Ar Aghaidh (CUID I.)

30 1923

Uimhir 30.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923.


ACHT CHUN FORÁLACHA SEALADACHA DO DHÉANAMH CHUN SAORSTÁT ÉIREANN DO CHOSAINT AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN.

[3adh Lúnasa, 1923.]

DE BHRÍ go bhforáltar le hAirtiogal 46 den Bhunreacht gur ag an Oireachtas amháin atá an t-aon-cheart chun tógáil agus cothú na bhfórsaí armtha dá dtagartar ansan do regleáil agus go mbeidh gach fórsa armtha den tsórt san fé smacht an Oireachtais:

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar le hAirtiogal 70 den Bhunreacht ná trialfar éinne ach do réir cúrsaí cuibhe na dlí, agus ná bunófar Cúirteanna nea-choitionta, ach amháin pé binsí airm a húdarófar le dlí chun lucht airm a bhrisfidh dlí airm do thriail:

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar le hAirtiogal 71 den Bhunreacht ná déanfidh aon arm-chúirt ná aon bhínse eile airm aon duine d'fhórsaí armtha Shaorstáit Éireann ná beidh ar seirbhís chogúil do thriail in aon choir intrialta ag na Cúirteanna Síbhialta mara dtabharfar an choir sin go speisialta laistigh d'údarás Arm-Chúirteanna no aon Bhínse eile Airm le haon chórus dlithe no rialachán chun smacht airm do chur i bhfeidhm a mholfidh an tOireachtas tar éis teacht i bhfeidhm don Bhunreacht:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil práinn mhór le córus dlithe agus rialachán do sholáthar chun smacht airm do chur i bhfeidhm ar na fórsaí armtha atá ag Saorstát Éireann fé láthair agus ar pé fórsaí armtha eile a tógfar fén Acht so:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Roimh-fhocal.

Gearr-Theideal agus Buaine an Achta.

1. —Féadfar chun gach críche an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 , do ghairm den Acht so.

Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí go ndéanfar le dlí forálacha eile chun Saorstát Éireann do chosaint agus ní leanfa sé i bhfeidhm ar aon chúinse tar éis tréimhse bliana bheith caithte ó dháta a rithte.

Mínithe.

Míniú ar an bhfocal “ar seirbhís chogúil.”

2. —(1) San Acht so nuair ná fuil san bunoscionn leis an gcó-théacs, isé brí atá leis an bhfocal “ar seirbhís chogúil,” nuair adeirtar é i dtaobh duine fé dhlí airm, ná an duine sin do bheith ceangailte no ina chuid d'fhórsa a bheadh i mbun oibreacha in áit a bheadh, i bpáirt no go hiomlán, ar seilbh ag an namhaid.

(2) Má fhaisníonn an Ard-Chomhairle aon uair no uaireanna gur gá, mar gheall ar sheirbhís chogúil a bheith in achmaireacht no mar gheall ar í do bheith ann le déanaí, gur gá, chun na seirbhíse puiblí, na fórsaí armtha a tógfar fén Acht so do bheith fén Acht so go sealadach fé mar a bheidís ar seirbhís chogúil, ansan, ar fhoillsiú aon fhaisnéise den tsórt san san Iris Oifigiúil, tuigfar na fórsaí le n-a mbainfidh an fhaisnéis do bheith ar seirbhís chogúil go ceann na tréimhse a luadadh sa bhfaisnéis.

Mínithe.

3. —San Acht so ciallóidh na focail seo a leanas, i ngach áit ina lomhálfidh an có-théacs é, na nithe adeir an tAlt so a chialluíd fé seach, sé sin le rá:—

(1) Cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Cosanta.

(2) Cialluíonn an focal “Aire Feidhmiúcháin” Aire atá ina bhall den Ard-Chomhairle.

(3) Cialluíonn an focal “Na Fórsaí” na fórsaí armtha a tógfar fén Acht so agus foluíonn sé saighdiúirí den chúl-thaca nuair a glaodhtar amach ar buan-tseirbhís iad i dteanta na bhFórsaí mar a mínítear an focal san anso roimhe seo.

(4) Cialluíonn an focal “An Cúl-thaca” aon chúl-thaca i gcóir na bhFórsaí a bunófar fé Cuid III. den Acht so.

(5) Cialluíonn an focal “Oifigeach” oifigeach coimisiúnta no ar págh mar oifigeach de sna Fórsaí no den Chúlthaca no d'aon ghéig, brainse no cuid díobh san.

(6) Cialluíonn an focal “Oifigeach Generálta” oifigeach go bhfuil céim Gheneráil, Lefteanant-Gheneráil, no Mhaor-Gheneráil aige.

(7) Foluíonn an focal “Oifigeach Nea-Choimisiúnta” oifigeach nea-choimisiúnta gníomhathach.

(8) Ní fholuíonn an focal “Saighdiúir” oifigeach den tsórt a mínítear leis an Acht so, ach fé réir na n-atharuithe atá san Acht so i dtaobh oifigeacha neachoimisiúnta foluíonn sé oifigeach nea-choimisiúnta agus gach éinne eile fé dhlí airm faid a bheidh sé fén dlí sin.

(9) Foluíonn an focal “Oifigeach Uachtarach” nuair a húsáidtear é i dtaobh saighdiúra, oifigeach neachoimisiúnta den tsórt a mínítear thuas.

(10) Cialluíonn an focal “Cór”:—

(a) Aon bhuidhean airm, pe'ca reisimint dúithche a tugtar air no aon ainm eile, a faisneofar ó am go ham le Barántas fé láimh an Aire a bheith ina cór chun crícheanna an Achta so agus atá ina buidhin a chuir an tAire le chéile fé sna comhachta a bronntar leis an Acht so, agus atá co-dhéanta de chathanna co-cheangailte de sna Fórsaí no co-dhéanta ar fad de chath no de chathanna de sna Fórsaí.

(b) Aon chuid de sna Fórsaí, pé ainm atá ortha, a faisneofar le Barántas fé láimh an Aire a bheith ina cór chun crícheanna an Achta so; agus fós

(c) Aon chuid eile de sna Fórsaí atá ag obair ar aon tseirbhís agus ná fuil ceangailte le haon chór den tsórt a mínítear thuas.

(d) Agus aon tagairt a dintar i gCaibidil V. de Chuid II. den Acht so do chór de sna Fórsaí tuigfar í mar thagairt d'aon bhuidhin airm a mínítear anso roimhe seo a bheith ina cór.

(11) Nuair a bhainfidh an tAcht so le marcraidh, ordonás no innealtóirí isé brí a bainfar as an bhfocal “Cath” ná reisimint, briogáid, no aon bhuidhean eile in ar maith leis an Aire an mharcraidh, an t-ordonás no na hinnealtóirí sin do roinnt fé sna comhachta a bronntar air leis an Acht so.

(12) Cialluíonn an focal “Reisimintiúil” bheith ag baint le cór no le haon chath no fo-roinn eile de chór.

(13) Cialluíonn an focal “Ornáid” aon bhonn, claspa, comhartha dea-iompair, no órnáid.

(14) Cialluíonn an focal “Duais Airm” aon aisce no blianacht mar gheall ar sheirbhís fhada no ar dheaiompar; foluíonn sé, leis, aon phágh dea-iompair, pinsean agus aon chúiteamh eile airm in airgead.

(15) Cialluíonn an focal “Oifigeach Ceannais” aon oifigeach i gceannas catha, agus fós pé oifigeach eile a fhaisneoidh an tAire, le Rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, a bheith ina oifigeach ceannais.

(16) Foluíonn an focal “Namhaid” gach cúl-mhutaire armtha, rebeliúnach armtha, círéibeach armtha, agus píoráid.

(17) Cialluíonn an focal “Cúirt Uachtarach” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais i mBaile Atha Cliath.

(18) Cialluíonn an focal “Cúirt Shíbhialta,” maidir le haon choir no cionta, Cúirt ghnáth-údaráis choiriúla agus foluíonn sé Cúirt Údaráis Achmair.

(19) Cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis an Acht so, no le haon Rialacha no Rialacháin a déanfar fé, no orduithe i bpáirt ag an Acht so agus i bpáirt ag Rialacha no Rialacháin a déanfar fé.

(20) Cialluíonn an focal “Achtanna Údaráis Achmair,” laistigh de cheanntar póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, na hachtanna le n-a regealáltar comhachta giúistísí síochána don cheanntar san no comhachta póilíní an cheanntair sin; agus i ngach áit eile i Saorstát Éireann cialluíonn sé Acht na nGearr-Shiosón (Éirinn), 1851, agus aon Acht no Achtanna a leasuíonn an céanna.

(21) Cialluíonn an focal “Cúirt Údaráis Achmair” aon Ghiúistís Dúithche, Máistreoir Póilíneachta, máistreoir ar tuarastal no aon mháistreoir no oifigeach eile, pé ainm a tugtar air, dá dtugtar údarás leis an Acht Údaráis Achmair, no le haon Achtanna dá dtagartar san Acht san, no le haon Achtanna le n-a ndintar an céanna do leasú no do chur in oiriúint.

(22) Foluíonn an focal “Cúirt Dlí” cúirt údaráis achmair.

(23) Foluíonn an focal “Breitheamh Cúirte Contae” Breacthóir.

(24) Foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Máistreoir Roinne de Chathair Bhaile Atha Cliath.

(25) Cialluíonn an focal “Constábla” aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, no den Ghárda Síochána.

(26) Cialluíonn an focal “Údarás Póilíneachta” Ceannphort no Cigire de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, no den Ghárda Síochána.

(27) Foluíonn an focal “Capall” miúil, agus bainfidh forálacha an Achta so le haon tsórt beithígh in aon chor a húsáidtear mar bheithíoch iompair no tarruic no chun daoine d'iompar fé mar a bheadh an focal “capall” ag folach an bheithígh sin.

(28) Foluíonn an focal “Mionn” aon fhaisnéis sholamanta a fhéadfidh éinne adeir ná fuil aon chreideamh aige a dhéanamh fén Acht so, no éinne adeir go bhfuil sé i gcoinnibh a choinsias mionn do thabhairt; agus foluíonn an focal “do chur fé mhionn” “faisnéis sholamanta do dhéanamh.”

(29) Cialluíonn an focal “Príosún Puiblí” aon phríosún in ar féidir go dleathach duine do chimeád a fuarthas ciontach agus a daoradh chun príosúntachta ag cúirt shíbhialta.

(30) Cialluíonn an focal “Príosún Pian-tSeirbhíse” aon phriosún no áit in ar féidir go dleathach duine do chimeád a fuarthas ciontach agus a daoradh chun pian-tseirbhíse ag cúirt shíbhialta.

(31) Ciallóidh an focal “an tArd-Chongantóir” Ard-Chongantóir na bhFórsaí.