An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Aireamh Meid an Phinsin.)

48 1924

ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924

CEAD SCEIDEAL.

Aireamh Seirbhise Mileata.

1. Mar leanas a háireofar an méid blian seirbhíse mileata a théigheann chun pinsean d'fháil fén Acht so:—

Colún 1.

Colún 2.

(a) Ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Abrán, 1916, go 31adh Márta, 1917, ach cuid den tseirbhís sin do bheith ina seirbhís chogúil a tugadh sa tseachtain dar thosach 23adh Abrán, 1916     ...     ...

5 bliana.

(b) ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Abrán, 1917, go dtí 31adh Márta, 1918 ...     ...

½ bhliain.

(c) ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Abrán, 1918, go dtí 31adh Márta, 1919 ...     ...

½ bhliain.

(d) Ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Abrán, 1919, go dtí 31adh Márta, 1920 ...     ...

bliain.

(e) Ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Abrán, 1920, go dtí 31adh Márta, 1921 ...     ...

2 bhliain.

(f) Ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Abrán, 1921, go dtí 11adh Iúl, 1921     ...     ...

bliain.

(g) Ar son seirbhíse leanúnaí o 12adh Iúl, 1921, go dtí 30adh Meitheamh, 1922     ...

bliain.

(h) Ar son seirbhíse leanúnaí o 1adh Iúl, 1922, go dtí 31adh Márta, 1923 ...     ...

2 bhliain.

(i) Ar son seirbhíse leanúuaí o 1adh Abrán, 1923, go dtí 30adh Meán Fhomhair, 1923     ...     ...     ...     ...     ...

bliain.

2. Ar son seirbhíse a tugadh ar feadh aon choda briste d'aon tréimhse dá luaidhtear i gcolún 1 de mhír 1 den Sceideal so cuirfar san áireamh cion có-réir den chó-ionannas iomlán i gcóir na tréimhse sin mar atá sé leagtha amach i gcolún 2 den mhír sin.

3. Maidir leis an mbliain o 1adh Abrán, 1916, go dtí 31adh Márta, 1917, tuigfar gur ceithre bliana is có-ionannas le seirbhís chogúil a tugadh sa tseachtain dar thosach 23adh Abrán, 1916, agus tuigfar gur bliain is có-ionnanas leis an gcuid eile den bhliain sin.

4. Tuigfar nách bearna i leanúnachas seirbhíse na nithe seo a leanas:—

(a) gan bheith ar diúité de dheascaibh gabhála, príosúntachta, coinneála, no ionnarba fén Defence of the Realm Act, 1914, fén Restoration of Order in Ireland Act, 1920, no fé aon rialacháin a dineadh fútha san;

(b) gan bheith ar diúité de dheascaibh gabhála, príosúntachta, no pian-tseirbhíse mar gheall ar cheannairc, ar thréasan no ar fheleontacht tréasain roimh 11adh Iúl, 1921;

(c) gan bheith ar diúité de dheascaibh dul i mbun dualgaisí ar iarratas no ar son Aireacht Dháil Éireann no ar son an Rialtais Shealadaigh o 21adh Eanair, 1919, go dtí 1adh Iúl, 1922, dualgaisí nár bhfoláir do dhuine, chun aire thabhairt dóibh, gan bheith ar diúité.