Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Ráta Nua an Phinsin.)

19 1924


Uimhir 19 de 1924.


ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1924.


ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 go 1919, AGUS ACHT NA nDALL, 1920, DO LEASÚ MAIDIR LEIS AN RÁTA AR A bhFUIL PINSIN INÍOCTHA FÚTHA AGUS MAIDIR LE NITHE ÁIRITHE EILE LEIS. [5adh Meitheamh, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn agus foluíonn “Achtanna na bPinsean Sean-Aoise” Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1919, agus an tAcht so;

cialluíonn an focal “Acht 1908,” “Acht 1911,” “Acht 1919” agus “Acht 1920” fé seach Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908, Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1911, Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1919, agus Acht na nDall, 1920;

cialluíonn an focal “pinsean sean-aoise” pinsean sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1919, no pinsean sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, pe'ca aca éilíonn an có-théacs, agus i gceachtar cás acu foluíonn sé pinsean fé Alt 1 d'Acht 1920;

cialluíonn an focal “an chéad lá ceaptha” an 20adh lá de Mheitheamh, 1924;

cialluíonn an focal “an dara lá ceaptha” an 5adh lá de Mheán Fhomhair, 1924;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid.

Ráta nuaphinsean seanaoise.

2. —Do réir an ráta atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so isea bheidh pinsean sean-aoise a thosnóidh ar an gcéad lá ceaptha no dá éis sin in ionad é bheith do réir an ráta atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1919.

An chéad luíodú ar rátaí seanaphinsean seanaoise.

3. —(1) Gach pinsean sean-aoise a thosnuigh no a thosnóidh roimh an gcéad lá ceaptha agus is iníoctha, díreach roimh an lá san, do réir ráta ís mó ná scilling sa tseachtain, agus is iníoctha le duine ná beidh ceithre fichid bliain slán aige an chéad lá ceaptha is do réir an ráta atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bheidh sé iníoctha ar an gcéad lá ceaptha, agus dá éis sin, agus go dtí an dara lá ceaptha, in ionad bheith iníoctha do réir an ráta atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1919.

(2) Gach pinsean sean-aoise a thosnuigh no a thosnóidh roimh an gcéad lá ceaptha agus is iníoctha, díreach roimh an lá san, do réir scilling sa tseachtain le duine ná beidh ceithre fichid bliain slán aige an chéad lá ceaptha, leanfa sé de bheith iníoctha agus leanfar d'é íoc do réir an ráta san go dtí an dara lá ceaptha no go dtí go dtiocfidh an bás no mí-cháilíocht, roimhe sin, ar an té a bhí i dteideal chun é d'fháil, agus ansan stadfa sé.

(3) Einne go luíodófar no go stopfar a phinsean do réir rialú ón oifigeach pinsin fén alt so, má deir sé gur cheart, mar gheall ar an aois atá aige, nárbh fhéidir a phinsean do luíodú ná do stop amhlaidh, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an phinsean-choiste áitiúla i gcoinnibh an luíoduithe no an stop san, pe'ca aca é, agus breithneoidh siad san an scéal agus tabharfid a mbreith air ar an gcuma gcéanna agus fé réir an athchomhairc chéanna chun an árd-údaráis phinsin, agus dá mb'é rud a bheadh i rialú an oifigigh phinsin fén alt so ná tuarasgabháil o oifigeach pinsin ar éileamh a cuirfí fé n-a bhráid chun tuairisciú agus fiosrú do dhéanamh ann fé Alt 7 d'Acht 1908.

(4) Ní dhéanfidh athchomharc i gcoinnibh rialú oifigigh phinsin, le n-ar luíoduíodh no le n-ar stopadh pinsean fén alt so, oibriú an rialuithe sin do chur ar fionnraoi, ach más i bhfabhar don phinsinéir a tabharfar an bhreith dheiridh ar an athchomharc beidh teideal aige chun gach suim d'fháil a bheadh iníoctha leis dá mbeadh rialú an oifigigh phinsin do réir na breithe deiridh sin.

Seana-phinsin sean-aoise d'athfhéachaint chun iad do bhuan-luíodú.

4. —(1) Díreach tar éis rithte an Achta so cromfidh gach oifigeach pinsin ar ath-fhéachaint do dhéanamh ar gach pinsean sean-aoise is iníoctha ina cheanntar agus—

(a) a thosnuigh roimh rith an Achta so no a thosnóidh roimh an gcéad lá ceaptha, agus

(b) is iníoctha, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, do réir ráta is mó ná scilling sa tseachtain, agus

(c) is iníoctha le daoine ná bheidh ceithre fichid bliain slán acu ar an gcéad lá ceaptha

agus ar dhéanamh na hath-fhéachainte sin déanfidh an t-oifigeach pinsin luíodú no ceartú eile ar an bpinsean san go dtí an ráta ar a mbeadh sé iníoctha do réir an scála atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus socróidh sé ráta an phinsin sin dá réir sin.

(2) Gach pinsean is féidir a ath-fhéachaint fén alt so, is do réir an ráta a shocróidh an t-oifigeach pinsin tar éis na hath-fhéachainte sin a bheidh sé iníoctha ar an dara lá ceaptha, agus dá éis sin, in ionad bheith iníoctha do réir an ráta atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Einne a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ag fáil pinsin is féidir a ath-fhéachaint fén alt so agus adeir gur dineadh éagcóir air in ath-fhéachaint an phinsin sin fén alt so, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an phinsean-choiste áitiúla i gcoinnibh tora na hathfhéachainte, agus breithneoidh siad san an scéal agus tabharfid a mbreith air ar an gcuma gcéanna agus fé réir an athchomhairc chéanna chun an árd-údaráis phinsin agus dá mb'é rud a bheadh san athfhéachaint fén alt so ná tuarasgabháil o oifigeach pinsin ar éileamh a cuirfí fé n-a bhráid chun tuairisciú agus fiosrú do dhéanamh ann fé alt 7 d'Acht 1908.

(4) Ar an gcéad Aoine tar éis an bhreith dheiridh do bheith tabhartha ar athchomharc fén bhfo-alt san roimhe seo, agus dá éis sin, is do réir an ráta a socruíodh sa deire de bharr an athchomhairc sin (dá ngairmtear an ráta deiridh anso ina dhiaidh seo) a bheidh an pinsean ab abhar don athchomharc san iníoctha in ionad é bheith iníoctha do réir an ráta (dá ngairmtear an ráta bunaidh anso ina dhiaidh seo) a shocruigh an t-oifigeach pinsin fén alt so, agus más mó an ráta deiridh ná an ráta bunaidh íocfar ar an Aoine roimhráite no chó luath agus bheidh sé caothúil ina dhiaidh sin, leis an té atá i dteideal an pinsean san d'fháil, an difríocht idir na rátaí sin i gcóir na tréimhse go raibh an ráta bunaidh iníoctha le n-a linn.

Leasú ar an modh chun luach maoine áirithe d'áireamh.

5. —(1) Aireofar mar leanas luach bliantúil aon mhaoine den tsórt a luaidhtear i gclás (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1911 in ionad e áireamh ar an modh a horduítear leis an gclás san no le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1919, sé sin le rá:—

(i) dúnfar amach an chéad chúig púint fhichead de luach chaipitiúil na maoine sin, agus

(ii) déanfar luach bliantúil oiread de luach chaipitiúil na maoine sin agus théigheann thar suim cúig púint fhichead do ghlaca mar dheichiú cuid dá luach caipitiúil sin.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le háireamh a déanfar ar acfuinn éinne a tháinig, roimh rith an Achta so, i dteideal pinsean sean-aoise d'fháil no a thiocfidh, tar éis rithte an Achta so, i dteideal pinsean d'fháil fé Alt 1 d'Acht 1920.

(3) Ní bhainfidh clás (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1919 le haon chás le n-a mbaineann an t-alt so.

Fágfar airgead áirithe gan áireamh mar chuid den ioncum.

6. —(1) In áireamh an ioncuim a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) d'Alt 2 d'Acht 1911, ní bacfar le haon tsuimeanna a fuair duine no fear no bean duine (pe'ca aca é) i rith tréimhse nár shia ná sé mhí in aon bhliain fé dheimhniú dochtúra mar shochar breoiteachta no mar shochar dí-nirt o Chara-Chumann no o Aontas Céirde no fén National Insurance Act, 1911.

(2) Athghairmtear leis seo clás (b) d'fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1919.

Maoin áirithe a cuirfar in áireamh acfuinne.

7. —(1) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh éinne aon mhaoin no ioncum do shanna laistigh de thrí bliana sara dtaga sé i dteideal chun pinsean sean-aoise d'fháil no aon uair ina dhiaidh sin agus roimh rith an Achta so no dá éis sin, áireofar an mhaoin no an t-ioncum san nuair a beifear ag áireamh acfuinn an duine sin chun críche Achtanna na bPinsean Sean-Aoise no chun críche alt 1 d'Acht 1920, maran rud é gur léir gur leithliú no aistriú le hoibriú dlí gurbh ea an sanna san no gur leithliú no aistriú gurbh ea é de bharr díol bona fide ar chomaoine luachmhair in airgead no i luach airgid nár lú ná ceithre chúigiú cuid de luach na maoine no an ioncuim, no na hestáite no an leasa inti, a díoladh, no ná fuil sa mhaoin ab abhar don tsanna ach feirm tailimh nách mó ná £10 a luacháil fén dlí dealbhais (agus na foirgintí uirthi d'áireamh), i dteanta no d'éamais an stuic agus na háirnéise uirthi.

(2) Déanfar luach bliantiúil aon mhaoine no ioncuim, atá le háireamh de bhua an ailt seo in áireamh acfuinn éinne, d'áireamh fé mar is gá áireamh do dhéanamh ar luach bliantúil maoine no ioncuim den tsaghas chéanna a bheadh ar seilbh no á fháil ag an duine sin, ach amháin go n-áireofar an luach san fé mar a bhí sé ar an dáta ar ar dhin an duine sin an mhaoin no an t-ioncum do shanna no fé mar a bheidh sé ar an dáta ar a ndéanfidh an t-oifigeach pinsin an t-áireamh, pe'ca luach díobh is lú.

(3) Má dhineann éinne, tré shanna le n-a mbaineann an t-alt so, aon mhaoin no ioncum do shanna ar chomaoine luachmhair in airgead no i luach airgid is lú ná ceithre chúigiú cuid de luach na maoine no an ioncuim, no na hestáite no an leasa inti, a bheidh á shanna, má bhíonn an chomaoine luachmhar san no sa mhéid go mbeidh sí ar seilbh ag an duine nuair a thiocfa sé i dteideal chun pinsean sean-aoise d'fháil ní bacfar léi in áireamh acfuinn an duine sin chun críche Achtanna na bPinsean Sean-Aoise no chun críche alt 1 d'Acht 1920.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (3) d'Alt 4 d'Acht 1908 le haon tsanna le n-a mbaineann an t-alt so.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le háireamh acfuinne éinne a tháinig, roimh rith an Achta so, i dteideal chun pinsean sean-aoise d'fháil.

(6) San alt so foluíonn an focal “sanna” aon tsaghas leithliú, aistriú no gnótha eile le n-a scarann duine le húnaereacht no le seilbh aon mhaoine no le teideal chun aon ioncum d'fháil, agus is dá réir sin a léireofar an focal “sanna” agus focail eile atá gaolmhar do.

Leasú ar an gcoiníoll reachtúil i dtaobh acfuinne.

8. —(1) Beidh ina choiníoll reachtúil—

(a) chun go bhfuigheadh éinne roimh an dara lá ceaptha pinsean sean-aoise a thosnóidh ar an gcéad lá ceaptha no ina dhiaidh sin, agus

(b) chun go bhfuigheadh éinne aon phinsean sean-aoise ar an dara lá ceaptha no ina dhiaidh sin,

nách mór don duine a chur ina luighe ar na húdaráis phinsin nách mó ná naoi bpúint tríochad agus coróinn a acfuinn mar a háirítear fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise.

(2) Scuirfidh mír (3) d'alt 2 d'Acht 1908, mar a leasuíodh é le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1919, d'aon éifeacht a bheith ann maidir le haon phinsean sean-aoise le n-a mbainfidh an t-alt so de thurus na huaire.

Gearr-theideal agus léiriú.

9. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1919, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.