|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL IV. Oideachas Mileata.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL VI. Comhachta Speisialta i dtaobh Cosanta.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL V. Seirbhis in Aimsir Cogaidh. | |
[EN] |
Féadfar baill de sna Fórsaí do chur ar seirbhís chogúil. |
26. —Féadfar uair ar bith iomlán na bhFórsaí no aon chuid díobh do chur ar seirbhís chogúil i gcoinnibh namhad in aon áit i Saorstát Éireann no chun achrann inmheánach do chosc no do chur fé chois laistigh den Stát. |
[EN] |
Ceannas Mileata in aimsir cogaidh. |
27. —In aimsir cogaidh no in aimsir achrainn inmheánaigh féadfidh an Ard-Chomhairle aon oifigeach de sna Fórsaí Cosanta do chur i gceannas na bhFórsaí sin go léir no i gceannas cuid acu ar an Machaire. |
[EN] |
Scur le linn bheith ar seirbhís. |
28. —In ainneoin éinní ina choinnibh san Acht so, faid a bheidh aon bhall de sna Fórsaí glaoite amach no curtha ar seirbhís chogúil i gcoinnibh namhad no chun achrann inmheánach do chosc no do chur fé chois beidh sé gan teideal aige chun a scurtha as na Fórsaí agus an tseirbhís sin ag leanúint. |