|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Scala de Phinsin Chreachta.) | Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Liuntaisi do Churam Saighdiuiri.) |
ACHT ARM-PHINSEAN, 1923
[EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Liuntaisi do Churam Oifigeach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 7. I gcás oifigeach d'fhágaint dílleachtaithe fé chúram éinne de sna daoine a luaidhtear in alt 5 den. Sceideal so agus atá ina chúram air, ní raghaidh iomlán na liúntaisí is iníoctha i dtaobh an duine sin agus na ndílleachtaithe sin (lasmuich den liúntas a bheidh, má bhíonn sé, iníoctha fé alt 4) ní ragha sé thar méid na liúntaisí go léir a bheadh iníoctha fé ailt 1 agus 2 le linn baintreachais na baintrí dá bhfágfadh an t-oifigeach baintreach ina dhiaidh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
8. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le haon duine fé sna forálacha san roimhe seo den Sceideal so mara raibh lán-chúram an duine sin, ar dháta báis an oifigigh 'na mbeidh an liúntas á éileamh mar gheall air, ar an oifigeach san. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
9. I gcás oifigeach d'fhágaint daoine a bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta eile féadfar aisce no aiscí do dheona do gach duine no d'aon chuid dá leithéidí sin. Ní raghaidh thar £150 méid iomlán na n-aiscí a deonfar fén alt so mar gheall ar aon oifigeach áirithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
10. I gcás aon duine 'na raibh a lán-chúram no a leath-chúram ar bhreis agus éinne amháin de dhaoine atá marbh, ní bhfuighfidh eisean, mar gheall ar na daoine sin atá marbh, liúntaisí ná aisce 'na raghaidh a n-iomlán thar an liúntas maximum dob fhéidir a dheona dho fén Sceideal so mar gheall ar éinne amháin áirithe de sna daoine sin atá marbh. Sa chlás so foluíonn an focal “daoine atá marbh” oifigigh atá marbh chó maith le saighdiúirí atá marbh. |