údarás. |
| [EN] | (2) Is mar a leanas comhdhéanamh chomhaltaí an Údaráis— | |
| [EN] | (a) déanfaidh na húdaráis áitiúla a n-áirítear a limistéir feidhme i limistéar feidhme an Údaráis 30 díobh a cheapadh, agus as an líon sin— | |
| [EN] | (i) ceapfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath 10 gcomhalta de Bhardas Bhaile Átha Cliath, agus | |
| [EN] | (ii) déanfaidh gach ceann de chomhairlí chontaetha Fhine Gall, Bhaile Átha Cliath Theas, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Chill Dara agus Chill Mhantáin 4 a cheapadh, agus beidh na comhaltaí a gceapfaidh comhairle contae iad ina gcomhaltaí den chomhairle sin, | |
| [EN] | agus beidh ar áireamh sna daoine a cheapfar amhlaidh, i gcás ina bhforordófar amhlaidh, cibé líon daoine as cibé toghlimistéir áitiúla a fhorordófar, | |
| [EN] | (b) beidh 13 díobh ina gcomhaltaí de ghairmeacha cláraithe arna gceapadh le toghchán agus astu sin— | |
| [EN] | (i) déanfaidh lia-chleachtóirí cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis 9 díobh a cheapadh le toghchán, agus beidh san áireamh sa líon sin 2 shainchomhairleoir in ospidéil ghinearálta ar a laghad, síciatraí sainchomhairleach amháin ar a laghad, 2 lia-chleachtóir ghinearálta ar a laghad agus lia-chleachtóir cláraithe amháin ar a laghad ag a bhfuil eolas nó taithí speisialta ar mhíochaine choisctheach, | |
| [EN] | (ii) déanfaidh fiaclóirí cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán, | |
| [EN] | (iii) déanfaidh altraí cláraithe (seachas altraí síciatracha cláraithe) atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán, | |
| [EN] | (iv) déanfaidh altraí síciatracha cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán, agus | |
| [EN] | (v) déanfaidh poitigéirí cógaisíochta cláraithe agus poitigéirí agus drugadóirí urghnaimh cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán, | |
| [EN] | (c) beidh 9 díobh ionadaitheach do sholáthraithe saorálacha seirbhíse, arna gceapadh ag an Aire, agus as an líon sin— | |
| [EN] | (i) déanfaidh cibé daoine nó eagraíochtaí ar dóigh leis an Aire iad a bheith ionadaitheach do na hospidéil shaorálacha i limistéar feidhme an Údaráis 3 a ainmniú lena gceapadh, | |
| [EN] | (ii) déanfaidh cibé daoine nó eagraíochtaí ar dóigh leis an Aire iad a bheith ionadaitheach do na soláthraithe saorálacha seirbhíse míchumais intleachtúil i limistéar feidhme an Údaráis 3 a ainmniú lena gceapadh, agus | |
| [EN] | (iii) déanfaidh cibé daoine nó eagraíochtaí ar dóigh leis an Aire iad a bheith ionadaitheach do sholáthraithe saorálacha seirbhíse eile i limistéar feidhme an Údaráis 3 a ainmniú lena gceapadh, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (d) ceapfaidh an tAire 3. | |
| [EN] | (3) Tionólfaidh an tÚdarás 6 chruinniú ar a laghad gach bliain agus cibé cruinnithe eile is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (4) Faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal (arna leasú le halt 22) a ghabhann leis an bPríomh-Acht maidir leis an Údarás. | |
| [EN] |
Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach. |
12. —(1) Faoi réir fho-alt (3), agus d'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh an tÚdarás, de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, duine a cheapadh a ghníomhóidh mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis agus tabharfar an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ar an duine sin agus gairtear an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach den duine sin san Acht seo. |
| [EN] | (2) Faoi réir an Achta seo, déanfar aon tagairt do phríomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte in aon Acht, arna rith roimh an lá bunaithe, nó in aon ionstraim arna déanamh roimh an lá sin faoi aon Acht den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Phríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin alt 15(1) den Phríomh-Acht, féadfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, duine a cheapadh agus measfar, ar an lá bunaithe, an duine sin a bheith ceaptha mar Phríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach agus déanfaidh an duine sin, mura rud é go n-éagfaidh sé nó sí, go n-éireoidh sé nó sí as oifig nó go gcuirfidh an tAire é nó í as oifig, an oifig a shealbhú ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire duine a cheapfar faoi fho-alt (3) a chur as oifig. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag alt 13(1), (3) agus (8) den Phríomh-Acht maidir leis an bPríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach. | |
| [EN] | (6) Is feidhm fhorchoimeádta í an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach a cheapadh de réir fho-alt (1). | |
| [EN] |
Cuntasacht an Phríomh-Fheidhmeannaigh Réigiúnaigh. |
13. —(1) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach, aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálalacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann, fianaise a thabhairt don choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas— |
| [EN] | (a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, le reacht nó faoi reacht, ar an Údarás nó ar na Boird Sláinte Limistéir a ullmhú, | |
| [EN] | (b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis agus na mBord Sláinte Limistéir i dtaca le húsáid a n-acmhainní, | |
| [EN] | (c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás agus na Boird Sláinte Limistéir chun éifeachtacht a gcuid oibríochtaí a mheas, agus | |
| [EN] | (d) aon ní a dhéanann difear don Údarás nó d'aon Bhord Sláinte Limistéir dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann. | |
| [EN] | (2) Le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ní dhéanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh thuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin. |