|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir) | Ar Aghaidh (CUID IV Bord Sláinte an Oirthir a Dhíscaoileadh agus a fhoireann a aistriú chuig an Údarás) |
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Boird Sláinte Limistéir | |
| [EN] |
Boird Sláinte Limistéir a bhunú. |
14. —(1) Ar an lá bunaithe, beidh 3 bhord arna mbunú, ar a dtabharfar, faoi seach— |
| [EN] | (a) Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt, | |
| [EN] | (b) Bord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir, agus | |
| [EN] | (c) Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt, | |
| [EN] | agus dá gcomhghairtear “na Boird Sláinte Limistéir” san Acht seo. | |
| [EN] | (2) Beidh gach Bord Sláinte Limistéir ina chomhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha, ina ainm féin agus féadfaidh sé talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |
| [EN] | (3) Soláthróidh gach Bord Sláinte Limistéir séala dó féin agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala. | |
| [EN] | (4) Is de réir mar a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a bheidh limistéar feidhme gach Boird Sláinte Limistéir. | |
| [EN] |
Feidhmeanna Bord Sláinte Limistéir. |
15. —(1) Déanfaidh Bord Sláinte Limistéir cibé feidhmeanna a shonróidh an tÚdarás de réir alt 9 (1) a chomhlíonadh i leith a limistéir feidhme agus thar ceann an Údaráis agus déanfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chur i gcrích a fhoráiltear leis an Acht seo nó a thabharfaidh an tÚdarás dó ó am go ham. |
| [EN] | (2) Déanfaidh Bord Sláinte Limistéir, i leith a limistéir feidhme— | |
| [EN] | (a) cibé seirbhísí a shonrófar in aon chomhshocraíochtaí a dhéanfar leis an Údarás de réir alt 10 (2) a sholáthar nó socrú a dhéanamh chun iad a sholáthar, | |
| [EN] | (b) soláthar seirbhísí a phleanáil agus a chomhordú, i gcomhar le daoine a sholáthraíonn seirbhísí sa limistéar agus le cibé daoine eile is cuí leis, agus | |
| [EN] | (c) comhairle a thabhairt don Údarás maidir le soláthar seirbhísí i gcoitinne. | |
| [EN] | (3) Maidir le Bord Sláinte Limistéir— | |
| [EN] | (a) cuirfidh sé a chuid feidhmeanna i gcrích faoi réir aon ordachán ginearálta a thabharfaidh an tÚdarás, agus | |
| [EN] | (b) comhoibreoidh sé leis an Údarás agus le Boird Sláinte Limistéir eile i dtaca le comhordú seirbhísí i cibé modh a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham. | |
| [EN] | (4) Más rud é go ndéanfaidh Bord Sláinte Limistéir comhshocraíocht le duine chun seirbhísí a sholáthar, déanfaidh sé córais, nósanna imeachta agus cleachtais a bhunú chun a chumasú dó faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh. | |
| [EN] | (5) D'ainneoin go mbeidh Bord Sláinte Limistéir ag feidhmiú feidhmeanna thar ceann an Údaráis faoin alt seo, beidh sé i dteideal aon chearta a gheobhaidh sé a fhorfheidhmiú agus dlífear de aon dliteanais a thabhóidh sé (lena n-áirítear dliteanais i dtort) le linn na feidhmeanna sin a fheidhmiú ar gach slí amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú mar phríomhaí, agus déanfaidh an Bord Sláinte Limistéir gach imeacht le haghaidh fhorfheidhmiú na gceart nó na ndliteanas sin a thionscnamh ina ainm féin nó déanfar gach imeacht den sórt a thionscnamh in aghaidh an Bhoird Sláinte Limistéir ina ainm féin. | |
| [EN] | (6) Beidh feidhm ag ailt 3 agus 4 d'Acht Uimh. 3 de 1996 (arna leasú le halt 24) maidir le Bord Sláinte Limistéir amhail is dá mba bhord sláinte é agus déanfar tagairtí sna hailt sin do phríomhoifigeach feidhmiúcháin a fhorléiriú chun críocha an fho-ailt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do phríomhfheidhmeannach limistéir. | |
| [EN] |
Comhaltas Bord Sláinte Limistéir. |
16. —(1) Déanfaidh an tAire, de réir an ailt seo, comhaltas Boird Sláinte Limistéir a shonrú i rialacháin. |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (4), (5) agus (6), ceapfaidh an tÚdarás comhaltaí na mBord Sláinte Limistéir. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an tÚdarás, le linn comhalta de Bhord Sláinte Limistéir a cheapadh, tréimhse comhaltais an chomhalta sin a shocrú ar tréimhse í nach faide ná 5 bliana. | |
| [EN] | (4) Beidh gach comhalta de Bhord Sláinte Limistéir ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás agus i gcás ina scoirfidh comhalta de Bhord Sláinte Limistéir de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás scoirfidh sé nó sí freisin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord Sláinte Limistéir. | |
| [EN] | (5) Beidh ar áireamh i gcomhaltas Boird Sláinte Limistéir comhalta amháin ar a laghad den Údarás a bheidh ceaptha ag gach ceann acu seo a leanas, eadhon— | |
| [EN] | (a) na húdaráis áitiúla a luaitear in alt 11 (2)(a), | |
| [EN] | (b) na gairmeacha cláraithe a luaitear in alt 11 (2)(b), | |
| [EN] | (c) an tAire, ar ainmniú gach ceann de na soláthraithe saorálacha seirbhíse a luaitear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) d'alt 11(2)(c), agus | |
| [EN] | (d) an tAire faoi alt 11 (2)(d). | |
| [EN] | (6) Maidir le gach Bord Sláinte Limistéir, i gcás daoine a cheapfar chuig an Údarás faoi alt 11 (2)(a) agus a gceapfaidh an tÚdarás ina dhiaidh sin iad chuig Bord Sláinte Limistéir, beidh líon na ndaoine sin níos mó ná líon iomlán na gcomhaltaí eile den Bhord Sláinte Limistéir sin agus is daoine as na toghlimistéir áitiúla laistigh de limistéar feidhme an Bhoird Sláinte Limistéir a bheidh iontu. | |
| [EN] | (7) Beidh comhalta den Údarás a cheapfar chuig an Údarás de réir alt 11 (2)(b), seachas fomhír (i), i dteideal freastal ar chruinniú de Bhord Sláinte Limistéir nach comhalta de é nó í agus páirt a ghlacadh sna pléití ag cruinniú den sórt sin, ach ní bheidh sé nó sí i dteideal vótáil ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den sórt sin. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh an tÚdarás íocaíochtaí a dhéanamh le comhalta de Bhord Sláinte Limistéir nó le comhalta den Údarás dá dtagraítear i bhfo-alt (7) i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhófar i dtaca le freastal ar chruinniú de Bhord Sláinte Limistéir nó ar shlí eile i dtaca le gabháil do ghnó Boird Sláinte Limistéir de réir scála a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (9) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, liúntas a íoc le cathaoirleach agus le leaschathaoirleach Boird Sláinte Limistéir i leith caiteachas (seachas caiteachais dá dtagraítear i bhfo-alt (8)) a thabhóidh sé nó sí i ndáil le gnó an Bhoird Sláinte Limistéir. | |
| [EN] | (10) Beidh feidhm ag Rialacha 7, 10, 11 (arna leasú le halt 22), 15 agus 17 go 32 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i ndáil le Bord Sláinte Limistéir agus, dá réir sin, déanfar tagairtí sna Rialacha sin don bhord a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Bhord Sláinte Limistéir. | |
| [EN] | (11) Tionólfaidh Bord Sláinte Limistéir 9 gcruinniú ar a laghad gach bliain agus cibé cruinnithe eile is gá chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh. | |
| [EN] |
Príomhfheidhmeannaigh limistéir. |
17. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an tÚdarás, de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, 3 dhuine a cheapadh chun bheith ina bpríomhoifigigh feidhmiúcháin de na Boird Sláinte Limistéir, agus déanfaidh sé iad a shannadh chuig na 3 Bhord Sláinte Limistéir de réir mar is cuí leis agus tabharfar príomhfheidhmeannach limistéir ar gach duine de na daoine sin agus gairtear príomhfheidhmeannach limistéir de gach duine acu san Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, 3 dhuine a cheapadh chun bheith ina bpríomhfheidhmeannaigh limistéir ar na Boird Sláinte Limistéir, agus déanfaidh sé nó sí iad a shannadh chuig na 3 Bhord Sláinte Limistéir de réir mar is cuí leis nó léi, agus measfar gur ar an lá bunaithe a ceapadh na daoine sin amhlaidh. | |
| [EN] | (3) Duine a cheapfar faoi fho-alt (1) nó (2), sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh tréimhse nach faide ná 7 mbliana faoi chonradh seirbhíse i scríbhinn leis an Údarás ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineannn le luach saothair agus caiteachais) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus a shonrófar sa chonradh. | |
| [EN] | (4) Gníomhóidh príomhfheidhmeannach limistéir mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin don Bhord Sláinte Limistéir. | |
| [EN] | (5) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás feidhm a tharmligean chuig Bord Sláinte Limistéir de réir alt 9 , measfar feidhmeanna feidhmiúcháin comhréireacha an Phríomh-Fheidhmeannaigh Réigiúnaigh a bheith tarmligthe chuig príomhfheidhmeannach limistéir an Bhoird Sláinte Limistéir sin. | |
| [EN] | (6) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach cibé feidhmeanna dá chuid nó dá cuid i ndáil le soláthar seirbhísí laistigh de limistéar feidhme an Bhoird Sláinte Limistéir iomchuí a tharmligean i scríbhinn chuig gach príomhfheidhmeannach limistéir, ar feidhmeanna iad a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, á gcomhlíonadh ag príomhoifigeach feidhmiúcháin Bhord Sláinte an Oirthir. | |
| [EN] | (7) D'ainneoin fho-alt (6), féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach, ó am go ham, agus i gcás ina measfaidh sé nó sí go n-áiritheodh gníomh den sórt sin go mbainfí an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní, foráil a dhéanamh i scríbhinn go mbeidh cibé feidhmeanna dá chuid nó dá cuid a chinnfidh sé nó sí infheidhmithe i ndáil le limistéar feidhme iomlán an Údaráis nó i ndáil le cuid de ag príomhfheidhmeannach limistéir sonraithe agus i gcás ina ndéanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach amhlaidh, cúlghairfear aon tarmligean a bheidh déanta faoi fho-alt (6) i ndáil leis na feidhmeanna sin. | |
| [EN] | (8) Déanfaidh príomhfheidhmeannach limistéir na feidhmeanna a tharmligtear chuige nó chuici faoin alt seo a fheidhmiú de réir cibé ordacháin ghinearálta a thabharfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ó am go ham. | |
| [EN] | (9) Féadfaidh príomhfheidhmeannach limistéir, de réir fho-ailt (2) go (5) d'alt 16 den Phríomh-Acht, a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a tharmligean chuig comhalta eile d'fhoireann an Údaráis is comhalta a bheidh sannta chuig an mBord Sláinte Limistéir lena mbaineann agus déanfar tagairtí sna fo-ailt sin do phríomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte a fhorléiriú chun críocha an fho-ailt seo mar thagairtí do phríomhfheidhmeannach limistéir. | |
| [EN] | (10) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, príomhfheidhmeannach limistéir a chur as oifig, de réir théarmaí agus choinníollacha a chonartha seirbhíse nó a conartha seirbhíse. | |
| [EN] | (11) Is feidhmeanna forchoimeádta de chuid an Údaráis iad príomhfheidhmeannach limistéir a cheapadh faoi fho-alt (1) agus a chur as oifig faoi fho-alt (10). | |
| [EN] |
Cuntais agus taifid a choimeád. |
18. —(1) Coimeádfaidh Bord Sláinte Limistéir gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sé na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tÚdarás nó an tAire, ó am go ham. |
| [EN] | (2) Ullmhóidh Bord Sláinte Limistéir ráitis airgeadais bhliantúla de réir na gcaighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire chun críocha alt 11(2) d'Acht Uimh. 3 de 1996 agus cuirfidh sé na ráitis airgeadais sin faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh ar an 1ú lá d'Aibreán nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann siad. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tar éis an t-iniúchadh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chríochnú, tuarascáil a tharraingt suas i scríbhinn i ndáil leis na ráitis airgeadais agus déanfaidh sé nó sí cóip de na ráitis airgeadais, mar aon lena thuarascáil nó lena tuarascáil orthu, a chur faoi bhráid an Údaráis agus cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire iad. | |
| [EN] | (4) Beidh ráitis airgeadais bhliantúla Boird Sláinte Limistéir ina gcuid de chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis. | |
| [EN] | (5) Déanfar ráitis airgeadais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis a ullmhú de réir caighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire agus déanfaidh an tÚdarás iad a ghlacadh agus cuirfear faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad lena n-iniúchadh ar an 15ú lá d'Aibreán nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann siad. | |
| [EN] | (6) Faoi réir fho-alt (5), déanfar ráitis airgeadais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis a iniúchadh de réir alt 6 d'Acht 1993. | |
| [EN] | (7) Déanfaidh an tAire ráitis airgeadais bhliantúla na dtrí Bhord Sláinte Limistéir, mar aon le tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a chur i gceangal le ráitis airgeadais bhliantúla an Údaráis (arna gcur faoi bhráid an Aire ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste de réir alt 6 d'Acht 1993) agus le ráitis airgeadais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis (arna gcur faoi bhráid an Aire ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste de réir fho-alt (6) agus alt 6 d'Acht 1993) agus déanfar iad a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] | (8) Cabhróidh príomhfheidhmeannach limistéir leis an bPríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhall faoi alt 13 i cibé modh agus ag cibé tráthanna a ordóidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ó am go ham. |