|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Cul-thaca.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL Fuirm Coimisiúin d'Oifigeach.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Foralacha Diombuana. | |
[EN] |
Buaine na Coda so den Acht. |
234. —Go dtí go mbeidh na Fórsaí bunuithe fé Alt a dó is fiche den Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha a luaidhtear ina dhiaidh seo anso. |
[EN] |
Na fórsaí armtha a luaidhtear in Airtiogal 46 den Bhunreacht do dhéanamh de sna Fórsaí Náisiúnta, mar atáid fé láthair. |
235. —Fórsaí armtha an Stáit agus iad bunuithe agus ar bith mar atáid fé láthair (dá ngairmtear na Fórsaí Náisiúnta ina dhiaidh seo anso), tuigfar gurb iad san na fórsaí armtha atá le tógáil fé Airtiogal 46 den Bhunreacht agus faisnítear leis seo go bhfuil a gcoinneáil suas do réir dlí. |
[EN] |
Forálacha i dtaobh árdcheannais agus comhachtanna riaracháin agus feidhmiúchaín. |
236. —Ard-cheannas na bhFórsaí Náisiúnta agus gach comhacht feidhmiúcháin agus riaracháin a bhaineann leo (ar a n-áirítear comhacht chun údarás do leigint chun pé daoine a measfar a bheith oiriúnach), is san Ard-Chomhairle a bheid dílsithe agus is tríd an Aire agus in ainm an Aire a feidhmeofar iad. |
[EN] |
Có-ghléasa generálta na bhFórsaí Náisiúnta. |
237. —Mar atá sé fé láthair a bheidh có-ghléasa na bhFórsaí Náisiúnta. Féadfidh an tAire, áfach, pé athruithe a dhéanamh air is dó leis is gá. |
[EN] |
Beidh éifeacht ag orduithe agus ag rialacháin atá i bhfeidhm anois. |
238. —Gach ordú agus rialachán atá i bhfeidhm sna Fórsaí Náisiúnta anois, leanfid de bheith i lán-fheidhm agus i lánéifeacht. |
[EN] |
Oblagáid a féadfar a chur ar shaighdiúirí atá ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta anois. |
239. —Gach saighdiúir atá ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta anois de bhua aon réitigh no teistíochta, féadfar a chur air leanúint de bheith ag fónamh do réir téarmaí an réitigh no na teistíochta san. |
[EN] |
Oifigigh. |
240. —Gach oifigeach atá ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta anois, leanfid mar oifigigh den tsórt san faid is toil leis an Ard-Chomhairle é. |
[EN] |
Comhacht chun oifigeach no saighdiúir do bhrise. |
241. —Ag gníomhú tríd an Aire dhóibh, féadfidh an Ard-Chomhairle aon oifigeach de sna Fórsaí Náisiúnta do bhrise no scarúint le n-a sheirbhís no aon tsaighdiúir de sna Fórsaí Náisiúnta do scur. |
[EN] |
Baint Chuid II. den Acht. |
242. —Bainfidh forálacha Cuid II. den Acht so, ach amhaín Caibidil V. agus XII., le gach ball de sna Fórsaí Náisiúnta fé mar a cuirfí tagairtí do sna Fórsaí Náisiúnta ionta in ionad tagairtí do sna Fórsaí, ach beidh an bhaint sin fé réir na n-atharuithe seo a leanas:— |
[EN] | (1) Na focail atá i gCuid II. den Acht so agus a luaidhtear, leis, in Alt a dhá chéad dachad a sé den Acht so, isiad bríonna a bheidh leo ná na bríonna a tugtar dóibh fé seach le hAlt a dhá chéad dachad a sé den Acht so agus ní híad na bríonna a tugtar dóibh fé seach le hAlt a trí den Acht so. | |
[EN] | (2) Pé atharuithe no oiriúnuithe eile, áirithe no generálta, a ordóidh an tAire. | |
[EN] |
Feidhmiú Alt 2 den Acht. |
243. —I bhfeidhmiú Alt a dó den Acht so tuigfar na Fórsaí Náisiúnta a bheith foluithe sa bhfocal “na fórsaí armtha a tógfar fén Acht so.” |
[EN] |
Foráil i dtaobh Airtiogal 71 den Bhunreacht. |
244. —Chun crícheanna Airtiogal 71 den Bhunreacht tuigfar gach ball de sna Fórsaí Náisiúnta a bheith ar seirbhís chogúil. |
[EN] |
Comhacht chun rialacháin do dhéanamh. |
245. —(1) Féadfidh an tAire rialacháin de dhéanamh i dtaobh gach ní a héilítear no a ceaduítear leis an gCuid seo den Acht so a ordú no is gá no is oiriúnach a ordú chun deimhin a dhéanamh de go rialófar na Fórsaí Náisiúnta go maith no chun forálacha na Coda so den Acht so do chó-líona no do chur in éifeacht. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an tAcht Foillsiú Rialacha, 1893, le Rialacháin a déanfar fén Alt so. | |
[EN] |
Mínithe. |
246. —Sa Chuid seo den Acht so, mara mbeidh sé bunoscionn leis an gcó-théacs, siad bríonna a bheidh leis na focail seo a leanas ná na bríonna a tugtar dóibh leis an Alt so, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) Cialluíonn an focal “duine fé dhlí airm” aon oifigeach, oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir atá i gceangal no ag fónamh in éineacht leis na Fórsaí Náisiúnta ar dháta rithte an Achta so agus foluíonn sé gach duine fé dhaora Arm-Chúirte. | |
[EN] | (b) Cialluíonn an focal “oifigeach” aon oifigeach a ceapadh mar oifigeach agus atá ag fónamh in éineacht leis na Fórsaí Náisiúnta ar dháta rithte an Achta so agus foluíonn sé aon oifigeach atá ar págh mar oifigeach de sna Fórsaí Náisiúnta. | |
[EN] | (c) Foluíonn an focal “saighdiúir” oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir de sna Fórsaí Náisiúnta ach ní fholuíonn sé oifigeach mar a mínítear thuas é. |