|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL II. Co-ghleasa na bhForsai.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL IV. Oideachas Mileata.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL III. Riarachan. | |
[EN] |
Céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí. |
8. —Isiad so a leanas na grádanna de chéim choimisiúnta a bheidh sna Fórsaí:— |
[EN] | (1) Generál. | |
[EN] | (2) Lefteanant-Ghenerál. | |
[EN] | (3) Maor-Ghenerál. | |
[EN] | (4) Cornal. | |
[EN] | (5) Maor. | |
[EN] | (6) Ceannphort. | |
[EN] | (7) Captaen. | |
[EN] | (8) Lefteanant. | |
[EN] | (9) Dara Lefteanant. | |
[EN] |
Céimeanna neachoimisiúnta sna Fórsaí. |
9. —Isiad so a leanas na grádanna de chéim nea-choimisiúnta a bheidh sna Fórsaí:— |
[EN] | (a) Oifigigh Nea-choimisiúnta— | |
[EN] | (1) Maor-Sháirsint. | |
[EN] | (2) Ceathrú-Sháirsint. | |
[EN] | (3) Sáirsint. | |
[EN] | (4) Corporal. | |
[EN] | (b) Fir— | |
[EN] | (5) Saighdiúir. | |
[EN] |
Coimisiúin do dheona. |
10. —Tar éis don Aire é d'ainmniú féadfidh an Ard-Chomhairle éinne do cheapa chun céime coimisiúnta no chun céime coimisiúnta sealadaí sna Fórsaí. Beidh na coimisiúin uile sa bhfuirm atá leagtha amach sa chéad sceideal a ghabhann leis seo agus isiad Uachtarán na hArd-Chomhairle agus an tAire a shighneoidh iad. |
[EN] |
Comhacht chun aon bhall de sna Fórsaí do bhrise no chun scarúint le n-a sheirbhís. |
11. —Féadfidh an Ard-Chomhairle, ag gníomhú tríd an Aire, oifigeach do bhrise no scarúint le n-a sheirbhís no aon bhall eile de sna Fórsaí do scur. |
[EN] |
Comhacht chun Ceanntair Airm do bhunú. |
12. —Féadfidh an tAire ceanntair airm do cheapa agus do bhunú ar fuaid an Stáit agus ceanntar airm do roinnt ina dhá fho-cheanntar no níos mó. |
[EN] |
Comhacht chun Fóirne Ceann-Cheathrún, etc., do bhunú. |
13. —Féadfidh an tAire Fóirne Ceann-Cheathrún de sna Fórsaí agus Fóirne Teagaisc agus Riaracháin do cheanntair airm do bhunú fé mar a theastóid, agus oifigigh de sna Fórsaí do cheapa dhóibh fé mar is oiriúnach leis. |
[EN] | Beidh ag na baill de sna Fóirne a ceapfar amhlaidh pé céim agus teideal, agus co-líonfid pé dualgaisí agus feidhmeanna agus fónfid ar pé coiníollacha agus ar feadh pé tréimhsí a hordófar. | |
[EN] |
Oifigigh i bhfeidhmcheannas. |
14. —Féadfar, fé réir an Achta so, feidhm-cheannas mileata agus cigireacht na bhFórsaí, no aon chuid de sna nithe sin, do dhílsiú i pé oifigeach no oifigigh de sna Fórsaí a cheapfidh an Ard-Chomhairle. |
[EN] |
Sealbhóidh na hOifigigh a gcoimisiúin faid is toil leis an Ard-Chomhairle é. |
15. —Sealbhóidh Oifigigh uile na bhFórsaí a gcoimisiúin faid is toil leis an Ard-Chomhairle é, ach ní cuirfar coimisiún Oifigigh ar ceal gan fógra do thabhairt i scríbhinn don té go bhfuil sé aige i dtaobh aon ghearáin no cúisimh a dineadh, no i dtaobh aon aicsin atá beartuithe ina choinnibh, ná gan glaoch air chun cúis do thaisbeáint i dtaobh a leithéide: |
[EN] | Ach ní gá aon fhógairt den tsórt san i gcás oifigigh a bheidh ar feadh tréimhse trí mhí no níos mó gan bheith ar diúité agus gan a chead san aige. | |
[EN] |
Ardú go dtí céimeanna coimisiúnta. |
16. —Féadfidh an Ard-Chomhairle, tar éis don Aire san do mhola, agus in ainneoin éinní ina choinnibh atá san Acht so no a hordófar le rialachán, luach saothair do thabhairt d'aon bhall de sna Fórsaí ar son árd-sheirbhíse tré n-a cheapa chun céime coimisiúnta no, más oifigeach é, tré chéim níos aoirde do thabhairt do. |
[EN] |
Oifigigh ag tabhairt suas. |
17. —Féadfidh Oifigeach de sna Fórsaí, le scríbhinn fé n-a láimh, tabhairt-suas a choimisiúin do thairisgint ach, mara n-orduídh an tAire a mhalairt, ní bainfar dualgaisí a oifige dhe go dtí go bhfógrófar san Iris Oifigiúil gur glacadh le n-a thabhairt-suas. |
Ceaptha agus Coiniollacha Seirbhise sna Forsai. | ||
[EN] |
Oifigigh do cheapa. |
18. —I gceann cúig mblian tar éis coláiste mileata do bheith bunuithe fén Acht so, agus as san amach, tabharfar tosach do chéimnigh den choláiste sin, sa mhéid gur féidir é, nuair a beifear ag ceapa daoine chun céime coimisiúnta sna Fórsaí. |
[EN] |
Oifigigh do cheapa sara mbeidh deire leis an tréimhse cúig mblian o am Coláiste Mileata do bhunú. |
19. —Go dtí go mbeidh deire leis an tréimhse cúig mblian tar éis bunú Coláiste Mhileata, féadfar na daoine seo a leanas do cheapa chun céime coimisiúnta sna Fórsaí:— |
[EN] | (a) Saoránaigh de Shaorstát Éireann. | |
[EN] | (b) Oifigigh agus fir ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta le linn am rithte an Achta so. | |
[EN] | (c) Pé daoine eile le n-a mbeidh an tAire sásta: | |
[EN] | Ach féadfidh an tAire i gcás ar bith a órdú do sna saoránaigh, na hoifigigh, na fir agus na daoine sin no d'éinne acu gabháil trí chúrsaí teagaisc agus tástála cáilíochta do rith fé mar a hórdófar. | |
[EN] |
An liost leathphágh agus an liost d'oifigigh nea-cheangailte. |
20. —Féadfidh an tAire aon Oifigeach de sna Fórsaí do chur ar liost leath-phágh ar feadh tréimhse nách sia ná bliain. |
[EN] | Aon oifigeach ná hath-fhostófar roimh dheire na tréimhse sin féadfar, ar a achuinge féin, é do chur ar an liost d'oifigigh nea-cheangailte agus féadfa sé fanúint go n-ath-fhostófar é. Oifigeach a cuirfar mar sin ar an liost d'oifigigh nea-cheangailte scuirfe sé de phágh agus liúntaisí a chéime d'fháil, ach má ath-fhostuítear ina dhiaidh sin é, féadfar a sheirbhís ar an liost d'oifigigh nea-cheangailte d'áireamh mar sheirbhís sna Fórsaí ar pé coiníollacha a hórdófar. | |
[EN] |
Liostáil agus seirbhís sna Fórsaí. |
21. —(1) Gach duine a liostálfidh chun fónamh mar shaighdiúir sna Fórsaí, tabharfa sé mionn no déanfa sé faisnéis sholamanta i bhfianaise Oifigigh de sna Fórsaí no Giúistís Dúithche no Coimisinéara Síochána. |
[EN] | (2) Beidh an mionn no an fhaisnéis sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so. Ceanglóidh an mionn no an fhaisnéis sin ar an té a thabharfidh no a dhéanfidh é seirbhís do thabhairt sna Fórsaí do réir brí a mhionna go dtí go ndéanfar go dleathach é do scur, do bhrise, no do chur chun siúil asta, no go nglacfar le n-a thabhairt suas. | |
[EN] | (3) Aon bhall de sna Fórsaí nách oifigeach beidh teideal aige chun é do scur asta le ceannach fé mar a hórdófar, no ar bheith caithte don tréimhse seirbhíse gur liostáladh ina cóir é. | |
Bunu na bhForsai. | ||
[EN] |
Dáta an bhunuithe. |
22. —Bunófar na Fórsaí o dháta a socrófar le Furógra ón Ard-Chomhaírle san Iris Oifigiúil. |