|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Boird Sláinte Limistéir) | Ar Aghaidh (CUID V Feidhmeannacht na mBord Sláinte) |
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Bord Sláinte an Oirthir a Dhíscaoileadh agus a fhoireann a aistriú chuig an Údarás | |
| [EN] |
Bord Sláinte an Oirthir a dhíscaoileadh. |
19. —(1) Ar an lá bunaithe, beidh Bord Sláinte an Oirthir arna dhíscaoileadh. |
| [EN] | (2) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh an lá bunaithe, do Bhord Sláinte an Oirthir agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an lá sin, arna ndílsiú don Údarás gan aon tíolacadh nó sannadh. | |
| [EN] | (3) Ar an lá bunaithe, gach maoin seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, a bhí, díreach roimh an lá sin, ina maoin de chuid Bhord Sláinte an Oirthir, beidh sí arna dílsiú don Údarás gan aon sannadh. | |
| [EN] | (4) Gach ceart agus dliteanas de chuid Bhord Sláinte an Oirthir a éireoidh de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne an comhlacht sin roimh an lá bunaithe, beidh sé ar an lá sin arna aistriú chuig an Údarás. | |
| [EN] | (5) Gach ceart agus dliteanas a aistreofar faoi fho-alt (4), féadfaidh an tÚdarás agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú in aghaidh an Údaráis ina ainm féin, agus ní gá don Údarás fógra a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas. | |
| [EN] | (6) Déanfar cuntais chríochnaitheacha Bhord Sláinte an Oirthir a tharraingt suas de réir na gcaighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire chun críocha alt 11(2) d'Acht Uimh. 3 de 1996 agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad a iniúchadh de réir alt 6 d'Acht 1993. | |
| [EN] | (7) Aon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh ar an lá bunaithe in aon chúirt nó binse ar páirtí iontu Bord Sláinte an Oirthir, leanfar díobh, ach ainm an Údaráis a chur in ionad ainm Bhord Sláinte an Oirthir agus ní rachaidh siad ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin. | |
| [EN] | (8) Déanfar aon tagairt do Bhord Sláinte an Oirthir in ordú arna dhéanamh ag cúirt roimh an lá bunaithe a fhorléiriú, ar an lá bunaithe, mar thagairt don Údarás. | |
| [EN] | (9) Aon rún a bheidh rite ag Bord Sláinte an Oirthir, aon ordú a bheidh déanta aige nó aon fhógra a bheidh seirbheáilte aige roimh an lá bunaithe, ar rún, ordú nó fógra é nach mbeidh a oibriú, a éifeacht nó a théarma scortha nó caite díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige agus d'éifeacht a bheith leis an lá sin nó dá éis, amhail is dá mba é a bhí ann ná rún a rith an tÚdarás, ordú a rinne sé nó fógra a sheirbheáil sé. | |
| [EN] | (10) Aon riail nó rialachán a bheidh déanta ag Bord Sláinte an Oirthir agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sí nó sé d'fheidhm a bheith aici nó aige agus d'éifeacht a bheith léi nó leis, ar an lá sin nó dá éis, amhail is dá mba riail í, nó dá mba rialachán é, a rinne an tÚdarás, agus féadfar gach riail nó rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an tÚdarás pionóis agus forghéilltí a éiríonn faoin gcéanna a ghnóthú agus a fhorfheidhmiú. | |
| [EN] | (11) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir an Achta seo, aon talamh, aon mhaoin eile, aon cheart nó aon dliteanas a aistreofar chuige faoin alt seo a aistriú i scríbhinn chuig Bord Sláinte Limistéir. | |
| [EN] |
Foireann Bhord Sláinte an Oirthir a aistriú chuig an Údarás. |
20. —(1) Déanfar gach duine a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Bhord Sláinte an Oirthir, a aistriú an lá sin chuig foireann an Údaráis agus tiocfaidh sé nó sí, an lá sin, chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis. |
| [EN] | (2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, le linn do dhuine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith i seirbhís an Údaráis ní bhfaighidh sé nó sí scála pá níos lú ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal díreach roimh an lá bunaithe ná ní chuirfear é nó í faoi réir téarmaí agus coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a bhaineann le seilbh oifige) is lú fabhar dó nó di ná na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe. | |
| [EN] | (3) Maidir le gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Bord Sláinte an Oirthir agus aon duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis nó léi, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an tÚdarás in ionad Bhord Sláinte an Oirthir ann agus beidh gach conradh den sórt sin infhorfheidhmithe ag an Údarás, nó ina choinne, dá réir sin. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tÚdarás duine a aistreofar chuig foireann an Údaráis faoin alt seo nó a cheapfar mar oifigeach nó seirbhíseach don Údarás de réir alt 14(1) den Phríomh-Acht a shannadh ó am go ham chuig Bord Sláinte Limistéir. | |
| [EN] | (5) Leanfaidh gach duine a shannfar faoi fho-alt (4) de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach nó ina sheirbhíseach nó ina seirbhíseach don Údarás, de réir mar a bheidh, ach beidh sé nó sí, le linn a bheith sannta amhlaidh, faoi réir ordacháin phríomhfheidhmeannach limistéir an Bhoird Sláinte Limistéir a mbeidh sé nó sí sannta chuige, ach sin faoi réir cibé comhshocraíochtaí a dhéanfar idir an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach agus an príomhfheidhmeannach limistéir sin. | |
| [EN] | (6) Chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar, maidir le hoifig oifigigh a bhí, ar an lá bunaithe, ina oifigeach nó ina hoifigeach do Bhord Sláinte an Oirthir, nár cuireadh deireadh leis an oifig sin. |