An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL X. Imeachta Achmaire agus Imeachta Dlithiula eile.) Ar Aghaidh (CAIBIDEAL XII. Baint an Dli Airm.)

30 1923

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923

CAIBIDEAL XI.

Ilghneitheach.

Feidhmiú comhachtanna atá dílsithe i sealbhóir oifige mileata.

201. —Aon chomhacht no údarás a tugadh d'éinne i seilbh aon oifige mileata, agus aon ghníomh no ní a bheidh le déanamh aige no chuige no ina láthair, féadfidh éinne eile go mbeidh údarás aige chuige de thurus na huaire do réir nósanna na seirbhíse, no do réir rialacha a déanfar fé Alt 125 den Acht so, féadfa sé é fheidhmiú no é dhéanamh no féadfar é dhéanamh chuige no ina láthair.

Forálacha i dtaobh barántaisí agus orduithe údarasanna mileata.

202. —(1) Sa chás go n-údaruítear leis an Acht so an tAire no aon oifigeach generálta no oifigeach eile i gceannas do dhéanamh aon ordú, féadfar an t-ordú san do chur in úil le hordú, treoir no leitir fé láimh aon oifigigh dar húdaruíodh orduithe do thabhairt amach thar ceann an Aire, an oifigigh ghenerálta no an oifigigh eile i gceannas, agus aon ordú, treoir no leitir a dheabhróidh a bheith sighnithe ag aon oifigeach a chífar uaidh a bheith údaruithe amhlaidh is fianaise é ar é bheith údaruithe amhlaidh.

(2) Bainfidh an t-achtachán roimhe seo san Alt so le haon ordú no treoir a tabharfar amach do réir an Achta so mar gheall ar dhaoránach mileata no príosúnach mileata no saighdiúir fé choinneáil, agus ní measfar aon ordú ná treoir den tsórt san a bheith nea-dhleathach toisc an bás do theacht ar an oifigeach a shíghnigh é no a orduigh é thabhairt amach ná toisc gur cuireadh as oifig é ná toisc easnamh a bheith ar an ordú ná ar an treoir sin, má deirtar san ordú no sa treoir sin go bhfuarthas ciontach an daoránach no an príosúnach no an saighdiúir fé choinneáil agus má tá daora daingean dleathach ann mar thaca leis an ordú no an treoir.

(3) Beidh ordú dleathach in aon chás más sa bhfuirm orduithe a tugadh amach é, ach aon ordú a chlaonfidh ón bhfuirm orduithe má bhíonn sé dleathach ar gach slí eile ní leor an claona san amháin chun é dhéanamh nea-dhleathach.

(4) I gcás aon daoránach mileata no príosúnach mileata no saighdiúir fé choinneáil do bheith i gcimeád de thurus na huaire, pe'ca cimeád mileata no cimeád síbhialta é, in aon áit no ar aon tslí ina bhféadfí é choinneáil go dlíthiúil do réir an Achta so, ní tuigfar cimeád an daoránaigh ná an phríosúnaigh ná an tsaighdiúra san do bheith nea-dhlíthiúil de dheascaibh an ní seo amháin: aon neamh-fhuirmeáltacht no earráid san ordú, sa bharántas no sa scríbhinn eile, no i dtaobh an údaráis gur dineadh, leis no dá réir, an daoránach, an príosúnach no an saighdiúir sin do chur i gcimeád mar sin no gur leis no dá réir a coinnítear é i gcimeád mar sin agus féadfar aon ordú, barántas no scríbhinn den tsórt san do leasú dá réir.

(5) Más príosúnach no saighdiúir i gcimeád mileata daoránach mileata no príosúnach mileata, no saighdiúir fé choinneáil, no duine fé dhlí airm agus é cúisithe i gcionta, agus, chun é iompar thar muir, go ndéanfar é thabhairt suas ar bord luinge don té a bheidh i gceannas na luinge, no d'éinne eile ar bord na luinge a bheidh ag gníomhú fé údarás an cheannasaí, beidh ordú an údaráis mhileata le n-ar húdaruíodh an príosúnach no an saighdiúir d'iompar thar muir beidh sé ina leor-údarás don duine sin, agus don té a bheidh i gceannas na luinge de thurus na huaire chun an príosúnach no an saighdiúir sin do choinneáil i gcimeád agus chun é iompar do réir an orduithe, agus faid a coinneofar an príosúnach no an saighdiúir amhlaidh tuigfar é bheith i gcimeád mileata.

Saoire i gcás breoiteachta.

203. —Má dhineann breoiteacht no teagmhas eile saighdiúir ar saoire do chimeád in aon áit i dtreo gur gá an tsaoire sin do chur i bhfaid agus mara mbeidh ag có-líona dualgais mhileata, comhgarach don áit, aon oifigeach chó hárd céim le captaen, no níos aoirde, féadfidh aon Ghiúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána gur deimhin leis gur gá é faidiú saoire ar feadh tréimhse nách sia ná coicíos do dheona, agus déanfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána san láithreach, le leitir, an faidiú san agus an chúis atá leis do dhéimhniú d'Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra san, más eol do cé hé, ach marab eol do cé hé, is don Aire a dheimhneoidh sé. Féadfidh a Oifigeach Ceannais no údarás mileata inniúil eile an saighdiúir d'athghairm chun a dhualgais, agus ní tuigfar an tsaoire bheith curtha i bhfaid tar éis na hathghairme sin ach, lasmuich den chás roimhráite, ní féadfar an saighdiúir d'aireamh mar thréigtheoir ná mar dhuine as láthair gan cead mar gheall ar tréimhse an fhaidithe sin ar a shaoire.

Ceadúnaisí ceaintíní.

204. —(1) I gcás ceaintín a bheith ag duine fé údarás an Aire beidh sé dleathach do Ghiústís Dúithche laistigh dá líomatáiste údaráis aon cheadúnas do dheona, d'aistriú no d'athnuachaint fé mar is gá de thuras na huaire chun a chur ar chumas an duine sin seilbh d'fháil no do chimeád ar aon mhál-cheadúnas chun deochanna meisciúla do dhíol, gan bacaint leis an am den bhliain ná le n-a bhfuil éilithe, i dtaobh fógraí, deimhnithe ná eínní eile, ag aon Achtanna a bhaineann le ceadúnaisí den tsórt san agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire; agus féadfar mál-cheadúnaisí do dheona dá leithéidí sin de dhaoine dá réir.

(2) Chun críche an Ailt seo, foluíonn an focal “ceadúnas” aon cheadúnas no deimhniú gur gá do réir dlí de thuras na huaire a dheona, a athnuachaint no a aistriú ag aon Ghiúistís Dúithche chun a chur ar chumas éinne seilbh d'fháil no do chimeád ar aon mhál-cheadúnas chun aon deochanna meisciúla do dhíol.

Ní gá ceadúnas chun seomraí caitheamh aimsire d'úsáid.

205. —In ainneoin éinní atá in Acht na, dTithe Mí-Ordúla, 1751, no in Acht no nAmharclann, 1843, má bhíonn seomra caitheamh aimsire á bhainistí no a stiúrú fé údarás an Aire, féadfar é úsáid i gcóir rinnce no ceoil phuiblí no caitheamh aimsire puiblí eile den tsórt san, no chun drámaí stáitse do léiriú go puiblí, gan aon cheadúnas do réir na nAcht san ná do réir aon Achta dhíobh.

Na Fórsaí d'iompar ar bhóthar iarainn.

206. —(1) Chun aon bhall de sna Fórsaí d'iompar ar bhóthar iarainn ar aon ócáid seirbhíse puiblí, déanfidh gach cuideachta bhóthair iarainn i Saorstát Éireann, ar thaisbeáint líne bhealaigh atá sighnithe go cuibhe chun aon bhaill de sna Fórsaí d'iompar, cóir iompair do sholáthar i gcóir na mball san de sna Fórsaí agus i gcóir a mbagáiste phearsanta, agus fós i gcóir aon bhagáiste, stóranna, arm, amuinisin agus riachtanaisí agus rudaí eile puiblí pe'ca bheid ag gabháil leis na baill sin de sna Fórsaí no ná beid, ar gach gnáth-thráth ar a n-iomparuíonn an chuideachta paisnéirí, agus san ar pé téarmaí ar a socrófar idir an gcuideachta bhóthair iarainn agus an tAire, agus fé réir agus cheal an tsocruithe sin, ar na téarmaí seo a leanas:—

(i) De ghrádanna dhíobh san in úsáid ar an mbóthar iarainn isea bheidh na carráistí paisnéara a soláthrófar, pé grádanna, agus pé méid de charráistí gach gráid díobh, a luadhfar sa líne bealaigh, agus cosaint acu ón síon agus slí agus cóiríocht cheart ionta.

(ii) Ní raghaidh na táillí traenach thar na cuideanna seo a leanas de sna táillí a héilítear ar pháisnéirí phríobháideacha ar an turas singil ar ghnáth-thraen, i gcarráistí de sna grádanna fé seach a luadhfar sa líne bealaigh, sé sin le rá, más lú ná céad go leith an méid daoine a hiomprófar, trí cheathrú; agus má bhíd líon céad go leith duine no breis, trí cheathrú ansan ar an gcéad chéad go leith, eadhon, ceathrar oifigeach agus céad dachad a sé de shaighdiúirí no do dhaoine eile; agus ar an mbreis ar an gcéad cheád go leith sin, leath na táillí.

(iii) Bainfidh an tAlt so le pé mná céile agus baintreacha, agus pé daoine clainne de bhaill de sna Fórsaí 'na mbeidh teideal acu chun taisteal ar chostas na puiblíochta, fé is dá mba chuid de sna Fórsaí iad, ach iomprófar in aisce leanbhaí fé bhun trí mblian d'aois, agus ní bheidh sa táille a bheidh ar leanbh os cionn trí mblian agus fé bhun dhá bhliain déag d'aois ach leath na táille is iníoctha as lán-aoiseach fén Alt so.

(iv) Déanfidh an chuideachta bhóthair iarainn meáchaint céad de bhagáiste phearsanta d'iompar in aisce do gach duine a hiomprófar fén Alt so agus is gá, do réir an line bhealaigh, a iompar sa chéad ghrád, agus leathchéad meáchaint do gach éinne eile a iomprófar; agus iomprófar aon bhreis meáchainte ar mhéid nách mó ná dhá dtrian an ráta a héilítear ar an bpuiblíocht ar bhagáiste bhreise.

(v) Iomprófar an bagáiste, na stóranna, na hairm, an t-aiminisean, na riachtanaisí agus na nithe puiblí sin ar rátaí nách mó ná dhá phingin an tona an míle; tabharfidh na Fórsaí cúnamh chun an céanna do lódáil agus do dhí-lódáil.

(vi) Ach ní bheidh ar an gcuideachta fén Alt so púdar gunna ná aon phléascán ná stuif so-dhóite eile d'iompar, ach ar théarmaí ar a socrófar idir an gcuideachta agus an tAire, fé mar bheidh.

(2) Chun crícheanna an Ailt seo, tuigfar líne bealaigh a sighníodh go cuibhe a bheith ina líne bealaigh a tugadh amach agus a sighníodh do réir Alt a céad seasca a seacht den Acht so no do réir ordú a shighnigh duine dar thug an tAire údarás chuige sin.

Beidh cead an Aire Airgid riachtanach i gcóir rialachán.

207. —Aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so agus as a leanfidh muirear a chur ar chistí phuiblí, is le haontú an Aire Airgid a déanfar iad.