|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. CAIN IONCUIM.) | Ar Aghaidh (CUID III. DIUITETHE BAIS.) |
ACHT AIRGID, 1924
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. CUSTUIM AGUS MAL. | |
[EN] |
Diúité ar thé. |
12. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar cáin chustum do réir cúig pingne an punt ar an té go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no ina dhiaidh sin, agus roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1925, in ionad na cánach custum do réir ocht bpingne an punt is inéilithe anois. |
[EN] | (2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad na bhfocal “Great Britain and Ireland.” | |
[EN] |
Diúitéthe nua iomportála do bhuanú. |
13. —(1) Na diúitéthe nua iomportála (lasmuich den diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile ath-sheinnte ceoil) a forchuireadh ar dtúis le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1924, le halt 14 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1924, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1925. |
[EN] | (2) An diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil, a forchuireadh ar dtúis leis an alt san 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1924, leis an alt san 14 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923) , leanfar d'é d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1924, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1924. | |
[EN] | (3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear fén alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.” | |
[EN] |
Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú. |
14. —(1) Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe a forchuireadh ar dtúis le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1924, le halt 14 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1924, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1925. |
[EN] | (2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear fén alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.” | |
[EN] |
Diúité ar mhilseoga siuicre. |
15. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir trí pingne agus trí chúigiú de phingin an punt ar na milseoga siúicre go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, maraon le haon diúité is ionmhuirir ar scór aon bhiotáille sna milseoga siúicre sin agus in ionad aon diúité a féadfí ar aon tslí eile a chur mar mhuirear ar éinní eile sna milseoga siúicre sin. |
[EN] | (2) I gcás torthaí (nách féidir a chur fé dhiúité mar thorthaí) i sioróip, ná fuil thar tríocha a trí agus trian per cent. d'abhar chun milsithe ionta agus a tabharfar isteach i gcannaí stáin séaluithe muirearófar agus gearrfar an diúité fén alt so do réir an ráta luíoduithe, pingin agus cúigiú de phingin an punt, in ionad an lán-ráta trí pingne agus trí chúigiú de phingin. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an focal “milseoga siúicre” milseoga a dineadh de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina bhfuil an céanna, agus ná fuil cócó ná sacairín ionta, agus foluíonn sé aráin, brioscaí, cácaí, meascáin cháca, putóga agus púdair (nách púdair leighis) a milsíodh le siúicre no le habhar eile chun milsithe seachas sacairín, agus ná fuil cócó ionta, agus fós milseáin, caramel, subhanna, marmaláidí, agus geiléthe, ná fuil cócó ná sacairín ionta, agus fós croicne agus torthaí atá crústaithe, criostalaithe no leasuithe ar aon tslí eile le siúicre no le haon abhar eile chun milsithe seachas sacairín, agus ná fuil cócó ionta. | |
[EN] | (4) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” ann in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland” agus beidh sé fé is dá ndintí milseoga siúicre mar a mínítear san alt so iad do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtar cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta. | |
[EN] |
Diúité ar mheascáin chócó. |
16. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir reul an punt ar gach meascán a dineadh de chócó no ina bhfuil éinní i bhfuirm cócó agus a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, maraon le haon diúité is ionmhuirir ar scór aon bhiotáille no sacairín in aon mheascán den tsórt san agus in ionad aon diúité a féadfí ar aon tslí eile a chur mar mhuirear ar éinní eile in aon mheascán den tsórt san. |
[EN] | (2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so, ach cuirfar an focal “Saorsát Éireann” ann in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland” agus beidh sé fé is dá ndintí meascáin a dineadh de chócó no ina bhfuil éinní i bhfuirm cócó do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtar cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta. | |
[EN] |
Méadú ar dhiúité custum ar uiscí búird áirithe. |
17. —An diúité custum is ionmhuirir anois, fé alt 7 den Finance Act, 1916, do réir ceithre pingne an galún ar uiscí búird áirithe a háirítear agus a mínítear san alt san, muirearófar, gearrfar, agus íocfar é do réir an ráta mhéaduithe, ocht bpingne an galún, an 26adh lá d'Abrán, 1924, agus ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Diúité ar choinnle. |
18. —Déanfar diúité custum is có-ionann le deich per cent. de luach an earra do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar na coinnle go léir maraon le soillseáin agus soillse oíche a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Diúité ar bhróga, ar bhróga ísle, etc. |
19. —(1) Déanfar diúité custum is có-ionann le cúig déag per cent. de luach an earra do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar na bróga, na bróga ísle, na slipéidí, na golaisí, na hasa agus na paitíní go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 5adh lá de Bhealtaine, 1924, no ina dhiaidh sin, agus, lasmuich de sna saighseanna a háirítear ina dhiaidh seo anso, ar na buinn chumtha agus na sála cumtha go léir (iomlán no ina gcoda) agus ar na huachtair chumtha go léir a tabharfar isteach amhlaidh. |
[EN] | (2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra ar aon bhuinn chumtha rubair ná sála cumtha rubair, ná ar choda de bhuinn ná de shála den tsórt san ná fuil ceaptha agus nách féidir a úsáid ach mar rud ceangailte de bhuinn no de shála bróga no bróga ísle atá iomlán. | |
[EN] |
Diúité ar bhuidéil fholmha. |
20. —(1) Déanfar diúité custum is có-ionann le tríocha a trí agus trian per cent. de luach an earra (ach amháin i gcás na n-eiscíocht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar na buidéil ghloine folamha go léir, de shaghas is gnáth a úsáid i gcóir beorach, fíona no biotáille, agus a tabharfar isteach i Saorstát Éireann, an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ní muirearófar ná ní gearrfar é ar aon bhuidéil déanta de ghloine ghlé no gheal, ná ar aon bhuidéil de shaghas is gnáth a úsáid i gcóir liqueurí, biotáille cumhartha no biotáille leighis agus ná fuil oiriúnach i gcóir biotáillí eile ná i gcóir beorach ná fíona. | |
[EN] |
Diúitéthe ar ghallúnaigh. |
21. —Déanfar diúité custum is có-ionann le deich per cent. de luach an earra do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar gach saghas gallúnaí, malartán galúnaí, agus púdar gallúnaí a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin, maraon le haon diúité is ionmhuirir ortha ar scór aon bhiotáille a bheidh ionta. |
[EN] |
Diúité stampa ar iontrála custum. |
22. —(1) Ar gach fuirm iontrála custum (nách dúbláid d'aon fhuirm den tsórt san) is gá do réir dlí a theacht o iomportálaí no o ghníomhaire iomportálaí a thabharfidh earraí isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1924, no ina dhiaidh sin, beidh stampa greamathach dar luach reul in aghaidh gach consighneacht earraí a bheidh luaidhte sa bhfuirm iontrála, agus déanfidh an t-iomportálaí no a ghníomhaire an stampa san do ghreamú den bhfuirm iontrála sara dtabharfar an fhuirm iontrála don Oifigeach ceart Custum agus Máil. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo agus chun gach críche eile tuigfar gur diúité custum an diúité stampa a forchuirtar le fo-alt (1) den alt so ar fhuirmeacha iontrála custum. | |
[EN] | (3) Ní bheidh aon iontráil dleathach chun crícheanna na nAchtanna Custum mara mbeidh sé stampuithe fé mar a hiarrtar le fo-alt (1) den alt so. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo, cialluíonn an focal “consighneacht” aon earraí is gá a iontráil agus nách foláir tuairisc fé leith do thabhairt ortha ar an iontráil sin do réir an Liosta Oifigiúla d'Iomportálacha. | |
[EN] | (5) Na forálacha (ar a n-áirítear na forálacha pionóis) atá sa Stamp Duties Management Act, 1891, mar a leasuíodh é le haon Acht ina dhiaidh sin, agus in alt 65 den Post Office Act, 1908, bainfid leis na stampaí a húsáidfar chun crícheanna an ailt seo. | |
[EN] | (6) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun deimhin do dhéanamh de go n-íocfar an diúité stampa a forchuirtar leis an alt so agus i gcoitinne, chun forálacha an ailt seo do chur in éifeacht. | |
[EN] | (7) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le hiontrála i dtaobh earraí a hiomportáladh tré Phost na mBeart. | |
[EN] |
Mótair agus cabhaile mótair áirithe ná bainfidh fo-alt (4) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, leo. |
23. —(1) Le linn agus tar éis am rithte an Achta so, ní bhainfidh fo-alt (4) (le n-a dtugtar do mhótair áirithe agus do choda áirithe a théigheann chun mótair do dhéanamh saoirse o sna diúitéthe iomportála nua a luaidhtear ann) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915— |
[EN] | (a) le haon mhótair atá déanta agus oiriúnuithe chun iad d'úsáid agus ná fuiltar chun iad d'úsáid ach mar omnibusanna mótair no chun earraí no ualaí d'iompar i gcúrsaí trádála no feirmeoireachta, agus | |
[EN] | (b) le haon chabhaile i gcóir aon mhótar den tsórt san, a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (2) Má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim aon mhótar a tugadh isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá san d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin, agus ar ar híocadh diúité custum go cuibhe, do bheith déanta agus oiriúnuithe chun é úsáid agus ná fuiltear chun é úsáid ach mar omnibus mótair no chun earraí no ualaí d'iompar i gcúrsaí trádála no feirmeoireachta, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) is dó leo is ceart d'fhorchur, an diúité custum a híocadh amhlaidh ar an mótar san d'aisíoc, pé cion de a shocróid a bheith íoctha ar scór chassis agus mionpháirteanna (más ann dóibh) an mhótair sin. | |
[EN] |
Ní bhainfidh alt 8 den Finance Act, 1919, le tobac nealeasuithe. |
24. —(1) Sa mhéid go mbaineann alt 8 den Finance Act, 1919, le tobac nea-leasuithe, scuirfidh an t-alt san, ón 26adh lá d'Abrán, 1924, de bhaint a bheith aige leis an tobac san, agus, ar an dáta roimhráite agus ina dhiaidh sin, muirearófar an diúité custum ar thobac nea-leasuithe, i ngach cás, do réir an lán-ráta diúité a bhaineann leis. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo cuirfar an focal “manufactured tobacco” in ionad an fhocail “tobacco” sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, sa liost d'earraí go gcuirtar cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta. | |
[EN] |
Muirear minimum diúité chustum. |
25. —(1) Sa chás go mba lú ná dhá scilling agus reul, ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1924, no ina dhiaidh sin, an diúité custum a bheadh ar aon tsaghas earraí fé leith ar ar bh'fhéidir diúité custum do chur agus a bheadh in aon chonsighneacht no beart amháin, sé sin, nuair a háireofí é do réir na ndlithe bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh diúitéthe custum, muirearófar na diúitéthe custum san (ach amháin i gcás den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) ar na hearraí sin do réir suim mhinimum shocruithe dhá scilling agus reul. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an t-alt so— | |
[EN] | (a) le somplaí trádála bona fide a consighneadh chun trádálaithe admhuithe; ná | |
[EN] | (b) le haon earraí a hiomportáladh de bhóthar agus an t-iomportálaí á dtionlacan, má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh iad ach chun úsáide mar sholáthar tighe don iomportálaí, no dá líntighe, no (más seirbhíseach tighe no feirme an t-iomportálaí) dá fhostathóir; ná | |
[EN] | (c) le haon earraí a tabharfar isteach i Saorstát Éireann mar bhagáiste, ag aon phaisinéir no ag éinne ar fostú ar aon ghléas iompair atá á úsáid chun earraí d'iomportáil de mhuir, de bhóthar iarainn, de bhóthar, no d'aer, no atá féin á iomportáil. | |
[EN] |
Athghairm ar dhiúité máil ar chártaí imeartha agus ar cheadúnas i gcóir a leithéidí. |
26. —O am rithte an Achta so agus dá éis, beidh stop agus deire leis na diúitéthe máil a forchuirtar i gcóir no ar scór gach paca cártaí imeartha a dintar oiriúnach chun a ndíolta no a n-úsáidthe i Saorstát Éireann, agus i gcóir gach ceadúnais no ar gach ceadúnas atá le tógaint amach gach bliain ag éinne a dhéanfidh agus a dhíolfidh cártaí imeartha i Saorstát Éireann. |
[EN] |
Athghairm ar dhiúitéthe cus tum ar earraí áirithe a dintar le biotáille no ina bhfuil biotáille. |
27. —Na diúitéthe custum is ionmhuirir fé fho-alt (2) d'alt 81 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus fé Chuid II. den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ar earraí áirithe a luaidhtear agus ina bhfuil biotáille no go n-úsáidtear biotáille chun a ndéanta, scuirfid de bheith ionmhuirir ón 1adh lá de Bhealtaine, 1924. |
[EN] |
Athghairm ar dhiúitéthe a forchuirtar leis an Safeguarding of Industries Act, 1921. |
28. —Na diúitéthe custum is ionmhuirir fé Chuid I. den Safeguarding of Industries Act, 1921, no de bhua aon orduithe a dineadh fé Chuid II. den Acht san scuirfid de bheith ionmhuirir ón 12adh lá de Bhealtaine, 1924. |
[EN] |
Déanfar earraí áirithe athiomportálta do leigint isteach saor o dhiúité. |
29. —(1) Ní bhainfidh Alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is féidir a chur fe aon diúité díobh san a forchuirtar le hailt 16, 17, agus 19 go 23 den Acht so fé seach sé sin, sa mhéid gur féidir na hearraí sin do chur fé aon cheann de sna diúitéthe sin. |
[EN] | (2) Gach earra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a easportála amach as, beidh sé saor o aon cheann de sna diúitéthe dá dtagartar sa bhfo-alt san má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim— | |
[EN] | (a) nár iomportáladh an earra sarar easportáladh é; no | |
[EN] | (b) gur roimh an dáta ar ar dhin diúité ionmhuirir ar dtúis de pé diúité de sna diúitéthe roimhráite is ionmhuirir ar an earra gurb ea a hiomportáladh an earra san ar dtúis; no | |
[EN] | (c) gur ar an dáta roimhráite no ina dhiaidh sin a hiomportáladh an earra ar dtúis agus gur híocadh an diúité roimhráite air go cuibhe. | |
[EN] | (3) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus í easportáil amach as mar earra ar turas fé bhanna ní tuigfar í bheith á hath-iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir brí an ailt seo. | |
[EN] |
Conus a socrófar cad is luach d'earraí indiúité. |
30. —Aireofar mar luach ar aon earra chun crícheanna na Coda so den Acht so an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna san áit iomportála agus an luach fartha agus an t-árachas uirthe íoctha, agus íocfar diúité ar an luach san mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é. |