|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Liuntaisi do Churam Oifigeach.) |
ACHT ARM-PHINSEAN, 1923
[EN] | |||||||||||||||||
[EN] |
AN TRIU SCEIDEAL. Liuntaisi do Churam Saighdiuiri. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | 6. I gcás saighdiúra d'fhágaint dílleachtaithe fé chúram duine dá luaidhtear in alt 4 den Sceideal so agus atá ina chúram air, ní raghaidh iomlán na liúntaisí is iníoctha i dtaobh an duine sin agus na ndílleachtaithe sin ní ragha sé thar méid na liúntaisí go léir a bheadh iníoctha fé ailt l agus 2 le linn baintreachais na baintrí dá bhfágfadh an saighdiúir baintreach ina dhiaidh. | ||||||||||||||||
7. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le haon duine fé sna forálacha san roimhe seo den Sceideal so mara raibh lán-chúram an duine sin, ar dháta báis an tsaighdiúra 'na mbeidh an liúntas á éileamh mar gheall air, ar an saighdiúir sin. | |||||||||||||||||
8. I gcás saighdiúir d'fhágaint daoine a bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta féadfar aisce no aiscí do dheona do gach duine no d'aon chuid dá leithéidí sin. Ní raghaidh thar £100 méid iomlán na n-aiscí a deonfar fén alt so mar gheall ar aon tsaighdiúir áirithe. | |||||||||||||||||
9. I gcás aon duine 'na raibh a lán-chúram no a leath-chúram ar bhreis agus éinne amháin de dhaoine atá marbh, ní bhfuighfidh eisean, mar gheall ar na daoine sin atá marbh, liúntaisí ná aiscí 'na raghaidh a n-iomlán thar an liúntas maximum dob fhéidir a dheona dho fén Sceideal so mar gheall ar éinne amháin áirithe de sna daoine sin atá marbh. Sa chlás so, foluíonn an focal “daoine atá marbh” oifigigh atá marbh chó maith le saighdiúirí atá marbh. |