An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL IV. Saoirsi d'Oifigigh agus do Shaighdiuiri.) Ar Aghaidh (CAIBIDEAL VI. Billeadacht agus Carraisti do Thogaint go hEigeanta. Billeadacht Oifigeach, Saighdiuiri agus Capall.)

30 1923

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923

CAIBIDEAL V.

LIOSTAIL.

An Treimhse Seirbhise.

Teora le tréimhse liostála bunaidh.

144. —Féadfar duine do liostáil chun fónamh mar shaighdiúir de sna Fórsaí ar feadh tréimhse 12 bhlian, no ar feadh pé tréimhse is giorra ná san a cheapfidh an tAire o am go ham, ach ní har feadh aon tréimhse is sia ná san, agus san Acht so gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse go liostálfidh duine ina cóir:

Ach i gcásanna speisialta féadfidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar, i gcás buachalla a liostáladh in aon chór áirithe sara raibh sé 18 mbliana, tréimhse an dá bhlian déag d'áireamh ón lá a bheidh sé ocht mbliana déag.

Téarmaí liostála bunaidh.

145. —Beidh liostáil bhunaidh duine fén Acht so mar leanas:—

(1) Ar feadh iomláine téarma a liostála bunaidh i seirbhís airm; no

(2) Ar feadh pé méid de théarma a liostála bunaidh a cheapfidh an tAire o am go ham agus a luadhfar sa pháipéar teistiochta i seirbhís airm, agus ar feadh iarsma an téarma san sa Chúl-thaca.

Féadfar na coiníollacha seirbhíse d'atharú.

146. —(1) Féadfidh an tAire o am go ham, le rialacháin, generálta no speisialta, na coiníollacha seirbhíse d'atharú, i dtreo gur cheaduithe do shaighdiúir de sna Fórsaí in aon tseirbhís, le toil an Aire—

(a) Dul isteach sa Chúl-thaca láithreach ar feadh iarsma nea-chaithte téarma a liostála bunaidh; no

(b) Fanúint i seirbhís an airm ar feadh iomlán iarsma nea-chaithte an téarma san no ar feadh coda dhe; no

(c) Téarma a liostála bunaidh do shíne go ceann tréimhse dhá bhlian déag no tréimhse is giorra ná san.

(2) Féadfidh an tAire o am go ham, le rialacháin, generálta no speisialta, na coiníollacha seirbhíse d'atharú i dtreo gur cheaduithe d'fhear sa Chúl-thaca, le toil an Aire, dul isteach arís i seirbhís an airm ar feadh iomlán iarsma nea-chaithte téarma a liostála bunaidh no ar feadh coda dhe, no ar feadh aon tréimhse aimsire, nách sia ná dhá bhliain déag ar fad, o dháta a liostála bunaidh.

Conus seirbhís d'áireamh.

147. —Nuair a beifear ag áireamh seirbhís saighdiúra de sna Fórsaí chun a scurtha no chun é d'aistriú chun an Chúl-thaca—

Aireofar an tseirbhís o dháta a theistithe.

Imeachta i gcoir Liostala.

An tslí liostála agus teistíochta.

148. —(1) Gach éinne dar húdaruíodh liostálaithe do liostáil sna Fórsaí (dá ngairmtear an “liostálaire” san Acht so) tabharfa sé do gach duine a thairgfidh é féin chun liostála fógra sa bhfuirm a bheidh údaruithe de thurus na huaire ag an Aire, agus na riachtanaisí generálta teistíochta ann agus coiníollacha generálta an chonnartha a dhéanfidh an liostálaí, agus ordú ann don duine sin teacht i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána láithreach no ar uair agus in áit a luadhfar ann.

(2) Ar theacht i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána do dhuine a thairgfidh é féin chun liostála, déanfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána san a fhiarfaí dhe ar seirbheáladh an fógra air agus a dtuigeann sé é agus an toil leis go liostálfí é, agus ní ragha sé ar aghaidh leis an liostáil más dó leis go bhfuil lorg an óil ar an liostálaí.

(3) Mara dtaga sé i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána no, ar theacht i láthair do, maran toil leis go liostálfí é, ní déanfar a thuile i dtaobh an ghnótha.

(4) Más toil leis go liostálfí é—

(a) Tar éis foláramh a thabhairt don duine sin go bhféadfar é phíonósú mar a foráltar leis an Acht so má thugann sé freagra bréagach ar na ceisteanna a léifear do, léighfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána dho no cuirfe sé á léigheamh do na ceisteanna a bheidh leagtha amach sa pháipéar teistíochta a bheidh údaruithe de thuras na huaire ag an Aire, agus tabharfa sé aire go dtuigfidh an duine sin gach ceist a léighfar do mar sin, agus tar éis do a fháil amach go bhfuil freagra an duine sin ar gach ceist breactha go cuibhe os coinne na ceiste sa pháipéar teistíochta, tabharfa sé air an fhaisnéis ar fhírinne na bhfreagraí a bheidh sa pháipéar san do dhéanamh agus do shíghniú agus ansan cuirfe sé é fén mionn géillsine a bheidh sa pháipéar san.

(b) Ar shighniú na faisnéise agus ar thabhairt an mhionna dho, tuigfar go bhfuil an duine sin liostálta mar shaighdiúir de sna Fórsaí.

(c) Déanfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána, le sighniú ar an gcuma a bheidh orduithe sa pháipéar san, a theistiú gur có-líonadh na riachtanaisí a bhaineann le liostálaí do theistiú, agus seachadfa sé don liostálaire an páipéar teistíochta agus é dátuithe go cuibhe.

(d) Scilling, gan a thuille, an táille a bheidh le n-íoc as teistiú liostálaí agus as gach gníomh agus ní a bhainfidh leis sin, agus is leis an gCléireach Cúirte Dúithche a híocfar í.

(e) An t-oifigeach is déanaí a ghlacfidh le liostálaí i gcóir seirbhíse tabharfa sé don liostálaí má iarann sé é cóip deimhnithe dá pháipéar teistíochta.

(5) An dáta ar a sighneoidh an liostálaí an fhaisnéis agus ar a dtabharfa sé an mionn a luaidhtear chuige sin san Alt so, tuigfar gurb é sin dáta teistiú an liostálaí sin.

(6) Más deimhin leis an údarás mileata údaruithe go bhfuil aon earráid i bpáipéar teistíochta liostálaí féadfa sé a chur fé ndeár go dtiocfidh an liostálaí i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána éigin, agus féadfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána san an earráid sin do cheartú sa pháipéar teistíochta más deimhin leis go bhfuil sí ann agus ná fuil sí chó mór san gur cheart an liostálaí do scur, agus leis sin tuigfar an páipéar ceartuithe do bheith chó dleathach agus dá mba chuid d'abhar bunaidh an pháipéir sin abhar an cheartuithe sin.

(7) Sa chás go n-ordófar leis na rialacháin a dhéanfidh an tAire fén gCuid seo den Acht so go sighneofar agus go dteisteofar páipéirí teistíochta dúbláideacha, bainfidh an tAlt so leis na dúbláidí sin, agus má dintar aon cheartú ar aon pháipéar teistíochta déanfar an ceartú ar an dá pháipéar theistíochta dhúbláideacha.

Comhacht do liostálaí chun a scur do cheannach.

149. —Má dhineann liostálaí, laistigh de thrí mhí tar éis dáta a theistithe, suim nách mó ná deich bpúint d'íoc chun usáid stát-chiste Shaorstáit Éireann, scuirfar é chó tapaidh agus is oiriúnach é mara n-eilighidh sé an scur san i rith tréimhse ina mbeidh sé orduithe, le furógra do réir an Achta so, go leanfidh i seirbhís an airm, saighdiúirí atá i seirbhís an airm agus a haistreofí chun an Chúl-thaca mara mbeadh an t-ordú san, agus sa chás san féadfar é do choinneáil sa tseirbhís ar feadh na tréimhse sin agus ar bheith caithte don tréimhse sin scuirfar é ar íoc na suime sin ansan má éilíonn sé a scur amhlaidh.

Fir do cheapa chun Coranna agus Aistrithe.

Fir do liostáil chun seirbhíse generálta agus a gceapa chun córanna.

150. —(1) Do réir aon Rialachán, generálta no speisialta, a dhéanfidh an tAire o am go ham, féadfar liostálaithe do liostáil chun seirbhíse i gcór áirithe de sna Fórsaí, ach is chun seirbhíse generálta a liostálfar liostálaithe ach amháin sa chás ina bhforálfar a mhalairt sna Rialacháin sin (más ann dóibh).

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis do liostálaí dul fé pé tréineáil mhileata orduithe a ordóidh an tAire déanfidh an t-údarás mileata orduithe, más chun seirbhíse i gcór áirithe a liostáladh an liostálaí é do cheapa chun an chóir sin agus, más chun seirbhíse generálta a liostáladh é, é do cheapa chu cóir éigin de sna Fórsaí.

Tar éis duine do cheapa chun cóir agus forálacha i dtaobh aistrithe.

151. —Ar bheith ceaptha chun cóir do shaighdiúir de sna Fórsaí, pe'ca chun seirbhíse generálta a liostáladh é no nách ea, fónfa sé sa chór san ar feadh tréimhse a sheirbhíse airm, pe'ca ar feadh téarma a liostála bunaidh é no ar feadh tréimhse pé ath-fhostú a luaidhtear san Acht so, mara n-aistrítear é fé sna forálacha so a leanas:—

(1) Laistigh de thrí mhí tar éis dáta a theistithe no aon uair le linn bheith i bhfeidhm d'fhurógra le n-ar horduíodh an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buantseirbhís, féadfar le hordú ón údarás mileata orduithe, saighdiúir de sna Fórsaí a liostáladh chun seirbhíse generálta d'aistriú chun aon chóir de sna Fórsaí den ghéig no den bhrainse chéanna sheirbhíse;

(2) Le hordú ón údarás mileata orduithe, féadfar saighdiúir de sna Fórsaí d'aistriú aon uair chun aon chóir de sna Fórsaí le n-a thoil féin;

(3) Má dintar, de réir aon fhorála dhíobh san roimhe seo, saighdiúir de sna Fórsaí d'aistriú chun cóir i ngéig no i mbrainse eile seachas í siúd ina raibh sé ag fónamh roimhe sin, féadfidh an t-údarás mileata orduithe, le hordú, coiníollacha a sheirbhíse d'atharú i dtreo go mbeid ar có-réir leis na coiníollacha generálta seirbhíse sa ghéig no sa bhrainse chun a n-aistreofar é;

(4) Má aistrítear saighdiúir de sna Fórsaí chun fónamh ar an bhfuirinn no in aon chór nach cór coisithe, marcraidhe, ordonáis, ná innealtóireachta, féadfar, le hordú ón údarás mileata orduithe, i rith téarma a liostála bunaidh no i rith tréimhse a athfhostuithe, é do scur as an seirbhís sin agus é d'aistriú chun aon chóir de sna Fórsaí ina raibh sé ag fónamh roimh an aistriú san a céad-luaidhtear, sa chéim a bheidh aige le linn a scurtha no in aon chéim is ísle ná san;

(5) I gcás saighdiúir sna Fórsaí—

(a) Do bheith ciontach i dtréigin no i liostáil chalaoisigh agus é do chiontú sa chéanna ag Arm-Chúirt no, ar admháil an chionta dho, gurbh fhéidir é thriail ach gur dineadh d'eamais a thrialach le hordú ón údarás mileata orduithe; no

(b) Do dhaora mar gheall ar aon chionta ag Arm-Chúirt chun pionóis nách lú ná tearma trí mhí coinneála,

mar mhaitheamh, i bpáirt no go hiomlán, i bpionós eile, féadfar an saighdiúir sin do chur i seirbhís ghenerálta agus féadfar, o am go ham, é d'aistriú chun pé cóir de sna Fórsaí a ordóidh an t-údarás mileata orduithe o am go ham;

(6) Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí a tabharfar isteach i gcimeád mileata no a coimiteálfar ag Cúirt Údaráis Achmair mar thréigtheoir, féadfar, le hórdú ón údarás mileata orduithe, é d'aistriú chun aon chóir de sna Fórsaí in aice na háite in ar tugadh isteach i gcimeád mileata no in ar coimiteáladh é no chun aon chóir eile gur dó leis an údarás mileata orduithe gur mhaith an rud é d'aistriú chuige agus san gan dochar d'é thriail agus d'é phionósú ina dhiaidh sin.

Ath-fhostu agus Seirbhis do chur i bhFaid.

Ath-fhostú saighdiúra.

152. —(1) Fé réir aon rialachán, generálta no speisialta, a dhéanfidh an tAire o am go ham, féadfar saighdiúir de sna Fórsaí, más i seirbhís an airm do, agus tar éis naoi mbliana o dháta a théarma bhunaidh liostála, agus ar a mhola san dá Oifigeach Ceannais agus le cead an údaráis mhileata orduithe, féadfar é d'ath-fhostú ar feadh pé tréimhse seirbhíse airm sa bhreis a dhéanfidh suas tréimhse iomlán leanúnach de bhliain is fiche de sheirbhís airm, ag comhreamh o dháta a theistithe agus ag áireamh aon tréimhse roimhe sin a bhí sé ag fónamh sa Chúl-thaca.

(2) Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí a hath-fhostófar amhlaidh déanfa sé faisnéis do réir na rialachán san i láthair a Oifigigh Cheannais.

Chun leanúint i seirbhís tar éis seirbhís 21 bliain.

153. —Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí na mbeidh críochnuithe aige no a chríochnóidh laistigh de bhliain tréimhse iomlán bliain is fiche seirbhíse, ag áireamh aon tréimhse a bhí sé ag fónamh sa Chúl-thaca, féadfa sé fógra do thabhairt dá Oifigeach Ceannais gur mian leis leanúint sa tseirbhís sna Fórsaí; agus má cheaduíonn an t-údarás mileata orduithe é, féadfar é chimeád ar gach slí mar shaighdiúir de sna Fórsaí fé mar a bheadh a théarma seirbhíse gan bheith caithte fós, ach amháin go bhféadfa sé a éileamh go scuirfar é fé cheann aon tréimhse de thrí mhí tar éis do fógra do thabhairt dá Oifigeach Ceannais gur mian leis go scuirfí é.

Ath-fhostú oifigeach nea-choimisiúnta agus a leanúint í seirbhís.

154. —Leis na rialacháin a déanfar o am go ham do réir na Coda so den Acht so, féadfar forálacha dhéanamh, má chítar gur rud oiriúnach é, go mbeidh ag oifigeach nea-choimisiúnta de sna Fórsaí, a leanfidh i seirbhís airm ar feadh iarsma neachaithte a théarma bhunaidh liostála, ceart chun ath-fhostú, más maith leis é, fé Alt 153 den Acht so, agus chun a sheirbhís do chur i bhfaid fé Alt 153 den Acht so, no chun aon taobh acu do dhéanamh ach, mar sin féin, beidh san fé veto an Aire no an údaráis eile a luadhfar sna rialacháin agus fé pé coiníollacha eile a háireofar sna rialacháin.

Féadfar seirbhís do chur i bhfaid i gcásanna áirithe.

155. —(1) Más le linn staid cogaidh a bheith ann a thiocfidh an t-am ina mbeadh teideal in aon chás eile ag saighdiúir de sna Fórsaí chun a scurtha, no le linn é bheith á ordú do shaighdiúirí sa Chúl-thaca, le furógra do réir an Achta so, leanúint no dul arís i seirbhís an airm féadfar an saighdiúir do choinneáil agus féadfar a sheirbhís do chur i bhfaid ar feadh pé tréimhse nách sia ná dhá mhí dhéag a ordóidh an t-údarás mileata orduithe, ach ar bheith caithte don tréimhse sin, no aon uair roimhe sin is dó leis an údarás mileata orduithe is féidir déanamh in éamais a sheirbhíse, scuirfar an saighdiúir, mar a foráltar leis an Acht so, chó tapaidh agus is oiriúnach é.

(2) Más le linn staid cogaidh a bheith ann a thiocfidh an t-am ina mbeadh teideal in aon chás eile ag saighdiúir de sna Fórsaí chun a aistrithe chun an Chúl-thaca, féadfar an saighdiúir do chimeád i seirbhís an airm ar feadh pé tréimhse eile nách sia ná dhá mhí dhéag a ordóidh an t-údarás mileata orduithe, ach ar bheith caithte don tréimhse sin no aon uair roimhe sin is dó leis an údarás mileata orduithe is féidir déanamh in éamais a sheirbhíse, aistreofar an saighdiúir chun an Chúl-thaca chó tapaidh agus is oiriúnach é, mara mbeidh i bhfeidhm an uair sin furógra le n-a nglaofar amach an Cúl-thaca no aon chuid de.

(3) Más mian le saighdiúir is gá a scur fén Alt so fanúint sa tseirbhís agus staid cogaidh ann agus má cheaduíonn an t-údarás mileata orduithe é, féadfa sé a aontú go leanfa sé ar gach slí mar shaighdiúir de sna Fórsaí fé mar a bheadh a théarma seirbhíse gan bheith caithte fós, ach amháin go bhféadfa sé a éileamh go scuirfar é i ndeire na staide cogaidh sin no, má foráltar amhlaidh san aontú san, ar bheith caithte d'aon tréimhse de thrí mhí tar éis do fógra do thabhairt dá Oifigeach Ceannais gur mian leis go scuirfí é.

(4) Aon tsaighdiúir a aontóidh ar an gcuma san chun leanúint sa tseirbhís déanfa sé i láthair a Oifigigh Cheannais faisnéis do réir aon rialachán, generálta no speisialta, a dhéanfidh an tAire o am go ham.

Más baol don náisiún, féadfidh an Ard-Chomhairle saighdiúirí do chimeád i seirbhís an airm no an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís.

156. —(1) I gcás dainséar a bheith ag bagairt ar an náisiún no i gcás práinne móire, beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle a ordú, le Furóga, go gcimeádfar i seirbhís an airm gach saighdiúir no aon tsaighdiúir a bheadh i dteideal a aistrithe chun an Chúl-thaca in aon chás eile do réir téarmaí a liostála, ach an ocáid a chur in úil ar dtúis don Oireachtas má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin no, mara mbeidh an tOireachtas ina suidhe an uair sin, an ócáid d'fhaisnéis leis an bhfurógra.

(2) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle, leis an bhfurógra san, a ordú don Aire orduithe do thabhairt o am go ham, agus tar éis a dtabhartha, iad d'ath-ghairm no d'atharú, fé mar a dheabhróidh a bheith riachtanach no ceart chun a chur fé ndeár go leanfidh i seirbhís an airm gach saighdiúir no aon tsaighdiúir dá luadhfar sa bhfurógra.

(3) Gach saighdiúir dá mbeidh sé orduithe de thurus na huaire, leis na horduithe sin, no dá réir, leanúint i seirbhís an airm, leanfa sé i seirbhís an airm go ceann na tréimhse a féadfí a ordú dho a thabhairt sa tseirbhís sin dá ndintí é d'aistriú chun an Chúl-thaca agus é do ghlaoch amach chun buantseirbhíse le furógra ón Ard-Chomhairle fén Acht so i dtaobh an Chúl-thaca.

(4) Féadfar aon fhear a chuaidh isteach sa Chúl-thaca do réir téarmaí a liostála do ghlaoch amach chun buan-tseirbhíse le furógra ón Ard-Chomhairle fé sna forálacha den Acht so a bhaineann leis na Cúl-thacaí do ghlaoch amach ar buan tseirbhís.

Scur agus Aistriu chun an Chul-thaca.

Scur no aistriú chun an Chúl-thaca.

157. —(1) Ach amháin sa chás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, scuirfar gach saighdiúir de sna Fórsaí chó tapaidh agus is féidir é ar bheith caithte do théarma a liostála bunaidh no do thréimhse a ath-fhostuithe, ach go dtí go scuirfar amhlaidh é beidh sé fé réir an Achta so mar shaighdiúir de sna Fórsaí.

(2) Aistreofar gach saighdiúir de sna Fórsaí chun an Chúlthaca ar bheith caithte do thréimhse a sheirbhíse airm, más giorra í ná téarma a liostála bunaidh, ach go dtí go n-aistreofar amhlaidh é beidh sé fé réir an Achta so mar shaighdiúir de sna Fórsaí.

(3) Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí a scuirfar ar bheith caithte do théarma a liostála bunaidh no a ath-fhostuithe mar a luaidhtear i bhfó-alt (1) den Alt so, no a haistreofar chun an Chúl-thaca beidh sé i dteideal é do thabhairt, saor ó chostas, ón áit i Saorstát Éireann ina scuirfar no ina n-aistreofar é go dtí an áit in ar teistíodh é do réir a pháipéir theistíochta, no go dtí aon áit ina socróidh sé cur fé ar uair a scurtha no a aistrithe agus in ar féidir é thabhairt gan costas breise.

Ar bheith scurtha dho, gealt saighdiúra do sheachada, maraon le n-a mhnaoi no le n-a dhuine cloinne, i dtigh oibre, no gealt dainséarach do sheachada i ngealtlainn.

158. —(1) Más ceart é, dar leis, féadfidh an tAire, no aon oifigeach a ainmneoidh sé chuige sin, mar gheall ar ghealtacht saighdiúra, a chur fé ndeár go ndéanfar an saighdiúir sin de sna Fórsaí, nuair a scuirfar é, agus a bhean agus a dhuine cloinne, no éinne acu, do chur chun na Paróiste no an Aontais ar ar ionmhuirir é fé sna Reachta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus do réir na ráitisí adubhradh ina pháipéar teistíochta agus do réir aon eolais eile a bheidh le fáil; agus más rud é, tar éis fógra réasúnta, go seachadfar an saighdiúir, an bhean chéile no an duine cloinne sin sa Tigh Oibre ina nglactar daoine 'na bhfuil curtha fútha acu sa Pharóiste no san Aontas san, déanfidh Máistir no oifigeach ceart eile an Tighe Oibre sin, no an Cigire sin na mbocht, pe'ca dhíobh é, é do ghlaca.

(2) Ach má chítar don Aire, no d'aon oifigeach a ainmneoidh sé chuige sin, gur gealt dainséarach an saighdiúir sin agus go bhfuil a shláinte chó maith san nách baol go ndéanfa sé díobháil aigne ná cuirp do é d'aistriú, féadfa sé, le horduithe a cuirfar in íúl fé n-a láimh, an gealt san do chur díreach go Gealtlainn, óspidéal cláruithe, tigh ceadúnuithe, no áit eile in ar féidir do réir dlí geilteanna dealbha do choinneáil, agus, chun críche an orduithe sin, tuigfar gurb í an Pharóiste no an tAontas san thuas an Pharóiste no Aontas o n-ar cuireadh an gealt san.

(3) I gcás aon gheilt den tsórt san a féadfar a sheachada i dTigh Oibre ina nglactar daoine go bhfuil curtha fútha acu san Aontas san, le hordú fé n-a láimh, féadfidh an tAire, no aon oifigeach a ainmneoidh sé chuige sin, an gealt san do chur go Gealtlann an cheanntair ina luíonn an tAontas san, agus beidh ag an ordú san an éifeacht-chéanna a bheadh ag barántas fé lámhaibh agus fé shéalaí dhá Ghiúistís, a tabharfí fé fhorálacha an deichiú Ailt den Reacht a rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí, 30 agus 31 Vic., c. 118, agus dar teideal “Acht chun forálacha do dhéanamh chun Oifigigh agus Seirbhísigh Gealtlanna Ceanntair in Éirinn do cheapa, agus chun atharú agus leasú a dhéanamh ar an dlí a bhaineas le geilteanna dainséaracha agus daoine dainséaracha gan mheabhair in Éirinn do choinneáil.”

Rialacháin i dtaobh scur saighdiúirí.

159. —(1) Ní déanfar saighdiúir de sna Fórsaí do scur o sna Fórsaí ach le daora Arm-Chúirte no le hordú ón údarás mileata orduithe, agus go dtí go scuirfar go cuibhe é ar an gcuma a foráltar leis an Acht so agus a forálfar le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so, beidh sé fé réir an Achta so.

(2) Gach saighdiúir de sna Fórsaí a scuirfar, pé cúis fé ndeár é do scur, tabharfar do teisteas scuir ina mbeidh pé mioninnste a hordófar o am go ham le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

Udaras chun Liostalaithe do Liostail agus do Theistiu.

Rialacháin i dtaobh na ndaoine a liostálfidh saighdiúirí agus i dtaobh liostáil saighdiúirí.

160. —(1) O am go ham féadfidh an tAire ordú generálta no speisiálta do dhéanamh agus, tar éis a dhéanta, é d'athghairm agus é d'atharú, ordú le n-a ndéanfa sé pé rialacháin, le n-a dtabharfa sé pé treoracha agus le n-a dtabharfa sé amach pé fuirmeacha is dó leis is gá no is oiriúnach i dtaobh na ndaoine dá n-údarófar liostálaithe do liostáil i gcóir na bhFórsaí, agus chun críche na liostála san agus go generálta chun an Chuid seo den Acht so do chur in éifeacht; agus beidh ag aon ordú den tsórt san an éifeacht chéanna a bheadh aige dá n-achtuítí san Acht so é.

(2) Chun saighdiúirí do theistiú do réir na Coda so den Acht so, beidh údarás Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána ag oifigeach, má tugtar údarás do chuige sin fé sna rialacháin a dhéanfidh an tAire, agus tuigfar é do bheith áirithe sa bhfocal “Giúistís Dúithche” no “Coimisinéir Síochána” in aon áit ina n-usáidtear é sa Chuid seo den Acht so i dtaobh saighdiúirí do theistiú.

Foralacha Speisialta i dtaobh Printiseach.

Eilithe máistrí chun príntíseach.

161. —Féadfidh an máistir atá ar phríntíseach a teistíodh mar shaighdiúir de sna Fórsaí an príntíseach d'éileamh mar leanas, agus ní har a mhalairt de shlí, faid a bheidh an príntíseach fé bhun bliain is fiche d'aois:—

(1) Laistigh de mhí tar éis don phríntíseach a sheirbhís d'fhágaint caithfidh an máistir, i láthair Giúistís Dúithche, mionn air sin do thabhairt fé mar atá sa Cheathrú Sceideal don Acht so, agus deimhniú ar an mionn san a bheith tabhartha aige d'fháil ón nGiúistís Dúithche, deimhniú a thabharfidh an Giúistís Dúithche sa bhfuirm atá sa Sceideal san, no sa chéill chéanna;

(2) Más deimhin léi, ar ghearán ón máistir, go bhfuil teideal aige chun an príntíseach do thabhairt suas do, féadfidh Cúirt Údaráis Achmair, na bhfuil an príntíseach laistigh dá líomatáiste údaráis, a ordú don oifigeach na bhfuil an príntíseach fé n-a láimh é do sheachada don mháistir, ach más deimhin léi go ndubhairt an príntíseach, agus é á theistiú, nár príntíseach é, féadfa sí agus, má éilíonn an tOifigeach Ceannais sin amhlaidh no má éilítear thar a cheann é, déanfa sí an príntíseach do thriail sa ráiteas bréagach san do dhéanamh agus, más gá é, féadfa sí an cás do chur ar athló chun na críche sin;

(3) Ní tógfar príntíseach amach as an seirbhís ach do réir ordú a dhéanfidh Cúirt Údaráis Achmair;

(4) Ní éileofar príntíseach do réir an Ailt so mar ar cuireadh ceangal cheithre mblian ar a luíod air le dintiúir regealálta agus go raibh sé fé bhun sé mblian ndéag nuair a cuireadh air é;

(5) Aon mháistir a thabharfidh suas dintiúir a phríntísigh laistigh de mhí tar éis teistiú an phríntísigh sin as aon toirbheartas a bhí iníoctha leis an bpríntíseach san ar liostáil do, beidh teideal aige, chun úsáide dho féin, oiread d'fháil agus nár híocadh sar ar tugadh fógra gur phríntíseach an príntíseach san.

Ciontai a bhaineann le Liostail.

Pionós mar gheall ar liostáil nea-dhleathach.

162. —Má dhineann duine gan údarás cuibhe, údarás a bheidh ar an duine sin a chruthú a bheith aige—

(1) Fógraí no fógráin d'fhoillsiú no do chur á bhfoillsiú chun liostálaithe d'fháil i gcóir na bhFórsaí no i dtaobh liostálaithe i gcóir na bhFórsaí; no

(2) Aon tigh, áit no rendezvous, no oifig, d'oscailt no do chimeád mar áit a bhaineann le liostáil i gcóir na bhFórsaí; no

(3) Einne do ghlaca fé aon fhógrán den tsórt roimhráite; no

(4) Cur isteach, díreach no nea-dhíreach, le seirbhís liostála na bhFórsaí,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Féadfar liostálaithe do phionósú mar gheall ar fhreagraí bréagacha.

163. —(1) Má thugann duine freagra bréagach, agus a fhios aige gur freagra bréagach é, ar aon cheist atá sa pháipéar teistíochta agus a cuireadh chuige ón nGiúistís Dúithche no ón gCoimisinéir Síochána na dtáinig sé ina láthair chun go dteisteofí é, no a cuireadh chuige le hordú uaidh sin, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

(2) Má teistítear mar shaighdiúir de sna Fórsaí duine atá ciontach i gcionta fén Alt so, féadfar, le hordú ón údarás mileata orduithe, dlí do chur air i láthair cúirt údaráis achmair no é chur á thriail ag Arm-Chúirt mar gheall ar an gcionta.

Nithe Ilghneitheacha i dtaobh Liostala.

Dleathacht teistíochta agus liostála no athfhostuithe.

164. —(1) Tar éis a theistithe ar liostáil do no tar éis a fhaisnéis do dhéanamh ar bheith á ath-fhostú dho, má fhaghann duine págh mar shaighdiúir de sna Fórsaí ar feadh trí mhí, tuigfar gur teistíodh agus gur liostáladh é go cuibhe no gur hath-fhostuíodh é go cuibhe, pe'ca dhíobh é, agus ní bheidh teideal aige chun a scurtha mar gheall ar aon earráid no neadhleathacht ina liostáil, ina theistiú no ina ath-fhostú ar aon chúis in aon chor, ach mar a húdaruítear leis an Acht so, agus má dhineann an duine sin, laistigh den trí mhí sin, a scur d'éileamh, ní dhéanfidh aon earráid ná nea-dhleathacht den tsórt san ná aon chúis eile aon difir do staid an duine sin mar shaighdiúir sa tseirbhís go dtí go scuirfar é do réir a éilimh ná ní dhéanfa sí nea-dhleathach aon imeachta, gníomh ná ní a bunuíodh no a dineadh roimh an scur san.

(2) Má bhíonn duine fé phágh mar shaighdiúir in aon chór de sna Fórsaí, tuigfar, chun crícheanna uile an Achta so, gur saighdiúir de sna Fórsaí an duine sin ach go bhféadfa sé a scur d'éileamh aon uair, ach go dtí go n-éileoidh sé a scur amhlaidh agus go scuirfar é do réir an éilimh sin, beidh sé fé réir an Achta so mar shaighdiúir de sna Fórsaí a liostáladh go dleathach agus a teistíodh go cuibhe fén Acht so.

(3) Má éilíonn duine a scur ar an scór nár teistíodh no nár hath-fhostuíodh é no nár dineadh go cuibhe é theistiú no é d'ath-fhostú déanfidh a Oifigeach Ceannais láithreach an t-éileamh san do chur go dtí an t-údarás mileata orduithe agus leagfa sé sin fé bhráid an Aire é chó luath agus is féidir é, agus má chítar don Aire go bhfuil bunús maith leis an éileamh scuirfar an t-éilitheoir chó luath agus is féidir é.

Míniú chun crícheanna Cuid II., Caibideal V., ar an údarás mileata orduithe.

165. —Aon ghníomh a húdaruitear no a héilítear leis an gCuid seo den Acht so a dhéanamh ag an údarás mileata orduithe no chuige no ina láthair féadfaidh an tAire, no aon oifigeach a bheidh orduithe chuige sin, é dhéanamh no féadfar é dhéanamh chuige no ina láthair.