|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL III. Priosuin agus Beairici Coinneala.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL V. LIOSTAIL.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL IV. Saoirsi d'Oifigigh agus do Shaighdiuiri. | |
[EN] |
Oifigigh agus saighdiúirí do bheith saor o chustuim. |
139. —(1) Gach oifigeach agus saighdiúir de sna Fórsaí ar diúité no ar máirseáil; agus |
[EN] | A gcapaill agus a mbagáiste; agus | |
[EN] | Gach príosúnach fé thionnlacan mhileata; agus | |
[EN] | Gach mótar, carráiste agus capall is leis na Fórsaí no a bheidh ar fostú i seirbhís mhileata, le linn iad a bheith ag iompar aon daoine den tsórt a luaidhtear thuas san Alt so, no ag iompar bagáiste no stóir no ag fílle tar éis iad d'iompar, | |
[EN] | ar dhul ar bord árthaigh no ar ghabháil tíre dhóibh ag aon phiar, cala-phort, cé, no áit caluithe, no ag gabháil dóibh fan aon bhóthair phíce no bóthair eile no trasna droichid, beid saor o íoc aon diúitéthe no custum is inéilithe in aon chás eile de bhua aon Achta Pháirliminte no de bhua aon Achta atá rithte cheana no a rithfar ina dhiaidh seo ag an Oireachtas: | |
[EN] | Ach ní dhéanfidh éinní san Alt so aon bháid, báirsí ná árthaigh eile, ar a mbeidh na daoine, na capaill, an bagáiste no na stóir sin á n-iompar ar aon chanáil, do shaora o chustuim d'íoc ar nós bád, báirsí agus árthach eile. | |
[EN] | (2) Einne a éileoidh agus a ghlacfidh aon diúite, custuim, no ráta contrárdha don Alt so, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, é do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint ná fé bhun deich scillinge. | |
[EN] |
Beidh saighdiúirí saor o phróiseas shíbhialta. |
140. —(1) Ní féadfar saighdiúir de sna Fórsaí do thógaint amach as an seirbhís le haon phróiseas, feidhmiú ná Ordú o Chúirt Dlí ná eile, ná a chur fhiachaint air teacht i bpearsain i láthair aon Chúirte Dlí, ach amháin i dtaobh na nithe seo a leanas no i dtaobh éinní amháin díobh; sé sin le rá:— |
[EN] | (a) Mar gheall ar a chúiseamh no a chiontú i gcoir; no | |
[EN] | (b) Mar gheall ar aon fhiach, damáiste no suim airgid, nuair is mó san ná tríocha punt gan costaisí na cúise d'aireamh. | |
[EN] | (2) Chun crícheanna an Ailt seo isé rud a chiallóidh coir ná feleontacht, mí-iompar, no coir no cionta eile is inphionósuithe le fíneáil no le príosúntacht no le pionós éigin is mó ná san, agus ní fholóidh sé cionta duine a bheadh as láthair o n-a sheirbhís ná a thabharfadh faillí ina chonnra do chó-líona ná a mhí-iompródh é féin ar aon tslí eile i dtaobh a chonnartha. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an Ailt seo, tuigfar go bhfoluíonn Cúirt Dlí Cúirt Údaráis Achmair agus aon Ghiúistís Dúithche. | |
[EN] | (4) Chun críche aon phróisis a tabharfar amach sara dtabharfidh an Chúirt breith ar an gcás, cruthófar méid an fhéich, an damáiste no na suime le móid-scríbhinn ón duine a bheidh ad iarraidh an chéanna do bhaint amach no o dhuine éigin thar a cheann, agus mionnófar an mhóid-scríbhinn sin gan aon táille d'íoc, ar an gcuma 'na mionnuítear móidscríbhinní sa Chúirt ina mbunófar imeachta chun an tsuim do bhaint amach, agus déanfar, gan táille d'íoc, memorandum ar an móid-scríbhinn sin do chúl-scrí ar aon phróiseas no ordú a tabharfar amach i gcoinnibh saighdiúra. | |
[EN] | (5) Beidh gan brí gach imeacht agus scríbhinn a bheidh i bpróiseas, feidhmiú no ordú contrárdha don Alt so no a bheidh i mbaint le n-a leithéid; agus má dhineann saighdiúir no a Oifigeach Ceannais gearán go bhfuiltar ag deighleáil leis an saighdiúir sin, contrárdha don Alt so, le haon phróiseas, feidhmiú no ordú a tugadh amach as aon Chúirt agus má dintar an gearán san leis an gCúirt sin no le haon Chúirt is aoirde ná í, déanfidh an Chúirt no breitheamh éigin den Chúirt scrúdú ar an ngearán agus, más gá é, an saighdiúir sin do scaoile saor, gan táille uaidh, agus féadfa sé costaisí réasúnta do mhola i gcóir an ghearánaí agus féadfar iad san do bhaint amach fé mar a molfí costaisí i bhfabhar do in aon aicsean no imeacht eile sa Chúirt sin. | |
[EN] | Ach:— | |
[EN] | Einne go mbeidh abhar aicsin no cúise aige i gcoinnibh saighdiúra de sna Fórsaí, féadfa sé, in ainneoin éinní san Alt so, tar éis fógra cuibhe i scríbhinn a bheith tabhartha don tsaighdiúir no fágtha san áit is déanaí ina raibh sé ar ceathrúin, dul ar aghaidh chun breithiúnais san aicsean no sa chúis sin, agus feidhmiú d'fháil ná beidh i gcoinnibh pearsan, páigh, amuinisin, gléasa, riachtanaisí reisiminte, no cuid éadaigh an tsaighdiúra san. | |
[EN] |
Oblagáid ar shaighdiúir chun a bhean agus a chlann do chothú. |
141. —(1) Beidh sé d'oblagáid ar shaighdiúir de sna Fórsaí cabhrú chun a bhean agus a chlann do chothú, agus fós chun aon leanbh tabhartha do chothú na gcruthófar gurb é a athair é, oiread is dá mba nár shaighdiúir é; ach ní raghaidh feidhmiú amach i gcoinnibh a phearsan, a pháigh ná a chuid arm, amuinisin, gléasa, instruimidí, riachtanaísí reisiminte, ná éadaigh, i dtaobh aon oblagáid den tsórt san ná i dtaobh aon ordú ná aithne i dtaobh an chothuithe sin; ná ní féadfar é do phionósú mar gheall ar a bhean no a mhuiríon no éinne acu do thréigean, ná mar gheall ar fhaillí do thabhairt ina gcothú, ná mar gheall ar ise no iad-san d'fhágaint ina muirear ar aon aontas, paróiste no áit. |
[EN] | (2) Nuair a déanfar ordú no aithne, fé aon acht no sa dlí choitiann, go ndéanfidh fear atá, no a bheidh ina dhiaidh sin, ina shaighdiúir de sna Fórsaí costas cothuithe a mhná no costas cothuithe a dhuine chlainne, dlistineach no tabhartha, d'íoc, no costas cothuithe aon leinbh thabhartha na bhfuil sé in ainm bheith ina athair aige d'íoc, no costas aon fhóirithine d'íoc a tugadh ar iasacht dá mhnaoi no dá dhuine clainne, dlistineach no tabhartha, cuirfar cóip den ordú no den aithne sin chun an Aire no chun aon oifigigh d'ainmnigh sé sin chuige sin, agus sa chás— | |
[EN] | (a) Go ndéanfar an t-ordú no an aithne sin do chur amach mar sin; no | |
[EN] | (b) Go gcuirfar ina luí ar an Aire, no ar aon oifigeach d'ainmnigh sé sin chuige sin, gur dhin saighdiúir de sna gnáth-fhórsaí, gan chúis réasúnta, a bhean no éinne dá chlainn dhlistinigh fé bhun sé mblian ndéag do thréigean no d'fhágaint i ndealbhas, | |
[EN] | ordóidh an tAire no an t-oifigeach go mbainfar as págh laethúil an tsaighdiúra, cuid den phágh laethúil sin ná raghaidh thar— | |
[EN] | Trí scillinge mar gheall ar bhean chéile, no mar gheall ar chlainn, dlistineach no tabhartha, i gcás saighdiúra atá ina oifigeach nea-choimisiúnta nách ísle céim ná sáirsint; | |
[EN] | Dhá scilling mar gheall ar bhean chéile, no mar gheall ar chlainn, dlistineach no tabhartha, i gcás aon tsaighdiúra eile; | |
[EN] | agus go gcuirfar i leithreas í in íoc na suime a horduíodh leis an ordú no leis an aithne sin a íoc, no mar chabhair chun costas cothuithe na mná no costas cothuithe na clainne, dlistineach no tabhartha, pe'ca den dá ní sin é, agus san ar pé cuma is oiriúnach leis an Aire no leis an oifigeach. | |
[EN] | (3) Má bunuítear imeacht i gcoinnibh saighdiúir de sna Fórsai, fé aon Acht no sa dlí choitiann, chun a chur fhiachaint air aon oblagáid den tsórt san a luaidhtear thuas san Alt so do chólíona, annsan— | |
[EN] | (a) Más rud é, ar dháta seirbheálta an phróisis, go mbeidh an saighdiúir ar ceathrú lasmuich de líomatáiste údaráis ná Cúirte no (i gcás an imeacht a bheith os cóir Cúirte Údaráis Achmair) lasmuich de dhúthaigh chúirte na Cúirte Dúithche in ar bunuíodh an imeacht, seirbheálfar an phróiseas ar a Oifigeach Ceannais, agus ní bheidh an tseirbheáil sin dleathach mara bhfágtar i lámhaibh an Oifigigh Cheannais in éineacht leis an bpróiseas, suim airgid (a hordófar mar chostaisí fé n-ar chuathas chun an t-ordú no an aithne d'fháil, má dintar aon ordú no aithne i gcoinnibh an tsaighdiúra) a bheidh sáthach mór chun a chur ar chumas an tsaighdiúra bheith i láthair le linn éisteacht an cháis agus fille chun a cheathrún, agus féadfidh an tOifigeach Ceannais an tsuim sin do chaitheamh chun na críche sin. | |
[EN] | (b) In aon chás eile féadfar an próiseas do sheirbheáil ar an Oifigeach Ceannais no ar an saighdiúir, ach más ar an saighdiúir a seirbheálfar an próiseas déanfidh an Chúirt a thabharfidh amach é cóip de do chur chun an Oifigigh Cheannais tríd an bpost cláraithe chó luath agus is féidir é tar éis seirbheáil an phróisis, agus i gcomhnaí cheithre lá ar a luíod roimh an lá a ceapadh chun an cás d'éisteacht. | |
[EN] | Má orduítear don tsaighdiúir, le hordú no le haithne a cuireadh chun an Aire no an oifigigh do réir fo-alt (2) den Alt so, aon tsuim a fágadh i lámhaibh an Oifigigh Cheannais fén bhfo-alt so d'íoc mar chostaisí fé n-ar chuathas chun an t-ordú no an aithne d'fháil, féadfidh an tAire a chur fé ndeár suim is ionann agus an tsuim a fágadh amhlaidh d'íoc in íoc na suime a horduíodh a íoc mar chostaisí, agus an tsuim a íocfidh an tAire amhlaidh beidh sí ina fiach puiblí ar an saighdiúir gur dineadh an t-ordú no an aithne ina choinnibh agus, gan dochar d'aon tslí eile chun í do bhaint de, féadfar í do bhaint de tré ghearra siar do dhéanamh ina phágh laethúil, maraon leis an ngearra siar a luaidhtear i bhfo-alt (2) den Alt so. | |
(4) Má fhásann aon riaráiste maidir le suimeanna gur horduíodh le haon ordú no aithne den tsórt san roimhráite iad d'íoc agus, an duine gur dineadh an t-ordú no an aithne ina choinnibh, gur le linn é do bheith ag fónamh mar shaighdiúir de sna Fórsaí a fhás an riaráiste sin, agus pe'ca dineadh no nár dineadh gearra siar ina phágh fén Alt so mar gheall ar an riaráiste, ansan, tar éis do scur de bheith ag fónamh amhlaidh, ní déanfar ordú coimiteála mar gheall ar an riaráiste sin marar deimhin leis an gCúirt gurb acfuinn do, no gurb acfuinn do o scuir sé de bheith ag fónamh amhlaidh, an riaráiste sin no aon chuid de d'íoc agus ná fuil sé íoctha aige. | ||
[EN] |
Ní bheidh oifigigh ina sirriamacha na ina méaraí. |
142. —Aon oifigeach de sna Fórsaí atá ar liost na seirbhíse cogúla do réir brí aon ordú a regealálann págh agus ordú céime sna Fórsaí, ní féadfar é d'ainmniú ná do thogha chun bheith ina shirriam ar aon chontae, buirg ná áit eile, ná chun bheith ina mhéara ná ina sheanóir ar, ná chun aon oifig do shealbhú in, aon bhárdas cathrachtúil in aon chathair, buirg ná ait i Saorstát Éireann, ná é d'ainmniú ná do thogha mar bhall de chomhairle chontae. |
[EN] |
Saoirse o choiste dháréag. |
143. —Beidh gach oifigeach agus saighdiúir sna Fórsaí saor o fhónamh ar aon choiste dháréag. |