|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL V. LIOSTAIL.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL VII. Pionoisi Dlithiula i Nithe a bhaineann leis na Forsai.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL VI. Billeadacht agus Carraisti do Thogaint go hEigeanta. Billeadacht Oifigeach, Saighdiuiri agus Capall. | |
[EN] |
Ní déanfar billéadacht ach amháin mar a húdaruítear leis an Acht so. |
166. —(1) Ní déanfar aon oifigeach, saighdiúir ná capall do chur ar billéad ar éinne d'áititheoirí Shaorstáit Éireann gan a chead ach amháin mar a húdaruítear leis an Acht so. |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo gach reacht agus gach dlí a údaruíonn, a choisceann no a regealálann billéadacht oifigeach, saighdiúirí no capall agus atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so. | |
[EN] |
Oblagáid ar chonstábla billéidí do sholáthar. |
167. —(1) Gach constábla a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil aon áite a luaidhtear sa líne bealaigh a tugadh amach d'Oifigeach Ceannais aon choda de sna Fórsaí, ar a iarraidh sin air don Oifigeach Ceannais sin, no d'oifigeach no do shaighdiúir na bhfuil údarás aige uaidh, agus ar thaisbeáint an líne bhealaigh sin, déanfa sé pé méid oifigeach, saighdiúirí agus capall, a bheidh i dteideal billéadachta fén Acht so agus adéarfar sa líne bealaigh a bheith i ngátar ceathrún, do chur ar billéad ar shealbhóirí tithe lóin agus áitreabha eile a luaidhtear san Acht so mar thithe lóin san áit sin. |
[EN] | (2) Chun críche na Coda so den Acht so, is fé údarás an Aire a tabharfar amach líne bealaigh agus déarfar ann cad iad na fórsaí a gluaisfar do réir an líne bhealaigh, agus sighneofar an ráiteas san ag an Aire no ag pé oifigeach a ordóidh an tAire o am go ham chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Aon líne bealaigh a dheabhróidh a bheith tugtha amach agus sighnithe mar is gá do réir an Ailt seo, is fianaise é, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil sé tugtha amach agus sighnithe go cuibhe do réir an Achta so, agus má sheachadann Oifigeach Ceannais oifigigh no saighdiúra don oifigeach no don tsaighdiúir sin é, is leor é mar údarás don oifigeach no don tsaighdiúir sin chun billéidí d'éileamh, agus nuair a thaisbeánfidh oifigeach no saighdiúir do chonstábla é beidh sé ina fhianaise dhochlaoite don chonstábla san go bhfuil ag an oifigeach no ag an saighdiúir a thaisbeáin an céanna údarás chun billéidí d'éileamh do réir an líne bhealaigh sin. | |
[EN] |
Oblagáid chun billéidí do sholáthar. |
168. —(1) Féadfar oifigigh, saighdiúirí, agus capaill do chur ar billéad in aon tigh lóin mar a mínítear leis an Alt so é, ach ní déanfar iad do chur ar billéad in aon tigh eile gan cead o chimeádaí an tighe sin. |
[EN] | (2) San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “tigh lóin”— | |
[EN] | (a) Gach tigh tábhairne agus gach tigh ósta, ceadúnuithe no nea-cheadúnuithe; | |
[EN] | (b) Gach eachlann; | |
[EN] | (c) Gach áitreabh atá ceadúnuithe chun fíon agus biotáille d'ól fé n-a ia. | |
[EN] |
Na hoifigigh, na saighdiúirí agus na capaill a bheidh i dteideal billéadachta. |
169. —Siad oifigigh, saighdiúirí agus capaill a bheidh i dteideal billéadachta fén Acht so ná:— |
[EN] | (a) Gach oifigeach agus gach saighdiúir de sna Fórsaí. | |
[EN] | (b) Gach capall leis na Fórsaí. | |
[EN] | (c) Gach capall le hoifigeach de sna Fórsaí na mbeidh beatha lomhálta dho de thuras na huaire le rialacháin a dhéanfidh an tAire. | |
[EN] |
Cóiríocht agus íoc ar bhilléad. |
170. —(1) Déanfidh cimeádaí tighe lóin ar ar cuireadh oifigeach, saighdiúir no capall ar billéad an t-oifigeach, an saighdiúir no an capall san do ghlaca ina thigh lóin agus an chóiríocht so a leanas do sholáthar ann:—sé sin le rá, lóistín agus freastal agus bia don oifigeach no don tsaighdiúir, agus slí stábla agus beatha don chapall, do réir forálacha an Chúigiú Sceidil don Acht so. |
[EN] | (2) Más mian le cimeádaí tighe lóin, ar ar cuireadh oifigeach, saighdiúir no capall ar billéad, go dtógfí dhe an oblagáid chun an t-oifigeach, an saighdiúir no an capall san do ghlaca ina thigh lóin, mar gheall ar easba cóiríochta no mar gheall ar a thigh lóin a bheith lán no mar gheall ar éinní eile, agus má sholáthruíonn sé don oifigeach, don tsaighdiúir no don chapall san, sa ghar-chomhursanacht, pé leor-chóiríocht mhaith is gá dho a sholáthar do réir an Achta so agus a mholfidh an constábla a bheidh ag tabhairt amach na mbilléad, tógfar de an oblágáid a bhí air an céanna do sholáthar ina thigh lóin. | |
[EN] | (3) (a) Íocfar le cimeádaí tighe lóin, ar an gcóiríocht a sholáthróidh sé do réir an Achta so, na praghsanna a bheidh ceaptha de thuras na huaire le rialacháin a dhéanfidh an tAire le cead an Aire Airgid. | |
[EN] | (b) Aon rialacháin a déanfar amhlaidh i dtaobh praghsanna leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann aon cheann den dá Thigh, laistigh de dhachad lá tar éis iad a bheith leagtha amhlaidh, rún do rith á iarraidh ar an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, féadfidh an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar neambrí agus na rialacháin a nea-mbrífar amhlaidh beid gan brí feasta gan dochar d'éinní a dineadh fútha roimhe sin. | |
[EN] | (4) Sara n-imeoidh sé íocfidh oifigeach no saighdiúir a iarrfidh billéidí do réir an Achta so, íocfa sé éilithe córa gach cimeádaí tighe lóin ar ar dineadh é féin agus aon oifigigh agus saighdiúirí fé n-a cheannas agus a chapall féin agus a gcapaill sin (más ann dóibh) do chur ar billéad agus, má fhanann sé níos sia ná cheithre lá, déanfa sé amhlaidh uair sna ceithre lá ar a luíod. | |
[EN] | (5) Más rud é, mar gheall ar ordú obann chun gluaiseacht no mar gheall ar éinní eile, ná féadfidh oifigeach no saighdiúir íocaíocht, mar a horduítear thuas, d'íoc le cimeádaí tighe lóin, déanfa sé suas leis an gcimeádaí tighe lóin sin cuntas ar an méid a bheidh ag dul do agus sighneoidh sé an céanna sara n-imeoidh sé, agus cuirfe sé an cuntas chun an Aire láithreach agus é sighnithe amhlaidh agus déanfa sé sin láithreach an méid a hainmneofar sa chuntas san mar airgead dlite do chur á íoc. | |
[EN] |
Liost bliantúil de chimeáduithe tithe lóin ar a bhféadfar billéadacht do dhéanamh. |
171. —(1) Féadfidh údarás póilíneachta aon áite a chur fé ndeár gach bliain liost a dhéanamh de sna cimeáduithe tithe lóin go léir, do réir brí an fhocail san Acht so, atá san áit sin no in aon pháirt áirithe dhe agus ar ar féidir billéadacht do dhéanamh fén Acht so agus luadhfar ann suidheamh agus saghas an tighe lóin sin agus an méid saighdiúirí agus capaill is féidir a chur ar billéad ar chimeádaí an tighe sin. |
[EN] | (2) Cuirfidh an t-údarás póilíneachta fé ndeár an liost san do chimeád in áit éigin chaothúil agus é ar nochta ar gach tráth réasúnta do scrúdú gach éinne le n-a mbaineann sé, agus éinne go ngoillfe sé air é do bheith iontrálta ar an liost san, no é do bheith iontrálta chun cion ró-mhór d'oifigigh, de shaighdiúirí no de chapaill do ghlaca, féadfa sé gearán do dhéanamh le Cúirt Údaráis Achmair agus, tar éis pé fógra a thabhairt is dó leis an gCúirt is gá a thabhairt do dhaoine le n-a mbaineann an scéal, féadfidh an Chúirt a ordú go leasófar an liost ar pé cuma is dó leis an gCúirt is cóir. | |
[EN] |
Rialacháin i dtaobh billéidí do dheona. |
172. —(1) Leanfar na rialacháin seo a leanas i dtaobh billéadachta do réir an Achta so; sé sin le rá:— |
[EN] | (1) Ní ordófar aon uair níos mó billéidí ná mar a bheidh d'oifigigh, de shaighdiúirí agus de chapaill infheadhma i láthair chun a gcur ar billéad. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh na billéidí déanta amach ag an gconstábla, déanfar iad do thabhairt isteach ina lámhaibh don Oifigeach Ceannais no don oifigeach nea-choimisiúnta d'iarr iad no d'oifigeach éigin go bhfuil údarás aige ón Oifigeach Ceannais sin. | |
[EN] | (3) Má ghoilleann sé ar chimeádaí tighe lóin cion ró-mhór d'oifigigh, de shaighdiúirí no de chapaill do bheith ar billéad air féadfa sé iarratas do dhéanamh ar Choimisinéir Síochána no, más Coimisinéir Síochána a dhin amach na billéidí, féadfa sé gearán a dhéanamh le Cúirt Údaráis Achmair, agus féadfidh an Coimisinéir Síochána no an Chúirt a ordú go n-aistreofar na hoifigigh no na saighdiúirí no na capaill sin agus go gcuirfar ar billéad in áit éigin eile iad, fé mar a dheabhróidh a bheith cóir. | |
[EN] | (4) Constábla go bhfuil údarás aige in áit a luaidhtear sa líne bealaigh féadfa sé gníomhú chun crícheanna billéadachta in aon cheanntar laistigh de mhíle ón áit sin, mara mbeidh i láthair constábla gur gnáth údarás aige sa cheanntar san agus go dtógfa sé air féin an cion cuibhe d'oifigigh, de shaighdiúirí agus de chapaill do chur ar billéad ann. | |
[EN] | (5) Leanfidh an constábla go cuibhe na rialacháin atá sa Chúigiú Sceideal don Acht so i dtaobh billéidí. | |
[EN] | (6) Ar iarratas oifigigh no oifigigh nea-choimisiúnta na bhfuil údarás aige billéidí d'éileamh, féadfidh Coimisinéir Síochána líne bealaigh d'atharú tré áit do chur leis no aon áit do thógaint as, agus féadfa sé, leis, a ordú go dtabharfar billéidí os cionn míle o áit a luaidhtear sa líne bealaigh. | |
[EN] | (7) Féadfidh Coimisinéir Síochána a chur fhiachaint ar chonstábla cúntas i scríbhinn do thabhairt ar an méid oifigeach, saighdiúirí agus capall a chuir an constábla san ar billéad, maraon le hainmneacha na gcimeáduithe tithe lóin ar ar cuireadh na hoifigigh, na saighdiúirí agus na capaill sin ar billéad, agus an áit ina bhfuil na tithe lóin sin. | |
[EN] |
Billéadacht i gcásanna práinne. |
173. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair no uaireanna a fhaisnéis, le hórdú, go bhfuil staid práinne i Saorstát Éireann no in aon pháirt no páirteanna dhe (a hainmneofar san ordú san), agus leis an ordú céanna féadfa sí údarás do bhronna, chun éileamh billéadachta do thabhairt amach fén Alt so, ar aon oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort, agus a hainmneofar san ordú san, agus atá i gceannas aon choda de sna Fórsaí in aon pháirt de Shaorstát Éireann na bhfaisneofar leis an ordú san staid práinne bheith ann. |
[EN] | (2) Aon oifigeach go dtabharfar údarás mar sin do féadfa sé éileamh billéadachta do thabhairt amach fé n-a láimh, éileamh ina luadhfar an t-ordú san agus ina n-éileofar ar an bpríomhoifigeach póilíneachta billéidí do sholáthar i pé áiteanna agus do pé méid oifigeach agus saighdiúirí agus dá gcapaill, agus ar feadh pé tréimhse, a luadhfar san éileamh. | |
[EN] | (3) Na forálacha den Acht so a bhaineann le billéadacht bainfid le billéadacht fé n-a leithéid sin d'éileamh fé mar a cuirfí tagairt dá leithéid sin d'éileamh ionta in ionad tagairt do líne bealaigh, ach go mbeidh an bhaint sin fé réir na n-atharuithe seo a leanas:— | |
[EN] | (a) Féadfar billéidí do chur ar shealbhóirí gach foirgnimh phuiblí, tighe chomhnuithe, stórais, sciobóil agus stábla, chó maith le cimeáduithe tithe lóin, agus beidh feidhm na bhforálacha san fé mar fholódh tagairtí do thithe lóin agus do chimeáduithe tithe lóin tagairtí do sna foirgintí puiblí, tithe comhnuithe, stóráisí, sciobóil agus stáblaí sin agus dá sealbhóirí; | |
[EN] | (b) Feidhmeoidh agus có-líonfidh an príomh-oifigeach póilíneachta na comhachta agus na dualgaisí a bronntar no a cuirtar ar chonstábla agus dá réir sin cuirfar tagairtí don phríomh-oifigeach póilíneachta in ionad tagairtí do chonstábla sna forálacha san agus cuirfar tagairt do Chúirt Údaráis Achmair in ionad na tagartha do Choimisinéir Síochána i bhfo-alt (7) d'Alt céad seachtó a dó ach, nuair a bheidh príomh-oifigeach póilíneachta ag pioca amach daoine nách foláir dóibh billéidí do sholáthar agus ag socrú ar an méid oifigeach agus saighdiúirí a cuirfar ar billéad ar éinne tabharfa sé oiread aire agus is féidir do chaothúlacht gach sealbhóra; | |
[EN] | (c) Na praghasanna a híocfar le sealbhóir nách cimeádaí tighe lóin as cóiríocht agus bia agus beatha a sholáthair sé, beid mar a socrófar iad le rialacháin a dhéanfidh an tAire le toil an Aire Airgid; agus | |
[EN] | (d) Ní bheidh feidhm ag fo-alt a dó d'Alt céad seasca a seacht (a mhíníonn cad is líne bealaigh ann), ná ag mír (6) d'Alt céad seachtó a dó (a bhaineann le comhacht Choimisinéara Shíochána chun slí bealaigh d'atharú), ná ag pé méid de mhír a dó de Chuid I. den Chúigiú Sceideal don Acht so a chuireann teora leis an tréimhse na gcaithfar béilí do sholáthar, ná ag mír (2) de Chuid II. den Sceideal san (le n-a n-orduítear billéidí do dhéanamh amach i gcóir tithe lóin ná fuil ró-fhada amach). | |
[EN] | (4) Aon rialacháin a déanfar amhlaidh i dtaobh praghasanna, leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta agus más rud é, laistigh de dhachad lá tar éis an leagtha san, go rithfidh ceann den dá Thigh rún á iarraidh ar an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, féadfidh an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, agus na rialacháin a nea-mbrífar amhlaidh beid gan brí as san amach gan dochar d'éinní a dineadh fútha roimhe sin. | |
[EN] | (5) Chun críche an Ailt seo— | |
[EN] | Foluíonn an focal “foirgneamh puiblí” aon fhoirgneamh a soláthruíodh no a coinnítear suas, i bpáirt no go hiomlán as na rátaí, agus aon fhoirgneamh gur gnáth dul ag an bpuiblíocht air, ar íoc no dá éamais. | |
[EN] | Maidir le ceanntar póilíneachta chathair Bhaile Atha Cliath, cialluíonn an focal “príomh-oifigeach póilíneachta” an Príomh-Choimisinéir Póilíneachta don cheanntar san, agus maidir le háiteanna eile cialluíonn sé Ceannphort den Ghárda Síochána. | |
[EN] | I gcás áitreibh gan sealbhóir beidh feidhm ag an Alt so fé mar a bheadh an t-únaer ina shealbhóir ar an áitreabh san. | |
[EN] | (6) Amach as airgead a vótálfidh an tOireachtas i gcóir seirbhísí cosnaimh íocfidh an tAire cúiteamh in aon damáiste a dhéanfidh aon oifigeach no saighdiúir, a cuirfar ar billéad fén Alt so, don áitreabh ina mbeidh sé ar billéad, agus cheal réitigh socrófar ar méid an chúitimh sin le headarghabháil fén Acht Leasuithe Nós-Imeachta na Dlí Coitinne (Éirinn), 1856, fé mar a leasuíodh le haon achtachán ina dhiaidh sin é. | |
[EN] | (7) Faid a bheidh aon ordú ón Ard-Chomhairle fén Alt so i bhfeidhm bainfidh na forálacha den Acht so i dtaobh billéadachta le mná a chláruigh an tAire chun a bhfostuithe fé mar a bhainfid le saighdiúirí; agus chun críche na bhforálacha so agus baint acu le mná mar sin, na hoifigigh a bheidh os cionn aon trúpaí na mbeidh na mná a cuirfar ar billéad ar fostú ina dteanta agus an t-oifigeach a bheidh i gceannas na dtrúpaí sin, tuigfar gurb é a staid maidir leis na mná san ná mar oifigigh dóibh agus mar oifigeach i gceannas ortha, agus má bhíonn aon bhean den tsórt san ciontach i gcionta a bhaineas le billéadacht mar a luaidhtear in alt caoga a hocht den Acht so, féadfar, ar a fáil ciontach ar an slí achmair, i phionósú ar an gcuma a foráltar le fo-alt (2) d'Alt céad seachtó a sé den Acht so. | |
Ciontai a bhaineann le Billeadacht. | ||
[EN] |
Ciontaí constáblaí. |
174. —Má dhineann aon chonstábla aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (1) Aon oifigeach, saighdiúir no capall do chur ar billéad ar éinne, ná fuil ceangailte air billéidí do thabhairt, gan cead ón duine sin; no | |
[EN] | (2) Aon airgead no luach saothair in aon chor do ghlaca no d'éileamh, no marga do dhéanamh ar aon airgead no luach saothair, chun saoirse no faoiseamh do thabhairt do dhuine ó n-a iontráil ar liost mar dhuine go bhfuil air billéidí do thabhairt no ón gceangal atá air chuige sin no o aon chuid den cheangal san; no | |
[EN] | (3) Aon duine no capall ná fuil i dteideal a bhilléadachta do chur ar billéad no do chur ar ceathrú ar aon duine no áitreabh gan cead ón duine sin no gan cead o shealbhóir an áitreibh sin; no | |
[EN] | (4) Tar éis leor-fhógra bheith tugtha, faillí do dhéanamh no diúltú do thabhairt maidir le billéidí do thabhairt a hiarradh i gcóir aon oifigigh, saighdiúra no capaill atá i dteideal a bhilléadachta, | |
[EN] | ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar fíneáil nách lú ná dachad scilling agus nách mó ná deich bpúint do chur air. | |
[EN] |
Ciontaí cimeádaithe tithe lóin. |
175. —Má dhineann cimeádaí tighe lóin aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (1) Diúltú do thabhairt no faillí do dhéanamh maidir le haon oifigeach, saighdiúir no capall a cuireadh ar billéad air do réir an Achta so do ghlaca no maidir le pé cóiríocht do sholáthar nách foláir a sholáthar do réir an Achta so; no | |
[EN] | (2) Aon airgead no luach saothair do thabhairt do chonstábla no a aontú go ndéanfa sé amhlaidh mar cheannach ar shaoirse no ar fhaoiseamh ón gceangal atá air billéidí do thabhairt, no o aon chuid den cheangal san; no | |
[EN] | (3) Aon airgead no luach saothair do thabhairt d'aon oifigeach no saighdiúir a cuireadh ar billéad air do réir an Achta so no a aontú go ndéanfa sé amhlaidh mar mhalairt ar oifigeach, saighdiúir no capall do ghlaca no ar an chóiríocht san do sholáthar, | |
[EN] | ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar fíneáil nách lú ná dachad scilling agus nách mó ná cúig púint do chur air. | |
[EN] |
Ciontaí oifigeach no saighdiúirí. |
176. —(1) Má dhineann aon oifigeach aon oifigeach, saighdiúir no capall do chur ar ceathrú no a chur fé ndeár é chur ar billéad ar éinne, ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so, beidh sé ciontach i mí-iompar. |
[EN] | (2) Má dhineann aon oifigeach no saighdiúir aon chionta i dtaobh billéadachta ina bhféadfaí é phionósú fé Chuid II., Caibideal 1 den Acht so, agus nách cionta é na dtugtar aon leigheas eile ina thaobh leis an gCaibideal so den Chuid seo den Acht so don té ar a ngoillfadh sé, féadfar é chur fé fhíneáil nách mó ná caoga punt ar a fháil ciontach ar an slí achmair. | |
[EN] | (3) An Chúirt a dhéanfidh ciontú i gcionta fén Alt so, déanfa sí deimhniú ar an gciontú san do chur chun an Aire. | |
Carraisti, etc., do Thogaint go hEigeanta. | ||
[EN] |
Carráistí, etc., do sholáthar i gcóir bagáiste agus stóranna reisiminte le linn máirseáil. |
177. —(1) Gach Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána i Saorstát Éireann go bhfuil údarás aige in aon áit a luaidhtear i líne bealaigh a tugadh amach d'Oifigeach Ceannais aon choda de sna Fórsaí, déanfa sé, ar iarratas an Oifigigh Cheannais sin, no ar iarratas oifigigh no oifigigh nea-choimisiúnta go bhfuil údarás aige uaidh, agus ar thaisbeáint an line bhealaigh sin, a bharántas a thabhairt amach á ordú do chonstábla éigin, na bhfuil údarás aige san áit sin, carráistí, ainmhithe agus tiománaithe do sholáthar laistigh d'am réasúnta a luadhfar sa bharántas agus fé mar adeirtar a bheith riachtanach chun an bagáiste reisiminte agus na stóranna reisiminte a bhaineann leis na Fórsaí agus a luaidhtear sa líne bealaigh d'aistriú do réir an líne bhealaigh; agus cuirfidh an constábla an barántas san i bhfeidhm agus daoine go bhfuil carráistí agus ainmhithe acu a bheadh oiriúnach don obair sin, tabharfid uatha iad ar staid oiriúnach chun iad d'úsáid chun na gcrícheanna roimhráite nuair a ordóidh an constábla dhóibh é do réir an bharántais sin. |
[EN] | (2) Chun críche an Ailt seo isé rud é an líne bealaigh ná líne bealaigh den tsórt a luaidhtear sna forálacha roimhe seo den Chaibideal so den Chuid seo den Acht so a bhaineann le billéadacht. | |
[EN] | (3) Is leor mar údarás d'oifigeach no d'oifigeach neachoimisiúnta, chun carráistí agus ainmhithe d'éileamh do réir an Achta so, líne bealaigh a dheabhróidh a bheith tugtha amach agus sighnithe mar is gá do réir na bhforálacha so, má sheachadann a Oifigeach Ceannais don oifigeach no don oifigeach nea choimisiúnta san é, agus nuair a thaisbeánfidh oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta é beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite do Ghiúistís Dúithche, do Choimisinéir Síochána agus do chonstábla go bhfuil ag an oifigeach no ag an oifigeach neachoimisiúnta a thaisbeánann an céanna údarás chun carráistí agus ainmhithe d'éileamh do réir an líne bhealaigh sin. | |
[EN] | (4) Sa bharántas le n-a n-ordófar carráistí, ainmhithe agus tiománaithe do sholáthar cuirfar síos an méid agus an saghas carráistí agus ainmhithe agus fós na háiteanna ó n-a mbeidh agus chun a mbeidh taisteal acu le déanamh agus an fhaid atá idir na háiteanna san. | |
[EN] | (5) Nuair nách féidir carráistí no ainmhithe go leor d'fháil laistigh de líomatáiste údaráis an Ghiúistís Dúithche no an Choimisinéara Shíochána san, déanfidh aon Ghiúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána na bhfuil údarás aige san áit theoranta is goire an t-easnamh do dhéanamh suas ar an nós céanna. | |
[EN] | (6) An t-oifigeach no an t-oifigeach nea-choimisiúnta a bheidh ag iarraidh barántais íocfa sé táille scillinge as an mbarántas san, agus ní héinní thairis sin, agus is leis an gCléireach Cúirte Dúithche a híocfar é. | |
[EN] |
Ioc as carráistí, etc., agus rialacháin ina dtaobh. |
178. —(1) As carráistí a soláthrófar do réir na Coda so den Acht so íocfar na rátaí a háirítear sa Séú Sceideal don Acht so agus có-líonfar go cuibhe na rialacháin atá sa Sceideal san. |
[EN] | (2) An t-oifigeach no an t-oifigeach nea-choimisiúnta a éileoidh carráistí no ainmhithe do réir na Coda so den Acht so íocfa sé an tsuim atá dlite mar gheall ar an gcéanna le húnaerí no le tiománaithe na gcarráistí no na n-ainmhithe agus, má éilítear san, íocfar trian den íocaíocht san i ngach cás sara luchtófar an carráiste agus, má éilítear san, íocfar na híocaíochta san i láthair Coimisinéara Shíochána no constábla. | |
[EN] | (3) Más rud é, ar aon chúis, nách féidir d'oifigeach no d'oifigeach nea-choimisiúnta an tsuim atá dlite d'íoc le húnaer no le tiománaí aon fheithicle mótair, carráiste no ainmhí, déanfa sé suas leis an únaer no leis an tiománaí sin agus sighneoidh sé cúntas ar an méid atá dlite dho, agus déanfa sé an cuntas, sighnithe amhlaidh, do chur chun an Aire láithreach, agus cuirfe sé sin fé ndeár an méid a bheidh ainmnithe ann d'íoc leis an únaer no leis an tiománaí sin. | |
[EN] |
Liost bliantúil de dhaoine a féadfar a chur fé oblagáid carráistí agus ainmhithe do sholáthar. |
179. —(1) Féadfidh an t-údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso i gcóir aon áite a chur fé ndeár gach bliain liost a dhéanamh de sna daoine uile san áit sin, no in aon pháirt áirithe dhe, a féadfar a chuir fé oblagáid carráistí agus ainmhithe do sholáthar fén Acht so, agus d'uimhir agus de thuairisc carráistí agus ainmhithe na ndaoine sin; agus sa chás go ndéanfar liost mar sin, féadfidh aon Ghiúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána, le barántas, a chur ar aon chonstábla no constáblaí na bhfuil údarás laistigh den áit sin acu orduithe thabhairt o am go ham, ar iarratas oifigigh no oifigigh nea-choimisiúnta fén Acht so, chun carráistí agus ainmhithe do sholáthar, agus feidhmeofar an barántas san fé is dá mba barántas speisialta é a tabharfí amach do réir an Achta so ar iarratas den tsórt san, agus beidh sna horduithe na mion-innste céanna a bheadh sa bharántas speisialta san. |
[EN] | (2) Chun cabhrú leis an údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso agus é ag ullamhú liost den tsórt san roimhráite, beidh ag aon oifigeach ceart, na mbeidh údarás aige chuige sin ón údarás san, teideal chun dul, ar gach tráth réasúnta, isteach in aon áitreabh go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go gcimeádtar aon charráistí no ainmhithe ann agus iniúcha do dhéanamh ar aon charráistí no ainmhithe a gheobhfar ann. | |
[EN] | Sa bhforáil seo cialluíonn an focal “oifigeach ceart” aon oifigeach no duine de pé céim no aicme no saghas a luadhfar in ordú a dhéanfidh an tAire chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Maidir le capaill, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:— | |
[EN] | (a) Beidh sé de dhualgas ar únaer aon chapaill, agus ar shealbhóir aon áitreibh ina gcimeádtar capaill, cúntas do thabhairt, má éilítear air é, don údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, roimh pé dáta i ngach bliain a bheidh orduithe, ar an méid capall is leis no a cimeádtar ina áitreabh, cúntas ina mbeidh, maidir le gach capall, pé mion-innste a bheidh orduithe amhlaidh; déanfa sé, leis, gach caoi réasúnta do thabhairt i dtreo go bhféadfar aon chapall is leis no a cimeádtar ina áitreabh do scrúdú agus d'iniúcha fé mar éileoidh agus nuair éileoidh na húdaráis sin air é; má thugann éinne faillí i gcó-líona éinní dá n-orduítear sa mhír seo, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air i ngach cionta. | |
[EN] | (b) Féadfidh an tAire, chun crícheanna an fho-ailt seo, rialacháin do dhéanamh chun éinní d'ordú atá le hordú fén bhfo-alt so, agus chun na fuirmeacha a bheidh le húsáid do leaga amach, agus go generálta chun an fo-alt so do chur in éifeacht. | |
[EN] | (c) Leis na rialacháin a dhéanfidh an tAire féadfar forálacha dhéanamh chun capaill d'aon chineál no d'aon tsaghas áirithe, a luadhfar sna rialacháin, d'eisceacht o fhorálacha an fho-ailt seo. | |
[EN] | (4) An t-údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, cuirfe sé fé ndeár an liost san do chimeád in áit éigin chaothúil agus é ar nochta i dtreo go bhféadfidh daoine le n-a mbaineann sé é iniúcha ar gach tráth réasúnta, agus éinne go mbeidh sé ag goilliúint air é bheith iontrálta sa liost san no é bheith iontrálta chun aon mhéid no aon tsaghas carráiste no ainmhí do sholáthar nách féidir a chur d'oblagáid air a sholáthar, féadfa sé gearán a dhéanamh le Cúirt Údaráis Achmair agus tar éis pé fógra is dó leis an gCúirt is gá a bheith tugtha do dhaoine le n-a mbaineann an scéal, féadfidh an Chúirt a ordú go leasófar an liost ar pé cuma is dó leis an gCúirt is cóir. | |
[EN] | (5) Na horduithe uile a thabharfidh constáblaí chun carráistí agus ainmhithe do sholáthar, déanfar amach ón liost san iad do réir uainíochta regealálta, chó fada agus is féidir é. | |
[EN] | (6) Má cuirtar bac ar aon oifigeach agus é ag feidhmiú a chomhachtanna fén Alt so, féadfidh Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána, más deimhin leis o scéala fé mhionn gur cuireadh an bac san ar an oifigeach san, barántas cuardaigh do chur amach á údarú don chonstábla a hainmneofar ann dul isteach san áitreabh le n-ar bhain an bac, agus an t-oifigeach ina theanta, aon uair idir a 6 a chlog ar maidin agus a 9 a chlog um thráthnóna, agus aon fheithiclí mótair, carráistí no ainmhithe a gheobhfar ann d'iniúcha. | |
[EN] | (7) Isé a bheidh ina údarás chun críche an Ailt seo ná an tAire no aon údarás no daoine na leigfidh an tAire chúcha na comhachta a bheidh aige fén Alt so. | |
[EN] |
Carráistí, etc., do thógaint go héigeanta i gcásanna práinne. |
180. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle a fhaisnéis, aon uair no uaireanna, le hordú fé n-a láimh, go bhfuil staid práinne i Saorstát Éireann, no in aon pháirt no páirteanna dhe (a luadhfar san ordú san), agus leis an ordú céanna féadfid údarás do bhronna ar aon oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort (a hainmneofar san ordú san) chun éileamh do thabhairt amach fén Alt so (dá ngairmtear éileamh práinne ina dhiaidh seo anso), oifigeach atá i gceannas aon choda de sna Fórsaí in aon pháirt de Shaorstát Éireann na bhfaisneofar leis an ordú san staid práinne bheith ann. |
[EN] | (2) Aon oifigeach dá dtabharfar an t-údarás san, féadfa sé éileamh práinne do thabhairt amach fé n-a láimh, ag aithris an orduithe sin agus á éileamh ar Ghiúistísí Dúithche no Coimisinéirí Síochána a mbarántaisí do thabhairt amach chun go solátharófí, chun na críche a luaidhtear san éileamh, pé carráistí agus ainmhithe a féadfar a sholáthar fé sna forálacha san roimhe seo agus fós gach saghas carráiste, ar a n-áirítear carranna mótair agus innil ghluaiseachta eile, pe'ca chun iompair no chun tarraic iad, agus gach saghas capall, pe'ca chun diallaite no chun tarraic a cimeádtar iad, agus fós árthaigh (pe'ca báid, báirsí no aon tsaghas eile iad) chun aon tsaghas earraí d'iompar ar aon chanáil no abha intseolta, agus fós gach saghas árthach aeir agus gach saghas bídh, furra agus stóranna. | |
[EN] | (3) Ar éileamh o oifigeach na coda de sna Fórsaí a luaidhtear in éileamh práinne, no o oifigeach na mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire, agus ar thaisbeáint an éilimh, déanfidh Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána a bharántas do thabhairt amach chun carráistí, ainmhithe, árthaigh, árthaigh aeir, bia, furra agus stóranna do sholáthar, fé mar adéarfidh oifigeach taisbeánta an éilimh phráinne a bheith ag teastáil chun na críche a luaidhtear san éileamh, agus díreach mar a bheidh i gcás Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána do thabhairt amach barántais fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so chun carráistí agus ainmhithe do sholáthar isea bheidh feidhmiú an bharántais sin agus baint na bhforálacha uile den Acht so a bhaineann le soláthar carráistí agus ainmhithe, forálacha ar a n-áirítear iad súd i dtaobh fíneálanna ar oifigigh, oifigigh nea-choimisiúnta, Giúistísí Dúithche no Coimisinéirí Síochána, ar chonstáblaí, no ar únaerí feithliclí mótair, carráistí no ainmhithe, agus bainfid le hárthaigh, árthaigh aeir, bia, furra agus stóranna díreach ar gach aon tsaghas cuma mar a bhainfid le carráistí. | |
[EN] | (4) Le héileamh práinne féadfar a údarú d'aon oifigeach a luaidhtear ann a ordú go ndéanfar aon fheithiclí mótair, carráistí agus capaill, a soláthrófar do réir an Ailt seo, do sheachada i pé áit (nách sia ná céad míle o áitreabh an únaera i gcás cáirr mhótair no innil ghluaiseachta eile agus nách sia ná deich míle uaidh i gcás aon charráiste eile no capaill) agus ar pé uair a cheapfidh aon oifigeach a luaidhtear san éileamh; agus sa chás san agus ar éileamh aon oifigigh a thaisbeánfidh an t-éileamh práinne beidh sé de dhualgas ar chonstábla, a bheidh ag feidhmiú barántais a tugadh amach ag Giúistís Dúithche no ag Coimisínéir Síochána fén Alt so, uair agus áit do chur síos ina ordú, fé mar adéarfidh an t-oifigeach san, i gcóir seachada aon fheithicle no capaill le n-a mbaineann an t-ordú, agus i dteanta a bheith d'oblagáid ar na húnaerí carráistí agus capaill do sholáthar beidh sé d'oblagáid ortha na carráistí agus na capaill do sheachada i pé áit agus ar pé uair a luadhfar san ordú san; agus beidh éifeacht ag forálacha an Achta so fé mar a bheadh foluithe sna tagartha atá ionta do charráistí agus capaill do sholáthar aon charráiste no capall den tsórt san roimhráite do sheachada an uair sin agus san áit sin roimhráite. | |
[EN] | (5) Cuirfidh an tAire fé ndeár go n-íocfar go cuibhe as aon earraí a soláthrófar do réir an Ailt seo agus má eiríonn aon easaontas i dtaobh an tsuim is cóir a íoc as aon earra, beidh an tsuim mar a socrófar le deimhniú o Bhreitheamh Cúirte Contae na mbeidh údarás aige in aon áit in ar soláthruíodh an t-earra no tré n-ar ghaibh sé nó tré n-ar hiompradh é do réir an éilimh; agus chun an tsuim sin do shocrú beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach san Ochtú Sceideal don Acht so. | |
[EN] | Má dhineann an tAire no má dintar thar a cheann suim d'íoc no do thairisgint fén bhfo-alt so, tuigfar gurb í an tsuim sin an tsuim dlite, mara n-iarrtar deimhniú ar Bhreitheamh Cúirte Contae laistigh de thrí seachtaine o dháta na híocaíochta no na tairisginte. | |
[EN] | (6) Faisnítear leis seo nách inéilithe custuim canáile, abhann ná comhla uisce ar árthaigh agus iad in úsáid in aon tseirbhís do réir an Ailt seo no ag fille tar éis bheith in úsáid mar sin; agus aon bhailitheoir custuim a éileoidh no a ghlacfidh custuim contrárdha don tsaora so, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil nách mó ná cúig púint agus nách lú ná deich scillinge. | |
[EN] | (7) Beidh éileamh práinne, a dheabhróidh bheith tabhartha amach do réir an Ailt seo agus bheith sighnithe ag oifigeach na ndeirtar ann go bhfuil údarás aige do réir an Ailt seo, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil sé tabhartha amach agus sighnithe go cuibhe do réir an Achta so agus, má seachadtar d'oifigeach de sna Fórsaí é, beidh sé ina leor-údarás don oifigeach san chun carráistí, ainmhithe, árthaigh, bia, furra agus stóranna d'éileamh do réir an Ailt seo, agus nuair a thaisbeánfidh an t-oifigeach san é beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite do Ghiúistís Dúithche, do Chomisinéir Síochána agus do chonstábla go bhfuil údarás ag an oifigeach san chun an t-éileamh san do dhéanamh do réir an éilimh phráinne sin; agus beidh sé dleathach go n-iomprófí ar na carráistí, ar na hainmhithe agus ar na hárthaigh sin ní hamháin bagáiste, lón agus stóranna mileata na dtrúpaí a luaidhtear san éileamh práinne ach fós na hoifigigh, saighdiúirí, seirbhísigh, mná, leanbhaí agus daoine eile atá ar na dtrúpaí sin agus a bhaineann leo. | |
[EN] | (8) Má bhíonn i bhfeidhm furógra le n-ar horduíodh an Cúlthaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís, le hordú na hArd-Chomhairle le n-a n-údarófar d'oifigeach éileamh práinne do thabhairt amach féadfar a údarú dho an t-éileamh práinne sin do leathnú i dtreo go mbainfe sé le carráistí, ainmhithe, árthaigh, árthaigh aeir, bia, furra agus stóranna do sholáthar chun iad do cheannach, chó maith le hiad d'fhostú, thar ceann Shaorstáit Éireann. | |
[EN] | (9) Má dhineann Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána, ar éileamh o oifigeach agus ar thaisbeáint éilimh phráinne, a bharántas do thabhairt amach chun aon earraí do sholáthar. agus éinne dá n-ordófar do réir an bharántais sin aon earra den tsórt san do sholáthar má thugann sé diúlta no faillí maidir leis an earra san do sholáthar do réir na n-orduithe, ansan, má bhíonn i bhfeidhm furógra le n-ar horduíodh an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís, féadfidh an t-oifigeach san an t-earra a héilíodh do thógaint (le fórsa más gá é) agus é úsáid fé mar a soláthrófí é do réir an orduithe; ach beidh teideal ag an duine sin chun íocaíochta as fé mar a sholáthródh sé é go cuibhe do réir an orduithe. | |
[EN] | (10) Le haon éileamh práinne a tabharfar amach fén Alt so féadfar cosc do chur, ar feadh pé tréimhse a luadhfar san éileamh san, le capaill do dhíol agus do cheannach le héinne no ag éinne nách duine a cheap an tAire chun capaill do cheannach; agus má dhineann éinne capall do dhíol no do cheannach contrárdha don chosc san no má bhíonn baint aige le n-a leithéid, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar céad punt, no fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí, no fén bpríosúntacht san agus fén bhfíneáil sin in éineacht. | |
Ciontai a bhaineann le Carraisti, etc., do Thogaint go hEigeanta. | ||
[EN] |
Ciontaí constáblaí. |
181. —Aon chonstábla— |
[EN] | (1) A thabharfidh faillí no diúlta maidir le feidhmiú aon bharántais a tugadh amach ag Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána agus le n-ar héilíodh air carráistí, ainmhithe, árthaigh, árthaigh aeir, bia, furra no stóranna do sholáthar; no, | |
[EN] | (2) A ghlacfidh no a éileoidh aon airgead no luach saothair in aon chor, no a dhéanfidh marga, ar aon airgead no luach saothair, chun saoirse no faoiseamh do thabhairt d'éinne o n-a iontráil ar liost mar dhuine go bhféadfar a chur air an t-earra san do sholáthar, no ón gceangal a bheadh air chuige sin, no o sholáthar an earra san; no, | |
[EN] | (3) A ordóidh aon earra den tsórt san do sholáthar i gcóir éinne no aon chríche no ar aon ócáid nách gá do réir an Achta so é sholáthar ina chóir ná uirthi, | |
[EN] | ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil nách lú ná fiche scilling agus nách mó ná fiche punt. | |
[EN] |
Ciontaí daoine dar horduíodh carráistí, ainmhithe, árthaigh, etc., do sholáthar. |
182. —Einne dar orduigh constábla do réir an Achta so aon earra do sholáthar agus— |
[EN] | (1) a thabharfidh diúlta no faillí maidir le hé do sholáthar do réir orduithe an chonstábla san agus an Achta so; no, | |
[EN] | (2) a thabharfidh no a aontóidh go dtabharfa sé do chonstábla no d'aon oifigeach no d'aon oifigeach nea-choimisiúnta aon airgead no luach saothair in aon chor, ar shaoirse thabhairt do o n-a iontráil ar liost mar dhuine go bhféadfar a chur air aon earra do sholáthar do réir an Achta so, no ón gceangal a bheadh air chuige sin, no o aon earra do sholáthar mar sin, no mar mhalairt ar aon earra áirithe do sholáthar; no, | |
[EN] | (3) a dhéanfidh aon ghníomh no ní a chuirfidh bac le feidhmiú aon bharántas no ordú chun aon earra do sholáthar, | |
[EN] | ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil nách lú ná dachad scilling agus nach mó ná deich bpúint. | |
[EN] |
Ciontaí oifigeach no saighdiúirí. |
183. —(1) Aon oifigeach no saighdiúir a dhéanfidh aon chionta i dtaobh carráistí do thógaint go héigeanta ina bhféadfí é phionosú fé Chuid II., Caibideal I, den Acht so, agus nách cionta é na dtugtar aon leigheas eile ina thaobh leis an gCaibideal so den Chuid seo den Acht so don té ar a ngoillfadh sé, féadfar é chur fé fhíneáil nách mó ná caoga punt agus nách lú ná dachad scilling ar a fháil ciontach ar an slí achmair. |
[EN] | (2) An Chúirt a dhéanfidh ciontú i gcionta fén Alt so déanfa sí deimhniú ar an gciontú san do chur chun an Aire. | |
Foralacha Breise i dtaobh Billeadachta agus Carraisti do Thogaint go hEigeanta. | ||
[EN] |
Iarratas ar Chúirt Údaráis Achmair i dtaobh suimeanna atá dlite do chimeádaithe tithe lóin no d'únaerí carráistí, etc. |
184. —(1) Na daoine seo a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) Má thugann aon oifigeach no saighdiúir faillí i gcó-líona forálacha na Coda so den Acht so a bhaineann le híoc suime atá dlite do chimeádaí tighe lóin no atá dlite mar gheall ar fheithiclí mótair, carráistí, no ainmhithe, no a bhaineann le cuntas ar an suim atá dlite do dhéanamh suas, an té na bhfuil an tsuim dlite dho; no, | |
[EN] | (b) Má fhaghann cimeádaí tighe lóin aon droch-dhéanamh, tré fhóiréigean, ró-éileamh no déanamh clampair i mbilléidí, o aon oifigeach no saighdiúir a cuireadh ar billéad air, no má thugann aon oifigeach no saighdiúir aon droch-dhéanamh d'únaer aon earra no don té atá i bhfeighil aon charráiste, ainmhí, árthaigh no árthaigh aeir, a soláthruíodh do réir na Coda so den Acht so, an té a gheobhaidh an droch-dhéanamh san, ach, má tá oifigeach atá i gceannas an oifigigh no an tsaighdiúra san i láthair san áit, ní go dtí go ndéanfar gearán go cuibhe ar dtúis, más féidir é, leis an Oifigeach Ceannais sin, | |
[EN] | féadfid iarratas a chur fé bhráid Cúirte Údaráis Achmair; agus má tugtar cruthúnas fé mhionn don Chúirt sin ar an bhfaillí no ar an droch-dhéanamh san, agus ar an suim atá dlite don iarratasóir le cothrom, mar aon le costaisí an iarratais a leag sé fé bhráid na Cúirte Údaráis Achmair, déanfa sí deimhniú ar an suim sin don Aire agus déanfa sé sin láithreach a chur fé ndeár an tsuim atá dlite d'íoc. | |
[EN] | (2) Ach má chítar don Aire go bhfuil an tsuim a luaidhtear sa deimhniú gan bheith dlite le ceart no go bhfuil sí os cionn an méid atá dlite le ceart, féadfa sé a ordú go ndéanfar gearán le Cúirt Udáráis Achmair don chontae, don bhuirg no don áit dár ghníomhuigh an Chúirt a thug an deimhniú, agus tar éis an cás d'éisteacht féadfidh an Chúirt, le hordú, an deimhniú san do dhaingniú, no é atharú ar pé slí a chífar don Chúirt a bheith ceart. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh constáblaí, údarásanna póilíneachta agus coimisinéirí síochána. |
185. —Leanfidh an constábla na treoracha a tugadh do chun go bhfeidhmeofí an Chuid seo den Acht so go cuibhe ag an údarás póilíneachta; agus féadfidh an t-údarás póilíneachta féin agus gach Coimisinéir Síochána, má dheabhruíonn sé bheith riachtanach, agus, 'cheal constábla déanfa sé, na comhachta d'fheidhmiú agus na dualgaisí do chó-líona a dílsítear i gconstábla no a cuirtar ar chonstábla leis an gCuid seo den Acht so, agus sa chás san foluíonn an focal “constábla” gach duine den tsórt san sa Chuid seo den Acht so. |
[EN] |
Carráistí, ainmhithe, etc., d'éileamh go calaoiseach. |
186. —Más rud é— |
[EN] | (1) Go ndéanfidh éinne samhail bhréagach d'aon líne bealaigh no éileamh práinne no aithris bhréagach air, no líne bealaigh no éileamh práinne bréagach den tsórt san no aithris a dineadh amhlaidh do thaisbeáint do Ghiúistís Dúithche, do Choimisinéir Síochána no do chonstábla agus a fhios aige gur rud bréagach é; no, | |
[EN] | (2) Go bpearsanóidh éinne oifigeach no saighdiúir, no go leigfe sé air gurb oifigeach no saighdiúir é, 'na bhfuil údarás aige chun aon bhilléad no aon charráiste, ainmhí, árthach, árthach aeir, bia, furra no stóranna d'éileamh, no go leigfe sé air bheith i dteideal a churtha ar billéad no i dteideal a chapall a chur ar billéad, no go bpearsanóidh sé duine 'na bhfuil údarás aige chun gníomhú in aon charráiste, ainmhí, árthach, árthach aeir, bia, furra no stóranna do cheannach no d'fhostú chun críche seirbhís airm Shaorstáit Éireann, no go leigfe sé air gur duine den tsórt san é; no, | |
[EN] | (3) Go dteasbáinfidh éinne do Ghiúistís Dúithche no do Choimisinéir Síochána no do chonstábla líne bealaigh no éileamh práinne nár húdaruíodh do a thaisbeáint no scríbhinn a dheabhruíonn go bréagach bheith ina líne bealaigh no ina éileamh práinne; | |
ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí, i dteanta no d'éamais daor-oibre, no fé fhíneáil nách lú ná fiche scilling agus nách mó ná cúig púint. |