An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL VII. Comhacht chun Rialachain do dheanamh.) Ar Aghaidh (CAIBIDEAL II. Pagh.)

30 1923

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923

CUID II.

CAIBIDEAL I.

Smacht.

Ciontai.

Ciontaí go mbeidh baint aca leis an namhaid agus go ngeobhaidh breith bháis leo.

32. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon gharastún, gárda, áit, post no ionad go raibh sé de dhualgas air é do chosaint, é do thabhairt suas no do thréigean gan chúis dhiongmhálta chuige; no

(2) Iarracht do thabhairt ar aon tslí chun éinne fé dhlí airm do tharrac, do mhealla no d'éigniú chun an cionta a luaidhtear sa chlás san roimhe seo do dhéanamh; no

(3) Conbharsáid no có-fhreagarthas do bheith aige leis an namhaid no eolas do thabhairt do, go fealltach no gan údarás cuibhe; no

(4) Mí-iompar os cóir an namhad ar shlí a thaisbéanfadh meatacht, no daoine eile do mhealla chun an chionta san; no

(5) Má dintar príosúnach cogaidh de, fónamh go toilteannach no cuidiú go toilteannach leis an namhaid; no

(6) Cabhair i bhfuirm arm, amuinisin, no soláthairtí do thabhairt don namhaid; no

(7) Cabhrú go fealltach leis an namhaid ar aon tslí ná fuil aon luadh fé leith uirthe anso roimhe seo san Alt so; no

(8) Le linn bheith ar seirbhís chogúil do, aon ghníomh do dhéanamh a meastar a chuirfadh aon chuid de sna Fórsaí i gcúntúirt no buniscionn le bua do bhreith agus a fhios aige gur gníomh den tsórt san é; no

(9) Tabhairt fé aon chionta dá luaidhtear i bhfo-altanna (3), (6) agus (7) den Alt so do dhéanamh;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur chun báis no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so do chur air.

Ciontaí go mbeidh baint aca leis an namhaid agus ná beidh breith bháis ag gabháil leo.

33. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, agus é ar seirbhís chogúil, sé sin le rá:—

(1) A thógaint ina príosúnach tré nea-cho-líona orduithe, tré fhaillí thoiliúil i ndualgas, no tré easba roimh-aire cuibhe; no

(2) Ar bheith tógtha ina phríosúnach do, gan ath-cheangal leis na Fórsaí nuair a bheidh ar a chumas ath-cheangal leis an gcéanna; no

(3) Ráflaí do leatha ar aon tslí no focail do rá a meastar a chuirfadh eagla no éadóchas ar na Fórsaí no ar an bpuiblíocht; no

(4) Na ranganna d'fhágaint gan orduithe óna oifigeach uachtarach chun príosúnaigh do thógaint, no ar scáth fir chréachnuithe do bhreith siar;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun piantseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí gur déine na pionóisí a ghabhann leo le linn seirbhíse cogúla ná aon uair eile.

34. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Creacha no argain, brise isteach in aon tigh no áit ag lorg créiche no argana, no a oifigeach uachtarach d'fhágaint chun dul ag lorg créiche no argana; no

(2) A ghárda, a phicéad, a phatról no a phost d'fhágaint gan ordú óna oifigeach uachtarach; no

(3) Aon tsaighdiúir atá ag gníomhú mar fhairtheoir d'fhórsáil no do bhuala, no toirmeasc do dhéanamh air go toiliúil; no

(4) Fórsáil do dhéanamh ar aon tsaighdiúir no scata saighdiúirí do cuireadh ag cosaint aon duine no maoine; no

(5) Ar bheith ina shaighdiúir dho agus ag gníomhú mar fhairtheoir dho (a) bheith ina chodla no ar meisce agus é ar a phost, no (b) a phost d'fhágaint sara scaoiltear ar chuma rialta é;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun báis, no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san agus féadfar é do dhaora chun pian-tseirbhíse, no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, más rud é ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san.

Eolas do nochta

35. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Einní i dtaobh na bhFórsaí do chur in úil no do nochta d'éinne ná fuil teideal aige chun an eolais sin, ar uair agus ar chuma go dtiocfadh as, dar leis an gCúirt, nithe a bheadh díobhálach do sna Fórsaí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun piantseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Cúlmhutaireacht agus ceannaire.

36. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) A chur fé ndeár no cogar chun a chur fé ndeár, no iarracht ar a chur fé ndeár aon chúlmhutaireacht no ceannairc do chur ar siúl in aon cheann de sna Fórsaí, no bheith páirteach ina leithéid; no

(b) Ar bheith i láthair do, gan a chrua-dhícheall do dhéanamh chun aon chúlmhutaireacht no ceannaire áirithe in aon cheann de sna Fórsaí do chose; no

(c) Einne fé dhlí airm do tharrac, do mhealla, no d'éigniú nó tabhairt fé n-a leithéid do tharrac, do mhealla, no d'éigniú chun gabháil le haon chúlmhutaireacht no ceannairc in aon cheann de sna Fórsaí; no

(d) Má thagann eolas chuige no má bhionn cúis réasúnta aige le hamhrus go bhfuil aon chúlmhutaireacht no ceannairc ar bun sna Fórsaí no beartuithe, faillí do dhéanamh ar an gcéanna do chur in úil d'oifigeach uachtarach gan mhoill; no

(e) Einne fé dhlí airm do mhealla no tabhairt fé n-a mhealla ó ghéillsine do thabhairt don Stát;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun báis no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Oifigeach uachtarach do bhuala no é do bhagairt.

37. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Aon oifigeach do bhuala no éigean d'imirt no tabhairt fé éigean d'imirt air agus é ag có-líona a oifige;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar é do dhaora chun báis, no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san, agus féadfar é do dhaora chun pian-tseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, más rud é ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Oifigeach uachtarach do bhuala no éigean d'imirt no thabhairt fé éigean d'imirt air no caint bhagarthach no nea-ghéilliúnach do labhairt leis;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun pian-tseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Nea-ghéilliúint d'oifigeach uachtarach.

38. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Gan géille d'ordú dleathach a thug oifigeach uachtarach i bpearsain, pe'ca le labhairt a tugadh é no ar aon tslí eile,

agus gur chun teasbáint ná raibh aon bheann ar údarás a dineadh an nea-ghéilliúint,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

más oifigeach é agus má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta féadfar príosúntacht, no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, do chur air, no más oifigeach é agus ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, féadfar é do chur as an arm fé aithis no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so do chur air; no

más saighdiúir é agus má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, féadfar príosúntacht no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, do chur air, no más saighdiúir é agus ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, féadfar é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Gan ordú dleathach, a thug oifigeach uachtarach do, do chó-líona,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(i.) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(ii.) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil nó fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Easumhlaíocht.

39. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Ar bheith in aon achrann, troid no mí-ordú, buille do bhuala, éigean d'imirt no tabhairt fé éigean d'imirt, no diúltú do rud do dhéanamh, ar (a) aon oifigeach a ordóidh go dleathach é do ghabháil no (b) aon duine go mbeidh sé i gcimeád aige go dleathach; no

(2) cur i gcoinnibh patróil tionnlacain no gárda póilíneachta dar dualgas é do ghabháil, no é do bheith i gcimeád acu,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Brise amach as ceathrúna.

40. —Gach saighdiúir fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Brise amach as ceathrúna, beairic, no campa, ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Faillí i ngéille d'orduithe.

41. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Faillí do thabhairt i ngéille d'aon orduithe garastúin no d'aon orduithe generálta no d'aon orduithe eile,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ní fholóidh an focal “orduithe generálta” san alt so Rialacháin ná Orduithe a dhin an tAire ná aon ordú den tsórt san i bhfuirm rialacháin a foillsíodh chun treorach agus eolais ghenerálta do sna Fórsaí.

Tréigean.

42. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) Aon cheann de sna Fórsaí do thréigean no tabhairt fé; no

(b) Einne fé dhlí airm do tharrac, tabhairt fé n-a tharrac, d'fháil no tabhairt fé n-a fháil chun aon cheann de sna Fórsaí do thréigean; no

(c) Cabhrú ar aon tslí le héinne fé dhlí airm chun aon cheann de sna Fórsaí do thréigean,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(i.) E do dhaora chun báis no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, no

(ii.) E do dhaora chun pian-tseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so más rud é ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta.

(2) I gcás ciontathóir do dhéanamh liostála calaoise aon uair amháin no níos minicí, féadfar a áireamh, chun críche a thrialta i dtréigean na bhFórsaí no i dtabhairt fé, go mbaineann sé le ceann no níos mó de sna Córanna chun ar ceapadh no chun ar aistríodh é chó maith leis an gCór le n-a mbaineann sé le ceart.

Tréigean do leigint thart gan innsint.

43. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Ar theacht in eolas ar dhuine fé dhlí airm do dhéanamh tréigine no do bheith chun a dhéanta, faillí do dhéanamh ar fholáramh do thabhairt dá oifigeach ceannais no ar éinní ar a chumas do dhéanamh chun gabháil do chur ar an tréigtheóir no ar an abhar tréigtheóra,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Liostáil chalaoiseach.

44. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Le linn bheith sna Fórsaí dho, é féin do liostáil sna Fórsaí agus é gan bheith scurtha asta go regleálta no na coiníollacha a chuirfadh ar a chumas liostáil do bheith, ar aon tslí eile, gan có-líona aige,

tuigfar é do bheith ciontach i liostáil chalaoiseach agus ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht mar a luaidhtear san Acht so do chur air.

(2) I gcás ciontathóir do dhéanamh liostála calaoise ar roinnt ocáidí, féadfar a áireamh chun críche an Ailt seo, go mbaineann sé le ceann no níos mó de sna Córanna chun ar ceapadh no chun ar aistríodh é chó maith leis an gCór le n-a mbaineann sé le ceart.

Nea-láithreacht gan cead.

45. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Bheith as láthair gan cead; no

(2) Faillí i dteacht go dtí an láthair paráide no slóga, no go dtí an post no an t-ionad a cheap a oifigeach uachtarach, no imeacht as an láthair paráide no slóga san no as an bpost no as an ionad san sara ndintar sealaíocht air, no gan cead, no ar aon tslí éagcórtha eile; no

(3) Na ranganna d'fhágaint gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Oifigeach á iompar féin ar chuma scannalach

46. —Gach oifigeach fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

E féin d'iompar ar chuma scannalach nách cuibhe d'oifigeach,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do bhrise fé aithis.

Calaois ó dhaoine i bhfeighil airgid no earraí.

47. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Más rud é, de bhua a oifige no ar aon tslí eile, go bhfuil air go hoifigiúil aire do thabhairt d'aon airgead no earraí, puiblí no mileata, no bheith ina gcúram no bheith i seilbh orra, no iad do roinnt, no go bhfuil baint aige leis na gnóthaí sin, an t-airgead no na hearraí sin do ghuid no do chur chun mí-chríche no mí-úsáide go calaoiseach no an ghuid no an cur san do leigint thairis gan innsint, no baint a bheith aige leis, no damáiste do dhéanamh dóibh go toiliúil,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur fé phiantseirbhís no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Breoiteacht bhréige no dochar do dhéanamh do dhuine féin, Obair aithiseach.

48. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Breoiteacht bhréige no leigint air go bhfuil galar no easláinte air no ag cur an céanna air féin; no

(2) Díobháil do dhéanamh do féin no d'aon duine eile fé dhlí airm, le hintinn é féin no an duine sin do dhéanamh neamh-infheadhma; no

(3) Einne do chur ag déanamh díobhála dho le hintinn é do dhéanamh neamh-infheadhma; no

(4) Bheith ciontach in aon mhí-iompar no in aon neaghéilliúint d'orduithe, pe'ca in ospideul no ar aon tslí eile, mí-iompar no nea-ghéilliúint tré n-a ndéanfa sé galar no easláinte do chrothnú no do chur in olcas no moill do chur ar leigheas an chéanna; no

(5) Cabhrú chun aon chionta a háirítear in aon chlás díobh san roimhe seo do dhéanamh no é do leigint thairis gan innsint; no

(6) Bheith ciontach in aon obair aithiseach, sé sin, obair dhanartha, mhí-náireach no mhí-nádúrtha de shaghas nár luadhadh fós go speisialta san Acht so,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Meisce.

49. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Bheith ar meisce le linn bheith ar diúité,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é agus gur le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do bhrise fé aithis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más oifigeach é agus nách le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(c) Más saighdiúir é agus gur le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(d) Más saighdiúir é agus nách le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil ar feadh sé mhí no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Leigint do phríosúnaigh éaló.

50. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Einne 'na bhfuil sé de dhualgas air é do chimeád no do ghárdáil, no éinne a cuireadh fé n-a chúram, do scaoile saor gan údarás ceart no cabhrú chun leigint do éaló no leigint do éaló d'aon ghnó no tré fhaillí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do chur chun báis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so: no

(b) Más rud é nách le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do chur fé phian-tseirbhís no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Gabháil no braighdeanas nea-rialta. Ealó

51. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) (a) Einne do choinneáil gan gá fé ghabháil no i mbraighdeannas gan é do thabhairt chun trialach; no

(b) faillí do dhéanamh ar chás éinne den tsórt san do thabhairt fé bhráid an údaráis chóir chun féachaint isteach ann; no

(2) Tar éis duine do thabhairt i gcimeád d'oifigeach no d'oifigeach nea-choimisiúnta, faillí do dhéanamh gan chúis réasúnta chuige, ar chuntas i scríbhinn, fé n-a láimh féin, ar an gcionta atá i gcoinnibh an duine a thug sé i gcimeád mar sin, do thabhairt don oifigeach no don oifigeach nea-choimisiúnta san láithreach, no chó luath agus is féidir é, nó, pé scéal é, ar uair nách déanaí ná cheithre huaire fichead tar éis an duine do thabhairt i gcimeád; no

(3) Ar bheith ina cheann ar ghárda dho, agus ar thógaint no ar ghlaca duine i gcimeád do, faillí do dhéanamh ar ainm an duine sin, agus chó fada le n-a eolas, cionta an duine sin do thabhairt i scríbhinn, don oifigeach go n-órdófar do tuairisciú dho, sé sin nuair a déanfar sealaíocht air sa ghárda no sa diúité no, pé scéal é, laistigh de cheithre huaire fichead tar éis am an duine sin do thógaint no do ghlaca i gcimeád, agus, ina theanta san, ainm agus céim an oifigigh no an duine eile a chúisigh an duine sin, agus má fuair sé é, an cuntas i scríbhinn a luaidhtear sa chlás san roimhe seo; no

(4) Ar bheith gabhtha no i mbraighdeanas do, no i gcimeád dleathach ar aon tslí eile, éaló no tabhairt fé éaló,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise fé aithis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le maoin.

52. —Gach éinne fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon táille no buntáiste do ghlaca i gcúrsaí díol no ceannach aon lóin, stóraisí, arm, gléasa no earraí eile chun úsáid aon cheann de sna Fórsaí no tairbhe a bheith aige ar aon tslí nea-dhleathach as díol no ceannach na rudaí sin; no

(2) Aon airm, amuinisean, gléasa, instruimidí, éadach no maoin mhileata eile do chailliúint tré fhaillí, díobháil do dhéanamh dóibh d'aon ghnó no iad do chur as an slí no baint a bheith aige le hiad do chur as an slí (pe'ca tré iad do bhronna, do chur i ngeall, do dhíol no do mhille no tré aon rud eile in aon chor a dhéanamh leo); no

(3) Droch-úsáid do thabhairt d'aon ainmhí a húsáidtear sa tseirbhís phuiblí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Eitheach do chur i scríbhinní oifigiúla, agus faisnéisí bréagacha.

53. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon mhí-aithris no ráiteas bréagach no calaoiseach do dhéanamh go feasach no bheith páirteach go feasach ina leithéid a dhéanamh in aon scríbhinn a dhéanfidh, a shighneoidh no a dheimhneoidh sé, no 'na bhfuil sé de dhualgas air a fháil amach ce'ca cruinn no neachruinn na nithe atá inti; no

(2) Aon ráiteas bréagach no calaoiseach do dhéanamh go feasach no bheith páirteach go feasach ina leithéid a dhéanamh; no

(3) Ceilt no atharú, mille no cur-as-an-slí do dhéanamh go feasach ar aon scríbhinn go bhfuil sé de dhualgas air í do chimeád no do thabhairt i láthair; no

(4) Einní d'fhágaint ar lár go feasach no bheith páirteach go feasach in éinní d'fhágaint ar lár in aon scríbhinn a dhéanfidh, a shighneoidh no a dheimhneoidh sé no 'na bhfuil sé de dhualgas air a fháil amach ce'ca cruinn no nea-chruinn na nithe atá inti, no an céanna do dhéanamh le haon tuairisc no ráiteas a dhéanfa sé no a chuirfe sé chun siúil agus 'na bhfuil sé de dhualgas air é do dhéanamh no do chur chun siúil, agus san le hintinn calaois do dhéanamh no dul amú do chur ar éinne; no

(5) Diúlta do thuairisc no cuntas do dhéanamh no do chur chun siúil agus é de dhualgas air an céanna do dhéanamh no do chur chun siúil no, tré n-a fhaillí chiontach féin, an dualgas san d'fhágaint gan có-líona; no

(6) Aon fhaisnéis bhréagach do dhéanamh in aon ráiteas, tuairisc no cuntas 'na bhfuil sé de dhualgas air é do dhéanamh no do chur chun siúil, agus a fhios aige gur faisnéis bhréagach í,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Gearán bréagach.

54. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Aon ghearán bréagach do dhéanamh ar éinne eile fé dhlí airm agus a fhios aige gur bréag é,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Gearán bréagach no ráiteas bréagach.

55. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon ráiteas do dhéanamh a meastar a dhéanfadh dochar mór no díobháil mhór do chlú éinne eile atá fé dhlí airm, toisc é do bheith bréagach no toisc dátáin táchtacha bheith leigthe ar lár ann, agus a fhios aige gur ráiteas den tsórt san é; no

(2) Ar bheith ina shaighdiúir do, aon bhréag thoiliúil d'innsint d'oifigeach airm no do Ghiúistís Dúithche no do Choimisinéir Síochána i gcúrsaí cead nealáithreachta; no

(3) Ar bheith ina shaighdiúir do, a rá go bréagach le n'oifigeach ceannais gur dhin sé an t-arm do thréigean no liostáil chalaoiseach,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí i gcúrsaí Arm-Chúirteanna.

56. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Gan teacht i láthair tar éis gairm no ordú a bheith tabhartha dho go cuibhe chun teacht mar fhínné go hArm-Chúirt; no

(2) Diúltú do mhionn do thabhairt no d'fhaisnéis sholamanta do dhéanamh má orduíonn Arm-Chúirt go dleathach an céanna do thabhairt no do dhéanamh; no

(3) Diúltú d'aon scríbhinn ina chomhacht, ar seilbh aige no ar fáil aige do thabhairt i láthair má orduíonn Arm-Chúirt do go dleathach í do thabhairt i láthair; no

(4) Ar bheith ina fhínné dho diúltú do fhreagra do thabhairt ar aon cheist a fhéadfadh Arm-Chúirt go dleathach a iarraidh air a fhreagairt; no

(5) Droch-mheas do chaitheamh ar Arm-Chúirt tré chaint bhagarthach no mhaslathach d'úsáid no tré n-a chur fé ndeár aon chur isteach no buaireamh do dhéanamh ar na himeachta,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) más oifigeach é, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so:

Ach i gcás duine fé dhlí airm do bheith ciontach in aon chionta dá luaidhtear san Alt so, féadfidh an Chúirt sin, más oiriúnach leo é, in ionad Arm-Chúirt eile do thriail an chiontathóra, féadfid le hOrdú fé láimh an Uachtaráin, a ordú go ndéanfar an ciontathóir, más oifigeach é, do chur i bpríosún gan daor-obair ar feadh tréimhse nách sia ná mí; no, más saighdiúir é, do chur fé choinneáil ar feadh tréimhse nách sia ná 21 lá; agus ní bheidh sé riachtanach aon daingniú den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo san Acht so do dhéanamh ar an Ordú san.

Fianaise bhréagach.

57. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Fianaise bhréagach do thabhairt go toiliúil agus é á scrúdú fé bhrí mionna no faisnéise solamanta i láthair Arm-Chúirte no aon Chúirte no aon oifigigh dar údaruíodh go cuibhe daoine do chur fé mhionn,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur fé phiantseirbhís no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le billéadacht.

58. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas (dá ngairmtear san Acht so ciontaí a bhaineann le billéadacht), sé sin le rá:—

(1) Droch-úsáid do thabhairt (le fóiréigean, ró-éileamh no buaireamh i mbilléadaí) do shealbhóir tighe ina bhfuil aon duine no capall ar billéad; no

(2) Ar bheith ina oifigeach do, agus tar éis gearán agus crothúnas d'fháil i dtaobh aon oifigeach no saighdiúir fé n-a cheannas do thabhairt droch-úsáide mar sin, diúltú don chéanna do chur á chúiteamh no faillí do thabhairt sa ní sin; no

(3) Gan forálacha an Achta so do chó-líona maidir le híoc éilithe cearta an duine na raibh sé féin no aon oifigeach no saighdiúir fé n-a cheannas, no capaill leis féin no leo-san, ar billéad air, no maidir le cuntas ar an airgead a bhí ag dul don duine sin do dhéanamh suas agus do chur isteach: no

(4) Billéadaí d'iarraidh go toiliúil agus gan iad ag teastáil i gcóir duine no capaill i dteideal billéid; no

(5) Aon airgead no luach saothair do ghlaca o éinne, no a leithéid do lomháil go toiliúil, mar gheall ar éinne do shaora no d'fhuascailt óna oblagáid no ó aon chuid den oblagáid a bhí air i dtaobh oifigigh, saighdiúirí no capaill do ghlaca ar billéad no ar ceathrú; no

(6) Aon bhagairt no fórsáil do dhéanamh ar aon chonstábla no oifigeach síbhialta eile chun a chur fhiachaint air billéadaí do thabhairt contrárdha don Acht so no aon bhagairt no fórsáil do raghadh chun é do chosc no mí-mhisneach do chur air maidir le có-líona aon choda den dualgas atá air fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le billéadacht no a raghadh chun é do mhealla chun éinní do dhéanamh a bheadh contrárdha don dualgas san; no

(7) Aon bhagairt no fórsáil do dhéanamh ar aon duine a raghadh chun a chur fhiachaint ar an duine sin aon duine no capall do ghlaca dá ainneoin agus gur duine no capall é nár cuireadh ar billéad air go cuibhe do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le billéadacht no a raghadh chun a chur fhiachaint air aon chóir do thabhairt ná fuil air a thabhairt do réir na bhforálacha san;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le carráistí agus a lucht freastail do thógaint go héigeanta.

59. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas (dá ngairmtear san Acht so ciontaí a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta), sé sin le rá:—

(1) Aon mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil, árthach no eiteallán, ná teastuíonn chun na gcrícheanna a húdaruítear leis an Acht so, d'éileamh go toiliúil; no

(2) Faillí do thabhairt i gcó-líona na bhforálacha den Acht so a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta maidir le híoc suimeanna atá le n'íoc as carráistí no maidir leis an ualach do mheádh; no

(3) A chur fhiachaint ar mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil no árthach, a soláthruíodh do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta, taisteal do dhéanamh thar an bhfaid cheart d'ainneoin an duine atá ina chúram, no aon mheáchaint d'iompar d'ainneoin an duine sin os cionn na meáchainte is ghá dho a iompar do réir na bhforálacha san; no

(4) Gan scaoile do dhéanamh chó luath agus is féidir é ar aon mhótar, carráiste, ainmhí, árthach no eiteallán áirithe, a soláthruíodh do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta; no

(5) A chur fhiachaint ar éinne i bhfeighil an mhótair, an charráiste, an ainmhí, an árthaigh no an eitealláin sin no a leigint go gcuirfí fhiachaint air, aon bhagáiste no stóráisí a thógaint ar an gcéanna agus gan teideal ann chun iad a chur á n-iompar no, lasmuich den chás ina soláthrófí an mótar, an carráiste no an t-ainmhí ar ordú práinne, aon tsaighdiúir no seirbhíseach (ach amháin iad san atá breoite) no aon bhean no duine do thógaint ar an gcéanna; no

(6) Droch-úsáid do thabhairt no a leigint go dtabharfí droch-úsáid d'éinne i bhfeighil aon mhótair, carráiste, ainmhí, feithicle, árthaigh no eitealláin den tsórt san; no

(7) Aon bhagairt no fórsáil do dhéanamh ar aon chonstábla chun a chur fhiachaint air aon mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil, árthach no eiteallán do sholáthar ná fuil ceangailte air a sholáthar do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineas le carráistí a thógaint go héigeanta no aon bhagairt no fórsáil a raghadh chun cosc no mí-mhisneach do chur air maidir le có-líona aon choda den dualgas atá air i gcúrsaí mótair, carráistí, ainmhithe, feithiclí, árthaigh no eitealláin do sholáthar, no a raghadh chun é do mhealla chun éinní do dhéanamh a bheadh contrárdha don dualgas san; no

(8) Aon mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil, árthach no eiteallán do bhaint le fórsa den té gur leis é,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Taisteal gan ticéad, etc.

60. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Taisteal no tabhairt fé thaisteal ar aon traen, tram, carr no feithicil eile gan an táille d'íoc no do thairisgint, no gan ticéad, deimhniúchán no barántas ceart,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, no

(b) más saighdiúir é, é do chur fe choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le liostáil.

61. —Gach duine a thiocfidh fé dhlí airm agus a gheobhfar amach a bheith tar éis aon chionta dhíobh so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(1) Ar bheith scurtha as na Fórsaí fé aithis, ath-liostáil do dhéanamh gan gach ar bhain le n-a scur d'fhaisnéis; no

(2) Freagra bréagach do thabhairt go toiliúil ar aon cheist ar an bpáipéar teistíochta, ceist a cuireadh chuige le hordú an Ghiúistís Dúithche, an Choimisineura Síochána no an oifigigh, na dtáinig sé ina láthair chun go dteisteofí é, no a chuir éinne acu san é féin chuige;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí generálta a bhaineann le liostáil.

62. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Baint a bheith aige le haon fhear do liostáil chun seirbhíse sna Fórsaí agus a fhios aige no cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil an fear san i gcás as a dtiocfadh go mbeadh sé ag déanamh cionta i gcoinnibh an Achta so dá liostáladh sé; no

(2) Sárú toiliúil do dhéanamh ar aon achtachán no rialachán in éinní a bhaineann le liostáil no teistiú saighdiúirí de sna Fórsaí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Droch-úsáid do shaighdiúir.

63. —Gach oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Aon tsaighdiúir do bhuala go nea-dhleathach no drochúsáid nea-dhleathach do thabhairt do ar aon tslí eile.

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Droch-úsáid do dhuine i gcimeád mileata.

64. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Einne ná fuil fé dhlí airm agus atá i gcimeád mileata

do bhuala go nea-dhleathach no droch-úsáid nea-dhleathach do thabhairt do ar aon tslí eile,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Págh do chimeád siar.

65. —Gach oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Tar éis págh éinne atá fé dhlí airm d'fháil, an céanna

do choinneáil go nea-dhleathach no diúltú go neadhleathach d'é d'íoc,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, no

(b) más oifigeach nea-choimisiúnta é, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Créachtnú tré fhaillí. Ciontaí a bhaineann le hairm teine.

66. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Tré fhaillí no neamh-aire no tré bhrise aon orduíocha, éinne eile do chréachtnú pe'ca tá sé fé dhlí airm no ná fuil,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur fé phiantseirbhís no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) Gan leor-chúis chuige aon airm teine lódálta no nealódálta, do phuínteáil chun éinne pe'ca tá sé fé dhlí airm no ná fuil, no

(b) Lámhach le haon airm teine gan leor-chúis chuige, no

(c) Aon arm teine lódálta no nea-lódálta do láimhseáil go neamh-aireach no go faillítheach ar shlí a meastar a thabharfadh cúis do dhuine chun eagla a bheith air,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Diúltú do chiontathóir do thabhairt suas d'údarás síbhialta.

67. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Ar a iarraidh sin air go dleathach, é do dhiúltú d'aon oifigeach no saighdiúir a cúisíodh i gcionta i gcoinnibh na gnáth-dhlí do thabhairt suas do sna húdaráis sibhialta chearta, no é do dhiúltú do chabhrú chun a leithéid do ghabháil go dleathach, no é do thabhairt faillí in aon cheann de sna nithe sin,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise fé aithis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Iompar a raghadh chun dochair do dhea-ordú agus do smacht mileata.

68. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Bheith ciontach in aon ghníomh, iompar, mí-ordú no faillí a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so:

Ach ní trialfar éinne den tsórt san fén Alt so in aon chionta go bhfuil forálacha fé leith ina thaobh in aon chuid eile den Acht so agus nách cionta síbhialta é, ach mar sin féin má daortar duine a cúisíodh ina leithéid sin de chionta ní leor an cúiseamh a bheith buniscionn leis an bprovíso so chun an daora san do dhéanamh neamh-éifeachtúil, maran rud é go ndeabhróidh sé gur dineadh éagcóir ar an duine cúisithe de dheascaibh na buniscionntachta san, ach ní bhainfidh éifeachtúlacht an daora san an fhreagarthacht d'aon oifigeach a bheidh freagarthach sa bhuniscionntacht.

Ciontaí le n-a ngabhann pionóisí fé ghnáth-dhlí Shaorstáit Éireann.

69. —Fé réir pé rialacháin a luaidhtear san Acht so agus a dineadh chun ná cuirfí isteach ar údarás na gCúirteanna Síbhialta, gach éinne a dhéanfidh aon chionta dá luaidhtear san Alt so agus é fé dhlí airm tuigfar é do bheith ciontach i gcionta i gcoinnibh dlí airm, agus má cúisítear é fén Alt so in aon chionta den tsórt san (dá ngairmtear cionta sibhialta san Acht so) féadfar é do thriail i láthair Arm-Chúirte agus ar a fháil ciontach féadfar pionós do chur air mar leanas, sé sin le rá:—

(1) Má fachtar ciontach i dtréasan é féadfar é do chur chun báis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; agus

(2) Má fachtar ciontach i ndúnmharbhú é, féadfar é do chur chun báis; agus

(3) Má fachtar ciontach i nduineabhacht no i bhfeleontacht tréasain é féadfar é do chur chun pian-tseirbhíse no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san, a luaidhtear san Acht so; agus

(4) Má fachtar ciontach in éigniú é féadfar é do chur fé phian-tseirbhís nó fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; agus

(5) Má fachtar ciontach i mbrúidiúlacht é féadfar é do chur fé phian-tseirbhís nó fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; agus

(6) Má fachtar ciontach é in aon chionta dá n-áirítear sa Triú Sceideal a ghabhann leis seo no in iarracht ar aon chionta dá luaidhtear anso roimhe seo san Alt so no dá luaidhtear sa Sceideal san do dhéanamh (agus gur cionta coiriúil 'na bhfuil pionós ina chóir i ngnáthdhlí choiriúil Shaorstáit Éireann gurb ea iarracht do thabhairt fé n-a dhéanamh) no in aon chionta i gcoinnibh dlí Shaorstáit Éireann ná fuil aon tagairt fé leith dho roimhe seo san Alt so agus go bhfuil pionós ina chóir i ngnáth-dhlí choiriúil Shaorstáit Éireann, féadfar é do chur fé pé pionós do b'fhéidir a chur air do réir an Achta so mar gheall ar chionta a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata, no fé aon phionós atá ceaptha i gcóir an chionta san i ndlí Shaorstáit Éireann:

Ach ní déanfar éinne fé dhlí airm do thriail i láthair Arm-Chúirte i dtréasan, i ndúnmharbhú, i nduineabhacht, i bhfeleontacht tréasain, in éigniú ná i mbrúidiúlacht mara raibh an duine sin ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta san.

Scala na bPionoisi agus a gCur i bhFeidhm.

Scálaí de phionóisí a fhéadfidh Arm-Chúirteanna a ghearra.

70. —(1) Ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt san Acht so, féadfidh an Arm-Chúirt a dhéanfidh duine fé dhlí airm do thriail agus d'fháil ciontach i gcionta a luaidhtear roimhe seo san Acht so, féadfa sí an duine sin do dhaora chun aon phionós amháin, agus ní chun a thuille, de sna pionóisí a háirítear i Scálaí A agus B a leanas é seo.

(2) Chun críche an Achta so tuigfar aon phionós a háirítear sna scálaí seo A agus B a leanas do bheith níos lú ná aon phionós a théigheann roimhe sa scála céanna.

Scala A.

Más oifigeach an té a gheobhfar ciontach—

I.

Bás.

II.

Pian-tSeirbhís.

III.

Príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre.

IV.

Brise as an seirbhís fé aithis.

V.

Brise as an seirbhís.

VI.

Fíneáil.

VII.

Aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

VIII.

Dian-imdhearga.

IX.

Imdhearga.

Scala B.

Más saighdiúir an té a gheobhfar ciontach—

I.

Bás.

II.

Pian-tSeirbhís.

III.

Príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre.

IV.

Scur ón seirbhís fé aithis.

V.

Coinneáil.

VI.

Scur ón seirbhís.

VII.

Más oifigeach nea-choimisiúnta an té a gheobhfar ciontach, sinsíreacht céime do chailliúint, ísliú go dtí grád níos ísle no go dtí na ranganna.

VIII.

Cáinfice agus fíneála.

IX.

Aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

X.

Dian-imdhearga.

Eifeacht breitheanna áirithe.

71. —(1) Má daortar oifigeach chun pian-tseirbhíse no chun príosúntachta (ach amháin le mola ar an slí achmair o Arm-Chúirt fé Alt 56 den Acht so) dineann san ann féin é do bhrise as an seirbhís fé aithis.

(2) Má daortar oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil chun pian-tseirbhíse dineann san ann féin é do scur ón seirbhís fé aithis.

(3) Má dintar oifigeach do bhrise as an seirbhís fé aithis no saighdiúir do scur ón seirbhís fé aithis fágfidh san é fé mhícháilíocht ná leigfidh do fónamh don Stát arís go bráth in aon fheadhmanas, síbhialta ná mileata.

(4) Má daortar oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil chun príosúntachta dineann san ann féin é do scur ón seirbhís mara n-órduighidh an Chúirt a mhalairt.

(5) Má daortar oifigeach nea-choimisiúnta chun príosúntachta no chun é do chur fé choinneáil dineann san ann féin é d'ísliú go dtí na ranganna.

Pionóisí a ceaduítear a chur le chéile.

72. —(1) Féadfidh Arm-Chúirt oifigeach do dhaora san aon am amháin chun aon phionós no pionóisí dhíobh so a leanas:—

(a) Fineáil.

(b) Dian-imdhearga.

(c) Imdhearga.

(2) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile féadfidh Arm-Chúirt oifigeach do dhaora chun aon bhaint as a ghnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

(3) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile féadfidh Arm-Chúirt aon oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil do dhaora chun aon phionóis díobh so a leanas:—

(a) Fíneáil.

(b) Aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

Teoranna le breitheanna

73. —(1) Ní molfar aon bhreith pian-tseirbhíse i gcóir tréimhse is giorra ná trí bliana.

(2) Ní molfar aon bhreith príosúntachta ná coinneála i gcóir tréimhse is sia ná dhá bhliain.

Gabhail.

Comhacht chun ciontathóir do chur fé ghabháil.

74. —(1) Einne fé dhlí airm a cúiseofar i gcionta na bhfuil pionós ina chóir san Acht so, féadfar é do thógaint i gcimeád mileata.

(2) Einne a tógfar i gcimeád mileata, féadfar é do chur fé shaor-ghabháil no fé dhlúth-ghabháil.

Nithe generálta i dtaobh gabhála.

75. —(1) Féadfidh oifigeach, ag gníomhú le húdarás ceart, a ordú go gcuirfar i gcimeád mileata oifigeach is ísle céim ná é féin no saighdiúir.

(2) Féadfidh oifigeach, ag gníomhú le húdarás ceart, a ordú go gcuirfar i gcimeád mileata aon oifigeach (bíodh go bhfuil sé níos aoirde céim ná é féin no ar aon chéim leis féin) atá sáite in aon mhí-ordú no achrann.

(3) Féadfidh oifigeach nea-choimisiúnta, ag gníomhú le húdarás ceart, a ordú go gcuirfar aon tsaighdiúir i gcimeád mileata.

(4) Má orduítear go dleathach duine fé dhlí airm do ghabháil, có-líonfar an t-ordú pe'ca leis an gcór, géag no brainse amháin de sna Fórsaí a bhaineann an té a thug an t-ordú agus an té gur tugadh an t-ordú ina thaobh no nách ea.

Tuairisc o Ghárda.

76. —(1) Gach oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a chuirfidh aon duine i gcimeád, déanfa sé, le n-a linn sin no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin no, pé scéal é, ar uair nách déanaí ná 24 huaire ina dhiaidh sin, cuntas i scríbhinn, fé n-a láimh féin, ar an gcionta atá i gcoinnibh an duine a tugadh i gcimeád mar sin, do thabhairt don oifigeach no don oifigeach nea-choimisiúnta gur tugadh an duine i gcimeád do.

(2) Ní dhéanfidh aon oifigeach ná oifigeach nea-choimisiúnta i gceannas gárda, ná príomh-mharascal ná príomh-mharascal conganta diúltú d'aon duine do ghlaca no do chimeád a thabharfidh oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta i gcimeád do.

(3) Aon oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta, i gceannas gárda, a thógfidh no a ghlacfidh duine i gcimeád, déanfa sé chó luath agus déanfar sealaíocht i ngárda no i ndiúité air no, pé scéal é, laistigh de cheithre huaire fichead tar éis am an duine sin do thógaint no do ghlaca i gcimeád do, ainm an duine sin agus, chó fada len' eolas ar an gcéanna, cionta an duine sin, do thabhairt dá Oifigeach Ceannais, maraon le hainm agus céim an oifigigh no an oifigigh nea-choimisiúnta a chúisigh an duine sin agus, má fuair sé an céanna, an cuntas i scríbhinn a luaidhtear i bhfo-alt (1) den Alt so.

Cúis d'iniúcha gan mhoill.

77. —Déanfidh an ceart-údarás mileata gan mhoill neariachtanach an chúis a bheidh i gcoinnibh gach duine a tógfar i gcimeád mileata d'iniúcha, agus chó luath agus is féidir é tosnófar ar an bpionós do chur i bhfeidhm mar gheall ar an gcionta no leigfar saor an duine sin.

Deighlealfar ar an Sli Achmair le Cuiseanna Airithe.

Cúiseanna i gcoinnibh oifigigh is ísle céim ná Ceannphort go bhféadfar deighleáil leo ar an slí achmair.

78. —Má dintar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort do chúiseamh i gcionta a luaidhtear san Alt so, féadfar deighleáil leis an gcúis ar an slí achmair ar an gcuma a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

Ciontai.

(1) Faillí do thabhairt i ngéille d'orduithe garastúin no d'orduithe generálta no d'orduithe eile, eadhon, an cionta a luaidhtear in alt 41 den Acht so.

(2) Bheith as láthair gan cead.

(3) Faillí do thabhairt i dteacht go dtí an láthair paráide no slóga, no go dtí an post no an t-ionad a cheap a oifigeach uachtarach; no imeacht as an láthair paráide no slóga san no as an bpost no as an ionad san sara ndintar sealaíocht air no gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile.

(4) Na ranganna d'fhágaint gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile.

(5) Bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité.

(6) Bheith ciontach in aon ghníomh, iompar, mí-ordú no faillí a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata.

Pionóisí a féadfar a ghearra ar an slí achmair ar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort.

79. —Nuair a déanfar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort do chúiseamh in aon chionta dá luaidhtear in Alt 78 den Acht so, féadfidh an t-oifigeach orduithe, más deimhin leis go bhfuil an duine cúisithe ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) Fíneáil ná raghaidh thar £10.

(2) Dian-imdhearga.

(3) Imdhearga.

Cúiseanna i gcoinnibh saighdiúra go bhféadfar deighleáil leo ar an slí achmair

80. —Nuair a déanfar oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil do chúiseamh in aon chionta dá luaidhtear san Alt so féadfar deighleáil leis an gcúis ar an slí achmair ar an gcuma a foráltar ina dhiaidh seo anso.

Ciontai.

(1) Gan géille d'ordú dleathach a thabharfidh, oifigeach uachtarach do.

(2) Ar bheith in aon achrann, troid no mí-ordú, buille do bhuala, éigean d'imirt no tabhairt fé éigean d'imirt no diúltú do rud do dhéanamh ar (a) aon oifigeach a ordóidh go dleathach é do ghabháil, no (b) aon duine go ndéanfar go dleathach é do chur i gcimeád aige.

(3) Cur i gcoinnibh patróil, tionnlacain no gárda póilíneachta dar dualgas é do ghabháil no é do bheith i gcimeád acu.

(4) Brise amach as ceathrúna.

(5) Faillí do thabhairt i ngéille d'orduithe garastúin no d'orduithe generálta no d'orduithe eile, eadhon, an cionta a luaidhtear in Alt 41 den Acht so.

(6) Bheith as láthair gan cead.

(7) Faillí do thabhairt i dteacht go dtí an láthair paráide no slóga, no go dtí an post no an t-ionad a cheap a oifigeach uachtarach; no imeacht as an láthair paráide no slóga san no as an bpost no as an ionad san sara ndintar sealaíocht air no gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile.

(8) Na ranganna d'fhágaint gan cead no ar an tslí éagcórtha eile.

(9) Ar bheith ina shaighdiúir shingil do, bheith ar meisce agus é ar diúité.

(10) Bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité.

(11) Aon airm, amuinisean, ghléasa, instruimidí, éadach no maoin mhileata eile do chailliúint tré fhaillí, diobháil do dhéanamh dóibh d'aon ghnó no iad do chur as an slí no baint a bheith aige le hiad do chur as an slí (pe'ca tré iad do bhronna, do chur i ngeall, do dhíol no do mhille no tré ao rud eile in aon chor a dhéanamh leo).

(12) Aon ghearán bréagach do dhéanamh ar éinne eile fé dhlí airm agus a fhios aige gur bréag é.

(13) Aon ráiteas do dhéanamh a meastar a dhéanfadh dochar mór no díobháil mhór do chlú éinne eile atá fé dhlí airm, toisc é do bheith bréagach no toisc dátáin táchtacha bheith leigthe ar lár ann, agus a fhios aige gur ráiteas den tsórt san é.

(14) Aon bhréag thoiliúil d'innsint d'oifigeach airm no do Ghiúistís Dúithche no do Choimisinéir Síochána i gcúrsaí cead nea-láithreachta.

(15) Taisteal no tabhairt fé thaisteal ar aon traen, tram, carr no feithicil eile gan an táille d'íoc no do thairisgint, no gan ticéad, deimhniúchán no barántas ceart.

(16) Ar bheith scurtha as na Fórsaí fé aithis, ath-liostáil do dhéanamh gan gach ar bhain le n-a scur d'fhaisnéis.

(17) Freagra bréagach do thabhairt go toiliúil ar aon cheist ar an bpáipéar teistíochta, ceist a cuireadh chuige le hordú an Ghiúistís Dúithche, an Choimisineura Síochána no an oifigigh, na dtáinig sé ina láthair chun go dteisteofí é, no a chuir éinne acu san é féin chuige.

(18) Baint a bheith aige le haon fhear do liostáil chun seirbhíse sna Fórsaí agus a fhios aige no cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil an fear san i gcás as a dtiocfadh go mbeadh sé ag déanamh cionta i gcoinnibh an Achta so dá liostálfadh sé.

(19) Sarú toiliúil do dhéanamh ar aon achtachán no rialachán in éinní a bhaineann le liostáil no teistiú saighdiúirí de sna Fórsaí.

(20) Bheith ciontach in aon ghníomh, iompar, mí-ordú no faillí a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata.

Pionóisí a féadfar a ghearra, ar an slí achmair, ar oifigeach neachoimisiúnta.

81. —Má cúisítear oifigeach nea-choimisiúnta in aon chionta dá luaidhtear in Alt 80 den Acht so, féadfidh Oifigeach Ceannais an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) I gcás ciontaí nách ciontaí meisce, fíneáil ná raghaidh thar £5.

(2) I gcásanna bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité, fíneála mar leanas:—

An chéad chionta

...

...

...

10s.

An dara cionta

...

...

...

20s.

An tríú cionta

...

...

...

30s.

An ceathrú cionta agus gach cionta ina

dhiaidh sin

...

...

...

50s.

(3) A chéim ghníomhachta do chailliúint.

(4) Dian-imdhearga.

(5) Imdhearga.

(6) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile, aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Oifigeach Ceannais a dhéanamh.

Pionóisí a fhéadfidh Oifigeach Ceannais a ghearra, ar an slí achmair, ar shaighdiúir shingil.

82. —Má cúisítear saighdiúir singil in aon chionta dá luaidhtear in Alt 80 den Acht so, féadfidh Oifigeach Ceannais an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) Coinneáil ar feadh tréimhse nách sia ná ocht lá fichead. I gcásanna nea-láithreacht gan cead, ní gearrfar ar dhuine é do chur fé choinneáil ar feadh tréimhse is sia ná seacht lá. I gcás an nea-láithreacht do bheith níos sia ná seacht lá, féadfar an duine do chur fé choinneáil ar feadh tréimhse is ionann agus an tréimhse a bhí sé as láthair gan cead ach ní bheidh an tréimhse coinneála níos sia ná ocht lá fichead i gcás ar bith.

(2) I gcás ciontaí nách ciontaí meisce, fíneáil ná raghaidh thar £3.

(3) I dteanta no d'éamais coinneála, fíneála mar leanas i gcásanna meisce:—

An chéad chionta

...

...

...

5s.

An dara cionta

...

...

...

10s.

An tríú cionta

...

...

...

20s.

An ceathrú cionta agus gach cionta ina

dhiaidh sin

...

...

...

30s.

(4) Coinneáil i mbeairic ar feadh tréimhse nách sia ná 14 lá.

(5) Diúité gárda agus diúité picéid sa bhreis.

(6) Foláramh.

(7) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile, aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Oifigeach Ceannais a dhéanamh.

Pionóisí a fhéadfidh Ceannasaí Complachta a ghearra, ar an slí achmair, ar shaighdiúir shingil.

83. —Má cúisítear saighdiúir singil in aon chionta dá luaidhtear in Alt 80 den Acht so féadfidh Ceannasaí Complachta an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) I gcás ciontaí nách ciontaí meisce, fíneáil ná raghaidh thar £1.

(2) I gcásanna meisce, fíneála mar leanas:—

An chéad chionta

...

...

...

5s.

An dara cionta

...

...

...

10s.

An tríú cionta agus gach cionta ina

dhiaidh sin

...

...

...

20s.

(3) Coinneáil i mbeairic ar feadh tréimhse nách sia ná seacht lá.

(4) Diúité gárda agus diúité picéid sa bhreis.

(5) Foláramh.

Iniucha Cuiseanna.

Cúis i gcoinnibh oifigigh d'iniúcha.

84. —(1) Isé a Oifigeach Ceannais a iniúchfaidh cúis i gcoinnibh oifigigh sa chéad dul síos.

(2) Más deimhin leis an Oifigeach Ceannais ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, nó más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfé sé amach an chúis.

(3) Mara ndinidh an tOifigeach Ceannais an chúis do chaitheamh amach, déanfa sé mar leanas:—

(a) Más oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort an duine cúisithe no, i gcás oifigigh is ísle céim ná Ceannphort, maran cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 78 den Acht so an cionta, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(b) Más oifigeach is ísle céim ná Ceannphort an duine cúisithe, agus má tá an cionta ar cheann díobh san a luaidhtear in Alt 78 den Acht so, cuirfe sé an cás chun an oifigigh orduithe.

(4) Ar chur an cháis chuige do réir fo-alt (3) (b) den Alt so, iniúchfaidh an t-oifigeach orduithe an cás agus déanfa sé mar l anas:—

(a) Más deimhin leis ná fuil aon fhianaise i gcoinnibh an duine chúisithe, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(b) Mara gcaithe sé amach an chúis, déanfa sé mar leanas:—

(i.) Más dó leis gur cás gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cás, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt ghenerálta é.

(ii.) Mara ndine sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é, gearrfa sé air pionós díobh san a luaidhtear in Alt 79 den Acht so.

Cúis i gcoinnibh oifigigh neachoimisiúnta d'iniúcha.

85. —(1) Isé a Cheannasai Complachta a iniúchfaidh cúis i gcoinnibh oifigigh nea-choimisiúnta sa chéad dul síos.

(2) Más deimhin leis an gCeannasaí Complachta ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, caithfe sé amach an chúis.

(3) Mara ndinidh an Ceannasaí Complachta an chúis do chaitheamh amach, cuirfe sé an cás chun an Oifigigh Cheannais.

(4) Ar chur an cháis chuige do réir fo-alt (3) den Alt so, iniúchfaidh an tOifigeach Ceannais an cás agus déanfa sé mar leanas:—

(a) Más deimhin leis ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(b) Mara gcaithe sé amach an chúis déanfa sé mar leanas:—

(i.) Maran cionta díobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, no más cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so é agus gur dó leis gur cás gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cás, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(ii.) Más cúis díobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an chúis agus mara ndine sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é, gearrfa sé air pionós díobh san a luaidhtear in Alt 81 den Acht so.

Cúis i gcoinnibh saighdiúra shingil d'iniúcha.

86. —(1) Isé a Cheannasaí Complachta a iniúchfaidh cúis i gcoinnibh saighdiúra shingil sa chéad dul síos.

(2) Más deimhin leis an gCeannasaí Complachta ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(3) Mara ndinidh an Ceannasaí Complachta an chúis do chaitheamh amach déanfa sé mar leanas:—

(a) Más cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, agus más dó leis gur leor sa chás na pionóisí atá sé i dteideal a ghearra do réir Alt 83 den Acht so, gearrfa sé ceann de sna pionóisí sin.

(b) Maran cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, no más cionta dhíobh san é agus gur dó leis nách leor sa chás an pionós atá sé i dteideal a ghearra, cuirfe sé an cás chun an Oifigigh Cheannais.

(4) Ar chur an cháis chuige do réir fo-alt (3) (b) den alt so, iniúchfaidh an tOifigeach Ceannais an chúis agus déanfa sé mar leanas:—

(a) Más deimhin leis ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(b) Mara gcaithe sé amach an chúis déanfa sé mar leanas:—

I.—(a) Más cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, agus más dó leis gur cionta gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cionta, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(b) Mara ndine sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é gearrfa sé air pionós díobh san a luaidhtear in Alt 82 den Acht so.

II.—(a) Maran cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, agus más dó leis gur cás gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cás, iarrfa sé údarás ar an oifigeach orduithe chun deighleáil leis an gcás fé mar a bheadh an cionta ar cheann díobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so, agus ar fháil an údaráis sin do ón oifigeach orduithe sin (dá dtugtar leis seo comhacht chun an t-údarás san do dheona más oiriúnach leis é) deighleálfa sé leis an gcás dá réir sin agus gearrfa sé pionós díobh san a luaidhtear in Alt 82 den Acht so. Má coinnítear uaidh an t-údarás san déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(b) Más rud é nách cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta agus ná hiarrfa sé údarás mar adubhradh chun deighleáil leis an gcás ar an slí achmair, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

An nós-imeachta a bhaineann le cúis i gcoinnibh oifigigh, oifigigh nea-choimisiúnta no saighdiúra shingil d'iniúcha.

87. —Ní déanfar aon chúis i gcoinnibh oifigigh, oifigigh neachoimisiúnta ná saighdiúra shingil d'éisteacht ná d'iniúcha ach amháin i láthair an duine chúisithe. Beidh lán-chead ag an duine cúisithe chun gach fínné a glaofar ina choinnibh do chros-cheistiú agus aon fhínnithe do ghlaoch chun a chosanta agus ráiteas do dhéanamh chun a chosanta. Má iarrann an duine cúisithe gur fé bhrí na mionn a tógfar an fhianaise ina choinnibh, cuirfidh an t-oifigeach iniúchaíochta fé ndeár gach finné do chur fé bhrí na mionn sara ndine sé fianaise.

Saora no daora ag Cúirt Shíbhialta no ag Arm-Chúirt do bheith ina chosc ar imeachta ar an slí achmair.

88. —Éinne a cúiseofar i gcionta a luaidhtear san Acht so, ní féadfar deighleáil leis ar an slí achmair mar gheall ar chionta gur dhin Cúirt Shíbhialta inniúil no Arm-Chúirt é do shaora no do dhaora ann.

Arm-Chuirteanna.

Teora le húdarás Arm-Chúirteanna.

89. —(1) Má dhin Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do shaora no do dhaora i gcionta, ní fhéadfidh Arm-Chúirt é do thriail arís sa chionta san.

(2) Má dhin Cúirt Shíbhialta inniúil duine fé dhlí airm do shaora no do dhaora i gcionta, ní fhéadfidh Arm-Chúirt é do thriail arís sa chionta san.

(3) Ní fhéadfidh Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do thriaíl in aon chionta le n-ar deighleáladh ar an slí achmair do réir forálacha an Achta so:

Ach mar sin féin, in ainneoin cúis a bheith caithte amach no pionós a bheith gearrtha mar gheall air, féadfidh an Ard-Chongantóir, ar réasúin is leor dar leis féin, a ordú go dtrialfidh Arm-Chúirt an duine sin.

(4) Ní déanfar, do réir an Achta so, éinne fé dhlí airm do thriail ná do chur fé phionós i dtaobh cionta is intrialta ag Arm-Chúirt agus a dineadh breis agus trí bliana roimh dháta a thrialach do thosnú, ach amháin i gcás cúl-mhutaireachta, tréigine no liostála calaoisí; ach ní dhéanfidh an tAlt so aon difir d'údarás Cúirte Síbhialta i gcás cionta is intrialta ag an gCúirt sin chó maith le hArm-Chúirt.

Saghasanna Arm-Chúirt.

90. —Dhá shaghas Arm-Chúirt a bheidh ann, eadhon, Arm-Chúirteanna Generálta agus Arm-Chúirteanna Áitiúla.

Arm-Chúirteanna Generálta.

91. —(1) Isé an tArd-Chongantóir, no pé oifigeach a udaróidh sé chuige sin, a chó-ghairmfidh gach Arm-Chúirt Ghenerálta.

(2) Beidh údarás ag Arm-Chúirt Ghenerálta chun éinne fé dhlí airm do thriail in aon chionta a luaidhtear san Acht so.

(3) Mar seo a leanas a bheidh Arm-Chúirt Ghenerálta códhéanta:—

(a) Uachtarán nách ísle céim ná Cornal agus a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme: Ach má chítar don Oifigeach Có-ghairme ná beidh oifigeach nách ísle céim ná Cornal ar fáil (má tugtar aire chuibhe do riachtanaisí mileata agus don tseirbhís phuiblí) chun gníomhú mar Uachtarán den tsórt san, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme, tar éis deimhniú sa chéill sin do chúl-scrí ar ordú có-ghairmthe na hArm-Chúirte Generálta san, Oifigeach nách ísle céim ná Captaen do cheapa chun gníomhú mar Uachtarán den tsórt san: Ach mar sin féin ní bheidh Uachtarán Arm-Chúirte Generálta níos ísle céim ná an duine cúisithe i gcás ar bith.

(b) Seachtar oifigeach eile ar a mhéid no triúr oifigeach eile ar a luíod nách ísle céim ná Captaen agus a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme.

(4) (a) Beidh ar friothálamh i ngach Arm-Chúirt Ghenerálta Abhcóide Breithiúnais a ceapfar ag an oifigeach orduithe.

(b) Duine a bheidh cáilithe go cuibhe ina Abhcóide Dlí no Atúrnae i Saorstát Éireann, agus é ina oifigeach de sna Fórsaí, isea a bheidh ina Abhcóide Breithiúnais in Arm-Chúirt Ghenerálta.

(c) Beidh dualgaisí Abhcóide Breithiúnais mar a hórdófar.

Arm-Chúirteanna Áitiúla.

92. —(1) Isé an tArd-Chongantóir, no pé oifigeach a údaróidh sé chuige sin, a chó-ghairmfidh gach Arm-Chúirt Áitiúil.

(2) Beidh údarás ag Arm-Chúirt Áitiúil chun oifigigh neachoimisiúnta agus saighdiúirí singil do thriail in aon chionta a luaidhtear san Acht so, ach amháin dúnmharbhú, ach ní bheidh aon údarás aici chun oifigeach do thriail.

(3) Ní bheidh údarás ag Arm-Chúirt Áitiúil ach chun príosúntacht amháin (i dteanta no d'éamais daor-oibre) do ghearra no pionós is lú ná san.

(4) Mar seo a leanas a bheidh Arm-Chúirt Áitiúil có-dhéanta:—

(a) Uachtarán nách ísle céim ná Ceannphort agus a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme, ach má chítar don Oifigeach Có-ghairme ná beidh oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort ar fáil (má tugtar aire chuibhe do riachtanaisí mileata agus don tseirbhís phuiblí) chun gníomhú mar Uachtarán den tsórt san, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme, tar éis deimhniú sa chéill sin do chúl-scrí ar ordú có-ghairmthe na hArm-Chúirte Áitiúla san oifigeach nách ísle céim ná Captaen do cheapa mar Uachtarán ar an gCúirt sin.

(b) Beirt oifigeach eile ar a luíod no ceathrar oifigeach eile ar a mhéid a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme.

(5) Beidh ar friothálamh i ngach Arm-Chúirt Áitiúil Abhcóide Breithiúnais a bheidh cáilithe chun gníomhú agus a ceapfar mar a hórdófar.

Mí-cháilíochta i dtaobh ballraíochta Arm-Chúirt.

93. —Ní fhónfidh na daoine seo a leanas ar aon Arm-Chúirt:—

(1) Aon tSéiplíneach go bhfuil céim choimisiúnta aige no oifigeach de Chór Leighis an Airm, ach má có-ghairmtear Cúirt chun saighdiúir de Chór Leighis an Airm do thriail, féadfar oifigeach den Chór san do chur chun gníomhú mar bhall no mar bhall ar feitheamh den Chúirt sin.

(2) An tOifigeach Có-ghairme.

(3) An tOifigeach Cúisimh.

(4) Aon oifigeach d'iniúch an chúis i gcoinnibh an duine chúisithe, no a bhí i mbun aon fhiosrúcháin ar an gcás.

(5) Oifigeach Ceannais an duine chúisithe.

(6) Aon oifigeach go bhfuil baint phearsanta aige leis an gcás.

Cur i gcoinnibh ón duine cúisithe.

94. —(1) Duine cúisithe na mbeidh Arm-Chúirt chun é do thriail, féadfa sé, ar aon abhar réasúnta, cur i gcoinnibh aon bhaill den Chúirt (agus i gcoinnibh an Uachtaráin féin) pe'ca mar bhall bunaidh di a ceapadh é no chun folúntas do líona tar éis dul ar gcúl d'aon oifigeach 'nar cuireadh ina choinnibh, i dtreo go mbeidh an chúirt có-dhéanta d'oifigigh ná beidh aon agóid réasúnta ina gcoinnibh ag an duine cúisithe.

(2) Gach agóid a chuirfidh duine cúisithe i gcoinnibh aon oifigigh cuirfar í fé bhráid na n-oifigeach eile a ceapadh mar Chúirt.

(3) Más i gcoinnibh an Uachtaráin a bheidh an agóid, lomhálfar an agóid má lomhálfar í ag leath no breis de sna hoifigigh eile a ceapadh mar Chúirt agus raghaidh an Chúirt ar athló chun go ndéanfar Uachtarán eile do cheapa.

(4) Má lomháltar agóid i gcoinnibh an Uachtaráin, déanfidh údarás có-ghairmthe na Cúirte Uachtarán eile do cheapa, ach beidh an ceart céanna ag an duine cúisithe chun cur ina choinnibh sin.

(5) Más i gcoinnibh aon bhaill eile seachas an tUachtarán a bheidh an agóid, agus go lomhálfar é le leath no breis de vótanna na n-oifigeach a bheidh i dteideal vótáil, lomhálfar an agóid, agus imeoidh ar gcúl an ball nar cuireadh ina choinnibh agus déanfar ar an gcuma orduithe oifigeach eile do chur sa bhfolúntas a bheidh ina dhiaidh, ach beidh an ceart céanna ag an duine cúisithe chun cur ina choinnibh sin.

(6) Chun a chur ar chumas duine chúisithe feidhm a bhaint as an bpríbhléid seo ar chur i gcoinnibh aon oifigigh, déanfar ainmneacha na n-oifigeach a ceapadh mar Chúirt do léigheamh in éisteacht an duine chúisithe ar theacht le chéile dhóibh mar an gcéad uair agus sara gcuirfar fé bhrí na mionn iad, agus fiarófar de a bhfuil aon chur i gcoinnibh éinne de sna hoifigigh sin aige, agus cuirfar ceist den tsórt chéanna chuige i dtaobh aon oifigigh a ceapfar chun fónamh in ionad an oifigigh a raghaidh ar gcúl.

An Chúirt do chur fé mhionn.

95. —(1) Nuair a bheidh an Chúirt có-dhéanta den uimhir cheart d'oifigigh nár cuireadh ina gcoinnibh no gur rialuíodh i gcoinnibh na n-agóidí a cuireadh ina gcoinnibh, déanfar go cuibhe gach ball do chur fé mhionn. Isé an tUachtarán a cuirfar fé bhrí na mionn ar dtúis agus ansan na baill eile den chúirt agus isé an tAbhcóide Breithiúnais a dhéanfidh é sin. Déanfidh an tUachtarán ansan an tAbhcóide Breithiúnais do chur fé bhrí na mionn.

(2) Má bhíonn luath-scríbhneoir nótaí ar friothálamh déanfidh ball den Chúirt ansan, no an tAbhcóide Breithiúnais, é do chur fé bhrí na mionn.

(3) Sa bhfuirm orduithe a bheidh na mionna fé n-a gcuirfar daoine do réir an Ailt seo.

Bac-phlé.

96. —I dteanta an phlé “Nea-Chiontach” féadfidh duine cúisithe aon cheann de sna pléanna speisialta so a leanas do chur isteach mar bhac trialach:—

(1) A shaora no a dhaora sa chionta chéanna roimhe sin ag—

(a) Cúirt Shíbhialta inniúil.

(b) Arm-Chúirt inniúil.

(c) Aon oifigeach agus é ag feidhmiú a chomhachtanna go cuibhe fén Acht so, ach san a bheith fé réir forálacha Alt 89 (3) den Acht so.

(2) An tAire do mhaitheamh an chionta dho.

(3) Ach amháin i gcásanna cúlmhutaireachta, tréigine no liostála calaoisí go bhfuil, ar dháta na trialach do thosnú, deire le tréimhse is sia ná trí bliana ón dáta go ndeirtar gur air a dineadh an cionta.

(4) Más cionta i gcoinnibh na gnáth-dhlí an cionta agus nách foláir do réir na gnáth-dhlí é do phróiseacht laistigh de thréimhse áirithe o dháta an chionta do dhéanamh, an tréimhse áirithe sin do bheith caithte.

Tabharfar gach fianaise fé bhrí na mionn.

97. —(1) Fé bhrí na mionn a scrúdófar gach fínné a scrúdófar i láthair Arm-Chúirte, agus isé an tUachtarán no aon bhall eile den Chúirt no an tAbhcóide Breithiúnais a dhéanfidh, sa bhfuirm orduithe, é do chur fé mhionn.

(2) Má dhineann duine, go bhfuil air do réir an Achta so mionn do thabhairt, cur i gcoinnibh mionn do thabhairt no go ndéarfar ina choinnibh ná fuil sé inniúil chun mionn do thabhairt, leigfidh an Chúirt don duine sin faisnéis sholamanta a dhéanamh sa bhfuirm orduithe in ionad é do chur fé mhionn más deimhin léi go bhfuil an cur-i-gcoinnibh macánta no, má cuirtar i gcoinnibh inniúlachta duine chun mionn do thabhairt, más deimhin léi ná cuirfeadh an mionn aon cheangal ar choinsias an duine sin, agus chun críche an Achta so tuigfar gur mionn an fhaisnéis sin.

Ceart ag an duine cúisithe agus ag á mhnaoi chun fianaise do thabhairt.

98. —Gach duine a cúiseofar i gcionta, agus bean gach duine a cúiseofar amhlaidh, is finné inniúil é ar thaobh na cosanta le linn gach coda de sna himeachta i láthair Arm-Chúirte, pe'ca ina aonar no i dteanta duine no daoine eile a cúisíodh an duine a cúisíodh amhlaidh; ach mara n-iarra sé féin é ní glaofar mar fhínné duine a cúisíodh amhlaidh, agus ní glaofar mar fhínné ar thaobh na cosanta bean an duine a cúisíodh amhlaidh ach amháin ar a iarraidh sin don duine a cúisíodh amhlaidh.

Beidh na rialacha fianaise díreach mar iad súd i gCúirteanna Síbhialta.

99. —Ach amháin sa chás go bhforáltar a mhalairt san Acht so beidh gach Arm-Chúirt fé cheangal ag an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh fianaise a tugtar i láthair Cúirteanna Síbhialta.

Breithiúnas.

100. —(1) I gcás có-ionannas vótanna i dtaobh breithiúnais leigfar saor an duine cúisithe.

(2) Ní gá daingniú ná ní déanfar ath-scrúdú ar bhreithiúnas chun saora, pe'ca saora é i ngach ceann de sna nithe in ar cúisíodh an duine no saora i gcuid acu agus más leo go léir a bhaineann sé craolfar é láithreach i gCúirt oscailte agus scaoilfar an duine cúisithe.

Ciontú i gcionta nár cúisíodh duine cúisitho ann.

101. —(1) Má cúisítear duine i láthair Arm-Chúirte i gcionta a luaidhtear in Alt 69 den Acht so agus gur cionta é go dtiocfadh as an duine sin do chúiseamh ann ar dhíotáil i láthair Cúirte Síbhialta go bhféadfí é do chiontú go dleathach, ar an díotáil sin, i gcionta éigin eile ná cuirfí ina leith sa díotáil, ansan, in ionad an duine cúisithe d'fháil ciontach sa chionta a cuireadh ina leith, féadfidh an Arm-Chúirt é d'fháil ciontach i pé cionta eile ina bhféadfadh Cúirt Shíbhialta é d'fháil ciontach.

(2) Duine a cúisíodh i láthair Arm-Chúirte i dtréigean do dhéanamh, féadfar é d'fháil ciontach i dtabhairt fé thréigean do dhéanamh no i mbeith as láthair gan cead.

(3) Duine a cúisíodh i láthair Arm-Chúirte i dtábhairt fé thréigean do dhéanamh féadfar é d'fháil ciontach i dtréigean do dhéanamh no i mbeith as láthair gan cead.

(4) Duine a cúisíodh i láthair Arm-Chúirte in aon chionta eile fén Acht so seachas cionta a luaidhtear in Alt 69 den Acht so, mara gcruthuítear gur dineadh an cionta ar shlí go mbeadh pionós ní ba dhéine ag gabháil leis féadfar é d'fháil ciontach sa chionta céanna do dhéanamh ar shlí go mbeadh pionós ní ba lú ag gabháil leis.

Vótáil i gcoitinne.

102. —I gcás co-ionannas vótanna i dtaobh daor-bhreithe no i dtaobh aon cheist a eireoidh tar éis tosach na trialach, ach amháin i dtaobh agóidí ón duine cúisithe fé Alt 94 den Acht so no i dtaobh an bhreithiúnais, beidh vóta breise no réitigh ag an Uachtarán.

Breith bháis.

103. —Ní gearrfar breith bháis ach le toil trí cheathrú cuid, no breis, de bhaill na Cúirte.

Daor-bhreithe anna i gcoitinne.

104. —(1) Ní ghearrfidh an Chúirt ach aon daor-bhreith amháin mar gheall ar na ciontaí uile ina gciontófar an duine cúisithe. Isí breith a bheidh inti sin ná breith is féidir a ghearra, fén Acht so, mar gheall ar aon chionta amháin áirithe dhíobh san in ar ciontuíodh an duine cúisithe.

(2) Gach breith pian-tseirbhíse, príosúntachta no coinneála a ghearrfidh Arm-Chúirt ar an duine sin, pe'ca dineadh no nár dineadh ath-scrúdú ar an mbreith mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, agus pe'ca bheidh an duine ag fulang na breithe cheana féin no ná beidh, áireofar í do bheith ag tosnú ar an lá san ar ar shighnigh Uachtarán na hArm-Chúirte an breithiúnas bunaidh, an bhreith phionóis agus na himeachta no ar pé dáta roimhe sin a ordóidh an Chúirt.

Nós-imeachta i gcoitinne.

105. —(1) Más rud é, tré bhás no tré éinní eile, go dtuitfidh líon Arm-Chúirte fé bhun an mhinimum dhleathaigh tar éis tosach na trialach, scuirfar an Chúirt sin.

(2) Más rud é, tar éis tosach na trialach go bhfuighidh an tUachtarán bás no, mar gheall ar éinní eile, nách féidir do bheith i láthair, agus ná beidh líon na Cúirte fé bhun an mhinimum dhleathaigh, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme sinsear ball na Cúirte do cheapa chun bheith ina Uachtarán más leor a chéim agus raghaidh an triail ar aghaidh dá réir sin, ach marar leor a chéim scuirfar an Chúirt.

(3) Más rud é, mar gheall ar bhreoiteacht a theacht ar an duine cúisithe sara dtugtar an breithiúnas, nách féidir leanúint den triail laistigh d'aimsir a bheadh réasúnta dar leis an Oifigeach Có-ghairme, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme an Chúirt do scur.

(4) Má scuirtar Arm-Chúirt fé sna forálacha san roimhe seo den Alt so, féadfar an duine cúisithe do thriail arís.

(5) Ar dhul i gcomhairle do bhaill aon Arm-Chúirte aon uair, féadfidh Uachtarán na Cúirte a chur fé ndeár go gcuirfar gach éinne eile, ach amháin an Abhcóide Breithiúnais, as láthair.

(6) Féadfidh an Chúirt dul ar athló ó am go ham.

(7) Féadfidh an Chúirt, leis, nuair is gá é, dul ag féachaint ar aon áit.

Foralacha Ilghneitheacha i dtaobh Arm-Chuirteanna.

Ceart an Chúisitheora agus an duine chúisithe chun comhairligh dlí do bheith acu mar ionadaithe dhóibh.

106. —(1) Féadfidh an Cúisitheoir comhairleach dlí do bheith aige mar ionadaí dho.

(2) Féadfidh éinne a bheidh á thriail ag Arm-Chúirt comhairleach dlí no oifigeach do bheith aige mar ionadaí dho.

(3) San Alt so isé brí atá le “comhairleach dlí” ná abhcóide dlí no atúrnae atá i dteideal cleachta i Saorstát Éireann.

Staid chomhairleach dlí in Arm-Chúirteanna.

107. —(1) Aon iompar o chomhairleach dlí a bheadh ioncháinte no a bheadh ina mhaslú cúirte dá mba i láthair Ard-Chúirt Shaorstáit Éireann a dhéanfadh sé é, tuigfar ar an gcuma gcéanna gurb iompar é a féadfar a cháine no gur maslú cúirte é má dintar i láthair Arm-Chúirte é, agus na rialacha a hordófar i gcóir cleachta Arm-Chúirteanna agus chun comhairligh dlí do stiúra beid ina gceangal ar chomhairligh dlí a thiocfidh i láthair na nArm-Chúirteanna san agus aon bhrise toiliúil a déanfar ar na rialacha san beidh sé ina mhí-iompar gairme agus má leantar de tuigfar gur maslú cúirte é.

(2) Má bhíonn comhairleach dlí ciontach in iompar ioncháinte no i maslú cúirte féadfidh Uachtarán na hArm-Chúirte cionta an chomhairligh dlí sin do dheimhniú fé n-a láimh d'aon Chúirt Dlí i Saorstát Éireann na bhfuil comhacht aici chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar mhaslú cúirte agus leis sin féadfidh an Chúirt sin féachaint isteach sa chionta adubhradh a dineadh agus tar éis aon fhínnithe a tabharfar i láthair i gcoinnibh no thar ceann an duine a cúisíodh amhlaidh d'éisteacht agus tar éis aon ráiteas a tairgfar mar chosaint d'éisteacht, féadfa sí pionós do chur no céimeanna do thabhairt chun pionós do chur ar an duine sin, fé mar a bheadh sé ciontach i maslú cúirte.

(3) Féadfidh Arm-Chúirt, le hordú fé láimh an Uachtaráin, a chur fé ndeár comhairleach dlí do chur amach as an gCúirt má bhíonn sé ciontach i gcionta gur gá é do chur amach as an gCúirt mar gheall air dar leis an Arm-Chúirt, ach i ngach cás den tsórt san deimhneoidh an tUachtarán an cionta do Chúirt Dlí ar an gcuma a foráltar le fo-alt (2) den Alt so.

Gairm fínnithe agus an phríbhléid a bheidh acu ag Arm-Chúirteanna

108. —(1) Gach duine nách foláir do fianaise do thabhairt i láthair Arm-Chúirte féadfar, ar an gcuma orduithe, é do ghairm no a ordú dho teacht i láthair.

(2) Gach duine a thiocfidh i láthair aon Arm-Chúirte mar fhínné do réir gairm no ordú den tsórt san, faid a bheidh sé ag friothálamh ar an gCúirt sin no ina láthair agus gá leis, agus ag dul chun an chéanna agus fille uaidh do beidh sé saor o ghabháil chó maith is gur fínné i láthair na hArd-Chúirte i Saorstát Éireann é.

(3) Chun críche an Ailt seo agus an chéad Ailt eile ina dhiaidh, tuigfar go bhfoluíonn an focal “Arm-Chúirt” oifigeach ag glaca achmaireachta scríbhte ar fhianaise do réir an Achta so; agus léireofar tagartha d'Uachtarán no do bhaill na hArm-Chúirte fé mar a bheadh tagartha dá leithéid sin d'oifigeach foluithe ionta.

Mí-iompar ar fhínné shíbhialta in Arm-Chúirt.

109. —(1) Má dhineann aon duine ná fuil fé dhlí airm aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) ar a ghairm go cuibhe mar fhínné i láthair Arm-Chúirte agus tar éis costaisí réasúnta a theachta d'íoc leis no do thairsgint do, gan teacht i láthair; no,

(b) ar bheith i láthair mar fhínné—

(i.) E do dhiúltú do mhionn do thabhairt agus Arm-Chúirt tar éis a éileamh air go dleathach é do thabhairt; no

(ii.) E do dhiúltú d'aon scríbhinn áirithe atá ina chomhacht, ar seilbh aige no ar fáil aige do thabhairt i láthair agus Arm-Chúirt tar éis a éileamh air go dleathach í do thabhairt i láthair; no

(iii.) E do dhiúltú do fhreagra do thabhairt ar aon cheist gur féidir d'Arm-Chúirt freagra uirri d'éileamh air go dleathach,

féadfidh Uachtarán na hArm-Chúirte cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh d'aon Chúirt Dlí i Saorstát Éireann go bhfuil comhacht aici chun fínnithe do phionósú má bhíd ciontach i gcionta den tsórt san sa Chúirt sin, agus leis sin féadfidh an Chúirt sin féachaint isteach sa chionta san adubhradh a dineadh, agus tar éis aon fhínnithe a tabharfar i láthair i gcoinnibh no thar ceann an duine a cúisíodh amhlaidh do scrúdú agus tar éis aon ráiteas a tairgfar mar chosaint d'éisteacht, féadfidh an Chúirt sin, más dó léi gur ceart é, an duine sin do phionósú chó maith is dá mba in imeacht sa Chúirt sin a dhéanfadh sé an cionta san.

(2) I gcás duine ná fuil fé dhlí airm do thabhairt fianaise éithigh d'aon ghnó agus é á scrúdú ar mionn no ar faisnéis sholamanta i láthair Arm-Chúirte, féadfar ar díotáil no ar fínéacht, é do chiontú i mionn éithigh agus é do phionósú mar gheall air.

(3) I gcás duine ná fuil fé dhlí airm do bheith ciontach i maslú Arm-Chúirte, tré chaint mhaslathach no bhagarthach do dhéanamh no tré chur isteach no buaireamh do chur á dhéanamh ar a himeachta, no tré thagartha do chlóbhuala no caint do dhéanamh a raghadh chun na baill no na fínnithe i láthair na hArm-Chúirte sin do chlaona, no chun an Chúirt sin do thabhairt fé mhí-cháil, féadfidh Uachtarán na hArm-Chúirte cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh d'aon Chúirt Dlí i Saorstát Éireann go bhfuil comhacht aici chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar mhaslú cúirte agus leis sin féadfidh an Chúirt sin féachaint isteach sa chionta san adubhradh a dineadh, agus tar éis aon fhínnithe a tabharfar i láthair i gcoinnibh no thar ceann an duine a cúisíodh amhlaidh d'éisteacht agus tar éis aon ráiteas a tairgfar mar chosaint d'éisteacht, féadfidh an chúirt sin pionós do chur no céimeanna do thabhairt chun pionós do chur ar an duine sin fé mar a bheadh sé ciontach i maslú na Cúirte sin.

Duine cúisithe atá as a mheabhair le linn trialach. An breithiúnas i gcás an duine cúisithe do bheith as a mheabhair agus é ag déanamh an chionta.

110. —(1) (a) Le linn duine a cúisíodh i gcionta do bheith á thriail ag Arm-Chúirt, má dheabhruíonn sé nách féidir don duine sin a thriail do sheasamh toisc é do bheith as a mheabhair, tabharfidh an Chúirt breithiúnas speisialta go bhfuil san amhlaidh agus coinneofar an duine sin i gcimeád ar an gcuma orduithe go dtí gur fios cadiad orduithe an Aire i dtaobh an scéil no go dtí pé uair roimhe sin a bheidh an duine sin ábalta ar a thriail do sheasamh.

(b) Féadfidh an tAire orduithe do thabhairt chun daoine den tsórt san do choinneáil i slán-chimeád faid is toil leis é ar pé slí is oiriúnach leis.

(c) Ní mór daingniú do dhéanamh ar bhreithiúnas fén Alt so fé mar a foráltar ina dhiaidh seo anso a dhéanamh ar aon bhreithiúnas eile.

(2) Le linn duine a cúisíodh i gcionta do bheith á thriail ag Arm-Chúirt, má dheabhruíonn sé gur dhin an duine sin an cionta san, ach go raibh sé as a mheabhair agus é á dhéanamh, tabharfidh an Chúirt breithiúnas go speisialta go raibh sé as a mheabhair mar sin chó maith leis an mbreithiúnas ciontachta agus coinneofar an duine sin i gcimeád ar an gcuma orduithe go dtí gur fios cadiad orduithe an Aire i dtaobh an scéil.

Gealtacht duine atá i bpríosún no fé choinneáil.

111. —I gcás duine, atá i bpríosún no fé choinneáil de bhua an Achta so, do dhul as a mheabhair, ansan, gan dochar d'aon fhorálacha eile chun deighleáil le geilteanna, féadfidh Aire Feidhmiúcháin, ar dheimhniú ar an ngealtacht san o bheirt dochtúirí cáilithe, a ordú go n-aistreofar an duine sin go ngealtlainn no go háit cheart eile i gcóir gealt, chun fanúint ansan ar feadh a mbeidh gan caitheamh dá théarma príosúntachta no coinneála, agus ar dheimhniú do bheith déanta ar an gcuma gcéanna ar a mheabhair cheart do bheith ag an duine sin arís, féadfidh an tAire Feidhmiúcháin a ordú go n-aistreofar é go dtí aon phríosún no beairic coinneála ina bhféadfaí é do choinneáil dá mba ná raghadh sé as a mheabhair agus san chun an chuid eile dá phionós d'fhulag ann.

Ceart ag duine trialta chun cóip de sna himeachta.

112. —Ar a iarraidh sin do aon uair laistigh de sheacht mbliana tar éis daingniú breithiúnais agus daortha na cúirte i gcás Arm-Chúirte Generálta agus laistigh de thrí bliana tar éis an daingnithe sin i gcás Arm-Chúirte Áitiúla, beidh ag aon duine a tríaladh ag Arm-Chúirt teideal chun cóip d'imeachta na Cúirte sin d'fháil ón oifigeach no ón duine go mbeidh na himeachta san i gcimeád aige, agus, ina theanta san, cóip de sna himeachta i dtaobh ath-scrúdú agus daingniú an bhreithiúnais agus an daortha san, ach íoc as an gcéanna do réir an ráta orduithe, ráta ná raghaidh thar leath-reul an fólió de dheich bhfocail is trí fichid agus chun crícheanna an Ailt seo cimeádfar imeachta Arm-Chúirteanna ar an slí orduithe.

Daingniu agus Ath-scrudu ar Bhreithiunaisi agus Daoranna.

Ní dleathach breithiúnas ná daora gan daingniú.

113. —Gan dochar do sna forálacha den Acht so a bhaineann le saor-bhreith, beidh breithiúnas agus daora Arm-Chúirte gan bheith dleathach ach amháin sa mhéid go ndaingneofar an céanna ag an údarás na bhfuil údarás aige chun an céanna do dhaingniú.

Údaráis dhaingniúcháin.

114. —Beidh comhacht ag na húdaráis seo a leanas chun breithiúnas agus daora Arm-Chúirte do dhaingniú:—

(a) An tAire más breith bháis a tugadh, ach má bhí an duine cúisithe gan bheith ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta gur tugadh an bhreith bháis mar gheall air, ní cuirfar an bhreith sin in éifeacht maran rud é, i dteanta an tAire do dhéanamh daingniú air, go molfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche é.

(b) I ngach cás eile—

An tArd-Chongantóir no, i gcás saighdiúra, má dhin Arm-Chúirt Áitiúil é do dhaora chun coinneála ar feadh tréimhse nách sia ná 168 lá no chun aon phionóis ba lú ná san, an tOifigeach go raibh údarás aige chun Arm-Chúirt den tsórt san do chó-ghairm ar dháta an bhreithiunais agus daora an tsaighdiúra san do leaga fé n-a bhráid.

Comhachtanna an údaráis. dhaingniúcháin

115. —I gcás duine cúisithe d'fháil ciontach in aon chúis féadfidh an t-údarás daingniúcháin—

(1) A ordú go dtiocfidh an Chúirt le chéile arís chun an breithiúnas agus an daora no aon taobh acu d'athscrúdú, á rá cadiad na cúiseanna go ndéanfí an t-athscrúdú.

(2) Daingniú do dhéanamh no diúltú do dhaingniú do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, ar an mbreithiúnas no ar an daora, bunaidh no ath-scrúduithe.

(3) A ordú go n-ath-thrialfar an duine cúisithe ag Arm-Chúirt.

(4) An pionós a luadhadh sa daora do mhaolú no do chur ar neamh-ní no aon phionós níos lú do chur ina ionad no daora dleathach do chur in ionad daora nár dhleathach.

(5) Feidhmiú an daortha do chur ar fionnraí.

An nós-imeachta a leanfar má dintar breithiúnas no daora do chur thar n-ais chun é d'ath-scrúdú.

116. —I gcás breithiúnas no daora do chur thar n-ais chun é d'ath-scrúdú, ath-chruinneoidh an Chúirt i gCúirt iadhta. Ní ghlacfid a thuille fianaise. Mara gclaoidhid leis an mbreithiúnas bunaidh, cuirfid an breithiúnas nua ar breaca, agus más gá daora do ghearra de bharr an bhreithiúnais nua san gearrfid daora nua. Má chlaoidhid le n-a mbreithiúnas bunaidh, déanfid as an nua é do chur ar breaca. Má dintar an daora amháin do chur thar n-ais chun é d'ath-scrúdú, ní ath-scrúdóid aon bhreithiúnas, ach beidh comhacht acu chun an daora bunaidh do mhéadú. Cuirfar gach daora nua ar breaca ar an gcuma orduithe.

Feidhmiu an Daortha.

Feidhmiú daortha pian-tseirbhíse.

117. —(1) Má dhineann Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do chiontú agus é do dhaora chun pian-tseirbhíse beidh feidhm agus éifeacht ag an gciontú agus ag an daora san, tar éis a ndaingnithe go cuibhe do réir an Achta so, díreach fé mar a dhéanfadh Cúirt Shíbhialta inniúil an duine sin (dá ngairmtear daoránach mileata ina dhiaidh seo anso) do chiontú go cuibhe i gcionta le n-a ngabhann pionós pian-tseirbhíse agus é do dhaora chun pian-tseirbhíse, agus, sa mhéid gur féidir é, bainfidh leis dá réir sin gach achtachán a bhaineann le duine a ciontuítear agus a daortar ar an gcuma san ag Cúirt Shíbhialta.

(2) Má dintar daora pian-tseirbhíse do dhaingniú go cuibhe déanfar, chó luath agus is féidir é, an daoránach mileata ar ar gearradh an daora san d'aistriú go priosún pian-tseirbhíse chun a dhaora d'fulag do réir dlí. Fanfa sé i gcimeád mileata go dtí go n-aistreofar amhlaidh é.

(3) Beidh ordú an údaráis choimiteála (a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so) ina leor-bharántas chun daoránach mileata d'aistriú go príosún pian-tseirbhíse.

(4) Aon uair sara sroichfidh daoránach mileata priosún pian-tseirbhíse féadfidh an t-údarás saorthachta (a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so) le hOrdú an príosúnach do scaoile.

(5) Duine no daoine dhíobh so a leanas a bheidh mar údarás coimiteála chun crícheanna an Ailt seo:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Oifigeach Ceannais an daoránaigh mhileata.

(d) Aon oifigeach eile le húdarás cuibhe.

(6) Duine dhíobh so a leanas a bheidh ina údarás saorthachta chun crícheanna an Ailt seo:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Aon oifigeach eile le húdarás cuibhe.

Feidhmiú daortha príosúntachta no coinneála.

118. —(1) Sa chás gur dhin Arm-Chúirt duine do dhaora chun príosúntachta, agus gur daingníodh an daora san go cuibhe, déanfidh an té a daoradh amhlaidh (dá ngairmtear príosúnach mileata ina dhiaidh seo san Alt so) a théarma príosúntachta d'fhulag i gcimeád mileata no i mbeairic choinneála no i bpríosún puiblí no cuid de ar shlí dhíobh san agus cuid de ar shlí eile.

(2) Sa chás gur dhin Arm-Chúirt duine do dhaora chun téarma coinneála agus gur daingníodh an daora go cuibhe, no sa chás gur dhin Oifigeach Ceannais no oifigeach eile, i bhfeidhmiú comhachtanna údaráis achmair a bronnadh leis an Acht so, duine do dhaora chun téarma coinneála, déanfidh gach duine den tsórt san (dá ngairmtear ina dhiaidh seo san Alt so saighdiúir fé choinneáil) a théarma coinneála do chaitheamh i gcimeád mileata no i seomra coinneála beairice, no i mbeairic choinneála, no cuid de ar shlí dhíobh agus cuid de ar shlí eile, ach ní hi bpríosún puiblí.

(3) An t-ordú a déanfidh an t-údarás coimiteála a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so, beidh sé ina leor-bharántas chun príosúnach mileata d'aistriú go príosún puiblí no go beairic choinneála, no chun saighdiúir fé choinneáil d'aistriú go beairic choinneála.

(4) Faid a bheidh príosúnach mileata i bpríosún puiblí, coinneofar i mbraighdeanas agus fé dhaor-obair é agus déanfar leis ar gach slí eile fé is dá mba gnáth-phríosúnach é a bheadh ag fulag daortha den tsórt chéanna.

(5) Féadfidh an t-údarás saorthachta, a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so, saoirse do thabhairt do phríosúnach mileata no do shaighdiúir fé choinneáil aon uair i rith a théarma príosúntachta no coinneála.

(6) Aon uair i rith téarma príosúntachta príosúnaigh mhileata no i rith téarma coinneála saighdiúra atá fé choinneáil féadfidh an t-údarás coimiteála a shocrú le hordú:—

(a) Go n-aistreofar é o phríosún phuiblí go príosún puiblí eile;

(b) Go n-aistreofar é o bheairic choinneála go beairic choinneála eile;

(c) Go dtabharfar i láthair Arm-Chúirte no Cúirte Síbhialta é chun é do thriail no mar fhínné;

agus beidh ordú ón údarás san ina leor-bharántas chun é do chur i gcimeád mileata agus chun é do choinneáil i gcimeád go dtí go bhféadfar é do chur thar n-ais.

(7) Duine no daoine dhíobh so a leanas a bheidh mar údarás coimiteála:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Oifigeach Ceannais an phríosúnaigh mhileata no an tsaighdiúra atá fé choinneáil.

(d) Aon oifigeach le húdarás cuibhe.

(8) Duine dhíobh so a leanas a bheidh ina údarás saorthachta:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Aon oifigeach eile le húdarás cuibhe.

(d) Más é Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra fé choinneáil a ghearr an daora, an tOifigeach Ceannais sin.

Fiosru i dtaobh Treigine agus admhail Treigine.

Fiosrú ag Cúirt ar bheith as láthair do shaighdiúir.

119. —(1) Nuair a bheidh aon tsaighdiúir ar feadh tréimhse lá is fiche as láthair ó n-a dhiúité gan cead, chó luath agus is féidir é féadfar Cúirt Fiosrúcháin do thionóla agus féadfa sí ar an gcuma orduithe fiosrú do dhéanamh, fé mhionn no fé fhaisnéis sholamanta (a húdaruítear leis seo don Chúirt sin a chur), i dtaobh é do bheith as láthair no gan a bheith, agus i dtaobh an easnaimh (más ann do) ar airm, amuinisean, gléasa, instruimidí, riachtanaisí reisiminte, no cuid éadaigh an tsaighdiúra, agus más deimhin leo gur fíor go raibh an saighdiúir sin as láthair gan cead ná leor-chúis eile, faisneoidh an Chúirt an nea-láithreacht san agus tréimhse na nea-láithreachta san agus an t-easnamh san (más ann do) agus déanfidh Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra nea-láithrigh faisnéis na Cúirte sin do chur ar breaca sna leabhair reisiminte.

(2) Más rud é ina dhiaidh sin ná déanfidh an saighdiúir nealáithreach é féin do thabhairt suas agus ná gabhfar é, beidh éifeacht ag an mbreacachán san do réir dlí mar chiontú ag Arm-Chúirt i dtréigean.

Admháil o shaighdiúir gur thréig sé no gur liostáil sé go calaoiseach.

120 —(1) Má shighníonn saighdiúir admháil go raibh sé ciontach i dtréigin no i liostáil chalaoiseach, féadfidh údarás mileata inniúil, leis an ordú chun déanamh gan a thriail ag Arm-Chúirt no le haon ordú ina dhiaidh sin, cailliúintí agus gearrtha as a phágh (más ann do) do mhola díreach fé mar fhéadfadh Arm-Chúirt a mhola mar gheall ar an gcionta san, no fé mar a leanfadh as ciontú ag Arm-Chúirt sa chionta san, ach amháin pé cinn díobh a luadhfar san ordú.

(2) Más rud é, ar bheith déanta d'aon admháil den tsórt san, nách uiriste teacht suas le fianaise ar fhírinne ná ar bhréagaí na hadmhála an uair sin, breacfar an admháil sin sna leabhair reisiminte fé chontra-shighniú Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra, agus leanfidh an saighdiúir sin ag déanamh a dhualgais sa chór chun a n-aistreofar é, go dtí go scuirfar é no go dtí go n-aistreofar chun an Chúl-thaca é, no go dtí go bhféadfar cruthú dleathach d'fháil ar fhírinne no ar bhréagaí na hadmhála san.

(3) Chun críche an Ailt seo isé rud a chialluíonn an t-údarás mileata inniúil ná an tAire no aon oifigeach generálta orduithe.

Aisioc Maoine Guidthe.

Comhacht i dtaobh aisíoc maoine guidthe.

121. —(1) Má dhineann Arm-Chúirt duine do chiontú in aon mhaoin do ghuid, do chlaon-chasa, do ghlaca agus a fhios aige gur guideadh í no d'fháil ar aon tslí nea-dhleathach eile, agus go bhfuighfar an mhaoin no aon chuid di i seilbh an chiontathóra, féadfidh údarás daingnithe breithiúnais agus daortha na hArm-Chúirte sin, no an tAire, a ordú go ndéanfar an mhaoin a fuarthas amhlaidh do thabhairt don té gur deabharthach gur leis í.

(2) Féadfar a leithéid sin d'ordú do dhéanamh i dtaobh aon mhaoine a gheobhfar i seilbh an chiontathóra agus a chífar don údarás daingniúcháin no don Aire a fuarthas tré díol no malairtiú aon chuid den mhaoin a guideadh, a claon-chasadh, a glacadh, no a fuarthas go nea-dhleathach.

(3) Agus fós má chítar don údarás daingniúcháin no don Aire, ón bhfianaise a tugadh i láthair na hArm-Chúirte, gur dineadh aon chuid den mhaoin a guideadh, a claon-chasadh, a glacadh no fuarthas go nea-dhleathach, do dhíol le haon duine no do chur i ngeall aige gan aon fhios ciontach ag an té a dhin an mhaoin a cheannach no a ghlaca i ngeall, féadfidh an t-údarás daingniúcháin no an tAire, ar iarratas an duine sin agus ar aisíoc na maoine le n-a húnaer, a ordú go n-íocfar leis an té a dhin an ceannach no glaca-i-ngeall, amach as an airgead (más ann do) a fuarthas i seilbh an chiontathóra, suim ná raghaidh thar an méid a fuarthas de shochar an díolacháin no an chur-i-ngeall san.

(4) Ní dhéanfidh ordú fén Alt so bac do chur le ceart éinne, seachas an ciontathóir no éinne ag éileamh tríd, chun aon mhaoin no airgead a seachadadh no a híocadh do réir ordú fén Alt so do bhaint den té dar seachadadh no le n-ar híocadh an céanna amhlaidh.

Eagcortha do Leigheas.

Conus a dhéanfidh oifigeach gearán.

122. —Más dó le hoifigeach gur dhin a Oifigeach Ceannais éagcóir air agus, ar a iarraidh go cuibhe dho air, ná fuighe sé an sásamh go bhfuil teideal aige chuige, dar leis, féadfa sé gearán do dhéanamh leis an Aire ar an gcuma orduithe chun ceart d'fháil, agus éilítear air sin leis seo an gearán san do scrúdú.

Conus a dhéanfidh saighdiúir gearán.

123. —Más dó le saighdiúir éagcóir a bheith déanta ag aon oifigeach seachas a chaptaen no ag aon tsaighdiúir air, féadfa sé san do ghearán le n-a chaptaen, agus más dó leis gur dhin a chaptaen éagcóir air, tré gan sásamh do thabhairt do ina ghearán no ar aon tslí eile, féadfa sé san do ghearán le n-a Oifigeach Ceannais, agus más dó leis gur dhin a Oifigeach Ceannais éagcóir air, tré gan sásamh do thabhairt do ina ghearán no ar aon tslí eile, féadfa sé san do ghearán leis an oifigeach generálta orduithe, agus gach oifigeach le n-a ndéanfar gearán do réir an Ailt seo cuirfe sé fé ndeár fiosrú do dhéanamh sa ghearán san, agus más deimhin leis, tar éis fiosrú, go bhfuil an ceart sa ghearán a dineadh amhlaidh déanfa sé pé nithe is gá chun sásamh iomlán do thabhairt don ghearánaí sa ní a gearánadh.

Faisneis i dtaobh Ceannais Mhileata.

Ceannas mileata.

124. —(1) Faisnítear leis seo go bhféadfidh an tAire, ar pé slí a chífar do o am go ham a bheith oiriúnach, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na ndaoine dá dtabharfar ceannas ar na Fórsaí no ar aon chuid díobh no ar éinne a bhaineann leo mar oifigigh no éinní eile, agus i dtaobh na slí ina bhfeidhmeofar an ceannas san; ach ní tabharfar ceannas d'éinne ar dhuine is aoirde céim ná é féin.

(2) Ní tuigfar éinní san Alt so do bheith ag luíodú aon chomhachta atá dílsithe san Aire ar aon tslí eile.

Comhacht an Aire chun Rialacha do dheanamh.

Comhacht don Aire chun rialacha nósimeachta do dhéanamh.

125. —(1) Fé réir forálacha an Achta so, féadfidh an tAire o am go ham, le rialacha, forálacha do dhéanamh, agus tar éis a ndéanta, iad d'athghairm, no d'atharú no cur leo, i dtaobh na nithe seo a leanas no i dtaobh éinní dhíobh, sé sin le rá:—

(a) Tionóla agus nós-imeachta Cúirteanna Fiosrúcháin.

(b) Có-ghairm agus córú Arm-Chúirteanna.

(c) Arm-Chúirteanna do chur ar athlé, a scur agus a suidheanna.

(d) An nós-imeachta is inleanta i dtrialacha a dhéanfidh Arm-Chúirteanna.

(e) Daingniú agus athscrúdú breithiúnaisí agus daoranna Arm-Chúirteanna.

(f) Daoranna Arm-Chúirteanna do chur in éifeacht.

(g) Fuirmeacha na n-orduithe a déanfar fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le hArm-Chúirteanna, piantseirbhís, príosúntacht no coinneáil.

(h) Einní sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so a éilítear a órdú.

(i) Aon rud no ní eile is oiriúnach no is riachtanach chun an tAcht so do chur i bhfeidhm chó fada is théigheann fiosrú, triail no pionósú sna ciontaí is intrialta no is inphionósuithe do réir dlí airm.

(2) Ach mar sin féin ní bheidh in aon rialacha den tsórt san éinní contrárdha d'fhorálacha an Achta so ná buiniscionn leo..

(3) Cuirfar san áireamh i gcúrsaí breithiúntais gach riail a déanfar do réir an Ailt seo.

(4) Gach riail a déanfar do réir an Ailt seo leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas iad chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin agus, mara mbeidh an tOireachtas ina suidhe an uair sin, chó luath agus is féidir é tar éis tosach an chéad shiosóin eile den Oireachtas.

(5) Sna rialacha i dtaobh nós-imeachta Cúirteanna Fiosrúcháin féadfar forálacha a dhéanamh chun fianaise do ghlaca fé mhionn agus comhacht do thabhairt do Chúirteanna Fiosrúcháin chun fínnithe do chur fé mhionn chun na críche sin.

(6) Sna rialacha i dtaobh fiosrú do dhéanamh i gcúiseamh féadfar forálacha do dhéanamh chun achmaireacht scríbhte a dhéanamh fé mhionn ar an bhfianaise, agus féadfidh na rialacha san comhacht chun fínnithe do chur fé mhionn chun na críche sin do thabhairt d'Oifigeach Ceannais no d'aon oifigeach 'na n-ordóidh sé an achmaireacht san do dhéanamh ina láthair.

(7) Ní bhainfidh an tAcht Foillsiú Rialacha, 1893, le rialacha a déanfar fén Alt so.