|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Leasú ar an bPríomh-Acht, ar an Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961, agus ar Acht Uimh. 3 de 1996) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL) |
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Limistéir Feidhme na mBord Sláinte Limistéir | |
1. Sa Sceideal seo— | ||
ciallaíonn “contae Chill Dara” contae riaracháin Chill Dara; | ||
ciallaíonn “contae Chill Mhantáin” contae riaracháin Chill Mhantáin; | ||
ciallaíonn “cathair Bhaile Átha Cliath” contaebhuirg Bhaile Átha Cliath; | ||
ciallaíonn “Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin” contae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; | ||
ciallaíonn “Contae Fhine Gall” contae riaracháin Fhine Gall; | ||
ciallaíonn “Contae Bhaile Átha Cliath Theas” contae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas. | ||
2. Teorainn limistéar feidhme Bhord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt. | ||
An chuid sin de limistéar feidhme an Údaráis a fhreagraíonn dó seo a leanas: | ||
An chuid sin de chathair Bhaile Átha Cliath atá suite lastuaidh d'Abhainn na Life, agus | ||
Contae Fhine Gall. | ||
3. Teorainn limistéar feidhme Bhord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir. | ||
An chuid sin de limistéar feidhme an Údaráis a fhreagraíonn dó seo a leanas: | ||
Toghlimistéar áitiúil Phembroc i gcathair Bhaile Átha Cliath, | ||
Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, agus | ||
contae Chill Mhantáin (ach amháin toghlimistéar áitiúil Bhealach Conglais). | ||
4. Teorainn limistéar feidhme Bhord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt. | ||
An chuid sin de limistéar feidhme an Údaráis a fhreagraíonn dó seo a leanas: | ||
An chuid sin de chathair Bhaile Átha Cliath atá suite laisteas d'Abhainn na Life (ach amháin toghlimistéar áitiúil Phembroc), | ||
Contae Bhaile Átha Cliath Theas, | ||
contae Chill Dara, agus | ||
toghlimistéar áitiúil Bhealach Conglais i gContae Chill Mhantáin. |