|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Feidhmeannacht na mBord Sláinte) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Limistéir Feidhme na mBord Sláinte Limistéir) |
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI Leasú ar an bPríomh-Acht, ar an Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 , agus ar Acht Uimh. 3 de 1996 | |
| [EN] |
Leasuithe ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
22. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
| [EN] | (a) trí “nó alt 11 (2)(b) den Acht Sláinte (Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir), 1999 ,” a chur isteach i Riail 5 i ndiaidh “alt 4(2)(a)(ii)”, | |
| [EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 11(2): | |
| [EN] | “(2A) Más rud é nár fhreastail comhalta den bhord a ceapadh ar shlí eile seachas ag comhairle contae nó ag bardas contaebhuirge ar aon chruinniú den bhord ar feadh tréimhse comhleanúnaí 6 mhí, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin agus déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.”, | |
| [EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 11(3): | |
| [EN] | “(4) Ní bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás inar féidir le comhalta den bhord a thaispeáint, chun sástacht chathaoirleach an bhoird, gur de dheasca breoiteachta a bhí sé nó sí as láthair.”, | |
| [EN] | (d) trí “nó alt 11 (2)(b) den Acht Sláinte (Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir), 1999 ,” a chur isteach i Riail 12 i ndiaidh “alt 4(2)(a)(ii)”, agus | |
| [EN] | (e) trí “nó fostaí de chuid ospidéil shaorálaigh, de chuid soláthraí saorálaigh seirbhíse míchumais intleachtúil nó de chuid soláthraí saorálaigh seirbhíse” a chur isteach i Riail 17 i ndiaidh “oifigeach nó seirbhíseach don bhord”. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 6 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 . |
23. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d): |
| [EN] | “(d) an comhlacht do thabhairt eolais ó am go ham don Aire, nó do cibé comhlacht eile a shonróidh an tAire san ordú, ar eolas é a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna, agus an t-eolas sin a thabhairt don Aire nó don chomhlacht eile aon tráth eile ar é a iarraidh.”. | |
| [EN] |
Leasú ar Acht Uimh. 3 de 1996. |
24. —Leasaítear leis seo Acht Uimh. 3 de 1996— |
| [EN] | (a) in alt 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “feidhm fhorchoimeádta”: | |
| [EN] | “ciallaíonn ‘feidhm fhorchoimeádta’— | |
| [EN] | (a) feidhm de chuid boird sláinte a shonraítear in alt a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal os coinne an Achta a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin, agus | |
| [EN] | (b) aon fheidhm de chuid boird sláinte a shonraítear mar fheidhm fhorchoimeádta sna hAchtanna Sláinte, 1947 go 1999, nó in aon achtachán eile.”, | |
| [EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3: | |
| [EN] | “3. (1) Déanfaidh bord sláinte feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh go díreach. | |
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh bord sláinte aon chinneadh nó ní thabharfaidh sé aon ordachán i ndáil le haon fheidhm de chuid boird sláinte nach feidhm fhorchoimeádta í. | |
| [EN] | (3) Cabhróidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin leis an mbord i dtaca le feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh i cibé slí (más ann) a éileoidh an bord.”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 4: | |
| [EN] | “(1) Mura bhforáiltear a mhalairt, comhlíonfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin feidhm de chuid boird sláinte nach feidhm fhorchoimeádta í agus is feidhm feidhmiúcháin a bheidh i bhfeidhm den sórt sin.”. |