An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Bord Sláinte an Oirthir a Dhíscaoileadh agus a fhoireann a aistriú chuig an Údarás) Ar Aghaidh (CUID VI Leasú ar an bPríomh-Acht, ar an Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961, agus ar Acht Uimh. 3 de 1996)

13 1999

AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999

CUID V

Feidhmeannacht na mBord Sláinte

Feidhmeannacht na mBord Sláinte.

21. —(1) Beidh arna bunú, ar an lá bunaithe, gníomhaireacht ar a dtabharfar Feidhmeannacht na mBord Sláinte agus dá ngairtear “an Fheidhmeannacht” san alt seo.

(2) Beidh an Fheidhmeannacht ina comhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha.

(3) Soláthróidh an Fheidhmeannacht séala di féin agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala.

(4) Comhlíonfaidh an Fheidhmeannacht, thar ceann na mbord sláinte—

(a) cibé feidhmeanna feidhmiúcháin de chuid na mbord sláinte a shonróidh comhaltaí na Feidhmeannachta ó am go ham, agus

(b) cibé feidhmeanna feidhmiúcháin eile a ordóidh an tAire ó am go ham ar feidhmeanna iad a bhaineann le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na seirbhísí sláinte agus na seirbhísí sóisialta pearsanta a fheabhsú.

(5) Is iad comhaltaí na Feidhmeannachta príomhoifigigh feidhmiúcháin na mbord sláinte agus na príomhfheidhmeannaigh limistéir.

(6) (a) Sa mhéid nach n-íocfar caiteachais na Feidhmeannachta ó fhoinsí eile, íocfaidh na boird sláinte iad i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh comhaltaí na Feidhmeannachta ó am go ham nó, cheal comhaontú den sórt sin, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh an tAire.

(b) Mura n-íocfaidh bord sláinte an méid is iníoctha aige faoi mhír (a), féadfar an méid a bheidh i gceist a bhaint as aon airgead a bheidh iníoctha leis an mbord sláinte ag an Aire chun aon chríche ar bith agus íocfaidh an tAire an méid sin leis an bhFeidhmeannacht.

(7) Coimeádfaidh an Fheidhmeannacht gach cuntas is cuí agus is gnách ar a ioncam agus ar a chaiteachas agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais na Feidhmeannachta.

(8) Déanfar ráitis airgeadais bhliantúla na Feidhmeannachta do gach bliain a ullmhú de réir caighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire agus cuirfear faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad lena n-iniúchadh laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana lena mbaineann siad agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh de réir alt 5 d'Acht 1993.

(9) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tar éis an t-iniúchadh faoi fho-alt (8) a chríochnú, tuarascáil a tharraingt suas i scríbhinn i ndáil leis na cuntais agus déanfaidh sé nó sí cóip de na cuntais mar aon lena thuarascáil nó lena tuarascáil orthu a chur faoi bhráid an Aire, faoi bhráid gach boird sláinte agus faoi bhráid na mBord Sláinte Limistéir, agus déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, a chur faoi deara cóip den tuarascáil agus cóip de na cuntais lena mbaineann an tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(10) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach bliain, tuarascáil a thabhairt ar a cuid gníomhaíochtaí le linn na bliana roimhe sin agus cuirfidh sí cóip den tuarascáil faoi bhráid an Aire, faoi bhráid gach boird sláinte agus faoi bhráid na mBord Sláinte Limistéir.

(11) (a) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na Feidhmeannachta agus, le linn aon duine den sórt sin a cheapadh, comhlíonfaidh an Fheidhmeannacht aon ordacháin a thabharfaidh an tAire i ndáil leis an nós imeachta a bheidh le leanúint.

(b) Scoirfidh gach comhalta d'fhoireann na Feidhmeannachta a bheidh ag fónamh i gcáil bhuan de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin ar aois 65 bliana a shlánú.

(c) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, luach saothair agus coinníollacha seirbhíse gach comhalta dá foireann a chinneadh.

(d) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, ó am go ham, cibé dualgais is cuí léi a shannadh do gach comhalta d'fhoireann na Feidhmeannachta agus comhlíonfaidh gach comhalta den sórt sin na dualgais a shannfar dó nó di amhlaidh.

(e) Beidh feidhm ag scéimeanna agus rialacháin arna ndéanamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , maidir le comhaltaí d'fhoireann na Feidhmeannachta a cheapfar i gcáil bhuan amhail is dá mba bhord sláinte an Fheidhmeannacht.

(12) Chun a dualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an Fheidhmeannacht, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire—

(a) aon talamh nó maoin eile a cheannach nó a thógáil ar léas,

(b) aon talamh nó maoin eile a bheidh dílsithe di a dhíol, a mhalartú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile,

(c) comhshocraíochtaí a dhéanamh le duine eile maidir leis an bhFeidhmeannacht d'úsáid áitribh nó trealaimh leis an duine sin nó maidir leis an bhFeidhmeannacht d'úsáid seirbhísí fostaithe de chuid an duine sin nó an chomhlachta sin,

(d) glacadh le bronntanais airgid, talún agus maoine eile ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir, ach amháin nach nglacfaidh an Fheidhmeannacht le bronntanas i gcás nach bhfuil na coinníollacha a chuirfidh an deontóir ag gabháil lena ghlacadh i gcomhréir le feidhmeanna na Feidhmeannachta.

(13) (a) Ní bhfaighidh an Fheidhmeannacht airgead ar iasacht gan toiliú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais,

(b) Maidir le hiasachtaí airgid a gheobhaidh an Fheidhmeannacht beidh siad faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(14) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i leith gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas—

(a) téarmaí agus coinníollacha chomhaltas na Feidhmeannachta,

(b) rialacha agus nósanna imeachta ag a cruinnithe,

(c) bunú coistí dá cuid,

(d) caiteachais a íoc lena comhaltaí.

(15) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

(16) D'ainneoin alt 4(1) (arna chur isteach le halt 24) d'Acht Uimh. 3 de 1996, féadfaidh príomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte a cheangal ar an bhFeidhmeannacht feidhm a chomhall thar a cheann nó thar a ceann agus, i gcás ina ndéanfaidh an t-oifigeach sin ceanglas den sórt sin, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is féidir, an méid sin a chur in iúl don bhord sláinte lena mbaineann.

(17) San alt seo, folaíonn tagairt do bhord sláinte tagairt don Údarás agus folaíonn tagairt do phríomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte tagairt don Phríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach.