|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL VIII. Udaras.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL X. Imeachta Achmaire agus Imeachta Dlithiula eile.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL IX. Fianaise. | |
[EN] |
Is fianaise nithe agus scribhinní áirithe. |
196. —Beidh éifeacht ag na hachtacháin seo a leanas i dtaobh fianaise in Imeachta fén Acht so, pe'ca i láthair Cúirte Síbhialta dhóibh no i láthair Arm-Chúirte, sé sin le rá:— |
[EN] | (1) Aon réiteach, teistiú no fuirm no scríbhinn eile a sighníodh, do réir deabhraimh, ag éinne nuair a dineadh é theistiú mar shaighdiúir no é chlárú in aon chuid de sna Fórsaí, is fianaise é gur fíor gur thug an duine sin, mar fhreagra ar na ceisteanna atá curtha síos sa bhfuirm no sa scríbhinn sin, na freagraí atá curtha ina leith inti. | |
[EN] | (2) Féadfar liostáil no clárú sna Fórsaí a bheith déant ar dhuine ar bith do chruthú tré fhínné fé mhionn do thaisbeáint cóip de theistiú no d'fhuirm réitigh an duine sin agus a dheabhramh uirthi gur dhin an t-oifigeach na mbeidh an teistiú bunaidh no an fhuirm réitigh bhunaidh sin i gcimeád aige a dheimhniú gur fíor-chóip í, agus san gan cruthúnas ar scríbhneoireacht an oifigigh sin ná ar an bhfuirm bhunaidh sin a bheith i gcimeád aige. | |
[EN] | (3) Leitir, cuntas, no scríbhinn eile, i dtaobh seirbhís éinne in aon chuid de sna Fórsaí no i dtaobh éinne do scur as an gcéanna, má dheabhruíonn sí bheith sighnithe ag an Aire no thar a cheann, no ag Oifigeach Ceannais aon choda de sna Fórsaí le n-ar bhain an duine sin do réir deabhraimh no na ndeir sé go mbaineann no gur bhain sé léi, is fianaise é ar na dátáin tagarthacha a ráitear sa leitir, sa chuntas no sa scríbhinn eile sin. | |
[EN] | (4) Is fianaise ar orduithe, rialacha, agus rialacháin a dineadh fén Acht so, agus ar chearcaláin no orduithe, cóipeanna dhíobh na bhfuil a dheabhramh ortha gur le húdarás no fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh agus a foillsíodh iad. | |
[EN] | (5) Liost Fórsa Cosanta no Iris Fórsa Cosanta na bhfuil a dheabhramh air gur le húdarás no fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh agus a foillsíodh é, is fianaise é ar staid agus ar chéim na n-oifigeach a luaidhtear ann agus ar aon phost atá ag na hoifigigh sin agus ar an gcór no an cath no an ghéag no an bhrainse den tSeirbhís le n-a mbaineann na hoifigigh sin. | |
[EN] | (6) Nuair a déanfar breacachán agus a cuirtear é i dtrodán breacachán le cath no le comanda do réir an Achta so no ar aon tslí eile i gcó-líona dualgais mhileata, agus a dheabhróidh sé bheith sighnithe ag an Oifigeach Ceannais, no ag an oifigeach go bhfuil sé de dhualgas air an breacachán san do dhéanamh, beidh an breacachán san ina fhianaise ar na dátáin a ráitear ann. | |
[EN] | Is fianaise ar aon bhreacachán den tsórt san cóip de na mbeidh a dheabhramh uirthi gur dhin an t-oifigeach na bhfuil an breacachán san i gcimeád aige í dheimhniú mar fhíor-chóip. | |
[EN] | (7) Cuntas tuairisciúil do réir brí an Achta so agus a dheabhramh air gur shighnigh Giúistís Dúithche é, is fianaise é ar na nithe adeirtar ann. | |
[EN] | (8) I gcás na himeachta bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra mar gheall ar é bheith ina thréightheóir no ina nea-láithreach gan cead, agus an t-oifigeach no an saighdiúir a bheith tar éis é féin do thabhairt isteach i gcimeád d'oifigeach no d'aon chuid de sna Fórsaí, is fianaise ar an dtabhairt-isteach san agus ar dháta agus áit a dhéanta, deimhniú ar na nithe sin agus a dheabhramh air gur sighníodh é ag an oifigeach san no ag Oifigeach Ceannais na coda de sna Fórsaí dar tugadh isteach. | |
[EN] | (9) I gcás na himeachta bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra mar gheall ar é bheith ina thréightheoir no ina nea-láithreach gan cead, agus gur dhin oifigeach póilíneachta i bhfeighil stáisiúin phóilíneachta an t-oifigeach no an saighdiúir do thabhairt isteach i gcimeád mileata, is fianaise ar thabhairtisteach an oifigigh no an tsaighdiúra san, agus ar dháta agus áit a dhéanta, deimhniú ar na nithe sin agus a dheabhramh air gur sighníodh é ag an oifigeach póilíneachta san. | |
[EN] | (10) Chun críche an Achta so, cialluíonn an focal “Oifig an tSoláthair” Oifig Soláthair Rialtas Shaorstáit Éireann. | |
[EN] |
Fianaise ar chiontú no ar shaora shíbhialta |
197. —Aon uair a dhéanfidh aon Chúirt Shíbhialta éinne atá fé dhlí airm do thriail, beidh deimhniú Cléireach na Cúirte sin, no deimhniú a fhir ionaid, no deimhniú aon oifigigh eile na mbeidh breacacháin na Cúirte sin i gcimeád aige, agus cúntas ann ar an gcionta in ar tríaladh an duine sin atá fé dhlí airm, maraon le breithiúntas na Cúirte ar an gcionta, no an saora más saor-bhreith a tugadh ar an duine sin, beidh sé ina fhianaise ar an gciontú agus ar an daora, no ar ordú na Cúirte, no ar shaora an duine sin, pe'ca aca é. |
[EN] |
Fianaise ar chiontú a dhin Arm-Chúirt. |
198. —Ar bheith dóibh i gcimeád ag an oifigeach orduithe na mbeid i gcimeád aige go dleathach, tuigfar gurb ionghlactha i bhfianaise imeachta bunaidh Arm-Chúirte a dheabhróidh a bheith sighnithe ag uachtarán na hArm-Chúirte sin, mara ndinti ach iad a thabhairt i láthair amach as an gcimeád san; agus aon chóip na mbeidh a dheabhramh uirthi gur dhin an t-oifigeach orduithe, na mbeidh na himeachta i gcimeád aige mar adubhradh, a dheimhniú gur fíor-chóip í de sna himeachta san no d'aon chuid díobh, is ionghlactha i bhfianaise í gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin. |